12 1950


Uimhir 12 de 1950.


AN tACHT IOMPAIR, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD IOMPAIR A BHUNÚ, DO SHONRÚ A CHUMHACHT AGUS A DHUALGAS, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN GNÓTHAIS CHÓRAS IOMPAIR ÉIREANN AGUS CHUIDEACHTA CHANÁIL LAIGHEAN, AGUS GNÓTHAIS IOMPAIR ÁIRITHE EILE, D'AISTRIÚ CHUN AN BHOIRD SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [17ú Bealtaine, 1950].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iompair, 1950 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

Acht 1944.

ciallaíonn an abairt “Acht 1944” an t Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) ;

an Bord

ciallaíonn an abairt “an Bord” an bord a bunaítear le halt 5;

Córas Iompair Éireann (1945).

ciallaíonn an abairt “Córas Iompair Éireann (1945)” an chuideachta a corpraíodh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, le halt 9 d'Acht 1944;

an gnóthaire díscaoilte.

ciallaíonn an abairt “an gnóthaire díscaoilte” aon chomhlucht acu seo a leanas—

(a) Córas Iompair Éireann (1945), nó

(b) Cuideachta Chanáil Laighean;

achtachán.

folaíonn an focal “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi achtachán;

an dáta bunuithe.

ciallaíonn an abairt “an dáta bunuithe” an 1ú lá de Mheitheamh, 1950;

uisce-bhealach intíre.

folaíonn an abairt “uisce-bhealach intíre” aon uisce-bhealach intíre pé acu nádúrtha nó saorga é;

talamh.

folaíonn an focal “talamh” aon éasúint, brabús nó ceart ar nó thar talamh nó talamh faoi uisce;

dliteanas.

folaíonn an focal “dliteanas” oblagáid;

marsantas.

folaíonn an focal “marsantas” earraí, mianraí, beodhíle agus ainmhithe de gach saghas;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

urrúis.

folaíonn an focal “urrúis” aon scaireanna, stoc, bintiúirí nó stoc bintiúir;

stoc iompair malairtithe.

ciallaíonn an abairt “stoc iompair malairtithe” stoc iompair a luaitear i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

gnóthas aistrithe.

ciallaíonn an abairt “gnóthas aistrithe” gnóthas gnóthaire dhíscaoilte;

seirbhísí iompair.

ciallaíonn an abairt “seirbhísí iompair” seirbhísí iompair d'iarnród, de thrambhealach, d'uisce-chonair intíre, de mhuir nó de bhóthar;

stoc iompair.

ciallaíonn an abairt “stoc iompair” stoc a chruthnós agus a eiseos an Bord faoi alt 29;

gnóthaire iompair

ciallaíonn an abairt “gnóthaire iompair” aon ghnóthaire a oibríos seirbhís iompair phoiblí;

gnóthas iompair.

ciallaíonn an abairt “gnóthas iompair” gnóthas gnóthaire iompair.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain.

(3) San Acht seo, aon tagairt a déantar do réir uimhreach do Chuid nó d'alt is tagairt í don Chuid nó don alt den Acht seo lena ngabhann an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht eile í.

Athghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, amhail ar an dáta bunuithe agus ón dáta sin amach, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Costais.

4. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Coras Iompair Éireann.

Córas Iompair Éireann a bhunú.

5. —(1) Ar an dáta bunuithe, beidh ar bun, de bhuaidh an ailt seo, bord dá ngairmfear Córas Iompair Éireann, chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a sanntar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh an Bord, faoin ainm a sanntar dó le fo-alt (1) den alt seo, ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus cumhacht chun agartha agus chun bheith inagartha faoin ainm sin aige agus chun talamh agus maoin eile a cheannach, a thógaint, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(3) Chun amhrais a sheachaint dearbhaítear leis seo nach ionann úsáid nó áitiú aon oidhreachtáin nó tionóntáin ag an mBord, do réir bhrí na nAcht Luachála, agus úsáid nó áitiú de shaghas poiblí nó chun críche poiblí, do réir bhrí ailt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, nó ailt 16 den Valuation (Ireland) Act, 1852, nó ailt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, nó aon achtacháin eile a bheir díolúine ó ráta is intobhaigh ag údaráis áitiúla i gcoitinne nó ag údarás áitiúil áirithe nó ag aicme áirithe údarás áitiúla.

Comhdhéanamh an Bhoird.

6. —(1)  (a) Beidh ar an mBord pé méid comhaltaí a cheapfas an Rialtas ó am go ham.

(b) Déanfaidh an Rialtas a gcumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí nach lú ná triúr agus nach mó ná seachtar an líon comhaltaí a bheas de thuras na huaire i seilbh oifige ar an mBord.

(2) Is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord an comhalta den Bhord a ndéanfaidh an Rialtas, tráth a cheaptha nó dá éis sin, é d'ainmniú ina chathaoirleach.

Forála maidir le comhaltaí an Bhoird.

7. —(1)  (a) Gach duine a ceapfar ina chomhalta den Bhord beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é a chur as oifig, é d'éirí as oifig nó é a theacht chun bheith dícháilithe, i seilbh oifige go ceann pé tréimhse (nach sia ná chúig bliana) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha.

(b) Comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena tréimhse oifige trí imeacht aimsire, beidh sé inathcheaptha.

(2) Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, agus liúntais i leith costas, d'íoc as na cistí a bheas faoina réir ag an mBord) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha.

(3) Beidh feidhm maidir le comhaltaí an Bhoird ag na forála (a bhaineas le haoisliúntas) atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) (a) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith aon chomhalta den Bhord a chur as oifig—

(i) a éireos éagumasach de dheasca easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil, nó

(ii) a bheas (ar chúis seachas cúis is leor leis an Rialtas) as láthair ó gach cruinniú den Bhord i gcaitheamh tréimhse sé mhí as a chéile.

(b) Má chítear don Rialtas tráth ar bith gur gá, chun leasa an phobail, aon chomhalta den Bhord a chur as oifig, féadfaidh an Rialtas an comhalta sin a chur as oifig.

(c) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfas an Rialtas aon chomhalta den Bhord a chur as oifig faoin bhfo-alt seo, leagfaidh an Rialtas faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á rá gur cuireadh as oifig é agus ag lua na gcúis a bhí lena chur as oifig amhlaidh.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord tráth ar bith éirí as oifig mar chomhalta den tsórt sin trí litir arna díriú agus arna cur chun an Rialtais.

(6) (a) Díolfaidh comhalta den Bhord, nó diúscairfidh ar shlí eile, laistigh de shé mhí tar éis a cheaptha, aon urrúis a bheas ar seilbh aige chun tairbhe dhó féin, pé acu ina ainm féin nó in ainm dhuine éigin eile é, in aon chuideachta a sheolas gnóthas iompair sa Stát agus fós aon stoc iompair a bheas ar seilbh aige amhlaidh, agus ní dleathach do chomhalta den Bhord aon urrúis in aon chuideachta den tsórt sin ná aon stoc iompair a cheannach chun tairbhe dhó féin.

(b) Má thagann comhalta den Bhord i dteideal, chun tairbhe dhó féin, aon urrús den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó aon stoic iompair, déanfaidh sé na hurrúis sin nó an stoc sin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a thiocfas sé i dteideal iad d'aistriú chuige.

(c) Beidh de dhualgas ar chomhalta den Bhord a mbeidh leas aige, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon chonradh a dhéanfas an Bord nó a bheartós an Bord a dhéanamh, an cineál leasa atá aige a nochtadh ag cruinniú den Bhord agus cuirfear an nochtadh sin ar taifead láithreach i miontuairiscí an Bhoird, agus ní dhéanfaidh an comhalta ag a mbeidh leas den tsórt sin aon pháirt a ghlacadh in aon bhreithniú ná cinneadh a dhéanfas an Bord maidir leis an gconradh sin.

(d) Aon chomhalta den Bhord—

(i) nach gcomhlíonfaidh aon mhír, nó a ghníomhós contrártha d'aon mhír, de na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, nó

(ii) a breithneofar ina fhéimheach nó a dhéanfas imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(iii) a scoirfeas de bheith in ghnáth-chónaí sna críocha náisiúnta,

beidh sé dícháilithe chun bheith i seilbh oifige, agus scoirfidh de bheith i seilbh oifige, mar chomhalta den Bhord.

(7) (a) Má thagann duine is comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(b) Duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Séala an Bhoird.

8. —(1) Soláthróidh agus sealbhóidh an Bord séala oifigiúil agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimhniú le síniú chathaoirleach an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigig don Bhord a mbeidh údarás cuí aige ón mBord gníomhú chuige sin.

(2) Gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ordú nó ina ionstraim eile arna dhéanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird arna dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo, glacfar i bhfianaise é agus, mura gcruthaítear a mhalairt, measfar gan a thuilleadh cruthúnais gurb é an t-ordú nó an ionstraim sin é.

Nós imeachta an Bhoird.

9. —(1) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus faid a bheas cathaoirleach an Bhoird as láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Gach ceist a éireos ag cruinniú den Bhord cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag Cathaoirleach an chruinnithe.

(3) Is é is córam do chruinniú den Bhord ná pé uimhir (nach lú ná triúr) a chinnfeas an Bord ó am go ham agus mura ndéantar cinneadh is triúr an córam.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.

(5) Faoi réir an ailt seo, déanfaidh an Bord, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird a rialáil.

Gan feidhm a bheith ag an Public Authorities Protection Act, 1893.

10. —Ní bheidh feidhm ag an Public Authorities Protection Act, 1893, maidir le haon chaingean, inchúiseamh ná imeacht i gcoinne an Bhoird ná maidir le haon ghníomh, faillí ná mainneachtaint ag seirbhíseach nó gníomhaire don Bhord ina cháil mar sheirbhíseach nó gníomhaire don Bhord.

Conartha a dhéanfas an Bord.

11. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa nach comhlucht corpraithe a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

Feidhmeanna an Bhoird d'fheidhmiú trí oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

12. —Féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna d'fheidhmiú agus a chomhlíonadh trí aon oifigigh nó seirbhísigh dhó a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.

CUID III.

Cumhachta agus Dualgais Ghinearalta an Bhoird.

Cumhachta ginearálta an Bhoird.

13. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, beidh ag an mBord, laistigh nó lasmuigh den Stát, i dteannta aon chumhacht eile a dílsítear ann nó a bheirtear dó le haon fhoráil eile den Acht seo, cumhacht—

(a) chun seirbhísí iompair d'oibriú,

(b) chun marsantas a chonsíniú,

(c) chun comhaontuithe nó comhshocraíochta a dhéanamh agus a chur i gcrích le pearsa ar bith a bheas ag seoladh gnótha mar iompróir paisnéirí nó marsantas, ag déanamh socruithe chun paisnéirí nó marsantas d'iompar ag an mBord agus ag an bpearsa eile sin nó thar a gceann faoin aon-chonradh nó ar tháille lánturais nó sna feithiclí nó sna gabhadáin chéanna, pé acu is leis an mBord iad nó nach ea,

(d) chun marsantas a stóráil, pé acu bheas nó nach mbeidh an Bord tar éis an marsantas sin d'iompar nó chun é d'iompar,

(e) chun aon óstlann, ionad pronnlaigh nó seirbhís phronnlaigh a sheoladh a bhí á sheoladh ag ceachtar de na gnóthairí díscaoilte nó ag aon ghnóthaire iompair eile a dtógfaidh an Bord a ghnóthas iompair nó cuid dá ghnóthas iompair chuige faoin Acht seo agus chun cóiríocht chónaithe, ionaid phronnlaigh (lena n-áirítear óstlanna agus proinntithe) agus seirbhísí pronnlaigh a sholáthar dá phaisnéirí agus do dhaoine eile,

(f) chun pé taitneamhachta agus saoráidí le haghaidh paisnéirí agus daoine eile a sholáthar is dóigh leis an mBord is gá nó is fóirstineach a sholáthar,

(g) chun aon ghníomhachta (pé acu a luaitear nó nach luaitear iad in aon mhír roimhe seo den alt seo) a sheoladh a bhí á seoladh ag ceachtar de na gnóthairí díscaoilte nó ag aon ghnóthaire iompair eile a dtógfaidh an Bord a ghnóthas iompair nó cuid dá ghnóthas iompair chuige faoin Acht seo,

(h) chun aon ní d'fhoirgniú, a mhonarú, a cheannach, d'fhruiliú, a ligean, a chothabháil agus a dheisiú is gá chun paisnéirí nó marsantas d'iompar d'iarnród, de bhóthar, de mhuir nó d'uisce-bhealach intíre nó ar shlí eile chun críocha gnóthais iompair,

(i) chun stáisiúin, iostaí, garáistí, céibheanna, calaidh, lamairní, cuanta, ceardlanna, oifigí agus foirgintí agus saoráidí poirt eile a sholáthar agus a threalmhú, agus chun oibreacha eile a dhéanamh i ndáil lena ghnóthas nó chun críocha a ghnóthais,

(j) chun rothdhíle iarnróid, feithiclí bóthair, longa, báirsí, lictéirí, báid tarrainge, báid pheire agus feithiclí nó árthaí eile, a gluaistear nó a tiomáintear nó a tarraingtear le cumhacht mheicniúil, cumhacht leictreachais, cumhacht ainmhí nó cumhacht eile, a sholáthar, a shealbhú, d'fhruiliú, a ligean nó d'úsáid agus chun an céanna a rith agus d'oibriú,

(k) chun talamh a cheannach nó chun talamh a thógaint ar léas nó faoi aon tsórt tionóntachta,

(l) chun comhaontuithe nó comhshocraíochta oibriúcháin a dhéanamh chun duine ar bith do sholáthar seirbhísí iompair a ceangaltar ar an mBord nó a húdaraítear don Bhord a sholáthar, nó chun an Bord do sholáthar aon tseirbhísí iompair a bhfuil de chumhacht ag aon phearsa eile iad a sholáthar,

(m) chun aon ní a dhéanamh d'fhonn méadú ar oilteacht na ndaoine atá ar fostú nó le fostú ag an mBord nó ar éifeachtúlacht trealaimh an Bhoird nó ar éifeachtúlacht na slí ina n-oibrítear an trealamh sin, lena n-áirítear an Bord do sholáthar saoráidí le haghaidh tréineála, oideachais agus taighde agus an Bord do thabhairt chúnaimh do dhaoine eile chun iad a sholáthar,

(n) chun comhlachais, clubanna, forais, cistí, iontaobhais agus áiseanna a bhunú agus a chothabháil a meastar a raghadh chun leasa a fhostaithe nó a iarfhostaithe agus cleithiúnaithe nó gaolta na bhfostaithe nó na n-iarfhostaithe sin, nó chun cabhrú lena leithéid a bhunú agus a chothabháil,

(o) chun íocaíochta a dhéanamh i leith árachais chun tairbhe gach duine nó aon duine dá fhostaithe nó dá iarfhostaithe nó chun tairbhe cleithiúnaithe nó gaolta na n-iarfhostaithe sin,

(p) chun síntiúis d'íoc nó airgead a ráthú le haghaidh cuspóirí carthanúla nó daoncharadais nó le haghaidh aon fhorais nó le haghaidh aon chuspóra phoiblí nó ghinearálta nó fhóintigh,

(q) chun gach ní eile a dhéanamh ar dóigh leis an mBord go mba usaide gnó an Bhoird a sheoladh go cuí.

(2) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo nach mbaineann fo-alt (1) den alt seo ach le feadhmannas an Bhoird mar chorparáid reachtúil, agus ní déanfar aon ní sa bhfo-alt sin d'fhorléiriú mar ní a údaraíos don Bhord neamhaird a thabhairt ar aon achtachán nó riail dlí.

(3) Féadfaidh an Bord aon mhaoin a dhiúscairt, go hiomlán nó ar feadh téarma blian nó ar feadh aon tréimhse is lú ná sin, is dóigh leis an mBord is maoin nach dteastaíonn uaidh chun a dhualgais a chomhlíonadh.

(4) Ní forléireofar forála an ailt seo mar fhorála a theorannaíos aon chumhacht de chuid an Bhoird a bheirtear le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo.

Cumhachta breise a thabhairt don Bhord.

14. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, pé cumhachta a thabhairt don Bhord (i dteannta na gcumhacht a bheirtear don Bhord le halt 13) is cuí leis an Aire agus a shonrós sé san ordú, agus féadfaidh pé forála teagmhasacha agus forlíontacha a bheith in aon ordú den tsórt sin is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun lán-éifeacht a thabhairt don ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(3) Gach ordú a déanfar faoin alt seo is le toiliú an Aire Airgeadais a déanfar é.

(4) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar é a dhaingniú le rún ó gach Tigh den Oireachtas, ach beidh éifeacht reachtúil aige amhail ón dáta a rithfear an rún is déanaí dhíobh sin.

Dualgais ghinearálta an Bhoird.

15. —(1) Beidh de dhualgas ginearálta ar an mBord a chumhachta faoin Acht seo d'fheidhmiú i slí go soláthrófar, nó go n-áiritheofar nó go dtabharfar go soláthrófar, córas poiblí, a bheas éifeachtúil, eacnamúil, áisiúil agus comh-altaithe go cuí, chun paisnéirí agus marsantas d'iompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uisce ag féachaint go cuí do shábháltacht oibriúcháin, do spreagadh fhorbairt eacnamach an náisiúin agus do chothabháil coinníollacha réasúnacha fostaíochta dá fhostaithe agus chun na críche sin beidh de dhualgas ar an mBord feabhas a chur i pé slí is gá leis ar shaoráidí iompair d'fhonn riaradh ar riachtanais an phobail, na talmhaíochta, na tráchtála agus an tionscail.

(2) Beidh de dhualgas ar an mBord a ghnóthas a sheoladh i slí go n-áiritheofar, a luaithe is féidir, nach mbeidh ioncam an Bhoird, ar na blianta a thógaint le chéile, níos lú ná mar is gá chun na muirir a ghlanadh atá, le ceart, inmhuirir ar an ioncam.

(3) An gnó uile a bheas á sheoladh ag an mBord, pé acu is gnó é nó nach gnó é a éireos as gnóthais nó coda de ghnóthais a dílsítear ann nó a haistrítear chuige faoi réim nó de bhuaidh aon fhorála den Acht seo, is aon ghnóthas amháin a bheas ann.

(4) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhorchuireas ar an mBord, go díreach ná go neamhdhíreach, aon tsórt dualgais nó dliteanais, is inchurtha i bhfeidhm trí imeachta os comhair aon chúirte, nach mbeadh ar an mBord mura mbeadh sin.

An Bord do thabhairt eolais.

16. —Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas a iarrfas sé ó am go ham i dtaobh nithe a bhaineas le gníomhachta an Bhoird, seachas riarachán ó lá go lá, agus a bhfeicfear don Aire baint a bheith acu le leas an náisiúin.

Talamh a thógaint go héigeantach.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, ar iarratas ón mBord, a údarú don Bhord, le hordú (dá ngairmtear ordú tógainte san alt seo), pé talamh a sonrófar san ordú a thógaint go héigeantach chun a chumhachta agus a dhualgais d'fheidhmiú.

