27 1950


Uimhir 27 de 1950.


ACHT NA nALTRAN, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE CHUN ALTRAÍ A CHLÁRÚ, A DHEIMHNIÚ, A RIALÚ AGUS D'OILIÚINT AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LE hALTRAÍ AGUS LE CLEACHTADH AN ALTRANAIS. [28ú Samhain, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht na nAltran, 1950 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

Acht 1944.

ciallaíonn an abairt “Acht 1944” Acht na mBan Cabhartha, 1944 (Uimh. 10 de 1944) ;

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” An Bord Altranais a bunaítear leis an Acht seo;

an Coiste.

ciallaíonn an abairt “an Coiste” Coiste na mBan Cabhartha a bunaítear leis an Acht seo;

comhlucht díscaoilte.

ciallaíonn an abairt “comhlucht díscaoilte” aon chomhlucht is ceann acu seo a leanas—

(a) an Phríomh-Chomhairle Bhanaltrais, nó

(b) Príomh-Bhord na mBan Cabhartha;

an dáta bunuithe.

ciallaíonn an abairt “an dáta bunuithe” an dáta a ceapfar ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo;

údarás sláinte.

tá leis an abairt “údarás sláinte” an bhrí atá léi san Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) ;

údarás maoirseachta áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás maoirseachta áitiúil” údarás maoirseachta áitiúil chun críocha Achta 1944;

bean chabhartha.

ciallaíonn an abairt “bean chabhartha” duine a bheas cláraithe i roinn na mban cabhartha;

roinn na mban cabhartha.

ciallaíonn an abairt “roinn na mban cabhartha” an roinn de chlár na n-altran a bhaineas le mná cabhartha;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Sláinte;

altra.

ciallaíonn an focal “altra” duine a bheas cláraithe i gclár na n-altran agus folaíonn sé bean chabhartha agus folaíonn an focal “altranas” asaoideacht;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacha;

clár na n-altran.

ciallaíonn an abairt “clár na n-altran” an clár d'altraí a choimeádfas an Bord faoi alt 41 den Acht seo;

rialacha.

ciallaíonn an focal “rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 21 den Acht seo.

An dáta bunuithe.

3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo.

Caiteachais an Aire.

4. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe.

An Phríomh-Chomhairle Bhanaltrais agus Príomh-Bhord na mBan Cabhartha a dhíscaoileadh.

6. —Ar an dáta bunuithe déanfar an Phríomh-Chomhairle Bhanaltrais agus Príomh-Bhord na mBan Cabhartha a dhíscaoileadh de bhuaidh an ailt seo.

CUID II.

An Bord Altranais.

Bunú an Bhoird.

7. —(1) Ar an dáta bunuithe déanfar bord dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an Bord Altranais a bhunú de bhuaidh an ailt seo.

(2) Beidh an Bord ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus beidh de chumhacht acu agra a dhéanamh agus a bheith inagra faoina n-ainm chorpraithe agus talamh a theachtadh agus a dhiúscairt.

Séala an Bhoird.

8. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhóibh féin agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimniú le síniú uachtarán an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus gach doiciméad a airbheartós bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartós a bheith arna dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo) an Bhoird, glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb í an ionstraim sin atá ann gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthaítear a mhalairt.

Líon comhaltaí an Bhoird.

9. —Triúr is fiche an líon comhaltaí a bheas ar an mBord.

Bliain toghcháin.

10. —Is iad is blianta toghcháin chun críocha an Achta seo—

(a) an dara bliain i ndiaidh na bliana ina dtitfidh an dáta bunuithe; agus

(b) gach cúigiú bliain as a chéile dá éis sin.

Ceapadh sealadach comhaltaí den Bhord ag an Aire.

11. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe, deichniúr (is daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an gclár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó daoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944) a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord i dteannta an trí dhuine dhéag a luaitear in alt 12 den Acht seo.

(2) Ar na daoine a ceapfar faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh duine ag a mbeidh taithí ar altranas sláinte poiblí;

(b) beidh beirt ina ndaoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944;

(c) beidh beirt a bheas cáilithe in altranas meabhair-ghalar;

(d) beidh triúr ina ndaoine a mbeidh a n-ainmneacha sa chuid ghinearálta den chlár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, agus taithí acu ar dhaoine d'oiliúint le haghaidh altranais;

(e) beidh duine ag a mbeidh taithí ar altranas príobháideach; agus

(f) beidh duine a bheas ag gabháil d'altranas in ospidéal nach ospidéal oiliúna.

Ceapadh comhaltaí den Bhord ag an Aire.

12. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe agus roimh an 1ú lá de Nollaig i ngach bliain toghcháin, trí dhuine dhéag a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord.

(2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord—

(a)      (i) beidh duine acu ina dhuine atá nó a bhí ina mháistir ar ospidéal máithreachais, nó ina mháistir cúnta ar ospidéal máithreachais,

(ii) beidh beirt acu ina lia-chleachtóirí a bheas ag gabháil d'oiliúint altraí in ospidéil oiliúna,

(iii) beidh duine acu ina lia-chleachtóir a mbeidh taithí aige i ndáil le haltranas meabhair-ghalar,

(iv) beidh duine acu ionadaitheach do lia-chleachtóirí ginearálta,

(v) beidh duine acu ina lia-oifigeach sláinte,

(vi) beidh duine acu ina dhuine ag a mbeidh taithí speisialta ar chúrsaí oideachais,

(vii) beidh duine acu ionadaitheach do chomhairlí contae, agus

(viii) beidh duine acu ionadaitheach do chomhairlí contae-bhuirgí; agus

(b) beidh beirt acu ina ndaoine is altraí, daoine a mbeidh a n-ainmneacha sa chlár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó daoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944.

(3) Sar a ndéana sé na daoine dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo a cheapadh, raghaidh an tAire i gcomhairle le pé eagrais nó comhluchta is dóigh leis a bheith oiriúnach chun é a chomhairliú i dtaobh na gceapachán, ach más dóigh leis an Aire nach bhfuil aon eagras ná comhlucht oiriúnach ann atá cáilithe chun é a chomhairliú i dtaobh aon cheapacháin áirithe déanfaidh sé an ceapachán sin gan comhairle a ghlacadh.

Comhaltaí den Bhord a thoghadh.

13. —(1) Déanfaidh altraí, roimh an 1ú lá de Nollaig i ngach bliain toghcháin, deichniúr (is altraí) a thoghadh ina gcomhaltaí den Bhord.

(2) Ar na daoine a toghfar faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh duine a bheas ina dhuine ag a mbeidh an cháilíocht nó an taithí a bheas ordaithe in altranas sláinte poiblí;

(b) beidh beirt a bheas ina ndaoine ag a mbeidh an cháilíocht nó an taithí a bheas ordaithe in asaoideacht,

(c) beidh beirt a bheas ina ndaoine ag a mbeidh an cháiliocht nó an taithí a bheas ordaithe in altranas meabhairghalar;

(d) beidh triúr a bheas ina n-altraí oiliúna ginearálta ag a mbeidh an taithí a bheas ordaithe ar altraí d'oiliúint,

(e) beidh duine ag a mbeidh an taithí a bheas ordaithe ar altranas príobháideach;

(f) beidh duine a bheas ag gabháil d'altranas in ospidéal nach ospidéal oiliúna.

