|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 4 de 1951. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1951. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 . [6ú Márta, 1951.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , maidir le 1951-52. |
1. —Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946) , maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1951 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1951, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1950, agus den Acht seo le chéile. |