(2) Aon ordú tógainte a déanfar—

(a) forálfaidh sé go n-íocfaidh an Bord cúiteamh leis na pearsain ar leithligh ag a mbeidh eastáit nó leasa sa talamh lena mbaineann an t-ordú agus forálfaidh sé go ndéanfar aon cheist chúitimh dhíospóidithe a chinneadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus, chun na críche sin, measfar gur údarás poiblí do réir bhrí an Achta sin an Bord,

(b) féadfaidh sé gach foráil nó aon fhoráil d'Acht na gClásal Talún a chorprú, le pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis an Aire.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht reachtúil ag ordú tógainte.

(4) Aon uair a bheartós an tAire ordú tógainte a dhéanamh—

(a) foilseoidh an Bord, pé tráth nó trátha agus i pé slí a ordós an tAire, pé fógra a ordós an tAire i dtaobh cineál an orduithe bheartaithe,

(b) cuirfear in iúl sa bhfógra sin go bhféadfar agóidí agus uiríolla i dtaobh an orduithe bheartaithe a thabhairt i scríbhinn don Aire i rith tréimhse a sonrófar,

(c) ag déanamh an orduithe dhó, bhéarfaidh an tAire aird ar na hagóidí agus na huiríolla (más ann) a bheas tugtha dhó mar adúradh.

(5) (a) I gcás ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh, féadfaidh an Bord, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den fho-alt seo agus sar a ndéanfar tíolacadh nó fionnachtain chúitimh, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh.

(b) Ní raghaidh an Bord isteach, ná ní ghlacfaidh seilbh, ar aon talamh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra mí ar a laghad nó, i gcás tí chónaithe áitithe, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt roimh ré i scríbhinn d'áititheoir an chéanna á rá go bhfuil sin ar intinn ag an mBord.

(c) Féadfar fógra faoi mhír (b) den fho-alt seo a thabhairt do phearsa ar bith trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach faoin seoladh is gnáthach, nó is déanaí is eol, a bheith ag an bpearsa sin.

(d) I gcás an Bord, i bhfeidhmiú a chumhacht faoi mhír (a) den fho-alt seo, do dhul isteach agus do ghlacadh seilbhe ar aon talamh, ansin, aon chúiteamh is iníoctha i leith na talún sin leis an bpearsa a bheadh ó am go ham i dteideal é d'áitiú, dá mba nár fheidhmigh an Bord na cumhachta sin, gabhfaidh ús leis do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón lá a raghfar isteach ar an talamh go dtí go n-íocfar an cúiteamh.

(6) Aon uair a bheartós an tAire ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh, bhéarfaidh an Bord do Choimisiún Talún na hÉireann sonraí na talún lena mbaineann an t-ordú tógainte beartaithe.

Fuascailt bhlianachta ceannaigh is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann as talamh a cheannós an Bord.

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

folaíonn an abairt “blianacht cheannaigh” blianacht mhíntíreachais agus suim bhliantúil is comhionann le blianacht cheannaigh.

(2) Aon uair a cheannós an Bord i bhfeidhmiú a chumhacht, nó a thógfas sé faoi alt 17, aon talamh atá as féin faoi bhlianacht cheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talún, déanfaidh an Bord, má iarrann Coimisiún na Talún sin air, an bhlianacht cheannaigh d'fhuascailt láithreach faoi réim agus do réir na nAcht Talamh-Cheannaigh.

(3) Aon uair a cheannós an Bord i bhfeidhmiú a chumhacht, nó a thógfas sé faoi alt 17, aon talamh (dá ngairmtear an talamh ceannaithe sa bhfo-alt seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht cheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talún—

(a) féadfaidh Coimisiún na Talún an bhlianacht cheannaigh a chionroinnt idir an talamh ceannaithe agus an talamh eile,

(b) má cheanglann Coimisiún na Talún sin air, fuasclóidh an Bord láithreach, faoi réim agus do réir na nAcht Talamh-Cheannaigh, an chuid den bhlianacht cheannaigh a cionroinnfear amhlaidh ar an talamh ceannaithe.

Aicmiú marsantais.

19. —Féadfaidh an Bord pé aicmiú is oiriúnach leis an mBord a dhéanamh ar mharsantas chun feidhm a thabhairt maidir leis do rátaí muirear a gearrfar i leith iompair mharsantais.

Cumhachta an Bhoird maidir le muirir agus le téarmaí agus coinníollacha iompair mharsantais.

20. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “muirir” táillí, rátaí nó dolaidh;

ciallaíonn an focal “seirbhísí” aon ní acu seo a leanas—

(a) paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar,

(b) marsantas a ghlacadh, a chur ar aghaidh, d'iompar agus a sheachadadh,

(c) aon tseirbhís nó saoráid eile iompair;

ciallaíonn an abairt “aicmíocht mharsantais an iarnróid” an aicimíocht mharsantais a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a ghlacfas an Bord chuige chun feidhm a thabhairt do na rátaí muirear a ghearrfas an Bord i leith marsantas d'iompar d'iarnród;

ciallaíonn an abairt “aicmíocht mharsantais na canálach” an aicmíocht mharsantais a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a ghlacfas an Bord chuige chun feidhm a thabhairt do na rátaí muirear a ghearrfas an Bord i leith marsantas d'iompar d'uisce-bhealach intíre.

(2) Féadfaidh an Bord pé muirir is oiriúnach leis an mBord a shocrú, d'éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith seirbhísí a sholáthrós sé.

(3) I gcás ina gcomhaontóidh an Bord le trádálaí chun a mharsantas d'iompar ar muirir is ionann agus iomalairt réasúnach ar na muirir a ghabhfadh, mura mbeadh sin, le marsantas an trádálaí sin arna iompar ag an mBord, féadfaidh an Bord, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, na muirir ar a gcomhaontófar amhlaidh a ghearradh i leith marsantas an trádálaí sin d'iompar.

(4) (a) Coimeádfaidh an Bord cóipeanna dhíobh seo a leanas ar fáil chun a ndíolta:—

(i) aicmíocht mharsantais an iarnróid,

(ii) aicmíocht mharsantais na canálach,

(iii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíochta marsantais an iarnróid agus na canálach, i leith marsantas d'iompar d'iarnród agus d'uisce-bhealach intíre.

(b) Coimeádfaidh an Bord cóipeanna dhíobh seo a leanas ar fáil ina phríomh-oifig chun a n-iniúchta ag an bpobal:—

(i) aicmíocht mharsantais an iarnróid,

(ii) aicmíocht mharsantais na canálach,

(iii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíochta marsantais an iarnróid agus na canálach, i leith marsantas d'iompar d'iarnród agus d'uisce-bhealach intíre.

(c) Coimeádfaidh an Bord ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal, i ngach iosta leis an mBord ina nglactar marsantas chun é d'iompar d'iarnród, cóip de gach ní acu seo a leanas:—

(i) aicmíocht mharsantais an iarnróid,

(ii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíocht mharsantais an iarnróid, i leith marsantas d'iompar d'iarnród ón iosta sin.

(d) Coimeádfaidh an Bord ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal, i ngach iosta leis an mBord ina nglactar marsantas chun é d'iompar d'uisce-bhealach intíre, cóip de gach ní acu seo a leanas:—

(i) aicmíocht mharsantais na canálach,

(ii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíocht mharsantais na canálach, i leith marsantas d'iompar d'uisce-bhealach intíre ón iosta sin.

(5) (a) Féadfaidh an Bord pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil leis na seirbhísí a bheas á gcur ar fáil aige.

(b) Aon iompar marsantais d'iarnród a dhéanfas an Bord agus a bheas do réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 measfar gur iompar é a rinneadh ar an marsantas sin faoi théarmaí agus coinníollacha atá cóir agus réasúnach.

(c) Mura sonraí an Bord a mhalairt i scríbhinn, measfar an marsantas go léir a iomprós an Bord d'iarnród a bheith dá iompar faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 .

An Bord do thréigean líne iarnróid.

21. —(1) San alt seo—

tá leis an abairt “údarás bóthar” an bhrí atá léi san Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) ;

folaíonn an abairt “líne iarnróid” cuid de líne iarnróid;

ciallaíonn an abairt “bóthar poiblí” aon bhóthar a bhfuil údarás bóthar faoi oblagáid reachtúil é a chothabháil.

(2) (a) I gcás—

(i) ordú a bheith déanta faoi alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 ( Uimh. 9 de 1933 ), á údarú deireadh a chur leis na seirbhísí traenach uile ar líne iarnróid shonraithe is leis an mBord nó a oibríos an Bord, nó

(ii) ordú a bheith déanta faoi alt 55 ag tabhairt díolúine don Bhord ón oblagáid chun seirbhís traenach d'oibriú ar líne iarnróid shonraithe nó aon tseirbhís traenach d'aisiriú ar líne iarnróid shonraithe is seirbhís a scoireadh go sealadach faoin Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (R. & O.R., Uimh. 354 de 1944), agus an t-ordú do bhaint leis na seirbhísí traenach uile ar an líne iarnróid shonraithe sin agus gan é a bheith sainráite ann gur go ceann tréimhse sonraithe a bheas sé i ngníomh,

ansin, féadfaidh an Bord, faoi réir an fho-ailt seo, a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú tréigin san alt seo) go bhfuil ar intinn aige an líne iarnróid sin a thréigean.

(b) Oibreoidh ordú tréigin mar údarás don Bhord chun an líne iarnróid lena mbaineann an t-ordú a thréigean.

(c) Ní dhéanfaidh an Bord ordú tréigin maidir le líne iarnróid mura mbeidh an Bord, mí ar a laghad roimh an Ordú a dhéanamh,—

(i) tar éis fógra d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus i pé nuachtáin is cuí leis an mBord, dá léitear sa cheantar ina bhfuil an líne iarnróid, á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú a dhéanamh, agus,

(ii) tar éis fógra, á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú a dhéanamh, a sheirbheáil ar gach údarás bóthar a bhfuil an líne iarnróid laistigh dá líomatáiste feidhme.

(d) Sonróidh gach ordú tréigin an dáta a bheas sé le teacht i bhfeidhm.

(3) I gcás ordú tréigin a bheith déanta maidir le líne iarnróid, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) i gcás an líne iarnróid a thabhairt thar bhóthar poiblí ar dhroichead a raibh an Bord, díreach roimh an dáta (dá ngairmtear an dáta feidhme sa bhfo-alt seo) a thiocfas an t-ordú i bhfeidhm, faoi dhliteanas é a chothabháil—

(i) ceapfaidh an Bord, chun críocha na míre seo, dáta (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa mhír seo) nach mbeidh níos luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta feidhme,

(ii) féadfaidh an Bord agus an t-údarás bóthar, ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair phoiblí, comhaontú a dhéanamh, roimh an dáta ceaptha, chun an droichead a dhíchur nó chun deighleáil leis ar shlí eile (lena n-áirítear, más gá, an bóthar poiblí a chur i riocht a bheas comhionann nó comháisiúil leis an riocht ina raibh sé sar ar bhain déantóirí na líne iarnróid leis nó d'eile an bóthar poiblí a chlaonadh) ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, agus sa chás sin beidh, ar an gcomhaontú d'fhorghníomhú, deireadh le dliteanas (ach amháin pé dliteanas (más ann) a forchuirfear leis an gcomhaontú) an Bhoird chun an droichead a chothabháil,

(iii) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt sin d'fhorghníomhú amhlaidh ach go ndíchuirfidh an Bord barr-dhéanmhas an droichid roimh an dáta ceaptha, ansin—

(I) scoirfidh dliteanas an Bhoird, chun an droichead a chothabháil, amhail ar dháta agus ó dháta an díchuir, agus

(II) dlífidh an t-údarás bóthar, amhail ar dháta agus ó dháta an díchuir, an méid sin den droichead a chothabháil a bheas fágtha tar éis an barr-dhéanmhas a dhíchur, agus

(III) íocfaidh an Bord leis an údarás bóthar cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás bóthar de bhíthin an dlíteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

(iv) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt sin d'fhorghníomhú amhlaidh agus mura ndéantar barr-dhéanmhas an droichid a dhíchur amhlaidh, ansin—

(I) scoirfidh dliteanas an Bhoird, chun an droichead a chothabháil, ar an dáta ceaptha, agus

(II) dlífidh an t-údarás bóthar, amhail ar an dáta ceaptha agus ón dáta ceaptha, an droichead a chothabháil, agus

(III) íocfaidh an Bord leis an údarás bóthar cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás bóthar de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

(b) i gcás bóthar poiblí a thabhairt thar an líne iarnróid ar dhroichead a raibh an Bord, díreach roimh an dáta feidhme, faoin dhliteanas é a chothabháil—

(i) ceapfaidh an Bord, chun críocha na míre seo, dáta (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa mhír seo) nach mbeidh níos luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta feidhme,

(ii) féadfaidh an Bord agus an t-údaras bóthar, ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair phoiblí, comhaontú a dhéanamh, roimh an dáta ceaptha, chun an droichead a dhíchur nó chun deighleáil leis ar shlí eile (lena n-áirítear, más gá, an bóthar poiblí a chur i riocht a bheas comhionann nó comháisiúil leis an riocht ina raibh sé sar ar bhain déantóirí na líne iarnróid leis nó d'eile an bóthar poiblí a chlaonadh) ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, agus sa chás sin beidh, ar an gcomhaontú d'fhorghníomhú, deireadh le dliteanas (ach amháin pé dliteanas (más ann) a forchuirfear leis an gcomhaontú) an Bhoird chun an droichead a chothabháil,

(iii) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt sin d'fhorghníomhú amhlaidh, ansin—

(I) scoirfidh dliteanas an Bhoird, chun an droichead a chothabháil, ar an dáta ceaptha, agus

(II) dlífidh an t-údarás bóthar, amhail ar an dáta ceaptha agus ón dáta ceaptha, an droichead a chothabháil, agus

(III) íocfaidh an Bord leis an údarás bóthar cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás bóthar de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

(iv) na tagairtí atá sa mhír seo don dliteanas chun droichead a chothabháil déanfar, i gcás an Bord a bheith, díreach roimh an dáta feidhme, faoi dhliteanas aon tarrachtana chun an droichead (lena n-áirítear foréadan an bhóthair, pábhála, oibreacha talún, fálta, silteáin nó oibreacha) a chothabháil, iad d'fhorléiriú mar thagairtí don dliteanas chun an droichead agus na tarrachtana sin a chothabháil;

(c) má thrasnaíon an líne iarnróid aon bhóthar poiblí ar an gcomhréidh, ansin, a luaithe is caothúil, tógfaidh an Bord na ráillí chun siúil agus déanfaidh gach ní eile is gá a dhéanamh chun an chuid sin den bhóthar poiblí sin a dtrasnaíodh an líne iarnróid í a dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun an pobal dá húsáid, agus air sin scoirfidh dliteanas an Bhoird chun an chuid sin a choimeád i dtreo;

(d) an dliteanas a forchuirtear ar an mBord le halt 68 den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, chun aon oibreacha a chothabháil (seachas droichid, áirsí nó lintéirí thar an líne iarnróid nó fúithi) den chineál a luaitear san alt sin 68 agus is oibreacha a rinneadh, de bhun an ailt sin, chun áise pearsan is únaerí agus áititheoirí ar thalamh atá tadhlach leis an líne iarnróid, scoirfidh sé amhail ón dáta feidhme, ach íocfaidh an Bord, le haon phearsa is únaer nó áititheoir ar thalamh atá tadhlach leis an líne iarnróid agus ar chun garachta dhó a rinneadh aon oibreacha den tsórt sin de bhun an ailt sin 68 agus a dhligh an Bord díreach roimh an dáta feidhme a chothabháil, cúiteamh i ngach díobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó de bhíthin deireadh a theacht le dliteanas an Bhoird chun na hoibreacha sin a chothabháil;

(e) i gcás aon déanmhas (is droichead, áirse nó lintéir a dhligh an Bord, díreach roimh an dáta feidhme, a chothabháil) a dhéanamh, de bhun ailt 68 den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, adúradh, thar an líne iarnróid nó fúithi chun garachta pearsan is únaerí agus áititheoirí ar thalamh atá tadhlach leis an líne iarnróid—

(i) má thosnaíonn an Bord, roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta feidhme, ar na hoibreacha seo a leanas, eadhon, crosaire ar an gcomhréidh thar láithreán an iarnróid tréigthe a chur in ionad an déanmhais sin agus an crosaire sin a dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun a úsáidte, ansin, amhail ó dháta na n-oibreacha sin a chríochnú, scoirfidh dliteanas an Bhoird agus ní bheidh sé ina dhiaidh sin faoi aon oblagáid chun an crosaire sin a choimeád i dtreo,

(ii) mura dtosnaí an Bord ar na hoibreacha sin roimh dheireadh na tréimhse sin—

(I) scoirfidh an Bord, amhail ar an dáta agus ón dáta a bheas deireadh leis an tréimhse sin, de bheith faoi dhliteanas chun an déanmhas sin a chothabháil,

(II) íocfaidh an Bord, le haon phearsa is únaer nó áititheoir ar thalamh atá tadhlach leis an líne iarnróid agus ar chun garachta dhó a rinneadh an déanmhas sin, cúiteamh i ngach díobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó de bhíthin deireadh a theacht le dliteanas an Bhoird chun an déanmhas sin a chothabháil,

(iii) má bhí ceart slí infheidhmithe, díreach roimh an dáta feidhme, thar an déanmhas sin,—

(I) i gcás an Bord do thosnú, roimh dheireadh na tréimhse dá dtagartar i bhfo-mhír (i) den mhír seo, ar na hoibreacha dá dtagartar sa bhfo-mhír sin (i), ansin, amhail ón dáta a críochnófar na hoibreacha sin, beidh ceart slí, den tsamhail dob infheidhmithe thar an déanmhas sin, infheidhmithe, de bhuaidh na fo-mhíre seo, thar an gcrosaire sin, agus féadfaidh pearsa ar bith ag a mbeidh teideal chuige sin de thuras na huaire gach ní a dhéanamh is gá do réir réasúin chun an crosaire sin a choimeád oiriúnach agus sábhálta chun a úsáidte,

(II) in aon chás eile, leanfaidh an ceart slí thar an déanmhas sin de bheith infheidhmithe, agus féadfaidh pearsa ar bith ag a mbeidh teideal chuige sin de thuras na huaire gach ní a dhéanamh is gá do réir réasúin chun an déanmhas sin a choimeád oiriúnach agus sábhálta chun a úsáidte.

(4) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha ag an mBord le pearsa ar bith faoin alt seo—

(a) déanfar, cheal comhaontuithe, méid an chúitimh sin a chinneadh ag eadránaí a cheapfas an tAire,

(b) ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, luach saothair an eádranaí sin agus íocfaidh an Bord an luach saothair sin.

(5) An t-eadránaí a ceapfar chun an cúiteamh a chinneadh is iníoctha ag an mBord le pearsa ar bith faoin alt seo, féadfaidh sé, agus aird á thabhairt aige (i measc nithe eile) ar aon tairiscint neamhchoinníollach chúitimh a rinne an Bord agus nár ghlac an phearsa sin léi nó ar aon tairiscint neamhchoinníollach a rinne an phearsa sin suim áirithe a ghlacadh mar chúiteamh agus nár ghlac an Bord léi, trína dhámhachtain agus faoina rogha féin—

(a) a ordú don Bhord suim (a thomhaisfeas an t-eadránaí) d'íoc i leith costas agus caiteachas na pearsan sin, nó

(b) a ordú don phearsa sin suim (a thomhaisfeas an t-eadránaí) d'íoc i leith costas agus caiteachas an Bhoird, nó

(c) a ordú don Bhord agus don phearsa sin faoi seach a gcostais agus a gcaiteachais féin d'íoc.