(3) Ní foláir gach toghchán faoin alt seo a dhéanamh do réir rialacha.

Téarmaí oifige comhaltaí an Bhoird.

14. —(1) Tosnóidh téarma oifige comhalta den Bhord—

(a) i gcás céad-chomhalta, ar an dáta bunuithe;

(b) i gcás comhalta a bheas ag líonadh corrfholúntais, an lá a comhthoghfar nó a ceapfar é; agus

(c) i ngach cás eile, an lú lá d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana toghcháin iomchuí.

(2) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é d'éirí as nó é a chur as oifig, críochnóidh téarma oifige comhalta den Bhord an 31ú lá de Nollaig sa chéad bhliain toghcháin tar éis tosach a théarma oifige.

(3) Féadfaidh comhalta den Bhord a bheas ag dul as oifig nó duine a bhí ina chomhalta den Bhord bheith ina chomhalta den Bhord athuair.

Comhaltaí den Bhord d'éirí as.

15. —Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den Bhord trí litir a chur leis an bpost cláraithe chun an Bhoird, agus beidh éifeacht ag an éirí as i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a tionólfar tar éis an litir sin d'fháil, mura ndéantar an éirí as a tharraing siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin.

Uachtarán an Bhoird.

16. —(1) Déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú a bheas acu tar éis an 1ú lá d'Eanáir gach bliain, duine dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina uachtarán ar an mBord.

(2) I gcás oifig uachtarán an Bhoird a theacht chun bheith folamh ar shlí seachas trí chríochnú téarma oifige uachtaráin, déanfaidh an Bord, ag a gcéad chruinniú eile, duine dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina uachtarán ar an mBord.

(3) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó é d'éirí as oifig an uachtaráin nó é do scor de bheith ina uachtarán faoi fho-alt (5) den alt seo, beidh gach uachtarán ar an mBord i seilbh oifige mar uachtarán go dtí an chéad toghchán eile faoi fho-alt (1) den alt seo.

(4) Féadfaidh uachtarán an Bhoird, tráth ar bith, éirí as a oifig mar uachtarán trí litir a chur leis an bpost cláraithe chun an Bhoird, agus beidh éifeacht ag an éirí as í dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a tionólfar tar éis an litir sin d'fháil, mura ndéantar an éirí as a tharraing siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin.

(5) Má scoireann uachtarán an Bhoird, le linn a théarma oifige mar uachtarán, de bheith ina chomhalta den Bhord, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh láithreach de bheith, ina uachtarán ar an mBord.

(6) Má tharlann ag toghadh uachtarán an Bhoird go mbeidh comhoiread vótaí ann do bheirt nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina uachtarán ar an mBord.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

17. —(1) Tionólfaidh an Bord cruinniú amháin ar a laghad gach ráithe sa bhliain agus tionólfaid freisin pé cruinnithe eile is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Naonúr is córam do chruinniú den Bhord.

(3) Gníomhóidh uachtarán an Bhoird mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Bhord ag a mbeidh sé i láthair.

(4) Le linn uachtarán an Bhoird a bheith as láthair ó aon chruinniú den Bhord nó má tharlann, nuair a tionólfar aon chruinniú den Bhord, nach mbeidh aon duine i seilbh oifige mar uachtarán ar an mBord, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dhíobh féin a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire agus, má tharlann ag an toghadh sin go mbeidh comhoiread vótaí ann do bheirt nó nios mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire.

(5) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhoiread vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe, ach amháin nuair is é toghadh uachtarán an Bhoird an cheist.

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí.

(7) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Bord, le rialacháin, nós imeachta an Bhoird.

(8) Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit an chéad chruinnithe den Bhord a shocrú.

Coistí den Bhord.

18. —Féadfaidh an Bord, le rialacha, socrú a dhéanamh i gcóir bunú, feidhmeanna agus nós imeachta (lena n-áirítear córam) coistí den Bhord, agus féadfaidh na rialacha a údarú daoine seachas comhaltaí den Bhord a cheapadh ina gcomhaltaí de na coistí, agus féadfaid socrú a dhéanamh i gcóir tarmligean aon chumhacht, feidhmeanna nó dualgas de chuid an Bhoird chun coiste nó coistí den Bhord nó chun coiste nó coistí faoin mBord.

Corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird.

19. —(1) Aon fholúntas a tharlós i gcomhaltas an Bhoird de bhíthin comhalta d'éag, d'éirí as nó a chur as oifig, líonfar é—

(a) i gcás an comhalta is siocair leis an bhfolúntas a bheith arna thoghadh ina chomhalta den Bhord, trí chomhthoghadh arna dhéanamh ag na daoine eile a toghadh ina gcomhaltaí den Bhord, faoi réir na sriantachta céanna a bhain le toghadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas, agus

(b) in aon chás eile, trí cheapadh arna dhéanamh ag an Aire, faoi réir na sriantacht céanna (más ann) a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas.

(2) Aon duine a comhthoghfar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar ina dhiaidh sin é d'áireamh, chun críocha na míre seo, mar dhuine a toghadh ina chomhalta den Bhord.

Comhalta den Bhord a chur as oifig.

20. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon chomhalta den Bhord a chur as oifig.

Cumhacht chun rialacha a dhéanamh.

21. —(1) Féadfaidh an Bord rialacha a dhéanamh—

(a) maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud is ábhar do rialacha, agus

(b) go ginearálta chun an tAcht seo a chur in éifeacht, agus féadfaidh aon rialacha a déanfar amhlaidh foirmeacha d'ordú a bheas le húsáid ar na hócáidí a sonrófar iontu.

(2) Ní bheidh éifeacht ag rialacha a déanfar faoin alt seo mura ndéana ná go dtí go ndéanfaidh an tAire iad a cheadú.

Tuarascáil bhliantúil ón mBord.

22. —(1) Déanfaidh an Bord, roimh an 1ú lá d'Aibreán i ngach bliain, tuarascáil d'ullmhú agus d'fhoilsiú ar a n-imeachta sa bhliain roimhe sin (dá ngairmtear an tuarascáil san alt seo), agus beidh sa tuarascáil pé sonraí a ordós an tAire,

(2) Déanfaidh an Bord—

(a) cóipeanna den tuarascáil a choimeád ar fáil lena gceannach nó lena n-iniúchadh ina bpríomh-oifig,

(b) pé méid cóipeanna den tuarascáil a theastós ón Aire a thabhairt don Aire, agus

(c) cóip den tuarascáil a thabhairt do gach údarás sláinte.

Comhaltaí an Bhoird a chur as oifig.

23. —(1) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis nár chomhlíon an Bord aon fheidhm áirithe a ceangaltar orthu leis an Acht seo a chomhlíonadh, a cheangal ar an mBord, le hordú, an fheidhm sin a chomhlíonadh agus déanamh do réir pé ordachán a bhéarfar san ordú.

(2) Mura gcomhlíona an Bord, laistigh de thréimhse a shonrós an tAire, ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an Bhoird a chur as oifig.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, féadfaidh pé forála a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh d'ainneoin na comhaltaí a chur as oifig, agus féadfaidh sé, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(4) D'ainneoin aon fhorála den Acht seo, ní oibreoidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo chun comhalta den Choiste a chur as a oifig mar chomhalta den tsórt sin mura ndéana an t-ordú go sainráite é a chur as oifig amhlaidh.

Eileamh táillí ag an mBord.

