|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 7 de 1951. | ||
| [EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1951. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A hAON AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A DÓ. [27ú Márta, 1951.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
£1,712,911 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1951. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milliúin, Seacht gCéad agus Dhá Mhíle Dhéag, Naoi gCéad agus Aon Phunt Déag d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a haon. |
| [EN] |
£29,375,120 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1952. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Fiche agus Naoi Milliún, Trí Chéad Seachtó agus Cúig Mhíle, Céad agus Fiche Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a dó. |
| [EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £31,088,031 d'fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Tríocha agus Aon Mhilliún, Ochtó agus Ocht Míle, Tríocha agus Aon Phunt d'fháil ar iasacht ó phearsa ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
| [EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fais a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint. | |
| [EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1951 , a ghairm den Acht seo. |