(6) Ní bhainfidh an Abandonment of Railways Act, 1850, le haon líne iarnróid a mbeidh ordú tréigin déanta ina taobh.

(7) I gcás ordú tréigin a bheith déanta maidir le haon líne iarnróid, féadfaidh an Bord an talamh atá faoin líne sin nó atá tadhlach léi a dhíol trí ghnóthaíocht phríobháideach le húnaer na talún ar dhá thaobh na líne sin nó, trí cheaint phoiblí, le pearsa ar bith, agus an t-únaer sin d'áireamh.

(8) Beidh feidhmeanna údarás bóthar faoin alt seo—

(a) i gcás inar bardas contae-bhuirge an t-údarás bóthar, ina bhfeidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineas leis an mbardas sin,

(b) in aon chás eile, ina bhfeidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht Bainistí Contae, 1940 agus 1942.

Cumhacht an Bhoird chun fo-dhlithe a dhéanamh.

22. —(1) Féadfaidh an Bord fo-dhlithe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:—

(a) chun rialáil a dhéanamh ar thrátha teachta agus imeachta a fheithiclí nó a árthach;

(b) chun rialáil a dhéanamh ar luchtú agus díluchtú a fheithiclí nó a árthach agus, faoi réir aon fhorál reachtúla chuige sin, ar na meáchain a iomprós a fheithiclí agus a árthaí;

(c) chun rialáil a dhéanamh ar ghlacadh agus seachadadh marsantais agus nithe eile a hiomprófar ar a fheithiclí nó ar a árthaí;

(d) chun cosc a chur le núiseanna a dhéanamh in, nó ar, a fheithiclí nó a árthaí nó in, nó ar, na stáisiúin, na hiostaí nó na háitribh eile atá á n-áitiú ag an mBord;

(e) chun ord a choimeád sna stáisiúin, na hiostaí nó na háitribh eile atá á n-áitiú ag an mBord agus sna tarrachtana chucu, agus chun úsáid an chéanna a rialáil;

(f) chun aon críche a raibh, díreach roimh an dáta bunuithe, cumhacht ag ceachtar de na gnóthairí díscaoilte, fo-dhlithe a dhéanamh chuici;

(g) chun socrú a dhéanamh le haghaidh slán-choimeád agus athsheachadadh nó diúscairt aon mhaoine a gheofar ar, nó in, aon áitribh, soithigh nó feithiclí leis an mBord agus chun na muirir a shocrú a ghearrfas an Bord ina leith sin;

(h) go ginearálta, chun rialáil a dhéanamh, faoi réir aon fhorál reachtúla chuige sin, ar thaisteal ina fheithiclí nó a árthaí, nó ar a n-úsáid, agus ar oibriú na seirbhísí iompair a sholáthraíos an Bord.

(2) Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire, lena ndaingniú, aon fho-dhlithe a dhéanfas an Bord faoin alt seo, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an Bord, a luaithe is caothúil tar éis na fodhlithe a chur faoi bhráid an Aire, fógra á rá go ndearnadh amhlaidh d'fhoilsiú uair amháin ar a laghad gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i ngach ceann de na nuachtáin laethúla maidne a foilsítear agus a léitear sa Stát;

(b) sa bhfógra sin—

(i) beidh ráiteas ar na críocha chun a ndearnadh na fo-dhlithe, agus

(ii) cuirfear in iúl go bhfuil cóip de na fo-dhlithe ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal i bpríomhoifig an Bhoird sa Stát, agus

(iii) cuirfear in iúl go bhféadfaidh duine ar bith agóidí a chur faoi bhráid an Aire i gcoinne na fo-dhlithe a dhaingniú, tráth ar bith i rith na tréimhse tríocha lá dar tosach dáta céad-fhoilsithe an fhógra;

(c) déanfaidh an Bord, ar feadh na tréimhse tríocha lá sin, cóip de na fo-dhlithe a choimeád ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal le linn gnáth-uaireanta oifige sa phríomh-oifig sin ag an mBord;

(d) duine ar bith a bheas i gcoinne na fo-dhlithe a dhaingniú féadfaidh sé, aon tráth i rith na tréimhse tríocha lá sin, a agóidí a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn;

(e) do réir mar is cuí leis an Aire, diúltóidh sé na fo-dhlithe a dhaingniú nó déanfaidh, le hordú, na fo-dhlithe a dhaingniú gan modhnú nó le pé modhnuithe is cuí leis agus a chuirfeas sé isteach sna fo-dhlithe, ach, má cheadaíonn sé na fo-dhlithe (le modhnú nó gan modhnú), ní dhéanfaidh amhlaidh go ceann na tréimhse tríocha lá sin ná go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar aon agóidí i gcoinne an daingnithe a cuireadh faoina bhráid i rith na tréimhse sin.

(3) Aon fho-dhlithe a dhéanfas an Bord faoin alt seo tiocfaid i ngníomh i gcás (agus sa chás sin amháin) iad a dhaingniú le hordú faoin alt seo, agus, má daingnítear amhlaidh iad, is é lá a thiocfaid i ngníomh an lá a sonrófar chuige sin san ordú á ndaingniú.

(4) Má sháraíonn duine ar bith foráil d'aon fho-dhlithe a déanfar faoin alt seo agus a ndéarfar sna fo-dhlithe gur foráil phionósach í, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(5) Aon fho-dhlithe a déanfar faoin alt seo agus a daingneofar le hordú faoin alt seo foilseofar iad i pé slí a ordós an tAire.

(6) Aon fho-dhlithe a déanfar faoin alt seo ní dhéanfaidh dochar ná difir d'oibriú aon fho-dhlithe a rinneadh faoi réim nó de bhun aon fhorál reachtúla ag aon údarás cuain nó ag aon údarás sláintíochta.

(7) Aon doiciméad a airbheartós bheith ina chóip d'fhodhlithe a rinneadh faoin alt seo agus a mbeidh deimhniú (a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach don Bhord a raibh údarás aige chuige sin) formhuinithe air á rá gur cóip dhílis de na fo-dhlithe an doiciméad agus go raibh na fo-dhlithe i bhfeidhm ar dháta sonraithe beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír ná go raibh údarás aige amhlaidh, ina fhianaise (go dtí go gcruthaítear a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar na fo-dhlithe agus ar iad a bheith i bhfeidhm ar an dáta a bheas sonraithe amhlaidh.

(8) (a) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “sean-chuideachta iompair” aon chuideachta is—

(i) cuideachta chomhghafa nó cuideachta chónasctha, do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ),

(ii) cuideachta dhíscaoilte, do réir bhrí Achta 1944, nó

(iii) ceachtar de na gnóthairí díscaoilte.

(b) Na fo-dhlithe go léir a rinne aon tsean-chuideachta iompair agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe leanfaid, ar an dháta bunuithe agus dá éis, de bheith i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fo-dhlithe a déanfar faoi alt seo.

(9) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(10) Ní bhainfidh alt 127 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), le maoin a fágfar i bhfeithiclí seirbhíse poiblí is leis an mBord nó a oibríos an Bord.

CUID IV.

Gnothais Choras Iompair Éireann (1945) agus Chuideachta Chanail Laighean D'aistriu chun an Bhoird agus forala a Chumasu Gnothais Iompair Airithe eile d'Aistriu chun an Bhoird.

CAIBIDIL I.

Gnóthais Chóras Iompair Éireann (1945) agus Chuideachta Chanáil Laighean d'aistriú chun an Bhoird agus cúiteamh do shealbhóirí urrús áirithe leis na comhluchta sin.

Gnóthais ghnóthairí díscaoilte d'aistriú chun an Bhoird.

23. —(1) Ar an dáta bunuithe beidh gnóthas gach gnóthaire dhíscaoilte arna aistriú chun an Bhoird agus ar dílsiú ann, de bhuaidh an ailt seo.

(2) An t-aistriú a déantar leis an alt seo bainfidh se le hiomlán gnóthais gach gnóthaire dhíscaoilte, ar a n-áirítear na tailte, na hoibreacha agus an mhaoin eile, na sócmhainní, na cumhachta, na cearta agus na príbhléidí uile a sealbhaítear nó a teachtaítear i ndáil leis an ngnóthas nó a ghabhas leis an ngnóthas.

(3) (a) Faoi réir forál an Achta seo, féadfaidh an Bord na cearta, na cumhachta agus na príbhléidí uile d'fheidhmiú agus a chur i bhfeidhm a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe i gceachtar de na gnóthairí díscaoilte.

(b) Ní bheidh an Bord i dteideal, de bhuaidh an fho-ailt seo, feidhmiú a dhéanamh ar aon chumhachta chun airgead a chruinniú a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, infheidhmithe ag ceachtar de na gnóthaírí díscaoilte.

(4) (a) Faoi réir forál an Achta seo, beidh an Bord, agus eisiamh á dhéanamh aige ar cheachtar de na gnóthairí díscaoilte, faoi na dliteanais uile, pé acu de dhroim reachta nó eile iad, a bhí ar an ngnóthaire díscaoilte sin díreach roimh an dáta bunuithe.

(b) Ní bheidh an Bord faoi aon dliteanas de bhuaidh an fho-ailt seo i leith aon urrúis le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte a ndéanfar stoc iompair d'eisiúint ina ionad faoin Acht seo.

(5) (a) Ar an dáta bunuithe, beidh gach ceadúnas lena mbaineann an fo-alt seo agus a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, i seilbh cheachtar de na gnóthairí díscaoilte, arna aistriú de bhuaidh an Achta seo chun an Bhoird agus beidh, ar an dáta agus ón dáta bunuithe, éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an ghnóthaire dhíscaoilte sin.

(b) Baineann an fo-alt seo—

(i) le haon cheadúnas a tógadh amach faoi alt 13 den Finance Act, 1920, i leith feithicle inneallghluaiste,

(ii) le haon cheadúnas paisnéirí a deonadh faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) ,

(iii) le haon cheadúnas marsantais a deonadh faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933) ,

(iv) le haon cheadúnas feithicle seirbhíse poiblí a deonadh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) .

Urrúis áirithe leis na gnóthairí díscaoilte a mhúchadh.

24. —Ar an dáta bunuithe, beidh na hurrúis ar leithligh leis na gnóthairí díscaoilte a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo arna múchadh de bhuaidh an ailt seo.

Cúiteamh do shealbhóirí urrús áirithe leis na gnóthairí díscaoilte.

25. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, gach duine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina shealbhóir cláraithe ar aon urrús a tuairiscítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, de bhuaidh an fho-ailt seo, in aghaidh gach céad punt faoi leith den urrús sin a bhí ar seilbh aige, ina shealbhóir cláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, den stoc iompair a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, agus dá réir sin i gcomhchoibhneas in aghaidh méideanna is mó nó is lú ná céad punt, in ionad agus i malairt an mhéid den urrús sin a bhí ar seilbh aige.

(b) Ní bheidh teideal ag duine ar bith, trí oibriú míre (a) den fho-alt seo, chun stoc iompair d'eisiúint chuige ina chodán de phunt agus, i gcás ina mbeadh teideal den tsórt sin ag duine mura mbeadh an mhír seo, íocfaidh an Bord leis in airgead luach par an chodáin.

(2) Gairmtear stoc iompair malairtithe san Acht seo den stoc iompair a luaitear i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

CAIBIDIL II.

Forála á Chumasú Gnóthais Iompair Airithe Eile d'Aistriú chun an Bhoird.

Comhshocraíochta chun gnóthais iompair a thógaint go saorálach agus d'oibriú.

26. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an Bord agus pearsa ar bith (dá ngairmtear an t-aistreoir san alt seo) atá ag seoladh aon ghnóthais iompair go hiomlán nó go páirteach laistigh den Stát nó ag soláthar saoráidí iompair lasmuigh den Stát i ndáil le saoráidí iompair laistigh den Stát, féadfaid, le ceadú an Aire agus d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán nó gníomhas nó ionstraim, comhshocraíocht a dhéanamh á shocrú go dtógfaidh nó go n-oibreoidh an Bord nó go dtógfaidh agus go n-oibreoidh an Bord, ar pé téarmaí ar a gcomhaontófar, iomlán gnóthais an aistreora nó pé cuid den ghnóthas sin a sonrófar sa chomhshocraíocht.

(2) Ní thiocfaidh comhshocraíocht faoi fho-alt (1) den alt seo i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le rún ó gach Tigh den Oireachtas, ach beidh éifeacht reachtúil aici amhail ón dáta a rithfear an ceann is déanaí de na rúin sin, agus amhail ón dáta sin beidh ag an mBord agus ag an aistreoir na cumhachta uile is gá chun an chomhshocraíocht a chur in éifeacht.

(3) Aon chomhshocraíocht a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sí, gan dochar d'aon ní i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo—

(a) a shocrú go n-íocfaidh an Bord pé comaoin (in airgead nó ar shlí eile), i leith iomlán an ghnóthais, nó an chuid den ghnóthas a sonrófar sa chomhshocraíocht, a dhílsiú sa Bhord agus féadfaidh sí, chun críocha an dílsithe sin nó chun an chomaoin sin d'íoc nó d'iomdháil nó chun éifeacht a thabhairt ar shlí eile don chomhshocraíocht, feidhm, le pé modhnuithe agus eisceachta a sonrófar sa chomhshocraíocht, a thabhairt, maidir leis an aistreoir nó le gnóthas an aistreora, d'aon fhorála de chuid an Achta seo a bhfuil baint nó éifeacht acu maidir le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte nó leis an mBord nó le gnóthas an ghnóthaire dhíscaoilte sin nó an Bhoird,

(b) forála d'fholú a aistreos agus, i gcás gan ach cuid de ghnóthas a bheith le tógaint nó le hoibriú ag an mBord, a chionroinnfeas nó a dheighilfeas cearta, cumhachta, dliteanais, oblagáidí agus dualgais,

(c) oiriúnú, modhnú nó athghairm a dhéanamh ar aon fhoráil reachtúil, conradh, gníomhas nó ionstraim ar bith eile a bhaineas le haon chuid iomchuí de ghnóthas an aistreora,

(d) aon fhoráil, teagmhasach nó forlíontach nó idirlinne, a dhéanamh i ndáil leis an gcomhshocraíocht.

(4) Is le toiliú an Aire Phoist agus Telegrafa a déanfar comh shocraíocht faoi fho-alt (1) den alt seo, má dhéanann sí, agus a mhéid a dhéanfas sí, difir d'aon chearta de chuid an Aire sin.

(5) Féadfar comhshocraíocht faoi fho-alt (1) den alt seo d'fhorlíonadh nó a mhodhnú le comhshocraíocht fhorlíontach a déanfar agus a daingneofar mar rinneadh agus mar daingníodh an chomhshocraíocht bhunaidh.

Feidhmeanna áirithe de chuid an Aire agus Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoi na Shannon Acts, 1839 to 1885, d'aistriú chun an Bhoird.

27. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na Shannon Acts, 1839 to 1885, arna leasú nó arna n-oiriúnú le hachtacháin iardain nó fúthu;

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

folaíonn an focal “feidhmeanna” cumhachta agus dualgais;

ciallaíonn an focal “maoin” tailte, tionóntáin, oidhreachtáin, oibreacha agus an uile mhaoin eile (lena n-áirítear urrúis agus ábhair i gcaingean) de gach saghas.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, gach feidhm nó aon fheidhm d'aistriú chun an Bhoird de na feidhmeanna a bronntar nó a forchuirtear leis na hAchta nó ar shlí eile ar an Aire nó ar na Coimisinéirí maidir le haireachasú agus buanchoimeád loingseoireachta agus siltin na Sionna nó aon fho-abhann di nó oibreacha a rinneadh chun an loingseoireacht nó an siltean sin d'fheabhsú, agus féadfaidh aon ordú den tsórt sin aistriú a dhéanamh ar gach feidhm nó aon fheidhm acu sin maidir le hiomláine na habhann sin nó aon fho-abhann di nó le haon choda áirithe den abhainn sin nó d'aon fho-abhainn di.

(3) (a) I gcás aon fheidhmeanna d'aistriú chun an Bhoird le hordú faoin alt seo, féadfaidh an Rialtas, leis an ordú céanna nó le haon ordú iardain, gach cuid nó aon chuid den mhaoin d'aistriú chun an Bhoird agus a dhílsiú ann a bhí, díreach sar a ndearnadh an t-ordú, dílsithe sna Coimisinéirí nó ina seilbh faoi na hAchta nó ar shlí eile agus á húsáid acu le haghaidh nó i leith feidhmiú nó comhlíonadh na bhfeidhmeanna a haistreofar amhlaidh nó le haghaidh ioncam a sholáthar chun na feidhmeanna a haistreofar amhlaidh d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(b) Aon aistriú maoine a déanfar de bhuaidh an fho-ailt seo ní bheidh réim aige—

(i) maidir leis na coraí iascaigh easconn leithleacha sa tSionnainn, ar a n-áirítear cora amháin ag Béal Atha Luain agus dhá chora ag Caisleán O gConaing, mar taispeántar sa leabhar cíos-mhaoine in Oifig Loingseoireachta na Sionna, agus na coraí agus na hoibreacha eile a ghabhas leis an gcéanna agus fós an ceart iascaigh sa chéanna, ná

(ii) maidir leis an gcora iascaigh easconn leithleach sa tSionnainn ag Cill Dá Lua, mar taispeántar sa leabhar cíos-mhaoine sin, agus an chora agus na hoibreacha a ghabhas leis an iascach sin.

(c) I gcás aon mhaoin d'aistriú chun an Bhoird faoin bhfo-alt seo dílseoidh an mhaoin sin sa Bhord le haghaidh an eastáit nó an leasa uile inti a bhí dílsithe sna Coimisinéirí, nó ba leis an Stát, díreach sar a ndearnadh an t-aistriú.

(4) (a) Aon uair a haistreofar aon fheidhmeanna chun an Bhoird le hordú faoin alt seo féadfaidh an Rialtas, leis an ordú céanna nó le haon ordú iardain, aon duine d'aistriú ó sheirbhís na gCoimisinéirí chun sheirbhíse an Bhoird is duine a bheas ar fostú ag na Coimisinéirí i leith nó i gcóir feidhmiú agus comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin.

(b) Gach duine a haistreofar chun seirbhíse an Bhoird faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, air sin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí céanna, maidir le luach saothair agus aoisliúntas, pinsean nó aisce (más ann), ar a raibh sé ar fostú ag na Coimisinéirí díreach roimh an aistriú agus beidh sé, chun críocha an aoisliúntais, an phinsin nó na haisce sin (más ann), i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis na Coimisinéirí a ríomh mar sheirbhís leis an mBord.

(c) Féadfaidh ordú faoin alt seo feidhm a thabhairt, maidir le haon duine a haistreofar faoin bhfo-alt seo chun seirbhíse an Bhoird, d'fhorála ailt 38, le pé modhnuithe a sonrófar san ordú.