24. —Féadfaidh an Bord, agus má ordaíonn an tAire dhóibh é déanfaid, do réir rialacha, táillí d'éileamh as aon chlárú, deimhniú, cúrsaí teagaisc, scrúduithe nó seirbhisí a húdaraítear leis an Acht seo nó a húdarófar faoi.

Caiteachais chomhaltaí den Bhord, den Choiste nó d'aon choiste eile den Bhord.

25. —Féadfaidh an Bord a chaiteachais taistil nó chothuithe d'íoc le comhalta a fhreastalós cruinniú den Bhord, den Choiste nó de choiste eile den bhord, agus beidh na híocaíochta do réir scála a cheádós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

CUID III.

Coiste na mBan Cabhartha.

An Coiste a bhunú.

26. —Ar an dáta bunuithe déanfar coiste faoin mBord, dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Coiste na mBan Cabhartha, a bhunú de bhuaidh an ailt seo.

Líon comhaltaí an Choiste.

27. —Ochtar an líon comhaltaí a bheas ar an gCoiste.

Ceapadh sealadach comhaltaí den Choiste ag an Aire.

28. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe, cúigear a cheapadh ina gcomhaltaí den Choiste i dteannta an triúr a luaitear in alt 29 den Acht seo.

(2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste—

(a) beidh duine acu ina dhuine a bheas ceaptha chun an Bhoird agus a ceapadh faoi fho-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 12 den Acht seo;

(b) beidh duine acu ina lia-chleachtóir a bheas ag gabháil do lia-chleachtadh i scoil oiliúna mháithreachais in áit seachas i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

(c) beidh duine acu ina lia-chleachtóir ginearálta ag a mbeidh taithí ar asaoideolaíocht;

(d) beidh duine acu ina dhuine a bheas ceaptha chun an Bhoird agus a ceapadh faoi fho-mhír (v) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo; agus

(e) beidh duine acu ina dhuine a bheas ceaptha chun an Bhoird agus a ceapadh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 11 den Acht seo.

Ceapadh comhaltaí den Choiste ag an Aire.

29. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe agus roimh an 31ú lá de Mhárta i ngach bliain i ndiaidh bliana toghcháin, triúr a cheapadh ina gcomhaltaí den Choiste.

(2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste—

(a) beidh duine acu ina lia-chleachtóir, agus

(b) beidh beirt acu—

(i) i gcás daoine a ceapadh roimh an dáta bunuithe, ina ndaoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944, agus

(ii) in aon chás eile, ina mná cabhartha.

Ceapadh comhaltaí den Choiste ag an mBord.

30. —(1) Déanfaidh an Bord, roimh an 31ú lá de Mhárta sa bhliain i ndiaidh gach bliana toghcháin, cúigear a cheapadh ina gcomhaltaí den Choiste.

(2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste—

(a) beidh duine acu ina chomhalta den Bhord a bheas ceaptha faoi fho-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo;

(b) beidh duine acu ina lia-chleachtóir a bheas ag gabháil do lia-chleachtadh i scoil oiliúna mháithreachais in áit seachas i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

(c) beidh duine acu ina lia-chleachtóir ginearálta ag a mbeidh taithí ar asaoideolaíocht;

(d) beidh duine acu ina chomhalta den Bhord a bheas ceaptha faoi fho-mhír (v) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo; agus

(e) beidh duine acu ina chomhalta tofa den Bhord agus í ina bean chabhartha.

Téarmaí oifige comhaltaí an Choiste.

31. —(1) Tosnóidh téarma oifige comhalta den Choiste—

(a) i gcás céad-chomhalta, ar an dáta bunuithe;

(b) i gcás comhalta a bheas ag líonadh corrfhoiúntais, an lá a ceapfar é; agus

(c) i ngach cás eile, an lú lá d'Aibreán sa bhliain i ndiaidh na bliana toghcháin iomchuí.

(2) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é d'éirí as nó é a chur as oifig, nó, i gcás comhalta is comhalta den Bhord freisin, é a theacht chun bheith dícháilithe de bhun ailt 38 den Acht seo maidir le bheith ina chomhalta den Bhord, críochnóidh téarma oifige comhalta den Choiste ar an 31ú lá de Mhárta sa bhliain i ndiaidh na chéad bhliana toghcháin tar éis tosach a théarma oifige.

Comhaltaí den Choiste d'éirí as.

32. —(1) Féadfaidh comhalta den Choiste nach comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den Choiste trí litir a chur leis an bpost cláraithe chun an Choiste, agus beidh éifeacht ag an éirí as i dtosach an chéad chruinnithe den Choiste a tionólfar tar éis an litir sin d'fháil, mura ndéantar an éirí as a tharraing siar roimh an gcruinniú sin.

(2) Cuirfidh an Coiste an éirí as sin in iúl don Bhord.

(3) Cuirfidh an Coiste an éirí as sin in iúl don Aire i gcás comhalta a bheas ceaptha ag an Aire.

Cathaoirleach an Choiste.

33. —Beidh an comhalta den Choiste a ceapadh faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 30 den Acht seo ina chathaoirleach ar an gCoiste, nó, má scoireann seisean de bheith ina chomhalta den Choiste, beidh an duine a ceapfar ina ionad ina chathaoirleach ar an gCoiste.

Cruinnithe agus nós imeachta an Choiste.

34. —(1) Tionólfaidh an Coiste cruinniú amháin ar a laghad i ngach ráithe sa bhliain, agus tionólfaid freisin pé cruinnithe eile is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Faoi réir fo-ailt 3 den alt seo is triúr is córam do chruinniú den Choiste.

(3) Le haghaidh aon tsaghas áirithe gnótha nó chun aon chríche áirithe, féadfaidh an Coiste líon is mó ná triúr a shocrú mar chóram do chruinniú.

(4) Gníomhóidh cathaoirleach an Choiste mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Choiste ag a mbeidh sé i láthair.

(5) Le linn cathaoirleach an Choiste a bheith as láthair ó aon chruinniú den Choiste nó má tharlann, nuair a tionólfar aon chruinniú den Choiste, nach mbeidh aon duine i seilbh oifige mar chathaoirleach ar an gCoiste, déanfaidh na comhaltaí den Choiste a bheas i láthair duine dhíobh féin a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire agus, má tharlann ag an toghadh sin go mbeidh comhoiread vótaí ann do bheirt nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire,

(6) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den Choiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhoiread vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(7) Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí.

(8) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Coiste, le rialacha, nós imeachta an Choiste.

Corrfholúntais i gcomhaltas an Choiste.

35. —Aon fholúntas a tharlós i gcomhaltas an Choiste de bhíthin comhalta d'éag, d'éirí as, a dhícháiliú nó a chur as oifig, líonfar é—

(a) i gcás an comhalta is siocair leis an bhfolúntas a bheith arna cheapadh ag an mBord, trí cheapadh arna dhéanamh ag an mBord, faoi réir na sriantachta céanna a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas, agus

(b) in aon chás eile, trí cheapadh arna dhéanamh ag an Aire, faoi réir na sriantachta céanna a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas.

Comhalta den Choiste a chur us oifig.

36. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon chomhalta den Choiste a chur as oifig.

Comhairle ón gCoiste.

37. —Bhéarfaidh an Coiste comhairle don Bhord ar pé nithe a tharchuirfeas an Bord chucu.

Dícháiliú comhalta den Choiste.

