|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1950. | ||
[EN] |
ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSEAN D'ÍOC LE BAINTREACH THOIRDEALBHAIGH MHIC SHUIBHNE. [20ú Nollaig, 1950.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Pinsean a dheonadh do bhaintreach Thoirdealbhaigh Mhic Shuibhne. |
1. —(1) Íocfaidh an tAire Cosanta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pinsean bliantúil (dá ngairmtear an pinsean san alt seo) de chúig chéad punt ar feadh a saoil le Muirgheal, baintreach Thoirdealbhaigh Mhic Shuibhne. |
[EN] | (2) Measfar an pinsean a thosnú ar an 21ú lá de Mheán Fómhair, 1950, agus íocfar, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, an méid a bheas faibhrithe ina leith in aghaidh na tréimhse dar thosach an 21ú lá sin de Mheán Fómhair, 1950, agus dar chríoch dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (3) Aon mhéid a fhaibhreos chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith íocfar é in aghaidh an mhí i ndiaidh láimhe. | |
Gearrtheideal. |
(2)—Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 , a ghairm den Acht seo. |