(5) Aon uair a haistreofar feidhmeanna chun an Bhoird, le hordú faoin alt seo, féadfaidh an Rialtas, leis an ordú céanna nó le hordú iardain, a chur d'oblagáid ar an mBord aon phinsean d'íoc, amhail ó dháta an orduithe, is iníoctha ar an dáta sin ag na Coimisinéirí le duine a bhí roimhe sin ar fostú ag na Coimisinéirí i leith nó i gcóir na bhfeidhmeanna sin, agus air sin tiocfaidh an Bord chun bheith, agus beidh sé, faoi dhliteanas chun na Coimisinéirí a shlánú i gcoinne aon dhliteanais i leith an phinsin amhail ó dháta an orduithe.

(6) Aon uair a haistreofar aon fheidhmeanna chun an Bhoird le hordú faoin alt seo, féadfaidh an Rialtas, leis an ordú céanna nó le hordú iardain, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) pé oiriúnuithe agus modhnuithe is cuí leis an Rialtas a dhéanamh ar fhorála na nAcht mar bhainid leis an mBord,

(b) má háirítear ar na feidhmeanna a haistreofar leis an ordú an fheidhm chun ionstraimí (is rialacha, orduithe, rialacháin agus fo-dhlithe) a dhéanamh faoi alt 56 den Shannon Act, 1839—

(i) a fhoráil go mbeidh an méid d'alt 56 a bhaineas le daingniú na n-ionstraimí sin gan feidhm maidir le haon ionstraim acu sin a dhéanfas an Bord faoin alt sin 56;

(ii) feidhm a thabhairt, maidir le haon ionstraim acu sin a dhéanfas an Bord faoin alt sin 56, d'aon cheann d'fhorála ailt 22.

(7) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, féadfaidh pé forála fo-ghabhálacha agus forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Rialtas is gá chun lán-éifeacht a thabhairt don ordú.

CUID V.

Airgeadas.

Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht.

28. —(1) (a) Faoi réir forál an fho-ailt seo, féadfaidh an Bord ó am go ham, trí chomhshocraíocht le bancaeirí, pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a bheas ag teastáil ón mBord chun a oblagáidí d'fhreastal agus a dhualgais a chomhlíonadh.

(b) Ní dhéanfaidh an Bord, ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, a chumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná chúig chéad míle punt aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta shealadaigh.

(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná milliún punt aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta shealadaigh.

(2) (a) Féadfaidh an Bord, le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, airgead d'fháil ar iasacht ó am go ham trí stoc d'eisiúint chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas—

(i) airgead a sholáthar chun íoctha aon chostais faoina ndeachthas i ndáil le haon bhuanobair a bhfuil a costas inmhuirir go cuí ar chaipiteal,

(ii) aon stoc iompair d'fhuascailt,

(iii) aon ghnóthas iompair eile a thógaint chuige,

(iv) aon chríoch eile a bhfuil airgead caipitil inúsáidte go cuí chuici.

(b) Ní raghaidh an méid iomlán airgid a gheofar ar iasacht faoi fho-mhíreanna (i) agus (iv) de mhír (a) den fho-alt seo thar seacht milliún punt.

(c) Nuair a bheas ríomh á dhéanamh, chun críocha míre (b) den fho-alt seo, ar an méid iomlán airgid a fuarthas ar iasacht, cuirfear san áireamh aon airgead a fuarthas ar iasacht agus a haisíocadh.

Stoc iompair.

29. —(1) Measfar stoc iompair malairtithe a bheith arna chruthnú agus arna eisiúint go cuí ag an mBord ar an dáta bunuithe.

(2) Féadfaidh an Bord ó am go ham aon stoc a chruthnú agus d'eisiúint is gá chun a chumhachta faoi fho-alt (2) d'alt 28 d'fheidhmiú.

(3) San Acht seo gairmtear stoc iompair de stoc arna chruthnú agus arna eisiúint ag an mBord faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo.

(4) Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach i gcolún (5) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir le hús agus fuascailt an stoic iompair mhalairtithe atá leagtha amach i gcolún (3) den Sceideal sin.

(5) Déanfar stoc iompair (seachas stoc iompair malairtithe) a chruthnú agus d'eisiúint faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ráta an úis agus íoc an úis air agus maidir lena fhuascailt, a cheadós an tAire Airgeadais.

(6) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) stoc iompair a chlárú,

(b) deimhnithe stoic iompair,

(c) stoc iompair d'aistriú agus a tharchur, agus deighleála eile ina thaobh,

(d) cláir stoic iompair a dhúnadh ar feadh tréimhsí sonraithe,

(e) na táillí is iníoctha i leith stoc iompair d'aistriú agus a tharchur agus i leith deighleála eile ina thaobh,

agus féadfaidh na rialacháin sin feidhm, maidir le stoc iompair, a thabhairt, le modhnú nó gan modhnú, d'aon achtachán a bhaineas le stoc arna eisiúint ag an Rialtas nó ag údarás áitiúil.

(7) D'ainneoin aon ní i rialacháin a déanfar faoi fho-alt (6) den alt seo, beidh feidhm ag na forála seo a leanas in aon chás ina dtarlóidh, de bhuaidh ailt 25, duine ar bith, is sealbhóir cláraithe ar urrús áirithe gnóthaire dhíscaoilte, do theacht chun bheith, ina ionad sin, ina shealbhóir cláraithe ar aon stoc iompair malairtithe áirithe—

(a) má dhéanann an duine sin an deimhniú maidir leis an urrús sin a sheachadadh don Bhord chun a chealuithe, eiseoidh an Bord chuige, in aisce, an deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe sin,

(b) má chruthaíonn an duine sin chun sástachta an Bhoird gur cailleadh nó gur díthíodh an deimhniú maidir leis an urrús sin agus má thugann sé don Bhord pé slánaíocht a iarrfas an Bord go réasúnach i gcoinne éilithe ina leith sin, eiseoidh an Bord chuige, in aisce, an deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe sin,

(c) go dtí go n-eiseofar amhlaidh deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe sin, measfar gurb é an deimhniú maidir leis an urrús sin an deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe.

(8) Is eastát pearsanta a bheas i stoc iompair agus is mar eastát pearsanta a bheas sé intarchurtha, agus ní ghabhfaidh nádúir eastát réadaigh leis.

Ráthaíocht Stáit le hiasachta sealadacha agus le stoc iompair.

30. —(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i pé slí agus i pé foirm agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí aon airgead a gheobhas an Bord ar iasacht faoi fho-alt (1) d'alt 28.

(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachta a bheirtear dó leis an bhfo-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná chúig chéad míle punt méid nó méid iomlán na príomhshuime a dhlífeas sé, aon tráth áirithe, d'aisíoc de bhun aon ráthaíochta nó aon ráthaíocht faoin bhfo-alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheas íoctha roimhe sin ag an Aire sin de bhun aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, maidir le stoc iompair malairtithe nó maidir le haon stoc iompair eile a beartófar a chruthnú agus d'eisiúint, a ráthú i pé slí agus i pé foirm is cuí leis go n-íocfar go cuí, do réir téarmaí an stoic iompair sin, an phríomhshuim agus an t-ús a bheas urraithe leis an stoc iompair sin.

(3) An t-airgead go léir a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfas chun bheith iníoctha faoi aon ráthaíocht a bheas tugtha aige faoin alt seo, airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis é.

(4) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire sin urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseos an tAire Airgeadais faoin alt seo agus na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(6) Déanfaidh an Bord aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, chun na críche a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais) laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain.

(7) Má bhíonn iomlán na n-airleacan nó aon chuid de na hairleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, chun na críche a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, gan aisíoc ag an mBord leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt (6) den alt seo, déanfar an méid a bheas amuigh amhlaidh d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(8) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (7) den alt seo ní thabharfaidh sin díolúine don Bhord ón dliteanas chun méid iomlán aon airleacain a rinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, agus déanfaidh an Bord an t-aisíoc sin pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais.

Sonraí ar ráthaíochta a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

31. —A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais dar tosach an 31ú lá de Mhárta, 1951, nó dáta dá éis sin, leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas, i pé foirm is cuí leis, ina leagfar amach—

(a) maidir le gach ráthaíocht a thug sé faoi alt 30 i rith na bliana airgeadais sin—

(i) sonraí na ráthaíochta,

(ii) i gcás aon tsuim a bheith íoctha aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

(I) méid na suime sin,

(II) an méid (más ann) a haisíocadh faoi fho-alt (6) d'alt 30 leis an bPríomh-Chiste de bhun na híocaíochta sin,

(iii) an méid a dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar phríomhaí faoin ráthaíocht sin dá gcuirtí i bhfeidhm í díreach ar dheireadh a theacht leis an mbliain airgeadais sin,

(b) maidir le gach ráthaíocht a thug sé faoi alt 30 roimh thosach na bliana airgeadais sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana airgeadais sin—

(i) sonraí na ráthaíochta,

(ii) i gcás aon tsuim a bheith íoctha aige faoin ráthaíocht sin roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

(I) méid na suime sin,

(II) an méid (más ann) a haisíocadh faoi fho-alt (6) d'alt 30 leis an bPríomh-Chiste de bhun na híocaíochta sin,

(iii) an méid a dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar phríomhaí faoin ráthaíocht sin dá gcuirtí i bhfeidhm í díreach ar dheireadh a theacht leis an mbliain airgeadais sin.

Us neamhéillithe ar stoc iompair

32. —An t-ús go léir ar stoc iompair a bheas gan éileamh go ceann bliana tar éis é a theacht chun bheith dlite, féadfaidh an Bord é d'infheistiú nó deighleáil leis ar shlí eile chun tairbhe an Bhoird go dtí go n-éileofar é.

Ciste Fuascailte.

33. —(1) Tar éis socrú a dhéanamh chun ús d'íoc ar stoc iompair agus le haghaidh muirear seasta agus oblagáidí eile, cuirfidh an Bord i leataoibh ó am go ham pé suimeanna is cuí leis d'fhonn ciste a bhunú chun aon stoc iompair d'fhuascailt atá, faoi choinníollacha a eisiúna, infhuascailte go hiomlán nó go páirteach in airgead.

(2) Féadfaidh an Bord aon tsuimeanna a cuirfear i leataoibh faoi fho-alt (1) den alt seo agus an t-ioncam uathu d'infheistiú—

(a) i pé urrúis, de na hurrúis a bheas údaraithe de thuras na huaire do réir dlí le haghaidh infheistiú urrús iontaobhais, is cuí leis an mBord tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais,

(b) i pé urrúis eile a bheas ceadaithe chuige sin de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais agus is cuí leis an mBord.

(3) (a) Déanfar na suimeanna go léir a cuirfear i leataoibh faoi fho-alt (1) den alt seo, maraon leis an ioncam uathu, d'úsáid chun nó mar chabhair chun fuascailt a dhéanamh, ar aibiú dhó, ar aon stoc iompair ar chun é d'fhuascailt a cuireadh i leataoibh iad, nó féadfar, más oiriúnach leis an mBord é, iad d'úsáid chun aon stoc iompair den tsórt sin a cheannach agus déanfar aon stoc iompair den tsórt sin a ceannófar amhlaidh a dhíscríobh agus a chealú.

(b) Ach amháin le ceadú an Aire Airgeadais, ní dhéanfaidh an Bord faoin bhfo-alt seo aon stoc iompair a cheannach ar phraghas is mó ná a suim seo a leanas—

(i) praghas fuascailte an stoic iompair, agus

(ii) aon ús a bheas faibhrithe chun bheith dlite ar an stoc iompair ar an dáta ceannaigh agus a bheas iníoctha leis an gceannaitheoir.

Cuntais agus iniúchadh.

34. —(1) (a) Coimeádfaidh an Bord gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhas nó a chaithfeas sé, ar a n-áirítear cuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus clár comharduithe, agus go háirithe coimeádfaidh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham as a threoir féin nó ar iarratas an Aire Airgeadais.

(b) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an fhoirm d'ordú ina gcoimeádfar cuntais an Bhoird.

(2) (a) Déanfar cuntais an Bhoird d'iniúchadh gach bliain ag iniúchóir nó iniúchóirí a cheapfas an Bord gach bliain le toiliú an Aire.

(b) Íocfaidh an Bord táillí iniúchóra a ceapfar faoin bhfo-alt seo agus costais an iniúchta.

(3) Déanfaidh an Bord, díreach tar éis gach iniúchta faoin alt seo, cóip a chur chun an Aire de na cuntais mar bheid ceadaithe ag an iniúchóir nó ag na hiniúchóirí maraon le cóip d'aon tuarascáil orthu ón iniúchóir nó ó na hiniúchóirí.

(4) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóip de na cuntais agus d'aon tuarascáil a bhéarfar dó faoi fho-alt (3) den alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Tiomsóidh an Bord agus bhéarfaidh don Aire, i pé slí agus i pé foirm a ordós an tAire, pé cuntais, staidreamh agus tuairisceáin a iarrfas an tAire ó am go ham.

CUID VI.

Foireann an Bhoird.

Ceapadh oifigeach agus seirbhíseach an Bhoird.

35. —(1) Ceapfaidh an Bord bainisteoir ginearálta agus rúnaí agus pé oifigigh agus seirbhísigh eile a chinnfeas an Bord, agus íocfaidh an Bord a luach saothair as cistí a bheas faoina réir ag an mBord.

(2) (a) Ach amháin mar foráltar anseo ina dhiaidh seo leis an bhfo-alt seo, is trí scrúdú comórtais oscailte do réir rialacha a dhéanfas an Bord a raghfar isteach sna gráid chléireachais de sheirbhís an Bhoird.

(b) Beidh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i ngach scrúdú comórtais oscailte a comórfar de bhun an fho-ailt seo.

(c) Gach scrúdú comórtais oscailte a comórfar de bhun an ailt seo beidh sé ar oscailt do na daoine uile a mbeidh gnáth-chónaí orthu laistigh de na críocha náisiúnta nó is saoránaigh Éireannacha nó is daoine clainne le saoránaigh Éireannacha agus a íocfas na táillí agus ag a mbeidh na cáilíochta maidir le haois agus sláinte agus carachtar a hordófar leis na rialacháin a bhainfeas leis an scrúdú.

(d) Féadfaidh an Bord a fhoráil le rialacha speisialta go ndéanfar pé cionúireacht a cheadós an tAire, de na folúntais sna gráid chléireachais dá sheirbhís, a líonadh trí scrúduithe comórtais teoranta agus, i gcás scrúdú a theorannú amhlaidh, ní lígfear isteach ar an scrúdú ach daoine atá nó a bhí ar fostú ag cuideachta dhíscaoilte do réir bhrí Achta 1944 ag gnóthaire díscaoilte, ag an mBord nó ag aon ghnóthaire iompair eile a mbeidh an Bord tar éis a ghnóthas a thógaint chuige faoin Acht seo nó daoine clainne le daoine den tsórt sin.

(e) Aon rialacháin nó aon rialacháin speisialta a rinne Córas Iompair Éireann (1945) faoi alt 47 d'Acht 1944 nó a meastar, de bhuaidh fo-ailt (5) den alt sin 47, a bheith arna ndéanamh ag Córas Iompair Éireann (1945) faoin alt sin 47 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaid i bhfeidhm agus bainfid leis an mBord agus measfar gur rialacha iad a rinne an Bord faoin bhfo-alt seo.

Oifigigh agus seirbhísigh na ngnóthairí díscaoilte d'aistriú.

36. —Gach duine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do cheachtar de na gnóthairí díscaoilte aistreofar chun an Bhoird é, agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord, amhail ón dáta bunuithe.

An bhrí atá in ailt 38, 39 agus 40 le dochar a dhéanamh ina choinníollacha seirbhíse d'oifigeach nó seirbhíseach don Bhord.

37. —Chun críocha alt 38, 39 agus 40—

(a) measfar dochar a dhéanamh d'oifigeach nó seirbhíseach don Bhord ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord más rud é, de dhroim an aistrithe a déantar le halt 36 nó, i gcás an Bord dá aistriú, gan toiliú uaidh, ó phost go dtí post eile i seirbhís an Bhoird, go gcaillfidh sé aon airgead go díreach dá dhroim sin nó gur measa a staid maidir le coinníollacha a sheirbhíse ina n-iomláine (ar a n-áirítear tionacht oifige nó fostaíochta, luach saothair, aiscí, aoisliúntas, sochair ó chiste breoiteachta nó sochair nó liúntais eile, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus pé acu maidir leis féin nó lena bhaintrigh nó lena chlainn nó le cleithiúnaithe eile leis atá feidhm acu) i gcóimeas leis na coinníollacha seirbhíse a bhain leis roimh an aistriú;

(b) aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a n-aistreoidh an Bord é ó phost go dtí post eile i seirbhís an Bhoird, measfar dochar a dhéanamh dhó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord má cheanglann an Bord air dualgais a chomhlíonadh sa phost chun a n-aistreofar é amhlaidh nach mbeidh i gcosúlacht, nó nach breis réasúnach, leis na dualgais a bhí sé de cheangal air, roimh an aistriú, a chomhlíonadh sa phost ónar haistríodh amhlaidh é.

Forála maidir le hoifigigh agus seirbhísigh áirithe do ghnóthairí díscaoilte.

38. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “duine lena mbaineann an t-alt seo” duine—

(a) a thiocfas, de bhuaidh ailt 36, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord, agus

(b) is duine—

(i) a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ar fostú ag ceachtar de na gnóthaire díscaoilte i gcáil bhuan, nó

(ii) a bhí, mura mbeadh corr-bhriseadh ina fhostaíocht de dheasca éigeandála, ar fostú ag ceachtar de na gnóthairí díscaoilte ar feadh iomlán na dtrí mblian dar críoch an lá díreach roimh an dáta bunuithe;

ciallaíonn an focal “iomarcacht” iomarcacht a bhí ann díreach roimh an dáta bunuithe nó a thiocfas den aistriú a déantar le Caibidil I de Chuid IV.

(2) Ní scaoilfidh an Bord, ar fhoras na hiomarcachta, le seirbhísí dhuine lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Má déantar dochar ina choinníollacha seirbhíse do dhuine lena mbaineann an t-alt seo—

(a) tríd an aistriú a déantar le halt 36, nó

(b) trína aistriú, ar fhorais na hiomarcachta, ó phost go dtí post eile i seirbhís an Bhoird,

déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh.

(4) Mura féidir leis an mBord malairt oiriúnach fostaíochta i seirbhís an Bhoird a thairiscint do dhuine (is duine lena mbaineann an t-alt seo agus nach gá, ar fhoras na hiomarcachta, a choinneáil ina sheirbhís), ansin, d'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an Bord scaoileadh lena sheirbhísí agus, sa chás sin, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Cúiteamh d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe don Bhord a scaoilfear lena seirbhísí nó a haistreofar go dtí postanna eile de dhroim seirbhísí traenach a scor.

39. —Aon uair a scoirfeas an Bord, faoi alt 55, de sheirbhís traenach a sholáthar agus go dtiocfaidh dá dhroim sin nach gá aon oifigeach nó seirbhíseach áirithe don Bhord (is oifigeach nó seirbhíseach a bhí ar fostú i gcáil bhuan ar dháta an scortha nó d'fhónaigh go leanúnach leis an mBord nó le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte ar feadh tréimhse trí mblian ar a laghad dar críoch an dáta sin) a choinneáil sa phost a bhí aige roimh an scor sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(1) má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo,

(2) más rud é—

(a) go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, agus

(b) go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord,

déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh.