38. —I gcás comhalta den Choiste, a bheas ina chomhalta den Bhord freisin, a scor de bheith ina chomhalta den Bhord, ar shlí seachas de bhíthin a théarma oifige a chríochnú i ndeireadh bliana toghcháin, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh láithreach de bheith, ina chomhalta den Choiste.

CUID IV.

Oifigigh agus Seirbhisigh an Bhoird.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

39. —(1) Ceapfaidh an Bord pé daoine agus pé méid daoine chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh den Bhord a mheasfas an Bord, faoi réir toiliú an Aire, ó am go ham a bheith ceart, agus gach duine a ceapfar amhlaidh roghnóidh an Bord é i pé slí (más ann) a ordós nó a cheadós an tAire.

(2) Comhlíonfaidh gach oifigeach den Bhord na dualgais a cheanglós an Bord nó a cheanglas an tAcht seo air a chomhlíonadh, agus féadfaidh an Bord é d'fhionraí ó dhualgas, ach ní fhéadfaidh pearsa ar bith ach amháin an tAire é a chur as oifig.

(3) Comhlíonfaidh gach seirbhíseach don Bhord na dualgais a cheanglós an Bord nó a cheanglas an tAcht seo air a chomhlíonadh agus féadfar é a chur as oifig mar is toil leis an mBord.

(4) Íocfaidh an Bord lena n-oifigigh agus lena seirbhísigh pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord ó am go ham le toiliú an Aire.

(5) Má éiríonn, nó más dóigh leis an Aire go n-éireoidh, aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh aon duine áirithe a bheith nó gan a bheith ina oifigeach nó i dtaobh daoine d'aon aicme áirithe a bheith nó gan a bheith ina n-oifigigh chun críocha an Achta seo, is é an tAire a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist sin, agus beidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach.

Pinsin agus aiscí le haghaidh nó i leith oifigeach agus seirbhíseach an Bhoird.

40. —(1) San alt seo tá leis an abairt an Sean-Bhord” an bhrí atá léi in Acht 1944.

(2) Féadfaidh an Bord scéim (dá ngairmtear scéim pinsin san alt seo) d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun pinsin nó aiscí nó pinsin agus aiscí a sholáthar le haghaidh nó i leith pé oifigeach agus seirbhíseach don Bhord a cheadós an tAire agus (faoi réir a daingnithe ag an Aire) féadfaid an scéim sin a chur i ngníomh.

(2) Maidir le scéim pinsin—

(a) féadfaidh sí a fhoráil go bhféadfar, i gcás duine a bhí ina oifigeach do chomhlucht díscaoilte agus a thiocfas de bhuaidh an Achta seo chun bheith ina oifigeach don Bhord, seirbhís faoin gcomhlucht díscaoilte agus seirbhís faoin Sean-Bhord d'áireamh, go hiomlán nó go páirteach, chun críocha na scéime sin, mar sheirbhís faoin mBord;

(b) féadfaidh sí a fhoráil go bhféadfar i gcás duine a bhí ina sheirbhíseach do chomhlucht díscaoilte agus a thiocfas chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord, seirbhís faoin gcomhlucht díscaoilte agus seirbhís faoin Sean-Bhord d'áireamh, go hiomlán nó go páirteach, chun críocha na scéime sin, mar sheirbhís faoin mBord;

(c) déanfaidh sí socrú chun pinsin nó aiscí nó pinsin agus aiscí d'íoc le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord lena mbainfidh an scéim sin, nó i leith na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin, pé trátha agus faoi réir pé coinníoll agus sriantacht a leagfar amach sa scéim sin, agus chun méideanna na bpinsean agus na n-aiscí sin a ríomh;

(d) déanfaidh sí socrú le haghaidh ranníocaíocht i leith airgeadasú na scéime sin ó oifigigh agus seirbhísigh don Bhord lena mbainfidh an scéim sin agus nach daoine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh inphinsin do chomhlucht díscaoilte.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le scéim pinsin iardain (dá ngairmtear scéim leasaitheach sa bhfo-alt seo agus i bhfo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo), leasú a dhéanamh ar scéim pinsin nó ar scéim leasaitheach roimhe sin, agus féadfar a shonrú in aon scéim leasaitheach den tsórt sin go n-oibríonn sí go cúlghabhálach.

(5) Má dhéanann scéim leasaitheach leasú ar scéim pinsin, ansin, aon oifigeach nó seirbhíseach lena mbaineann nó lenar bhain an scéim sin, féadfaidh sé, laistigh de shé mhí tar éis an scéim leasaitheach a theacht i ngníomh, a roghnú nach mbainfidh an scéim leasaitheach leis agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, ní bheidh baint ag an scéim leasaitheach leis.

(6) Ní dhéanfaidh scéim leasaitheach forceannadh ná laghdú ar aon phinsean a bhí, díreach roimh an scéim leasaitheach sin a theacht i bhfeidhm, iníoctha faoin scéim a ndéanfaidh sí leasú uirthi.

(7) Ní thiocfaidh scéim pinsin ná scéim leasaitheach i bhfeidhm mura ndéantar nó go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le hordú ón Aire.

(8) Déanfaidh ordú ón Aire, ag daingniú scéime pinsin nó scéime leasaithí an dáta a cheapadh a thiocfas an scéim sin i bhfeidhm, agus, amhail ar an dáta agus ón dáta a ceapfar amhlaidh, beidh éifeacht reachtúil ag an scéim sin.

CUID V.

Altranas.

Clár na n-altran.

41. —(1) Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, clár d'altraí a choimeád a roinnfear sna ranna a sonrófar sna rialacha sin agus beidh ar na ranna sin roinn a bhainfeas le mná cabhartha.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do chlár na n-altran, measfar, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, go bhfolaíonn sí tagairt d'aon roinn den chlár agus léireofar na focail “cláraithe” agus “clárú” dá réir sin.

(3) Foilseoidh an Bord clár na n-altran nó aon roinn nó ranna den chlár sin pé tráthanna agus i pé slí a ordós an tAire.

(4) Aon athrú a déanfar ar ainm nó seoladh altran, cuirfidh an altra in iúl don Bhord é.

(5) Déanfaidh an Bord pé bearta is dóigh leo is gá ó am go ham chun a áirithiú go bhfuil ainmneacha agus seolta daoine atá cláraithe i gclár na n-altran go cruinn sa chlár sin.

Clárú i gclár na n-altran.

42. —(1) Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, gach duine a chlárú i gclár na n-altran a chruthós chun sástachta an Bhoird go gcomhlíonann sé na coinníollacha ordaithe maidir leis an gclárú sin.

(2) Féadfaidh an Bord, faoi réir na gcoinníoll a bheas ordaithe, duine a chlárú i níos mó ná roinn amháin de chlár na n-altran.

Daoine áirithe a hoileadh lasmuigh den Stát a chlárú.

43. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha, duine a chlárú i gclár na n-altran a chruthós chun sástachta an Bhoird go ndeachaigh sé, lasmuigh den Stát, faoi pé cúrsaí oiliúna, agus gur ghnóthaigh pé scrúduithe, a sonrófar chun críocha an ailt seo san rialacha.

Rialacha maidir le deimhnithe cláruithe a dheonadh, le suaitheantais agus éidí altran, agus le deimhnithe cláruithe agus deimhnithe a heisíodh faoi Acht 1944 a thabhairt thar n-ais agus a chealú.