Cúiteamh d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe don Bhord a scaoilfear lena seirbhísí nó a haistreofar go dtí postanna eile de dhroim seirbhísí d'uiscebhealach intíre a scor nó a laghdú.

40. —Aon uair a scoirfeas an Bord d'aon tseirbhísí áirithe, chun marsantas d'iompar d'uisce-bhealach intíre, a sholáthar nó a dhéanfas sé laghdú buan ar na seirbhísí sin agus go dtiocfaidh dá dhroim sin nach gá aon oifigeach nó seirbhíseach áirithe don Bhord (is oifigeach nó seirbhíseach a bhí ar fostú i gcáil bhuan ar dháta an scortha nó an laghduithe nó d'fhónaigh go leanúnach leis an mBord nó le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte ar feadh tréimhse trí mblian ar a laghad dar críoch an dáta sin) a choinneáil sa phost a bhí aige roimh an scor nó an laghdú sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(1) má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) más rud é—

(a) go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, agus

(b) go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord,

déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh.

Díospóidí i dtaobh cúitimh faoi alt 38, 39 nó 40 a chinneadh.

41. —Má éiríonn aon díospóid nó easaontas, idir an Bord agus duine ar bith a bheas, nó adéarfas go bhfuil sé, i dteideal cúitimh faoi alt 38, 39 nó 40, i dtaobh an duine sin a bheith nó gan bheith i dteideal an chúitimh sin nó i dtaobh méid nó modh ríofa an chúitimh sin nó i dtaobh aon ní a éireos faoin gCeathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, déanfar, ar an mBord nó an duine sin dá iarraidh sin, an díospóid nó an t-easaontas sin a tharchur chun an bhuan-eadránaí a ceapfar faoi alt 43 agus beidh breith an bhuan-eadránaí ina breith chríochnaitheach.

Iomalairt ar chuid de shuimeanna bliantúla i bhfoirm chúitimh faoi alt 38, 39 nó 40.

42. —Duine ar bith a mbeidh suim bhliantúil á fáil aige i bhfoirm chúitimh faoi alt 38, 39 nó 40 féadfaidh sé, laistigh de bhliain ó dháta ceaptha na suime bliantúla, a iarraidh ar an mBord méid nach mó ná an ceathrú cuid den tsuim bliantúil d'iomalairt trí shuim chaipitiúil d'íoc, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) ní dhiúltóidh an Bord go mí-réasúnach don iarratas;

(b) má dhiúltaíonn an Bord don iarratas féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis don Bhord an diúltú sin a chur in iúl don iarratasóir, achomharc a dhéanamh chun an bhuan-eadránaí, agus éistfidh agus cinnfidh an buan-eadránaí an t-achomharc, agus beidh breith an bhuan-eadránaí ina breith chríochnaitheach;

(c) má ghéilleann an Bord don iarratas nó, ar an mBord do dhiúltú don iarratas, más í breith an bhuaneadránaí, ar achomharc, go mba cheart géilleadh dhó—

(i) cuirfidh an Bord in iúl don iarratasóir, tar éis an tsuim chaipitiúil a bheas le n-íoc mar iomalairt a ríomh, cad é méid na suime sin agus féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis sin a chur in iúl dó, a iarratas a tharraingt siar,

(ii) mura ndéana an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar amhlaidh, íocfaidh an Bord leis an iarratasóir an tsuim chaipitiúil sin mar iomalairt ar an gcuid sin den tsuim bhliantúil sin;

(d) is é a bheas sa tsuim chaipitiúil sin a bheas le n-íoc mar iomalairt ná pé suim a cheannódh, ar dháta an iarratais, ó pé cuideachta árachais (is cuideachta árachais atá ceadúnaithe faoin Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936) a roghnós an Bord, blianacht saoil láithreach dob iníoctha leis an iarratasóir agus dob ionann agus méid bliantúil na coda sin den tsuim bhliantúil sin, agus aois an iarratasóra d'áireamh chun na críche sin do réir na haoise a bheas aige ar a chéad lá cothroim beirthe tar éis dáta an iarratais.

An buan eadránaí.

43. —(1) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, aon uair a iarrfas an tAire air é, duine a cheapadh chun bheith ina bhuaneadránaí chun críocha alt 41 agus 42 agus ceapfaidh na táillí a bheas le n-íoc leis an duine sin i leith aon díospóide nó easaontais a tarchuirfear chuige faoi alt 41 nó i leith aon achomhairc a déanfar chuige faoi alt 42.

(2) Íocfaidh an Bord na táillí is iníoctha leis an mbuaneadránaí.

(3) Féadfaidh an buan-eadránaí—

(a) daoine a chur faoi mhionn,

(b) costais a dhámhachtain faoina rogha féin, a ordú cé leis agus cé uaidh a n-íocfar agus cad é an tslí ina n-íocfar na costais sin nó aon chuid díobh, méid na gcostas sin a thomhas, agus a cheangal ar pháirtí ar bith urrús i gcostas a thabhairt chun a shástachta ar aon chéim de na himeachta os a chomhair,

(c) gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(i) finnéithe a thoghairm chun teacht os a chomhair,

(ii) aon fhinné a thiocfas os a chomhair a cheistniú faoi mhionn,

(iii) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas ar a chumas nó ar fáil nó faoina urláimh aige agus a mheasfas an t-eadránaí is gá,

(d) ceartú a dhéanamh tráth ar bith ar aon dearmad nó earráid chléireachais a bheas i ndámhachtain de dheasca aon ní a sciorradh nó a ligean ar lár ann de mhí-thoisc,

(e) na himeachta d'éisteacht i gcúirt oscailte ar cheachtar páirtí in imeachta os a chomhair dá iarraidh sin air.

(4) Beidh teideal ag finné os comhair an bhuan-eadránaí chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(5) Má tharlann do dhuine ar bith—

(a) ar é a thoghairm go cuí chun teacht mar fhinné os comhair an bhuan-eadránaí, go mainneoidh sé teacht amhlaidh, nó

(b) ar é a theacht mar fhinné, go ndiúltóidh sé mionn a thabhairt a cheanglós an buan-eadránaí air go dlíthiúil a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas ar a chumas nó ar fáil nó faoina urláimh aige agus a cheanglós an buan-eadránaí air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an buan-eadránaí air go dlíthiúil d'fhreagairt,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chuig puint fhichead a chur air.

(6) (a) Is breith chríochnaitheach breith an bhuan-eadránaí ar aon cheist fíorais, ach féadfaidh an buan-eadránaí, ar aon chéim de na himeachta, sonrú a dhéanamh, i bhfoirm cháis speisialta le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte, ar aon cheist dlí a éireos i gcúrsa na n-imeacht agus féadfaidh a dhámhachtain a shonrú maidir lena hiomlán nó cuid di i bhfoirm cháis speisialta le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte.

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chás speisialta a sonrófar le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte faoi mhír (a) den fho-alt seo—

(i) íocfaidh an Bord costais na bpáirtithe go léir ann,

(ii) ní féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne breith na hArd-Chúirte.

Scéimeanna aoisliúntais.

44. —(1) Féadfaidh an Bord scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais san alt seo), chun ciste aoisliúntais a bhunú ar fhoras ranníocach ar mhaithe le fostaithe nó le haon aicme áirithe d'fhostaithe an Bhoird, d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an Bord, má cheanglann an tAire air é, an scéim sin a chur faoi bhráid an Aire laistigh de pé tréimhse a ordós an tAire.

(2) I gcás scéim aoisliúntais a chur faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire an scéim a tharchur siar chun an Bhoird chun í d'athbhreithniú agus í d'athchur faoina bhráid agus déanfaidh an Bord an scéim d'athbhreithniú agus í d'athchur faoi bhráid an Aire.

(3) I gcás scéim aoisliúntais a chur nó d'athchur faoi bhráid an Aire faoin alt seo—

(a) foilseoidh an Bord, i pé slí a ordós an tAire, fógra á chur in iúl gur cuireadh nó gur hathchuireadh an scéim faoi bhráid an Aire amhlaidh agus go bhféadfaidh duine ar bith, i rith tréimhse sonraithe (nach lú ná ocht lá fichead ó dháta an fhoilsithe sin), agóidí agus uiríolla, maidir leis an scéim, a chur chun an Aire,

(b) déanfaidh an Bord, ar feadh na tréimhse sin, cóip den scéim a choimeád ar fáil chun a hiniúchta ina cheannoifig gach tráth réasúnach ag aon phearsain a mbeidh leas acu sa scéim,

(c) sar a ndaingneoidh an tAire an scéim, breithneoidh sé aon agóidí nó uiríolla, maidir leis an scéim, a cuirfear chuige roimh dheireadh na tréimhse sin.

(4) Féadfaidh an tAire, faoi réir míre (c) d'fho-alt (3) den alt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, daingniú, gan modhnú nó le pé modhnuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) is cuí leis an Aire, a dhéanamh, le hordú, ar scéim aoisliúntais a cuirfear nó a hathchuirfear faoina bhráid faoin alt seo.

(5) Féadfaidh an Bord, aon uair is cuí leis, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais leasaitheach san alt seo) d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag déanamh leasuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) ar scéim aoisliúntais a bheas daingnithe ag an Aire nó ag déanamh leasuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) nó ag déanamh cúlghairme ar scéim aoisliúntais leasaitheach a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forála fo-alt (2), (3), agus (4) den alt seo maidir le gach scéim aoisliúntais leasaitheach.

(6) Ní thiocfaidh aon scéim aoisliúntais ná aon scéim aoisliúntais leasaitheach i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le hordú ón Aire, ach, ar í a dhaingniú amhlaidh, tiocfaidh sí i ngníomh ar an dáta a sonrófar chuige sin san ordú ón Aire á daingniú agus, amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin, beidh feidhm dlí aici sa bhfoirm inar daingníodh amhlaidh í.

(7) Aon chiste a bunófar chun críocha scéime aoisliúntais, measfar é a bheith arna bhunú faoi iontaobhas do-chúlghairmthe.

(8) Gach scéim aoisliúntais agus gach scéim aoisliúntais leasaitheach a dhaingnigh an tAire faoi alt 44 d'Acht 1944, measfar gur scéim aoisliúntais nó scéim aoisliúntais leasaitheach a daingníodh faoin alt seo í.

Scéimeanna aoisliúntais láithreacha.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “scéim aoisliúntais” aon chiste nó scéim aoisliúntais nó pinsin, nó aon chiste nó scéim soláthrach do bhaintreacha agus dílleachtaí, nó aon chiste nó scéim sochair eile,

ciallaíonn an abairt “scéim aoisliúntais láithreach” scéim aoisliúntais a bhí ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe agus is—

(a) scéim aoisliúntais a bhunaigh cuideachta chomhghafa nó cuideachta chónasctha, do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), nó

(b) scéim aoisliúntais a bhunaigh cuideachta dhíscaoilte, do réir bhrí Achta 1944, nó

(c) scéim aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 44 d'Acht 1944, nó

(d) Scéim Aoisliúntas Cléireach agus Oifigeach Tuarastail (M.I.D.), Córas Iompair Éireann (is é sin, an scéim aoisliúntais a daingníodh leis an Acht um Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (Scéim Aoisliúntas), 1947 (Uimh. 21 de 1947) ).

(2) Faoi réir forál an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí an chéanna, ar an dáta bunaithe agus dá éis, amhail is nach ndearnadh Córas Iompair Éireann (1945) a dhíscaoileadh leis an Acht seo.

(3) Chun críocha aon achtacháin reachtúil agus aon rialach agus rialachán a bhaineas le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ar an dáta bunuithe agus dá éis, is é sin le rá:—

(a) aon chumhacht a bhí ag Córas Iompair Éireann (1945) nó ag a stiúrthóirí nó ag aon oifigeach dó, maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Bord, nó aon oifigeach don Bhord ag a mbeidh údarás chuige sin ón mBord, i d'fheidhmiú,

(b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe aon oifigigh nó seirbhísigh do Chóras Iompair Éireann (1945) a haistrítear de bhuaidh an Achta seo chun an Bhoird, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoi Chóras Iompair Éireann (1945) nó ag Córas Iompair Éireann (1945) é.

(c) i gcás cumhacht a bheith ag stiúrthóirí Chóras Iompair Éireann (1945), faoi rialacha na scéime sin, chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Bord, ag feidhmiú na gcumhacht sin dó, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin nó a bheadh, mura mbeadh an díscaoileadh a déantar leis an Acht seo ar Chóras Iompair Éireann (1945), incheaptha chun an choiste bhainistí sin.

(4) Na hoblagáidí, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar Chóras Iompair Éireann (1945) maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin, beid ina gceangal ar an mBord.

(5) Na daoine uile atá nó bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoislíuntais láithreach agus na daoine uile a bheas ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den tsórt sin, beid i dteideal na sochar, na gceart agus na bpríbhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a mbeadh na daoine sin, nó a dtiocfaidís chun bheith, ina dteideal nó faoina réir dá mba nach ndearnadh Córas Iompair Éireann (1945) a dhíscaoileadh leis an Acht seo.

(6) Aon duine—

(a) a bheas i seirbhís Chóras Iompair Éireann (1945) díreach roimh an dáta bunuithe, agus

(b) nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láithreach, beidh aige, faid a fhanfas sé i seirbhís an Bhoird, an ceart céanna (más ann) chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den tsórt sin a bheadh aige dá mba nach ndearnadh Córas Iompair Éireann (1945) a dhíscaoileadh leis an Acht seo agus gur fhan sé i seirbhís Chóras Iompair Éireann (1945).

(7) Ní déanfar aon ní san Acht seo d'fhorléiriú mar ní a choisceas an Bord ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú do réir chumhachta chuige sin atá sa scéim.

(8) Measfar scéim aoisliúntais láithreach a bheith arna bunú faoi iontaobhas do-chúlghairmthe.

Feidhm Ailt 55 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , agus Alt 10 agus 16 d'Acht na mBóthar Iarainn 1933.

46. —Na tagairtí atá in alt 55 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), agus in ailt 10 agus 16 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933) , do chuideachta iarnróid, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Bhord.

CUID VII.

Feidhm Achtachan Airithe maidir leis an mBord.

Feidhm ghinearálta achtachán iarnróid agus canálach maidir leis na mBord.

47. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le hiarnróid, gur cuideachta iarnróid an Bord, maidir lena ghnóthas iarnróid.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le canálacha, gur cuideachta chanálach an Bord, maidir lena ghnóthas canálach.

(3) Faoi réir forál an Achta seo agus gan dochar d'fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, measfar, chun críocha ailt 2 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, gur cuideachta iarnróid agus chanálach an Bord, maidir lena ghnóthais iarnróid agus chanálach.

(4) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhorchuireas ar an mBord, i leith aon chanálach le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte, aon oblagáid reachtúil nach raibh ar an ngnóthaire díscaoilte sin díreach roimh an dáta bunuithe.

Feidhm na nAcht Cánach Ioncaim maidir leis an mBord.

48. —Measfar, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, gur cuideachta iarnróid an Bord.

Feidhm Achta na mBóthar Iarainn (Luacháil i gcóir Rátaíochta), 1931 .

49. —Beidh feidhm ag Acht na mBóthar Iarainn (Luacháil i gCóir Rátaíochta), 1931 (Uimh. 47 de 1931) , maidir leis an mBord i leith a ghnóthais iarnróid amhail mar bhí feidhm aige, de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 56 d'Acht 1944, díreach roimh an dáta bunuithe, maidir le Córas Iompair Éireann (1945) i leith a ghnóthais iarnróid, agus dá réir sin déanfar, ar an dáta bunuithe agus dá éis, na tagairtí atá (de bhuaidh an fho-ailt sin (4) ) sa-Sceideal a ghabhas le hAcht na mBóthar Iarainn (Luacháil i gcóir Rátaíochta), 1931 , adúradh, do Chóras Iompair Éireann (1945) d'fhorléiriú mar thagairtí don Bhord.

Feidhm na n Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 agus 1933.

50. —(1) Chun críocha alt 28 agus 30 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , measfar gur cuideachta lena mbaineann Cuid III den Acht sin an Bord.

(2) Measfar, chun críocha an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), gur cuideachta údaraithe chun marsantas d'iompar an Bord.

Alt 7 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, a leasú ina fheidhm maidir leis an mBord.

51. —Beidh éifeacht ag alt 7 den Railway Canal Traffic Act, 1854, ina fheidhm maidir leis an mBord, amhail is dá gcuirtí na focail “for any horse one hundred pounds, for neat cattle per head fifty pounds, for any other animal five pounds” in ionad na bhfocal “for any horse fifty pounds, for any neat cattle per head, fifteen pounds, for any sheep or pigs per head, two pounds”.

Gan feidhm a bheith ag achtacháin áirithe maidir leis an mBord.

52. —Ní bheidh feidhm maidir leis an mBord ag na hachtacháin a luaitear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

CUID VIII.

Seirbhisi Traenach airithe a Scor agus an Bord a Scaoileadh o Oblagaidi chun Canalacha airithe a Choimead ar Oscailt le haghaidh Loingseoireachta.

Léiriú Coda VIII.

53. —San Acht seo—

ordú díolúine.

ciallaíonn an abairt “ordú díolúine” ordú faoi alt 55 is—

(a) ordú ag tabhairt díolúine don Bhord ón oblagáid chun seirbhís traenach d'oibriú do phaisnéirí agus marsantas nó do cheachtar acu (do réir mar sonrófar san ordú) thar aon líne iarnróid shonraithe, nó

(b) ordú ag tabhairt díolúine don Bhord ón oblagáid chun aon tseirbhís traenach thar líne iarnróid shonraithe d'aisiriú, is seirbhís ar cuireadh stop léi go sealadach faoin Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (R. & O.R., Uimh. 354 de 1944);

páirtí leasmhar.

ciallaíonn an abairt “páirtí leasmhar” aon chomhlucht daoine;

oblagáid.

ciallaíonn an focal “oblagáid” aon oblagáid, pé acu oblagáid reachtúil, oblagáid chonarthach nó oblagáid a forchuireadh ar shlí eile í;

líne iarnróid.

folaíonn an abairt “líne iarnróid” cuid de líne iarnróid;

an Binse.

ciallaíonn an abairt “an Binse” an Binse Iompair a bunaítear le halt 54.

An Binse Iompair.

54. —(1) (a) Ar an dáta bunuithe, beidh ar bun, de bhuaidh an ailt seo, binse, dá ngairmtear an Binse Iompair, chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a sanntar dóibh leis an gCuid seo.

(b) Nuair a bheas an Binse ag feidhmiú a bhfeidhmeanna bhéarfaid aird (i measc nithe eile) ar alt 15.

(2) Beidh feidhm maidir leis an mBinse ag na forála atá sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) I dteannta na bhfeidhmeanna a sonraítear sa Chuid seo, déanfaidh an Binse, má iarrann agus nuair a iarrfas an tAire orthu é, comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh aon nithe maidir le seirbhísí iompair a sonrófar san iarratas.

Oblagáidí an Bhoird chun seirbhísí traenach d'oibriú.

55. —(1) Ach amháin faoi réim agus do réir orduithe dhíolúine, ní dhéanfaidh an Bord—

(a) stop a chur, go sealadach ná go buan, le seirbhís traenach do phaisnéirí nó marsantas nó do cheachtar acu a bhí á hoibriú díreach roimh an dáta bunuithe, ná

(b) stop a chur go buan le seirbhís traenach do phaisnéirí nó marsantas nó do cheachtar acu ar cuireadh stop léi go sealadach faoin Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (R. & O.R., Uimh. 354 de 1944).

(2) Féadfaidh an Bord ó am go ham a iarraidh ar an mBinse ordú díolúine a dhéanamh maidir le haon líne iarnróid áirithe, agus beidh san iarratas sonraí iomlána an orduithe is mian leis an mBord d'fháil.

(3) Aon uair a iarrfas an Bord ordú díolúine, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) foilseoidh an Bord, i pé slí agus pé trátha a ordós an Binse, fógra—

(i) ina leagfar amach cóip den iarratas,

(ii) ina gcuirfear in iúl go bhféadfaidh aon pháirtí leasmhar, roimh dháta sonraithe (a cheapfas an Binse), agóidí a chur faoi bhráid an Bhinse i gcoinne an t-ordú a dhéanamh,

(b) aon pháirtí leasmhar a dhéanfas agóid i gcoinne an t-ordú a dhéanamh, féadfaidh sé, roimh an dáta sin, na hagóidí a chur i scríbhinn chun an Bhinse,

(c) mura ndéana aon pháirtí leasmhar aon agóidí a chur chun an Bhinse, roimh an dáta sin, i gcoinne an t-ordú a dhéanamh, déanfaidh an Binse an t-ordú,

(d) má dhéanann aon pháirti leasmhar aon agóidí a chur chun an Bhinse, roimh an dáta sin, i gcoinne an t-ordú a dhéanamh, déanfaidh an Binse, tar éis na hagóideoirí agus an Bord d'éisteacht, ní amháin acu seo a leanas:—

(i) an t-ordú a dhéanamh, le modhnuithe nó gan modhnuithe, agus gan aon teora maidir le tréimhse a fheidhme,

(ii) an t-ordú a dhéanamh, le modhnuithe nó gan modhnuithe, ach tréimhse theoranta feidhme a shonrú dhó, agus, más ar an gcuma sin a déantar an t-ordú, gairmtear ordú sealadach de san alt seo,

(iii) diúltú don ordú a dhéanamh,

(e) má dhéanann an Binse ordú faoi mhír (c) nó (d) den fho-alt seo—

(i) ceapfaidh an Binse an dáta a thiocfas sé i ngníomh,

(ii) foilseoidh an Bord, i pé slí agus pé tráth nó trátha a ordós an Binse, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú.

(4) Aon uair a dhéanfas an Binse ordú díolúine maidir le líne iarnróid, ansin, más rud é nach ordú sealadach an t-ordú, gach tráth tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm nó, más rud é gur ordú sealadach an t-ordú, ar feadh na tréimhse a sonrófar ann, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(a) oibreoidh an t-ordú chun díolúine a thabhairt don Bhord ó aon oblagáid chun seirbhís traenach do phaisnéirí agus marsantas nó do cheachtar acu (mar sonrófar san ordú) a sholáthar ar an líne iarnróid sin,

(b) ní dhéanfaidh an t-ordú difir ar bith d'aon dliteanas de chuid an Bhoird chun na droichid, na crosairí comhréidh, na fálta, na silteáin agus na hoibreacha eile go leir a chothabháil a rinneadh agus a cothabháltar chun úsáide, garachta nó caomhainte an phobail i gcoitinne nó aon choda den phobal nó únaerí nó áititheoirí tailte áirithe,

(c) an méid d'alt 47 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, a chuireas d'oblagáid daoine cuí d'fhostú chun geataí d'oscailt agus a dhúnadh ag crosaire comhréidh, ní bheidh feidhm aige maidir le haon chrosaire comhréidh ar an líne iarnróid sin má déantar agus faid a déanfar na geataí uile ar an gcrosaire comhréidh sin a choimeád agus a dhaingniú ar shlí go bhféadfaidh trácht bóthair gabháil gan cosc trasna na líne ag an gcrosaire comhréidh sin,

(d) beidh de dhualgas ar an mBord seirbhísí iompair de bhóthar d'oibriú, sa líomatáiste a ndearna an líne iarnróid sin freastal dó roimhe sin, a bheas leordhóthaineach ag féachaint do riachtanais an líomatáiste sin ó am go ham.

(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun dochar ná difir a dhéanamh d'aon chumhacht nó ceart atá dílsithe san Aire Poist agus Telegrafa faoi réim nó de bhuaidh an Railways (Conveyance of Mails) Act, 1838.

An Bord a scaoileadh ón oblagáid chun canálacha áirithe nó coda áirithe de chanálacha a choimeád ar oscailt le haghaidh loingseoireachta.

56. —(1) San alt seo—

tá leis an bhfocal “canáil” an bhrí atá leis an bhfocal “canal” sa Regulation of Railways Act, 1873;

tá leis an abairt “údarás bóthar” an bhrí atá léi san Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) .

(2) Má bhíonn canáil leis an mBord nó cuid de chanáil leis an mBord gan bheith á húsáid le haghaidh loingseoireachta poiblí ar feadh trí bliana nó níos mó, féadfaidh an Bord ordú faoin bhfo-alt seo d'iarraidh ar an mBinse ag scaoileadh an Bhoird ón oblagáid chun an chanáil sin nó an chuid sin (pé acu é) a choimeád ar oscailt le haghaidh loingseoireachta, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) foilseoidh an Bord, i pé slí agus pé trátha a ordós an Binse, fógra—

(i) ina leagfar amach cóip den iarratas,

(ii) ina gcuirfear in iúl go bhféadfaidh aon pháirtí leasmhar, roimh dháta sonraithe (a cheapfas an Binse), agóidí a chur faoi bhráid an Bhinse i gcoinne an t-ordú a dhéanamh,

(b) aon pháirtí leasmhar a dhéanfas agóid i gcoinne an t-ordú a dhéanamh, féadfaidh sé, roimh an dáta sin, agóidí a chur i scríbhinn chun an Bhinse,

(c) mura ndéana aon pháirtí leasmhar aon agóidí a chur chun an Bhinse, roimh an dáta sin, i gcoinne an t-ordú a dhéanamh, déanfaidh an Binse an t-ordú,

(d) má dhéanann aon pháirtí leasmhar aon agóidí a chur chun an Bhinse, roimh an dáta sin, i gcoinne an t-ordú a dhéanamh, déanfaidh an Binse, tar éis na hagóidí d'éisteacht—

(i) an t-ordú a dhéanamh, nó

(ii) diúltú don ordú a dhéanamh,

(e) má dhéanann an Binse an t-ordú—

(i) ceapfaidh an Binse an dáta a thiocfas sé i ngníomh,

(ii) foilseoidh an Bord, i pé slí agus pé tráth nó trátha a ordós an Binse, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú,

(iii) amhail ar an dáta agus ón dáta a thiocfas an t-ordú i ngníomh, measfar an chanáil nó an chuid sin (pé acu é) a bheith dúnta in aghaidh loingseoireachta,

(iv) oibreoidh an t-ordú chun an Bord a scaoileadh ó aon oblagáid chun an chanáil nó an chuid sin (pé acu é) a choimeád ar oscailt agus i riocht oiriúnach le haghaidh loingseoireachta, ach ní scaoilfidh sé an Bord ó aon oblagáidí eile (lena n-áirítear oblagáidí maidir le siltean nó maidir le tuiliú a chosc) a bheas ar an mBord maidir leis an gcanáil nó an chuid sin (pé acu é),

(v) maidir le haon droichead thar an gcanáil nó an chuid sin (pé acu é), féadfaidh an Bord agus an t-údarás bóthar, a bhfuil an droichead sin ina líomatáiste feidhme, comhaontú a dhéanamh chun an droichead sin agus oblagáid a chothabhála d'aistriú chun an údaráis bhóthar sin, agus féadfaid an comhaontú sin a chur in éifeacht.

(3) Beidh feidhmeanna údaráis bhóthar faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) i gcás inar bardas contae-bhuirge an t-údarás bóthar, ina bhfeidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineas leis an mbardas sin,

(b) in aon chás eile, ina bhfeidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht Bainistí Contae, 1940 agus 1942.

CUID IX.

Forala Ilghneitheacha.

An teanga ina mbeidh fógraí poiblí agus ticéidí.

57. —(1) Ní foláir na buan-fhógraí agus na buan-chomharthaí poiblí uile (lena n-áirítear ainmneacha stáisiún) a bheas á gcothabháil ag an mBord a bheith i nGaeilge ach is cead iad a bheith i nGaeilge agus i mBéarla.

(2) Ní foláir na cárta-thicéidí paisnéara uile a eiseos an Bord i gcóir turasanna laistigh den Stát a bheith clóbhuailte i nGaeilge ach is cead iad a bheith clóbhuailte i nGaeilge agus i mBéarla.

Doiciméid a sheirbheáil ar an mBord.

58. —Aon doiciméad a ceangaltar nó a húdaraítear le dlí a sheirbheáil ar an mBord, féadfar é a sheirbheáil amhlaidh—

(a) trína thabhairt do rúnaí an Bhoird i bpríomh-oifig an Bhoird sa Stát, nó

(b) trína fhágaint sa phríomh-oifig adúradh i gclúdach faoi sheoladh rúnaí an Bhoird, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha faoi sheoladh rúnaí an Bhoird ag an bpríomh-oifig adúradh.

Pionós i leith foghla ar iarnróid an Bhoird.

59. —(1) Má dhéanann duine ar bith foghail ar aon cheann de na hiarnróid a bheas ag an mBord nó á n-oibriú ag an mBord, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air.

(2) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo i leith foghla—

(a) ní foras cosnaimh dó é nár tugadh rabhadh pearsanta dó,

(b) ní déanfar, in aon chás, é a chiontú sa chion mura gcruthaí an Bord chun sástachta na Cúirte go raibh curtha suas, ar dháta na foghla, ag an stáisiún leis an mBord agus ar an gcrosaire comhréidh is gaire don bhall a líomhantar go ndearnadh an fhoghail ann, fógra (agus é péinteálta ar chláir nó clóbhuailte, péinteálta nó maithnithe ar iarann nó ar aon abhar eile) i litreacha soléite ag tabhairt rabhadh do dhaoine gan foghail a dhéanamh ar iarnróid an Bhoird.

(3) Ní dlífear aon fhíneáil faoin alt seo a chur ar dhuine ar bith a raghaidh go dleathach trasna iarnróid an Bhoird ag aon chrosaire comhréidh nó trí aon oibreacha garachta d'úsáid a bheas á gcothabháil de bhun ailt 68 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845.

(4) Féadfaidh an Bord inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo.

Earraí contúirteacha d'iompar d'iarnród.

60. —(1) Ní chuirfidh aon ní san Acht seo d'oblagáid ar an mBord earraí contúirteacha a ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, ná ní dhéanfaidh docharú ná laghdú ar chumhachta aon Aire Stáit faoin Explosives Act, 1875, ná ní dhéanfaidh difir do bhailíocht ná d'oibriú aon orduithe, rialach nó fo-dhlí a rinneadh faoi na cumhachta atá san Acht sin.

(2) Má ghlacann an Bord earraí contúirteacha chun iad d'iompar d'iarnród, iomprófar na hearraí faoi réir pé fo-dhlithe, rialachán agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord i dtaobh iad d'iompar nó a stóráil, agus déanfaidh únaer nó consíneoir na n-earraí sin an Bord a shlánú in aghaidh agus i gcoinne gach cailliúna nó damáiste a bhainfeas don Bhord nó a mbeidh an Bord, nó a dtiocfaidh sé chun bheith, faoi dhliteanas ina leith toisc gan na fo-dhlithe, na rialacháin agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh maidir leis na hearraí sin, agus íocfaidh sé lánchúiteamh i ngach díobháil do sheirbhísigh an Bhoird agus i ngach damáiste do mhaoin an Bhoird a thiocfas de sin, mura gcruthaítear gur mhí-iompar toiliúil ag seirbhísigh an Bhoird faoi ndeara an díobháil nó an damáiste.

(3) I gcás sean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Deiscirt, Córas Iompair Éireann (1945) nó an Bord dá dhearbhú aon earra áirithe a bheith contúirteach, beidh ar an bpearsa a bheas á iarraidh go n-iomprófaí an earra a chruthú nach bhfuil sí contúirteach.

Poirt a chaomhaint.

61. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “pearsa leasmhar” an tAire, an tAire Talmhaíochta, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, údarás cuain, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle aon chontae nó aon cheantair uirbigh.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord, trí na rátaí nó na táillí, lán-turais nó áitiúil, a héileofar, ná trí na saoráidí a soláthrófar dó ná ar aon tslí eile, leathchuma ar aon phort áirithe sa stát i gcompráid le haon phort eile sa Stát a mbíonn nó a mbeidh aon trácht á iompar chuige nó uaidh nó tríd.

(3) Déanfaidh an Bord, má iarrann aon phearsa leasmhar air é, gach dícheall cuí chun córas réasúnach ticéidí lán-turais maraon le rátaí agus táillí agus saoráidí lán-turais, a chur ar fáil ar gach cúrsa réasúnach.

(4) Ní thabharfaidh an Bord do thrádálaithe a bheas ag aon phort, nó a bheas ag úsáid aon phoirt, sa Stát, aon lascainí, coimisiúin ná liúntais ghníomhaireachta ná liúntais eile nach mbeidh á dtabhairt ag an mBord in imthosca den tsamhail chéanna do thrádálaithe a bheas ag aon phort eile, nó a bheas ag úsáid aon phoirt eile, sa Stát.

(5) Má éiríonn aon díospóid faoin alt seo nó maidir le haon abhar nó rud faoin alt seo nó i dtaobh an Bord a bheith ag comhlíonadh a oblagáidí faoin alt seo nó ag déanamh gach beart réasúnach chuige sin, féadfar, ar thionscnamh an Bhoird nó na pearsan leasmhaire lena mbainfidh, an díospóid a tharchur chun na hArd-Chúirte agus air sin cinnfidh an Ard-Cúirt an díospóid.

Forála maidir le telegrafa a dhéanamh agus a chothabháil.

62. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar an dáta bunuithe agus dá éis leanfaidh gach achtachán, dámhachtain, gníomhas, comhaontú agus comhshocraíocht ina bhfuil forála idir an tAire Poist agus Telegrafa agus Córas Iompair Éireann (1945) (mar chomharba ar Shean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Deiscirt nó eile) a bhaineas le telegrafa a dhéanamh agus a chothabháil, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an gcóras iarnród agus na hoibreacha agus na tailte ba ghnóthas iarnróid Chóras Iompair Éireann (1945) díreach roimh an dáta bunuithe agus leis an Aire sin agus leis an mBord ina leith sin, agus maidir leo sin amháin.

Comhaontuithe láithreacha idir an tAire Poist agus Telegrafa agus Córas Iompair Éireann (1945) d'athbhreithniú agus díospóidí idir an tAire sin agus an Bord a chinneadh.

63. —(1) Ar an dáta bunuithe agus dá éis, féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa nó an Bord a iarraidh ar an Ard-Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar aon Chomhaontú idir an tAire sin agus Córas Iompair Éireann (1945) (mar chomharba ar Shean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Deiscirt nó ar Shean-Chuideachta Iompair Aontaithe Bhaile Átha Cliath, Teoranta, nó eile), pé acu comhaontú reachtúil é nó nach ea, a bheas ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe.

(2) Mura mbeidh aon chomhaontú ann den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa nó an Bord a iarraidh ar an Ard-Chúirt aon easaontas nó díospóid a chinneadh atá ann, nó a éireos, idir an tAire sin agus an Bord i dtaobh an luach saothair a bheas le n-íoc as seirbhísí a bhéarfas an Bord don Aire sin, ach (d'ainneoin aon fhorála, reachtúil nó eile, contrártha dhó sin) leanfaidh an Bord de na seirbhísí sin a thabhairt go dtí go dtabharfaidh an Ard-Chúirt a breith.

Comhshocraíochta maidir le hIarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath.

64. —(1) Amhail ar an dáta bunuithe agus dá éis—

(a) leanfaidh an Bord den ghnáth-chóras traenacha d'oibriú a bhí á rith roimh an dáta sin le haghaidh agus i dtaobh post-sheirbhísí an Aire Phoist agus Telegrafa ar Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath agus ar iarnród an Bhoird idir Raedh na nIartharach i gCathair Bhaile Átha Cliath agus Post-Phiara Dhún Laoghaire go dtí go ndéanfaidh an Bord agus Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, le toiliú an Aire sin, comhaontú eile;

(b) má dhéanann Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, d'fhonn áisiúlacht oibrithe, aon charráiste nó rothdíle a chur thar Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath agus iarnród an Bhoird idir Raedh na nIartharach adúradh agus Post-Phiara Dhún Laoghaire, ní dhéanfaidh an Bord aon íocaíocht le Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt i leith aon charráiste nó rothdhíle den tsórt sin ná ní dhéanfaidh an Bord aon doladh tarrainge d'éileamh ar Chuideachta Iarnróid an Tuaiscirt i leith aon charráiste nó rothdhíle den tsórt sin.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt” Cuideachta Mhór-Iarnróid an Tuaiscirt (Éirinn);

ciallaíonn an abairt “Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath” na hiarnróid a rinneadh faoin Dublin, Wicklow and Wexford Railway (City of Dublin Junction Railways) Act, 1884.

Deireadh le cumhachta Bhoird Rialuithe Chanáil na Midhe.

65. —Ar an dáta bunuithe agus dá éis scoirfidh cumhachta agus feidhmeanna Bhord Rialuithe Chanáil na Midhe de bheith infheidhmithe.

CUID X.

Coras Iompair Éireann (1945) agus Cuideachta Chanail Laighean a Dhiscaoileadh agus Forala Forliontacha agus Forala Idirlinne.

Na gnóthairí díscaoilte a dhíscaoileadh.

66. —(1) Faoi réir na bhforál atá leagtha amach sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh Córas Iompair Éireann (1945) agus Cuideachta Chanáil Laighean faoi seach arna ndíscaoileadh, de bhuaidh an ailt seo, ar an dáta bunuithe.

(2) Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na gnóthairí díscaoilte agus leis an mBord.

Díolúine ó dhleachta stampa.

67. —Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleachta stampa d'íoc faoin alt seo ar aon chóip den Acht seo.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon chomhaontú, banna, mionnscríbhinn, dearbhú reachtúil, dámhachtain eadrána, ná ar aon ionstraim eile a déanfar chun críocha alt 38, 39, 40 nó 42.

(3) Ní oibreoidh alt 8 den Finance Act, 1899, chun a cheangal ar an mBord aon ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa d'íoc faoin alt sin i leith stoic iompair.

(4) Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirir ar aon chomhshocraíocht faoi alt 26 ná ar aon ordú faoi alt 27.