44. —Féadfaidh an Bord, le rialacha, socrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas —

(a) deimhnithe (dá ngairmtear deimhnithe cláruithe san alt seo) d'eisiúint chun daoine atá cláraithe i gclár na n-altran,

(b) na héidí agus na suaitheantais a fhéadfas altraí atá cláraithe in aon roinn de chlár na n-altran a chaitheamh, agus

(c) deimhnithe cláruithe agus deimhnithe a heisíodh faoi Acht 1944 a thabhairt thar n-ais agus a chealú.

Ainm a bhaint de chlár na n-altran.

45. —(1) Féadfaidh an Bord, do réir rialacha agus faoi réir ailt 46 den Acht seo, ainm duine a bhaint de chlár na n-altran, nó de roinn nó ranna de chlár na n-altran, agus, i gcás ainm mná cabhartha a bhaint de, cuirfid sin in iúl do gach údarás maoirseachta áitiúil agus don Aire.

(2) Na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo forálfaid, go háirithe, go ndéanfar, i gcás ina mbeartófar ainm duine ar bith a bhaint de roinn de chlár na n-altran, seachas roinn na mban cabhartha, imeachta chuige sin a thionscnamh os comhair an Bhoird, agus go mbeidh caoi ag an gcosantóir, sna himeachta sin, ar fhreagra a thabhairt ar na líomhaintí a rinneadh i gcoinne an chosantóra.

(3) Na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo ordóid na fátha ar a bhféadfar, agus na coinníollacha faoin bhféadfar, ainm altran a bhaint de roinn de chlár na n-altran, seachas roinn na mban cabhartha, agus féadfar rialacha difriúla a dhéanamh faoin alt seo maidir le hainmneacha a bhaint de ranna difriúla de chlár na n-altran.

Ainm mná cabhartha a bhaint de roinn na mban cabhartha.

46. —(1) Féadfaidh an Coiste, do réir rialacha, a mholadh don Bhord go mbainfear ainm mná cabhartha de roinn na mban cabhartha agus bhéarfaidh an Bord éifeacht don mholadh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord, ach amháin ar mholadh an Choiste, ainm mná cabhartha a bhaint de roinn na mban cabhartha.

(3) Na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo forálfaid, go háirithe, go ndéanfaidh an Coiste, sar a bhfeidhmeoid a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le bean chabhartha, caoi a thabhairt don bhean chabhartha ar na cúisimh a rinneadh ina coinne d'fhreagairt os a gcomhair.

(4) Faoi réir forál an Acht seo, ordóidh na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo na fátha ar a bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh, an Coiste a mholadh go mbainfear ainm mná cabhartha de roinn na mban cabhartha.

(5) Má mholann an Coiste ainm mná cabhartha a bhaint de roinn na mban cabhartha, féadfaid a mholadh freisin don Bhord go bhfeidhmeoidh an Bord a gcumhachta faoi fho-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1944 agus feidhmeoidh an Bord na chumhachta sin dá réir sin.

Ainm a chur thar n-ais i gclár na n-altran.

47. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha agus faoi réir ailt 48 den Acht seo, ainm duine ar baineadh a ainm de chlár na n-altran a chur thar n-ais i gclár na n-altran ar aon chúis is leor leo.

Ainm a chur thar n-ais i roinn na mban cabhartha.

48. —(1) Féadfaidh an Coiste a mholadh don Bhord go gcuirfear ainm duine thar n-ais i roinn na mban cabhartha agus bhéarfaidh an Bord éifeacht don mholadh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord ainm duine a chur thar n-ais i roinn na mban cabhartha ach amháin ar mholadh an Choiste nó de bhun míre (c) d'fho-alt (3) d'alt 49 den Acht seo.

Achomhairc ón mBord nó ón gCoiste.

49. —(1) Má déantar, faoin Acht seo, ainm duine a bhaint de chlár na n-altran, nó má dhiúltaíonn an Coiste a mholadh go gcuirfear ainm duine thar n-ais i roinn na mban cabhartha nó má dhiúltaíonn an Bord ainm duine a chlárú i gclár na n-altran nó má dhiúltaíonn ainm duine a chur thar n-ais i gclár na n-altran, féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe an Bhoird nó an Choiste, pé acu é, chun na hArd-Chúirte nó chun an Aire (ach ní fhéadfaidh chucu araon) laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a cuirfear in iúl don duine gur baineadh an ainm den chlár amhlaidh nó gur tugadh diúltú amhlaidh, pé acu é.

(2) Beidh an bhreith ón Ard-Chúirt nó ón Aire (pé acu é) ar achomharc faoin alt seo ina breith chríochnaitheach.

(3) Má éiríonn le hachomharc faoin alt seo—

(a) i gcás achomhairc chun na hArd-Chúirte, féadfaidh an chúirt costais a dhámhachtain i gcoinne an Bhoird,

(b) bhéarfaidh an Bord (más chun na hArd-Chúirte a rinneadh an t-achomharc) fógra don Aire i dtaobh toradh an achomhairc, agus má ba bhean chabhartha an t-achomharcóir bhéarfaid fógra i dtaobh toradh an achomhairc do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh,

(c) déanfaidh an Bord, do réir mar is gá sa chás, ainm an achomharcóra a chur thar n-ais i gclár na n-altran nó ainm an achomharcóra a chlárú i gclár na n-altran, agus

(d) féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, pé suim d'íoc leis an achomharcóir a mheasfaid a bheith ina cúiteamh réasúnach in aon chailliúint chleachta a bhain don achomharcóir idir dáta na breithe ón mBord agus dáta an achomhairc a chinneadh.

Rialacha i gcóir cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran.

50. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha, socrú a dhéanamh i gcóir nó i dtaobh na gcúrsaí oiliúna agus na scrúduithe a dhéanfas iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran agus féadfaid a ordú cad é an modh ar a dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—

(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin,

(b) i dtaobh na gcoinníollacha iontrála chun na scrúduithe, agus

(c) i dtaobh deimhnithe a dheonadh do dhaoine a dhéanfas na cúrsaí agus a ghnóthós na scrúduithe.

Rialacha i dtaobh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí.

51. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha, socrú a dhéanamh i gcóir nó i dtaobh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí agus i dtaobh deimhnithe nó diplómanna a dheonadh d'altraí a dhéanfas na cúrsaí sin agus a ghnóthós na scrúduithe sin agus féadfaid a ordú cad é an modh ina dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—

(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin, agus

(b) i dtaobh na rialacha iontrála chun na scrúduithe.

Scrúduithe a chur ar siúl, etc.

52. —(1) Féadfaidh an Bord na scrúduithe a chur ar siúl a mbeidh socrú déanta ina gcóir le rialacha, agus féadfaid, leis na rialacha sin, modh stiúrtha na scrúduithe sin a rialáil.

(2) Ceapfaidh an Bord na scrúdóirí (agus ní bheidh aon duine acu ina chomhalta den Bhord) ag gach scrúdú a cuirfear ar siúl faoin alt seo, agus beidh ag na scrúdóirí sin pé cáilíochta agus pé taithí maidir le haltranas is cuí leis an mBord, agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir scála a cheapfas an Bord le ceadú an Aire.

An Bord do cheadú ospidéal agus foras a bheas ciriúnach chun oríocha oiliúna.

53. —(1) Más deimhin leis an mBord, ar iarratas chuige sin a dhéanamh chucu, ospidéal nó foras a bheith oiriúnach chun altraí, nó iarrthóirí ar chlárú sa chlár d'altraí, d'oiliúint ann, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras sin le haghaidh na hoiliúna sin.

(2) Chun éifeacht a thabhairt d'fhorála fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, le rialacha, coinníollacha oiriúnachta a shonrú d'ospidéil agus d'fhorais.

(3) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ceadú faoin alt seo i leith ospidéil nó forais a tharraing siar.

(4) Aon ospidéal nó foras a ndiúltóidh an Bord é a cheadú, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Aire á iarraidh air a ordú don Bhord é a cheadú agus má dhéanann an tAire, tar éis fíorais an cháis a bhreithniú, an t-ordú sin a dheonadh, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras.

Cóiríocht i bhforas nó i mbrú nó in áit eile a sholáthar.

54. —Féadfaidh an Bord, ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an tAire, cóiríocht i bhforas, i mbrú nó in áit eile a sholáthar do dhaoine a bheas ag freastal cúrsaí oiliúna agus is altraí, nó iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran.

Scoláireachta.

55. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha arna ndéanamh le ceadú an Aire Airgeadais, scoláireachta a sholáthar, nó socrú a dhéanamh le comhluchta eile chun scoláireachta a sholáthar, d'altraí nó d'iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran.

An teideal altra chláraithe, nó bean chabhartha, a ghabháil go mícheart, etc.

56. —(1) Duine ar bith—

(a) nach duine atá cláraithe i gclár na n-altran, a ghlacfas nó a úsáidfeas an ainm nó an teideal altra chláraithe nó bean chabhartha, go haonraic nó maraon le focail nó litreacha ar bith eile, nó aon ainm, teideal, fuilleamh, tuairisc, éide, deimhniú nó suaitheantas, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine sin cláraithe i gclár na n-altran nó go bhfuil an duine sin aitheanta do réir dlí mar altra chláraithe nó mar bhean chabhartha nó, ach amháin i gcás lia-chleachtóra chláraithe, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine sin cáilithe go speisialta in asaoideacht, nó

(b) is duine a bhfuil a ainm in aon roinn den chlár agus a ghlacfas nó a úsáidfeas aon ainm, teideal, fuilleamh, tuairisc, éide, deimhniú nó suaitheantas, nó a dhéanfas ar aon tslí eile aon ghníomh d'aon tsaghas á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine sin cláraithe in aon roinn eile de chlár na n-altran nach bhfuil ainm an duine sin inti, nó

(c) a dhéanfas, le hintinn mealltóireachta, úsáid d'aon deimhniú arna eisiúint faoin Acht seo chun an duine sin nó chun duine ar bith eile,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air, i gcás an chéad chiona, agus fíneáil nach mó ná caoga punt i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin.

(2) Má dhéanann duine ar bith, nó má bheireann go ndéanfar, go toiliúil, aon fhalsú ar aon ní a bhaineas leis an gclár, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil chéad punt a chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe.

Gairm a ghabhas eisan altranas

57. —(1) Más deimhin leis an Aire i gcás aon ghairme áirithe gur seach-ghairm í a ghabhas leis an altranas, féadfaidh sé, le hordú, a shocrú go bhféadfar clár na n-altran a leathnú chun an ghairm sin a thabhairt faoina réim agus féadfaidh, leis an ordú sin, a cheangal ar an mBord coiste a cheapadh i leith na gairme sin.

(2) I gcás ordú a dhéanamh faoin alt seo—

(a) féadfaidh an Bord, le rialacha, roinn den chlár a choimeád i leith na gairme lena mbaineann an t-ordú, agus

(b) beidh feidhm maidir leis an ngairm sin, ag forála na Coda seo den Acht seo le pé modhnuithe (más ann) a sonrófar sna rialacha sin.

CUID VI.

Forala Airgeadais.

Cuntais an Bhoird agus a n-iniúchadh

58. —(1) Bhéarfaidh an Bord go ndéanfar cuntais an Bhoird a choimeád i pé foirm a ordós nó a cheadós an tAire.

(2) Déanfar cuntais an Bhoird d'ullmhú i leith pé tréimhsí a chinnfeas an tAire.

(3) Déanfar cuntais an Bhoird d'iniúchadh ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfas an tAire ó am go ham chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(4) Cinnfidh an tAire an táille a bheas le n-íoc ag an mBord i leith iniúchta faoin alt seo, agus íocfaidh an Bord leis an Aire an táille a cinnfear amhlaidh agus déanfar ansin í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(5) Ullmhóidh an Bord achomaireacht ar chuntais an Bhoird i pé foirm a ordós nó a cheadós an tAire agus déanfaidh an t-iniúchóir rialtais áitiúil a iniúchfas na cuntais sin cruinneas na hachomaireachta sin a dheimhniú.

(6) Déanfaidh an Bord—

(a) cóipeanna d'achomaireacht arna hullmhú de bhun fo-ailt (5) den alt seo a choimeád ar fáil lena gceannach nó lena n-iniúchadh ina bpríomh-oifig,

(b) pé méid cóipeanna a iarrfas an tAire, d'achomaireacht arna hullmhú de bhun fo-ailt (5) den alt seo, a thabhairt dó,

(c) achomaireacht arna hullmhú de bhun fo-ailt (5) den alt seo d'fhoilsiú i pé slí a cheadós nó a ordós an tAire, agus

(d) cóip d'achomaireacht arna hullmhú de bhun fo-ailt (5) den alt seo a thabhairt do gach údarás sláinte.

Iocaíochta ón Aire leis an mBord.

59. —(1) I gcás an achomaireacht a hullmhófar de bhun ailt 58 den Acht seo ar chuntais an Bhoird maidir le haon bhliain áirithe do thaispeáint iarmhéide i gcoinne an Bhoird i gcúrsaí caiteachais reatha, déanfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, an t-iarmhéid d'íoc leis an mBord.

(2) Má éiríonn, nó más dóigh leis an Aire go n-éireoidh, aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh aon chaiteachas a bheith ina chaiteachas reatha chun críche an ailt seo, is é an tAire a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist sin agus beidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach.

Iocaíochta ó údaráis sláinte leis an Aire.

60. —(1) I gcás ina n-íocfaidh an tAire iarmhéid leis an mBord faoi alt 59 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) déanfaidh an tAire leath an iarmhéide sin a chionroinnt idir údaráis sláinte i gcomhréir le daonra a líomatáistí feidhmiúcháin faoi seach, do réir an daonáirimh is déanaí;

(b) cuirfidh an tAire leis an bpost, go dtí gach údarás sláinte, fógra ina sonrófar an méid a bheas sannta don údarás sláinte sin de dhroim na cionroinnte;

(c) déanfaidh an t-údarás sláinte sin an méid a sonrófar amhlaidh d'íoc leis an Aire laistigh de thrí mhí tar éis an fógra d'fháil; agus

(d) mura ndéana an t-údarás sláinte sin an íocaíocht sin, féadfaidh an tAire an méid a bheas dlite a bhaint as aon tsuim is iníoctha leis an údarás sláinte sin faoin Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 (Uimh. 47 de 1947) .

(2) Aon airgead a gheobhas nó a asbhainfeas an tAire faoin alt seo, déanfaidh sé é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Meastacháin ar fháltais agus caiteachas an Bhoird.