(5) Aisíocfar leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas méid na ndleacht stampa uile a íocfas an Bord ar aon ionstraim a forghníomhófar chun an t-aistriú, a déantar leis an Acht seo, ar mhaoin cheachtar de na gnóthairí díscaoilte d'fhorlíonadh nó ar aon ionstraim a forghníomhófar chun aon chomhshocraíocht faoi alt 26 nó aon ordú faoi alt 27 d'fhorlíonadh.

Imeachta ar feitheamh agus conartha láithreacha.

68. —(1) Aon imeacht (lena n-áirítear eadráin) nó aon chúis chaingin a bheas ar feitheamh nó ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe ag ceachtar de na gnóthairí díscaoilte nó ina choinne, ní raghaidh sé ar ceal ná ní scoirfear de ná ní dhéanfaidh dochar ar bith dhó de dhroim aon ní san Acht seo, ach féadfar leanúint den imeacht nó den chúis chaingin agus é a chur i bhfeidhm ag an mBord nó ina choinne amhail mar d'fhéadfaí sin a dhéanamh ag an ngnóthaire díscaoilte sin nó ina choinne dá mba nár ritheadh an tAcht seo, ach ní féadfar thairis sin ná ar aon tslí eile.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, na conartha, na gníomhais, na bannaí, na comhaontuithe agus na hionstraimí eile go léir agus na comhshocraíochta oibrithe go léir a bheas ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe agus a bhaineas le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte, beidh an oiread feidhme agus éifeachta acu i gcoinne nó i bhfábhar an Bhoird, agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chomh hiomlán éifeachtúil, agus dá mbeadh an Bord ina pháirtí iontu in ionad an ghnóthaire dhíscaoilte sin.

Fógraí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

69. —Gach fógra a seirbheáladh ag ceachtar, nó ar cheachtar, de na gnóthairí díscaoilte roimh an dáta bunuithe agus nach mbeidh a éifeacht nó a théarma caite nó dulta in éag roimh an dáta bunuithe, leanfadh sé, sa mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm agus éifeacht a bheith aige, ar an dáta bunuithe agus dá éis, amhail is dá mb'fhógra é a seirbheáladh ag an mBord nó ar an mBord ar an dáta a seirbheáladh é iarbhír agus amhail is dá mbeadh na feidhmeanna nó an mhaoin lena mbaineann an fógra sin dílsithe cheana sa Bhord ar an dáta sin.

Forála maidir le stoc malairtithe.

70. —(1) Aon stoc iompair a ndéanfar de bhuaidh ailt 25 é a chur i malairt aon urrúis de chuid cheachtar de na gnóthairí díscaoilte, sealbhófar é do réir agus faoi réir na n-iontaobhas, na lian, na muirear agus na gcumhacht, agus do réir agus faoi réir na gceart, na bpríbhléidí agus na srianta eile dlí nó cothromais, a bhain leis an urrús a ndéanfar, de bhuaidh an ailt sin 25, an stoc iompair a chur i malairt air, agus aon tagairt atá in aon reacht, gníomhas, uacht, codaisíl, leabhar, doiciméad, ionstraim nó scríbhinn d'aon urrús de chuid an ghnóthaire dhíscaoilte sin, measfar, amhail ar an dáta bunuithe agus dá éis, gur tagairt í don stoc iompair a cuirfear i malairt air de bhuaidh ailt 25.

(2) Aon phearsa (is iontaobhaí nó seiceadóir nó a bheas ag gníomhú in aon cháil ionadaíochta nó iontaobhais) a bheas, díreach roimh an dáta bunuithe, ina shealbhóir ar aon urrús de chuid cheachtar de na gnóthairí díscaoilte a ndéanfar aon stoc iompair a chur i malairt air, de bhuaidh ailt 25, féadfaidh sé an stoc iompair a shealbhú nó a dhiúscairt nó deighleáil leis ar shlí eile díreach mar d'fhéadfadh sé an t-urrús a gcuirfear i malairt air é amhlaidh a shealbhú, a dhiúscairt nó deighleáil leis ar shlí eile.

Cosaint do rialacha agus rialacháin láithreacha.

71. —(1) Na rialacha agus na rialacháin uile a rinne aon tseanchuideachta iompair agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaid i bhfeidhm, ar an dáta bunuithe agus dá éis, go dtí go ndéantar iad a chúlghairm nó d'athrú nó cinn eile a chur ina n-ionad.

(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “sean-chuideachta iompair” aon chuideachta—

(a) is cuideachta chomhghafa nó cuideachta chónasctha, do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), nó

(b) is cuideachta dhíscaoilte, do réir bhrí Achta 1944, nó

(c) is ceachtar de na gnóthairí díscaoilte.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 3.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal nó (mura bhfuil ann) teideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

58 Geo. III, c. 35.

An Act to provide for the maintaining of the Royal Canal from the River Liffey to the River Shannon in Ireland.

Ailt 30, 31, 32, 36, 37, 38, 39 agus 40.

8 & 9 Vic., c. cxix.

Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1845.

Ailt 37 agus 38.

Uimh. 21 de 1944 .

An tAcht Iompair, 1944 .

Cuid III; Ailt 83 go 86;

mír 3 den tSeachtú Sceideal;

an tOchtú Sceideal.

AN DARA SCEIDEAL.

Aoisliuntas do Chomaltai den Bhord.

Alt 7 (3).

Sochair aoisliúntais.

1. (1) Chun críocha na míre seo—

(a) ciallaíonn an focal “comhalta” comhalta den Bhord;

(b) is tuigthe gurb é is tuarastal bliantúil comhalta ná a mheán-tuarastal bliantúil mar chomhalta den tsórt sin ar feadh na tréimhse trí mblian dar críoch an dáta a scoirfeas sé de bheith ina chomhalta nó dáta a bháis, do réir mar bheas;

(c) i gcás téarma oifige comhalta do dhul in éag agus é d'athcheapadh ina dhiaidh sin (pé acu roimh dháta a dhulta in éag nó ar an dáta sin nó dá éis a déantar é iarbhír) chun bheith in chomhalta go ceann téarma dar tosach dáta, nó an lá i ndiaidh dáta, an dulta in éag sin, ní briseadh a bheas ann ar leanúntas a chomhaltais ar an mBord.

(2) Más rud é, i gcás comhalta a gceanglann téarmaí a cheapacháin air a chuid ama go léir a chaiheamh lena dhualgais mar chomhalta den tsórt sin, go scoirfidh sé, tar éis bheith ina chomhalta lán-aimsire go leanúnach ar feadh deich mbliana ar a laghad nó tar éis bheith ina chomhalta lán-aimsire ar feadh dhá thréimhse nó níos mó (pé acu go leanúnach nó go neamhleanúnach é) nach lú san iomlán ná deich mbliana agus a mbeidh ar áireamh iontu téarma oifige amháin ar a laghad de chúig bliana mar chomhalta lán-aimsire den Bhord, de bheith ina chomhalta trína théarma oifige a dhul in éag gan é d'athcheapadh nó trína éirí-as i rith a théarma oifige tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú nó toisc easláinte roimh an aois sin a shlánú, féadfaidh an Bord pinsean saoil a dheonadh don chomhalta sin de mhéid sa bhliain a ríomhfar do réir an ochtú cuid ceathrachad de thuarastal bliantúil an chomhalta sin in aghaidh gach bliana iomláine a thug sé ina chomhalta lán-aimsire den Bhord, ach gan an méid uasta a dhul thar an ochtú cuid ceathrachad faoi fhiche den tuarastal bliantúil sin.

(3) I gcás comhalta d'fháil bháis le linn a théarma oifige tar éis dó bheith ina chomhalta lán-aimsire den Bhord go leanúnach ar feadh tréimhse nach lú ná chúig bliana agus dar críoch dáta a bháis, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus tuarastal bliantúil an chomhalta sin a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo.

(4) I gcás duine dá ndeonfar pinsean faoi fho-mhír (2) den mhír seo d'fháil bháis tráth, i ndiaidh é a scor de bheith ina chomhalta, a bhéarfas gur lú ná a thuarastal bliantúil mar chomhalta méid an phinsin sin don tréimhse ó dháta an scortha sin go dtí dáta a bháis, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus an tsuim a bheas méid sin an phinsin sin don tréimhse sin faoi bhun an tuarastail bhliantúil sin a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo.

Na sochair aoisliúntais a bhainfeas le T. Ó Cúrnáin má ceaptar é ina chéad chathaoirleach ar an mBord.

2. (1) Chun críocha na míre seo—

(a) ciallaíonn an abairt “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 to 1947;

(b) ciallaíonn an focal “cathaoirleach” cathaoirleach an Bhoird;

(c) ciallaíonn an abairt “an duine ainmnithe” Tadhg Ó Cúrnáin;

(d) ciallaíonn an abairt “seirbhís inphinsin”, maidir leis an duine ainmnithe, a suim seo a leanas—

(i) aon tréimhse sheirbhíse roimh an 18ú lá d'Fheabhra, 1949, is ináirithe, maidir leis an duine sin, chun críocha na nAcht Aoisliúntas,

(ii) a sheirbhís le Córas Iompair Éireann (1945), agus

(iii) a sheirbhís leis an mBord;

(e) is tuigthe gurb é is tuarastal bliantúil an duine ainmnithe ná an meán-tuarastal bliantúil a fuair sé i gcaitheamh na dtrí mblian dar críoch dáta a scortha de bheith ina chathaoirleach nó dáta a bháis, pé acu é, agus, má bhíonn tréimhse sheirbhíse sa Stát-Sheirbhís ar áireamh sa tréimhse sin, déanfar, nuair a bheas a mheán-tuarastal bliantúil á chinneadh, a thuarastal inphinsin chun críocha na nAcht Aoisliúntas amhail ar an 17ú lá d'Fheabhra, 1949, a chur san áireamh.

(2) Beidh feidhm ag na fo-mhíreanna ina dhiaidh seo den mhír seo i gcás (agus sa chás sin amháin) gurb é an duine ainmnithe an chéad chathaoirleach.

(3) Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Sceideal seo maidir leis an duine ainmnithe.

(4) Más rud é—

(a) go n-éireoidh an duine ainmnithe, le linn dó bheith ina chathaoirleach, as an oifig sin ar chúig bliana seascad d'aois a shlánú dhó nó dá éis sin, nó

(b) go n-éireoidh an duine ainmnithe, le linn dó bheith ina chathaoirleach, as an oifig sin toisc easláinte roimh chúig bliana seascad d'aois a shlánú dhó agus go nglacfaidh an Rialtas lena éirí-as, nó

(c) i gcás an duine ainmnithe—

(i) go scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach toisc a théarma oifige a dhul in éag, agus

(ii) nach n-athainmneofar ina chathaoirleach é, agus

(iii) go mbeidh seasca bliain d'aois ach nach mbeidh chúig bliana seascad d'aois slán aige ar dháta an scortha sin, agus

(iv) nach raghaidh sé thar n-ais sa Stát-Sheirbhís,

ansin, féadfaidh an Bord—

(I) pinsean saoil a dheonadh dhó de mhéid sa bhliain a ríomhfar do réir an ochtódú cuid dá thuarastal bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís inphinsin, ach gan an méid uasta a dhul thar leath an tuarastail bhliantúil sin aige,

(II) aisce a dheonadh dhó de mhéid is ionann agus an tríochadú cuid dá thuarastal bliantúil arna hiolrú faoi uimhir is ionann agus an uimhir de bhlianta iomlána seirbhíse inphinsin a bheas tugtha aige, ach gan an méid uasta a dhul thar oiread go leith a thuarastail bhliantúil,

agus, má dhéanann an Bord amhlaidh, ní bheidh aon aoisliúntas ná aon liúntas ná aisce bhreise iníoctha leis faoi na hAchta Aoisliúntas.

(5) Má gheibheann an duine ainmnithe bás le linn dó bheith ina chathaoirleach, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus a thuarastal bliantúil a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo agus, má dhéanann an Bord amhlaidh, ní bheidh aon aisce iníoctha lena ionadaithe dlíthiúla pearsanta faoi alt 2 den Superannuation Act, 1909, ná faoin alt sin arna leasú le halt 2 den Superannuation Act, 1914.

(6) Más rud é, ar phinsean faoi fho-mhír (4) den mhír seo a dheonadh don duine ainmnithe go bhfaighidh sé bás tráth, i ndiaidh é a scor de bheith ina chathaoirleach, a bhéarfas gur lú ná a thuarastal bliantúil méid an phinsin sin don tréimhse ó dháta an scortha sin go dtí dáta a bháis, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus an tsuim a bheas méid sin an phinsin sin don tréimhse sin faoi bhun a thuarastail bhliantúil a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo.

(7) Más rud é, maidir leis an duine ainmnithe—

(a) go scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach toisc a thréimhse oifige a dhul in éag, agus

(b) nach n-athainmneofar é ina chathaoirleach, agus

(c) nach mbeidh chúig bliana seascad slán aige ar dháta an scortha sin, agus

(d) go raghaidh sé thar n-ais sa Stát-Sheirbhís,

ansin, chun críocha na nAcht Aoisliúntas—

(i) measfar gur seirbhís bhunaithe a sheirbhís le Córas Iompair Éireann (1945) agus leis an mBord.

(ii) measfar an tuarastal a fuair sé i leith na seirbhíse sin a bheith arna íoc as airgead a vótáil an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859.

Forála maidir le pinsin faoi mhír 1 nó 2.

3. (1) Sa mhír seo, folaíonn an abairt “post i roinn phoiblí”—

(a) aon phost a ndéantar an luach saothair a ghabhas leis d'íoc go hiomlán nó go páirteach as airgead (seachas deontas aonair nó deontais ócáideacha nach n-athnuaitear ó bhliain go bliain) a sholáthraíos an tOireachtas,

(b) aon phost is oifig phoiblí do réir bhrí an Superannuation Act, 1892, nó aon achtacháin ag leasú an Achta sin,

(c) aon phost ar, nó faoi, nó mar chomhalta íoctha de, bhord nó comhlucht arna bhunú trí, nó faoi, aon reacht de reachta Shaorstát Éireann nó trí, nó faoi, aon Acht ón Oireachtas agus a dhearbhós an tAire Airgeadais, le hordú, a bheith ina roinn phoiblí chun críocha an Sceidil seo.

(2) Aon uair a bheas duine dár deonadh pinsean faoi mhír (1) nó (2) den Sceideal seo ar fostú in aon phost i roinn phoiblí nó faoi údarás áitiúil agus a bheas ceachtar foráil acu seo a leanas infheidhme, ansin, beidh feidhm ag pé foráil acu sin is infheidhme—

(i) i gcaitheamh aon tréimhse a bheas ráta bliantúil luach saothair an duine sin sa phost sin comhionann leis an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an pinsean sin nó níos mó ná an tuarastal sin, ní bheidh an pinsean iníoctha,

(ii) i gcaitheamh aon tréimhse a bheas ráta bliantúil an luach saothair sin níos lú ná an tuarastal sin ach níos mó ná an bhreis a bheas ag an tuarastal sin ar an bpinsean sin, ní bheidh iníoctha den phinsean sin ach an méid is ionann agus an méid a bheas ráta bliantúil an luach saothair sin faoi bhun an tuarastail sin.

AN TRIU SCEIDEAL.

Urruis de Chuid Choras Iompair Éireann (1945) agus Chuideachta Chanail Laighean agus an Stoc Iompair a Cuirfear i Malairt Orthu.

Ailt 24, 25 agus 29.

Uimh. Thag.

Tuairisc na n-urrús de chuid Chóras Iompair Éireann (1945) nó Chuideachta Chanáil Laighean

Tuairisc an stoic iompair atá le heisiúint i malairt ar urrúis de Chuid Chóras Iompair Éireann (1945) nó Chuideachta Chanáil Laighean

An méid stoic iompair atá le heisiúint i malairt ar gach £100 d'urrúis de chuid Chóras Iompair Éireann (1945) nó Cuideachta Chanáil Laighean

Forála maidir le hús agus fuascailt a bhaineas leis an stoc iompair a luaitear i gcolún (3)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1

Stoc Bintiúra Ráthaithe 3% Chóras Iompair Éireann 1955/60.

Stoc Iompair 3%, 1955/60.

£100

1. Sa cholún seo— ciallaíonn an abairt “an ráta iomchuí”:

(a) maidir le stoc iompair a tuairiscítear i gcolún (3) ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 2), 3 faoin gcéad sa bhliain; agus

(b) maidir le stoc iompair a tuairiscítear i gcolún (3) ag uimhir thagartha 2, 2½ faoin gcéad sa bhliain;

ciallaíonn na habairtí “an dáta fuascailte is luaithe” agus “an dáta fuascailte is déanaí”—

(a) maidir le stoc iompair a tuairiscítear i gcolún (3) ag uimhir thagartha 1, an 30ú lá de Mheitheamh, 1955, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1960, faoi seach,

(b) maidir le stoc iompair a tuairiscítear i gcolún (3) ag uimhir thagartha 2, an 30ú lá de Mheitheamh, 1965, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1975, faoi seach,

(c) maidir le stoc iompair a tuairiscítear i gcolún (3) ag aon uimhir thagartha (seachas uimhreacha tagartha 1 agus 2), an 30ú lá de Mheitheamh, 1975, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1985, faoi seach.

2. An stoc iompair a tuairiscítear i gcolún (3) ag aon uimhir thagartha béarfaidh sé ús, amhail ón dáta bunuithe, do réir an ráta iomchuí agus beidh an t-ús sin iníoctha—

(a) aran 15ú lá d'Iúil, 1950, in aghaidh mí Meithimh, 1950, agus

(b) ar an 15ú lá d'Eanáir agus ar an 15ú lá d'Iúil gach bliain i ndiaidh na bliana 1950 in aghaidh na leath-bhliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig agus an 30ú lá de Mheitheamh, faoi seach, díreach roimhe sin.

3. Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le fuascailt stoic iompair a luaitear i gcolún (3) ag aon uimhir thagartha—

(a) féadfar é d'fhuascailt ar par ina airgead ar an dáta fuascailte is luaithe nó ar aon 31ú lá de Nollaig nó aon 30ú lá de Mheitheamh dá éis sin,

(b) mura bhfuascailtear é roimh an dáta fuascailte is déanaí fuasclófar é ar par ina airgead ar an dáta fuascailte is déanaí,

(c) ní fuasclófar é ar aon 30ú lá de Mheitheamh (seachas an dáta fuascailte is déanaí) ná ar aon 31ú lá de Nollaig ach amháin nuair a bhéarfar fógra sé mhí go bhfuiltear ar intinn é d'fhuascailt.

2

Stoc Bintiúra Ráthaithe 2½% Chóras Iompair Éireann, 1965/75 Gnáth-Stoc Chóras Iompair Éireann.

Stoc Iompair 2½%, 1965/75. Stoc Iompair 3%, 1975/85.

£100

3

Gnáth-Stoc Chóras Iompair Éireann.

Stoc Iompair 3%, 1975/85.

£80

4

Stoc Bintiúra Dofhuascailte 3% Chuideachta Chanáil Laighean.

Stoc Iompair 3%, 1975/85.

£100

5

Scaireanna Tosaíochta Neamhcharnacha 3% Chuideachta Chanáil Laighean.

Stoc Iompair 3%, 1975/85.

£100

6

Gnáth - Scaireanna Chuideachta Chanáil Laighean.