61. —(1) Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire, laistigh de pé tréimhse a ordós an tAire, meastacháin (i pé foirm agus faoi pé mírchinn a cheadós an tAire) ar chaiteachas agus fáltais an Bhoird sa chéad tréimhse eile chuntasaíochta.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord ceachtar ní acu seo a leanas—

(a) ní ghlacfaidh leis na meastacháin dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo gan ceadú an Aire, ná

(b) ní raghaidh thar an gcaiteachas a luaitear sna meastacháin sin ní ná raghaidh thar an gcaiteachas a luaitear faoi aon mhírcheann de na meastacháin sin gan toiliú an Aire.

Airgead an Bhoird d'infheistiú.

62. —Féadfaidh an Bord airgead leis an mBord d'infheistiú in aon urrúis a n-údaraítear cistí iontaobhais d'infheistiú iontu.

Cumhacht an Bhoird chun iasacht sealadach d'fháil

63. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, pé suimeanna a bheas ag teastáil uathu faoi chomhair chaiteachais reatha d'fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le bancaeirí.

Ranníoca ó Chiste Iontaobhais na nOspidéal.

64. —Bhéarfaidh Bord Iontaobhais na nOspidéal, as Ciste Iontaobhais na nOspidéal, pé ranníoca a ordós an tAire ó am go ham, i leith aon chaiteachas cuí de chineál caipitiúil faoina ndeachaigh nó faoina raghaigh an Bord.

CUID VII.

Ilghneitheach.

Comhairle agus tuarascála ón mBord.

65. —(1) Bhéarfaidh an Bord comhairle don Aire i dtaobh aon ní, maidir le haltranas, a mbeidh sé tar éis comhairle ina thaobh d'iarraidh ar an mBord.

(2) Féadfaidh an Bord pé comhairle agus tuarascála is oiriúnach leo, maidir le haltranas, a thabhairt don Aire.

(3) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, comhairle a thabhairt d'údarás sláinte maidir le heagraíocht seirbhísí altranais laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sláinte.

Taighde ag an mBord maidir le haltranas.

66. —Féadfaidh an Bord, agus má cheanglann an tAire orthu é dlífid, taighde a dhéanamh, nó a chur á dhéanamh, ar nithe a bhaineas le heagraíocht nó cleachtadh an altranais nó le hoiliúint altran.

Bronntanais.

67. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós an bronntóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

Acht 1944 a leasú.

68. —(1) Déantar leis seo Acht 1944 a leasú mar leanas:—

(a) déanfar na tagairtí in alt 26, i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 27, i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 32, na chéad trí tagairtí i bhfo-alt (3) d'alt 32, an dara tagairt in alt 33, agus an tagairt in alt 34, do Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha, a léiriú mar thagairtí don Choiste a bunaítear leis an Acht seo;

(b) déanfar na tagairtí, i bhfo-ailt (5) agus (6) d'alt 27, in alt 30, in alt 31, an tagairt deiridh i bhfo-alt (3) d'alt 32, an chéad tagairt in alt 33, agus na tagairtí in ailt 43, 44, 47, 48, 50, 51, 53, 58, 59 agus 62, do Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha, a léiriú mar thagairtí don Bhord a bunaítear leis an Acht seo;

(c) déanfar na tagairtí don rolla de mhná cabhartha a léiriú mar thagairtí do roinn na mban cabhartha; agus

(d) déanfar na tagairtí do rialacha arna ndéanamh faoi Acht 1944 a léiriú mar thagairtí do rialacha arna ndéanamh faoi alt 21 den Acht seo.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe.

(3) Ní thabharfaidh an tAire aon cheadú le rialacha a déanfar chun críocha ailt 43 d'Acht 1944 ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis a bunaíodh le h Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 (Uimh. 25 de 1927) , agus beidh de dhualgas ar an mBord aon rialacha a beartófar a dhéanamh chun críocha an ailt sin a chur in iúl do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis.

CUID VIII.

Forala Diomuana.

Maoin, etc., chomhlucht díscaoilte.

69. —An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe i gcomhlucht díscaoilte nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas don chomhlucht sin, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a ghabhas nó a bhaineas le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an dáta bunuithe, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith, dílsithe sa Bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh chun an eastáit, an téarma, nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe sa chomhlucht sin nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh.

(2) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, dlite ó chomhlucht díscaoilte agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan fuascailt acu, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an dáta bunuithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a chur i bhfeidhm ina gcoinne.

(3) Gach ábhar i gcaingean a haistrítear leis an alt seo, féadfaidh an Bord agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin, agus ní gá don Bhord fógra a thabhairt don phearsa atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo.

Conartha leanúnacha comhlucht díscaoilte a choimeád i bhfeidhm.

70. —Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bhí déanta nó a bhí tugtha ag comhlucht díscaoilte do phearsa ar bith, nó ag pearsa ar bith do chomhlucht díscaoilte, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir comhlucht díscaoilte agus pearsa eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an dáta sin, leanfaidh sé, d'ainneoin an comhlucht díscaoilte a dhíscaoileadh, de bheith i bhfeidhm ar an dáta sin agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an chomhluchta dhíscaoilte, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina gcoinne.

Leanúint d'imeachta ar feitheamh.

71. —Aon imeachta a tionscnadh ag comhlucht díscaoilte nó ina gcoinne agus a bheas ar feitheamh díreach roimh an dáta bunuithe, beid inleanta ag an mBord nó ina gcoinne agus in ainm an Bhoird agus ní raghaid ar ceal de dhroim comhlucht díscaoilte a dhíscaoileadh, agus go háirithe aon imeachta chun ainm aon duine a bhaint den chlár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó den rolla de mhná cabhartha a coimeádtar de bhun Achta 1944 is imeachta a bhí ar feitheamh díreach roimh an dáta bunuithe, tiocfaid chun bheith ina n-imeachta, agus leanfar díobh mar imeachta, faoin Acht seo chun ainm an duine sin a bhaint de chlár na n-altran.

Oifigigh chomhlucht díscaoilte.

72. —Gach duine a bhí, direach roimh an dáta bunuithe, ina oifigeach ar íocaíocht ag chomhlucht díscaoilte, aistreofar chun an Bhoird é agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach don Bhord ar an dáta bunuithe.

Socrú sealadach i dtaobh liúntas nó aiscí d'oifigigh agus seirbhísigh Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha.

73. —Go dtí go dtiocfaidh scéim pinsin i bhfeidhm de bhun ailt 40 den Acht seo, bainfidh forála fo-ailt (4) d'alt 17 d'Acht 1944 le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh do Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha agus measfar, chun na críche sin agus chun na críche sin amháin, an fo-alt sin (4) a bheith gan athghairm leis an Acht seo.

Clárú faoin Nurses Registration (Ireland) Act, 1919.

74. —Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, na daoine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, cláraithe sa chlár a bhí á choimeád de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, a chlárú i gclár na n-altran agus, mura gcláraítear na daoine sin amhlaidh ar an dáta bunuithe agus go dtí go gclárófar iad amhlaidh measfar iad a bheith cláraithe i gclár na n-altran.

Clárú faoi Acht 1944.

75. —Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, na daoine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, cláraithe sa rolla de mhná cabhartha a bhí á choimeád de bhun Achta 1944, a chlárú i gclár na n-altran agus, mura gcláraítear na daoine sin amhlaidh ar an dáta bunuithe agus go dtí go gclárófar iad amhlaidh, measfar iad a bheith cláraithe i gclár na n-altran.

Daoine a baineadh den chlár faoin Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó faoi Acht 1944, a chlárú i gclár na n-altran.

76. —Más dóigh leis an mBord, i gcás duine a raibh a ainm, díreach roimh an dáta bunuithe, bainte den chlár a bhí á choimeád de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó den rolla de mhná cabhartha a bhí á choimeád de bhun Achta 1944, gur ceart an duine sin a chlárú, féadfaidh an Bord an duine sin a chlárú i gclár na n-altran agus, beidh feidhm, maidir leis an gclárú sin i gclár na n-altran, ag an méid den Acht seo, agus de na rialacha, a bhaineas le hainm a chur thar n-ais i gclár na n-altran.

Rialacha a leanúint d'éifeacht a bheith acu, agus feidhm a bheith ag forála áirithe d'Acht 1944.

77. —(1) Go dtí go ndéanfaidh an Bord rialacha faoin Acht seo maidir le haon ní áirithe, beidh éifeacht, maidir leis an ní sin agus faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na rialacha a rinneadh nó a meastar a rinneadh ag comhlucht díscaoilte amhail is dá mba rialacha iad a rinneadh go cuí ag an mBord faoin Acht seo.

(2) Go dtí go ndéanfar rialacha chun críocha ailt 46 den Acht seo agus chun críocha alt 42 agus 43 den Acht seo, a mhéid a bhaineas na hailt sin le roinn na mban cabhartha,—

(a) is iad forais ar a bhféadfaidh an Coiste a mholadh ainm altran a bhaint de roinn na mban cabhartha na forais atá leagtha amach ag míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (3) d'alt 25 d'Acht 1944 nó aon cheann acu;

(b) is iad coinníollacha atá ordaithe chun críocha ailt 42 den Acht seo na coinníollacha atá leagtha amach ag míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1944;

(c) aon chlárú a déanfar faoi alt 43 den Acht seo déanfar é faoi réim na gcoinníollacha atá leagtha amach ag míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 24 d'Acht 1944;

(d) bainfidh forála fo-ailt (3) d'alt 24 d'Acht 1944 le duine a chlárú i roinn na mban cabhartha; agus

(e) chun críche na bhforál roimhe seo den alt seo agus chun na críche sin amháin measfar na míreanna sin d'ailt 24 agus 25 d'Acht 1944 agus an fo-alt sin d'alt 24 d'Acht 1944 a bheith gan athghairm leis an Acht seo.

(3) Go dtí go ndéanfar rialacha chun críocha ailt 43 den Acht seo, ní forléireofar aon ní mar ní a chuireas toirmeasc le daoine a hoileadh agus a ghnóthaigh scrúduithe lasmuigh den Stát a chlárú i gclár na n-altran do réir socruithe a bhí á n-oibriú ag comhlucht díscaoilte agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe.

Ráiteas ar fháltais agus caiteachas comhlucht díscaoilte.

78. —(1) Ullmhóidh an Bord, i leith gach comhluchta dhíscaoilte, ráiteas ar fháltais agus caiteachas, lena n-áirítear dliteanais, don tréimhse (nó don chuid de thréimhse) chuntasaíochta ag an gcomhlucht sin a chríochnaigh díreach roimh an dáta bunuithe agus ní foláir cruinneas gach ráitis den tsórt sin a bheith deimhnithe ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin.

(2) Má thaispeánann an ráiteas a ullmhós an Bord faoin alt seo i leith Príomh-Bhord na mBan Cabhartha go bhfuil iarmhéid ann i gcoinne an Bhoird sin, beidh feidhm ag alt 22 d'Acht 1944 maidir leis an iarmhéid amhail is dá mba iarmhéid den tsórt a luaitear san alt sin é, faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar tagairtí san alt sin do Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha d'fhorléiriú mar thagairtí don Bhord, agus measfar, chun na críche sin agus chun na críche sin amháin, an t-alt sin 22 a bheith gan athghairm leis an Acht seo.

(3) Cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cad é an táille a bheas le n-íoc ag an mBord i ndáil leis na ráitis a hullmhófar faoin alt seo a dheimhniú de bhun an ailt seo ag iniúchóir rialtais áitiúil, agus íocfaidh an Bord an táille a cinnfear amhlaidh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus air sin déanfaidh seisean í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó i a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Ospidéil agus forais a ceadaíodh roimh an dáta bunuithe.

79. —Aon ospidéal nó foras a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ceadaithe mar ionad oiriúnach chun críocha oiliúna, measfar, faoi réir forál an Achta seo agus na rialacha, é a bheith ceadaithe chun críocha an Achta seo.

Achtacháin d'oiriúnú, etc.

80. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon achtachán nó aon ionstraim a rinneadh faoi aon achtachán, a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo agus a bhaineas le haon ní nó rud lena mbaineann an tAcht seo nó dá ndéanann an tAcht seo difir, d'oiriúnú agus a mhodhnú mar is dóigh leis is oiriúnach nó is fóirstineach chun an tAcht seo a chur in éifeacht nó chun go bhféadfaidh an tAcht seo lán-fheidm agus lán-eifeacht a bheith aige.

(2) Faoi réir aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo, agus gan dochar don chéanna, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas maidir le gach achtachán (pé acu a bhaineas nó nach mbaineann sé le haon ní nó rud lena mbaineann an tAcht seo) a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo, is é sin le rá, déanfar tagairtí ann don rolla de mhná cabhartha d'fhorléiriú mar thagairtí do roinn na mban cabhartha.

(3) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Forála maidir le Cáin Ioncaim is inmhuirir ar chomhluchta díscaoilte.

81. —(1) Leanfaidh comhlucht díscaoilte, ar an dáta bunuithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas faoi na hAchta Cánach Ioncaim chun aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí d'ullmhú agus a sheachadadh ag bheas ag teastáil chun críocha na nAcht sin d'aon bhliain mheasúnuithe a chríochnós an 5ú lá d'Aibreán i ndiaidh an dáta bhunuithe nó a chríochnós roimhe sin.

(2) Féadfar measúnuithe i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe a chríochnós an 5ú lá d'Aibreán i ndiaidh an dáta bhunuithe, nó a chríochnós roimhe sin, a dhéanamh ar chomhlucht díscaoilte ar an dáta bunuithe nó dá éis, agus an cháin ioncaim i leith aon mheasúnuithe den tsórt sin a déanfar amhlaidh agus a bheas ina mheasúnú críochnaitheach dochloíte, measfar, ar í a bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníochta roimh an dáta bunuithe.

(3) Chun críocha fo-alt (1) agus (2) den alt seo, measfar an t-oifigeach a bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí don Bhord a bheith ina rúnaí do chomhlucht díscaoilte nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí don chomhlucht díscaoilte sin.

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 5.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

9 & 10 Geo. 5, c. 96.

Nurses Registration (Ire-land) Act, 1919.

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1944 .

Acht na mBan Cabhartha, 1944 .

Cuid II.

Ailt 23, 24, 25, 28, 29, 38, 39, 40, 41, 42, 60, 63, 64 agus 65.

Uimh. 19 de 1948 .

An tAcht um Chlárú Banaltran, 1948.

An tAcht iomlán.