Stoc Iompair 3%, 1975/85.

£100

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Cuiteamh d'Oifigigh agus do Sheirbhisigh airithe do na gnothairi discaoilte agus don Bhord.

Ailt 38, 39, 40 agus 41.

Léiriú.

1. (1) Sa Sceideal seo—

ciallaíonn an abairt “sean-chuideachta iompair” aon chuideachta—

(a) is cuideachta chomhghafa nó cuideachta chónasctha do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), nó

(b) is cuideachta dhíscaoilte do réir bhrí Achta 1944, nó

(c) is ceachtar de na ghnóthairí díscaoilte;

ciallaíonn an abairt “sean-cheadúnaí ród-iompair” pearsa ba shealbhóir ar cheadúnas paisnéara, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), nó ar cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), agus ar haistríodh an ceadúnas sin aige chun cuideachtan díscaoilte do réir bhrí Achta 1944, nó chun gnóthaire dhíscaoilte;

ciallaíonn an abairt “sean-ghnóthaire iompair” pearsa ar bith—

(a) is sean-chuideachta iompair, nó

(b) sean-cheadúnaí ród-iompair;

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta”—

(a) an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , agus

(b) an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht sin;

ciallaíonn an abairt “an Dara Cogadh Domhanda” an cogadh a bhí ar siúl ar dháta Achta 1944 a rith;

forléireofar an abairt “luach saothair” mar abairt a fholaíos aon bhónas costais mhaireachtana nó aon bhónas eile.

(2) Chun seirbhís inphinsin duine a ríomh faoin Sceideal seo—

(a) folóidh an tseirbhís inphinsin—

(i) seirbhís le haon tsean-chuideachta iompair,

(ii) má bhí seirbhís ag an duine sin le sean-chuideachta iompair, seirbhís i dTigh Imréitigh Iarnród na hÉireann,

(iii) seirbhís leis an mBord,

(iv) seirbhís (is seirbhís a haitheantar chun críocha scéime aoisliúntais, do réir bhrí ailt 44, nó scéime aoisliúntais láithrí, do réir bhrí ailt 45) le haon tsean-cheadúnaí ród-iompair;

(b) má bhí an duine sin as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair agus go raibh sé, ar feadh na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ar seirbhís in aon cheann de na fórsaí míleata a bhí ag fónamh faoi údarás an Chéad Dáil Éireann nó an Dara Dáil Éireann nó Rialtais Shealadaigh na hÉireann nó i gceachtar de na fórsaí freasúracha le linn an imreasáin chathartha sna blianta 1922, 1923, nó 1924, nó go raibh sé i gcoinneáil nó i bpríosún de dheasca na seirbhíse sin, nó go raibh sé ar seirbhís roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, san Arm, sa Chabhlach nó san Aer-Fhórsa Breataineach, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin;

(c) má rinneadh an duine sin d'fhionraí nó a dhíbhe as seirbhís sean-ghnóthaire iompair an lú lá d'Aibreán, 1916, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de Nollaig, 1921, ach gur hathshuíodh arís é, agus go ndeimhneoidh an tAire gurb é báidh an duine sin le cúrsaí náisiúnta faoi ndear é d'fhionraí nó a dhíbhe déanfar pé tréimhse (nach sia ná an tréimhse idir a fhionraí nó a dhíbhe agus a athshuíomh) a ordós an tAire d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin;

(d) má bhí an duine sin, toisc briseadh ar na seirbhísí iarnróid a tháinig go díreach de dheasca imreasáin chathartha sna blianta 1922, 1923 nó 1924, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin;

(e) má bhí an duine sin as láthair go sealadach, i rith an Dara Cogadh Domhanda, óna fhostaíocht le seanghnóthaire iompair agus go raibh sé, ar feadh na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ag fónamh sna Fórsaí Cosanta, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin;

(f) má bhí an duine sin as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair nó leis an mBord ar feadh tréimhse is lú ná bliain—

(i) toisc seirbhísí ar líne iarnróid a dhúnadh nó a laghdú go sealadach de dheasca coinníollacha a lean as an Dara Cogadh Domhanda, nó

(ii) toisc aon tseirbhísí iompair eile a scor nó a laghdú de dheasca na gcoinníoll sin, nó

(iii) toisc breoiteachta nó tionóisce, nó

(iv) toisc aon díospóide ceirde nár pháirtí inti é,

déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin;

(g) má glacadh an duine sin i bhfostaíocht aon tsean-ghnóthaire iompair mar dhuine saincháilithe in aois ba shine ná an aois ina dtosnaítí de ghnáth ar sheirbhís iarnróid, féadfar a sheirbhís inphinsin a mhéadú trí pé méid blian a chur léi a meastar a bheith cóir;

(h) má d'fhónaigh an duine sin mar phríntíseach ceirde le haon tsean-ghnóthaire iompair nó leis an mBord ar feadh aon tréimhse, ní háireofar an tréimhse sin mar sheirbhís inphinsin.

(3) Chun críocha an Sceidil seo measfar gurb é uimhir de bhlianta seirbhíse inphinsin a bheas ag duine ná an toradh a gheofar tríd an uimhir de laethanta seirbhíse inphinsin a bheas aige a roinnt ar an uimhir trí chéad agus chúig seascad, agus gach codán is leath nó is mó ná leath d'áireamh mar aon agus neamhaird a thabhairt ar chodán is lú ná sin.

(4) Chun críocha an Sceidil seo is é is luach saothair agus sochair oifige dhuine in aghaidh na bliana ná a luach saothair agus a shochair bhliantúla ar an dáta a scaoileadh lena sheirbhísí.

Cúiteamh do dhaoine ag a mbeidh níos lú ná chúig bliana de sheirbhís inphinsin.

2. Is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine ag a raibh, ar an dáta a scaoiltear lena sheirbhísí, níos lú ná chúig bliana de sheirbhís inphinsin, ná aisce arna ríomh do réir an séú cuid dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin.

Cúiteamh do dhaoine ag a mbeidh chúig bliana ar a laghad de sheirbhís inphinsin.

3. Faoi réir forál míre 4 den sceideal seo, is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine ag a raibh, ar an dáta a scaoiltear lena sheirbhísí, chúig bliana ar a laghad de sheirbhís inphinsin, ná suim bliantúil a híocfar leis ar feadh a shaoil agus nach mó in aon chás ná dhá dtrian dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla agus, faoi réir na teorann sin, a ríomhfar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin, maraon le breisiú a bunófar ar an uimhir de bhlianta seirbhíse inphinsin a bheas aige agus a ríomhfar do réir an scála seo a leanas—

(a) má bhíonn fiche bliain nó níos mó de sheirbhís inphinsin aige, breisiú deich seascadú dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla;

(b) má bhíonn chúig bliana déag nó níos mó ach faoi bhun fiche bliain de sheirbhís inphinsin aige, breisiú seacht seascadú dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla;

(c) má bhíonn deich mbliana nó níos mó ach faoi bhun chúig bliana déag de sheirbhís inphinsin aige, breisiú chúig sheascadú dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla;

(d) má bhíonn níos lú ná deich mbliana de sheirbhís inphinsin aige, breisiú trí sheascadú dá thuarastal agus dá shochair oifige bhliantúla.

Suimeanna bliantúla a laghdú i gcásanna áirithe.

4. I gcás aon oifigeach nó seirbhíseach a bheas i dteideal suime bliantúla faoi mhír 3 den Sceideal seo a bheith freisin i dteideal aoisliúntais nó sochair as aon Chiste a ndearna gnóthaire díscaoilte ranníoc leis, ansin—

(a) laghdófar méid na suime bliantúla sin méid is ionann agus luach bliantúil an aoisliúntais nó an tsochair sin, agus

(b) íocfaidh an Bord leis an oifigeach nó leis an seirbhíseach sin cnapshuim is ionann agus méid na ranníoc d'íoc an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin leis an gCiste sin.

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Achtachain nach mBaineann leis an mBord.

Alt 52.

1. Ailt 6 go 13 agus ailt 34 agus 38 den Regulation of Railways Act, 1868 (31 & 32 Vic., c. 119).

2. Ailt 9 agus 10 den Regulation of Railways Act, 1871 (34 & 35 Vic., c. 78).

3. Ailt 14 agus 15 den Regulation of Railways Act, 1873 (36 & 37 Vic., c. 48).

4. Ailt 31, 32, 33, 34 agus 39 den Railway and Canal Traffic Act, 1888 (51 & 52 Vic., c. 25).

4. Ailt 1, 3 agus 4 den Railway and Canal Traffic Act, 1894 (57 & 58 Vic., c. 54).

5. An Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911 (1 & 2 Geo. V, c. 34).

7. Ailt 59 agus 60 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) .

8. Alt 23 den Acht um Iompair ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , agus aon rialacháin a rinneadh faoi alt 4 den Acht sin chun críocha ailt 23 de.

9. Alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 ( Uimh. 9 de 1933 ).

10. Alt 120 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ).

11. Cuid IV, agus ailt 110 agus 129 den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) .

12. Aon achtachán a bhaineas—

(a) le haicmí marsantais chun feidhm a thabhairt maidir leis do rátaí muirear a gearrtar i leith iompair mharsantais,

(b) leis na muirir uasta nó na muirir iarbhír as marsantas nó paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar nó as aon seirbhísí nó saoráidí eile a sholáthar.

AN SEU SCEIDEAL.

Forala maidir leis an mBinse Iompair.

Alt 54.

1. Sa Sceideal seo ciallaíonn an abairt “an Binse” an Binse Iompair.

2. (1) Beidh ar an mBinse pé méid comhaltaí (nach lú ná triúr agus nach mó ná cúigear comhaltaí) a chinnfeas an Rialtas ó am go ham.

(2) Ceapfaidh an Rialtas comhaltaí an Bhinse ó am go ham.

(3) Is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBinse ná pé duine de na comhaltaí a ainmneos an Rialtas, tráth a cheaptha nó dá éis sin, ina chathaoirleach.

3. (1) Gach duine a ceapfar ina chomhalta den Bhinse beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é a chur as oifig, é d'éirí as oifig nó é a theacht chun bheith dícháilithe, i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse (nach sia ná chúig bliana) a shocrós an Rialtas nuair a bheid á cheapadh.

(2) Aon chomhalta den Bhinse a raghaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire, beidh sé inathcheaptha.

4. Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, agus liúntais le haghaidh costas, d'íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas) a shocrós an Rialtas tráth a cheaptha.

5. Beidh feidhm ag fo-ailt (4), (5), (6) (ach amháin mír (c)) agus (7) d'alt 7 den Acht seo maidir le comhaltaí den Bhinse amhail mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le comhalta den Bhord.

6. (1) Ag suí den Bhinse—

(a) is é cathaoirleach an Bhinse, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an suí,

(b) má bhíonn agus faid a bheas cathaoirleach an Bhinse gan bheith i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an suí.

(2) Gach ceist a éireos ag suí den Bhinse, cinnfear í ag tromlach de na comhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(3) Is é is córam do shuí den Bhinse—

(a) i gcás triúr comhaltaí, agus gan níos mó ná sin, a bheith de thuras na huaire ar an mBord, beirt,

(b) in aon chás eile, triúr.

(4) Ní bheidh imeachta an Bhinse neamhbhailí de bhíthin aon fholúntais ina líon.

7. (1) Féadfaidh an Binse, chun a bhfeadhmanna d'fheidhmiú, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht os a gcomhair,

(b) aon fhinné a thiocfas os a gcomhair a cheistniú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Bhinse finnéithe a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas ar a chumas nó faoina urláimh agus a mheasfas an Binse is gá.

(2) Beidh teideal ag finné os comhair an Bhinse chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinnsé o comhair na hArd-Chúirte é.

(3) I gcás duine ar bith—

(a) arna thoghairm go cuí mar fhinné, á mhainniú teacht i láthair, nó

(b) ar bheith i láthair dó mar fhinné, dá dhiúltú mionn a thabhairt a cheanglós an Binse air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an Binse air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an Binse air go dlíthiúil d'fhreagairt,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na chúig puint fhichead a chur air.

(4) I gcás finné a theacht os comhair an Bhinse de bhun toghairme faoi fho-mhír (1) den mhír seo, déanfar, i leith a theachta i láthair, costais do réir scála a chinnfeas an tAire Airgeadais ó am go ham d'íoc leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

8. Faoi réir an Sceidil seo, rialálfaidh an Binse a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

9. Is breith chríochnaitheach breith an Bhinse ar aon ní a bheas os a gcomhair.

AN SEACHTU SCEIDEAL.

Forala Diomuana Maidir leis na Gnothairi Discaoilte agus leis an mBord.

Alt 66.

Míniú.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn an abairt “an tréimhse shonraithe” an tréimhse chúig mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1950,

ciallaíonn an abairt “an gnáth-chruinniú deiridh,” maidir le gnóthaire díscaoilte, an gnáth-chruinniú a ceangaltar ar an ngnóthaire sin do réir míre 5 den Sceideal seo a chomóradh.

Na gnóthairí díscaoilte do leanúint ar marthain chun rcíocha áirithe.

2. Chun críocha an Sceidil seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, measfar gach gnóthaire díscaoilte do leanúint ar marthain ar an dáta bunuithe agus dá éis.

Stoic, scaireanna agus urrúis d'aistriú.

3. Ar an mBord dá iarraidh sin air, forghníomhóidh gnóthaire díscaoilte na hionstraimí uile agus déanfaidh na nithe uile is gá chun a chumasú don Bhord a thabhairt go n-aistreofar chun ainme an Bhoird aon stoic, scaireanna nó urrúis a bhí i seilbh an ghnóthaire dhíscaoilte sin díreach roimh an dáta bunuithe, agus chuige sin measfar na daoine a bheas ina stiúrthóirí ar an ngnóthaire díscaoilte sin díreach roimh an dáta bunuithe do leanúint in oifig.

Stiúrthóirí, oifigigh agus iniúchóirí gnóthairí díscaoilte do leanúint in oifig.

4. Measfar na daoine is stiúrthóirí, oifigigh agus iniúchóirí d'aon ghnóthaire díscaoilte díreach roimh an dáta bunuithe do leanúint in oifig chun cuntais agus cláir chomharduithe an ghnóthaire sin don tréimhse shonraithe d'ullmhú agus d'iniúchadh, chun iad a thabhairt ar aird do dhílseánaigh an ghnóthaire sin, chun díbhinní don tréimhse shonraithe a dhearbhú agus chun gnáth-chruinniú deiridh an ghnóthaire sin a thoghairm, a chomóradh agus a stiúradh.

Gnáth-chruinniú na ngnóthairí díscaoilte a chomóradh i mí Iúil nó i mí Lúnasa, 1950.

5. Comórfar gnáth-chruinniú de gach gnóthaire díscaoilte faoi leith i mí Iúil nó i mí Lúnasa, 1950, chun ráitis chuntas an ghnóthairí sin don tréimhse shonraithe a ghlacadh agus díbhinní a dhearbhú, agus na daoine arbh iad dílseánaigh an ghnóthaire dhíscaoilte sin iad díreach roimh an dáta bunuithe measfar gurb iad dílseánaigh an ghnóthaire sin iad chun na críocha réamhráite agus chun an gnáth-chruinniú sin a thoghairm, a chomóradh agus a stiúradh.

Cuntais Chóras Iompair Éireann (1945) don tréimhse shonraithe.

6. (1) Ullmhóidh Córas Iompair Éireann (1945) cuntais (sa bhfoirm a hordaítear faoi alt 28 d'Acht 1944 ach í modhnaithe ionas go mbeidh sí infheidhme maidir leis an tréimhse shonraithe) don tréimhse shonraithe, agus cuirfid na cuntais faoi bhráid a n-iniúchóirí dá réir sin.

(2) Ní foláir na cuntais don tréimhse shonraithe a bheith sínithe ag an oifigeach do Chóras Iompair Éireann (1945) a bheas freagrach sna cuntais nó in aon chuid díobh agus ag cathaoirleach stiúrthóirí Chóras Iompair Éireann (1945).

(3) Déanfaidh Córas Iompair Éireann (1945) sé chóip de na cuntais don tréimhse shonraithe a chur chun an Aire tráth nach déanaí ná an 30ú lá d'Iúil, 1950.

(4) Cuirfidh Córas Iompair Éireann (1945), tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an ngnáth-chruinniú deiridh, go dtí gach pearsa ba shealbhóir ar ghnáthstoc de chuid Chóras Iompair Éireann (1945) díreach roimh an dáta bunuithe, cóip dá chuntais (arna n-ullmhú sa bhfoirm a hordaítear faoi alt 28 d'Acht 1944 ach í modhnaithe ionas go mbeidh sí infheidhme maidir leis an tréimhse shonraithe) don tréimhse shonraithe.

(5) Má bhíonn aon chuntas a hullmhófar agus a cuirfear ar aghaidh faoin mír seo falsa in aon tsonra go bhfios d'aon duine a shíneos an cuntas nó aon chuid de, dlífear, ar an duine sin a chiontú nó a dhíotáil, príosúntacht a chur air i dteannta nó d'éagmais daor-oibre ar feadh téarma nach sia ná bliain nó fíneáil nach mó ná céad punt, agus, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt.

Cuntais Chuideachta Chanáil Laighean don tréimhse shonraithe.

7. Cuirfidh Cuideachta Chanáil Laighean faoi ndear cuntais a dhéanamh amach don tréimhse shonraithe, amhail is dá mba bhliain an tréimhse shonraithe.

Forála maidir le Cáin Ioncaim is inmhuirir ar ghnóthairí díscaoilte.

8. (1) Leanfaidh gnóthaire díscaoilte, ar an dáta bunuithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas, faoi na hAchta Cánach Ioncaim, chun aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí d'ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAcht sin in aghaidh aon bhliana measúnuithe dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1951, nó dáta roimhe sin.

(2) Féadfar measúnuithe chun cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnuithe dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1951, nó dáta roimhe sin, a dhéanamh ar ghnóthaire díscaoilte ar an dáta bunuithe ná dá éis, agus aon cháin ioncaim i leith aon mheasúnuithe den tsórt sin a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina mheasúnú críochnaitheach dosháruithe, measfar, ar í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh an dáta bunuithe.

(3) Chun críocha fo-mhíreanna (1) agus (2) den mhír seo, measfar rúnaí an Bhoird nó an t-oifigeach eile a bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí an Bhoird a bheith ina rúnaí do ghnóthaire díscaoilte nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí an ghnóthaire dhíscaoilte sin.

(4) Beidh ag an mBord, agus bheirtear dó leis seo, cumhacht chun go mbainfidh sé, as sochair oifige aon duine a bheas i seilbh oifige nó fostaíochta brabúis faoin mBord, aon cháin ioncaim a muirearaíodh ar Chóras Iompair Éireann (1945) i leith aon oifige nó fostaíochta brabúis a shealbhaigh an duine sin faoi Chóras Iompair Éireann (1945).

An Bord d'íoc costas gnóthairí díscaoilte agus díbhinní a dhearbhaigh gnóthairí díscaoilte ag cruinnithe deiridh.

9. Íocfaidh an Bord aon chostais faoina raghaidh gnóthaire díscaoilte faoin Sceideal seo agus aon díbhinn a dhearbhós aon ghnóthaire díscaoilte.