18 1949


Uimhir 18 de 1949


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATH-ACHTÚ AILT 15 DEN ACHT IASCAIGH, 1925 , ARNA LEASÚ LE hACHTACHÁIN IARDAIN, D'FHORCHUR DUALGAS ÁIRITHE AR CHLÉIRIGH BHORD COIMEÁDAITHE, DO LEASÚ AILT 13 DEN ACHT SIN AGUS DO LEASÚ NA bhFORÁL DE NA hACHTA IASCAIGH, 1842 GO 1944, A BHAINEAS LE FÍNEÁLA AGUS FORGHÉILLTE. [26ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, a ghairm de na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, den Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh Cuid I agus Cuid III den Acht seo i ngníomh go díreach ar an Acht seo a rith.

(2) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh an lá a cheapfas an tAire chuige sin le hordú.

(3) Tiocfaidh Cuid IV den Acht seo i ngníomh an lá a cheapfas an tAire chuige sin le hordú.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo—

Achta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Iascaigh, 1842. go 1944, agus folaíonn sí an Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877;

Breitheamh Dúiche.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

ionstraim.

ciallaíonn an focal “ionstraim” aon ordú, rialachán nó fo-dhlí;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

(2) San Acht seo déanfar tagairtí d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú leis an Acht seo.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta.

Achtacháin áirithe d'athghairm agus a leasú.

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, sa mhéid a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I, amhail ar dháta agus ó dháta thosach feidhme Coda II den Acht seo.

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm amhail ar dháta agus ó dháta an Achta seo a rith.

(3) Gach achtachán dá luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh éifeacht aige do réir na bhforál atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin III os coinne lua an achtacháin sin amhail ar dháta agus ó dháta thosach feidhme Coda IV den Acht seo.

CUID II.

Cuntais Bhord Coimeadaithe.

Cuntais bhord coimeádaithe.

5. —Na forála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh feidhm acu maidir le cuntais bhord coimeádaithe agus le hiniúchadh agus le hiniúchóir na gcuntas sin.

Dualgas chléireach bord coimeádaithe maidir le tairiscintí áirithe.

6. —Aon uair a tairgfear ag cruinniú de bhord coimeádaithe aon ghníomh, ní nó rud a dhéanamh a mbeidh íocaíocht neamhdhleathach le déanamh dá dhroim as cistí an bhoird sin, nó ar dóigh easnamh sna cistí sin nó caillteanas dóibh a theacht dá chionn, beidh de dhualgas ar chléireach an bhoird sin agóid a dhéanamh i gcoinne an gníomh, an ní nó an rud sin a dhéanamh agus forais na hagóide sin a lua, agus déanfar an agóid sin agus a forais agus, má glactar breith ar an tairiscint sin, ainmneacha na gcomhaltaí den bhord sin a bhí i láthair agus na gcomhaltaí dhíobh a vótáil ar thaobh na breithe sin, a vótáil ina coinne agus a staon ó vótáil ar an mbreith sin, a thaifeadadh ar mhiontuairiscí an chruinnithe sin.

CUID III.

Ratai ar Iascaigh.

Alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 , a leasú.

7. —Déantar leis seo alt 13 (a bhaineas le rátaí ar iascaigh) den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , arna leasú le halt 1 den Acht Iascaigh, 1937 ( Uimh. 35 de 1937 ), a leasú mar leanas—

(a) i bhfo-alt (6) cuirfear na focail “de na hocht mbliana tríochad” in ionad na bhfocal “de sna trí bliana fichead”,

(b) i bhfo-alt (7) cuirfear na focail “naoi mbliana tríochad” in ionad na bhfocal “cheithre bliana fichead”,

(c) i bhfo-alt (9) cuirfear na focail “de na hocht mbliana tríochad” in ionad na bhfocal “de sna trí bliana fichead”.

CUID IV.

Fineala agus Forgheilleadh.

“Na hachtacháin um iascach bradán.”

8. —Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “na hachtacháin um iascach bradán” na hachtacháin a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó aon ionstraim arna déanamh fúthu a bhaineas le hiascach bradán, breac nó easconn.

Fíneála.

Diúscairt fíneála faoi na hAchta.

9. —(1) Baineann an t-alt seo le gach fíneáil a forchuirfear tar éis dáta thosach feidhme na Coda seo i leith aon chiona faoi na hAchta nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu.

(2) Scoirfidh alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ), d'fheidhm a bheith aige maidir le haon fhíneáil lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Déanfar gach fíneáil lena mbaineann an t-alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

(4) I gcás fíneáil lena mbaineann an t-alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach tar éis í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar an fhíneáil sin nó an chuid di a loghadh amhlaidh (pé acu é) d'aisíoc as an Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

Iocaíochta ón Aire maidir le fíneála i leith cionta faoi na hachtacháin um iascach bradán.

10. —(1) I gcás fíneáil, a forchuirfear tar éis tosach feidhme na Coda seo, i leith ciona faoi na hachtacháin um iascach bradán, d'íoc nó a thobhach, ansin, mura rud é gur loghadh an fhíneáil go hiomlán, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(a) má chítear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána faoi ndear an duine a rinne an cion a thabhairt faoi réim an cheartais, déanfar—

(i) suim is comhionann le dhá dtrian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le dhá dtrian an mhéid de nár loghadh, d'íoc le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion, agus

(ii) suim is comhionann le trian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le trian an mhéid di nár loghadh, d'íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Shíochána,

(b) in aon chás eile, íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is comhionann leis an bhfíneáil nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, leis an méid di nár loghadh.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo íocfaidh an tAire é pé trátha is oiriúnach leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Forghéilleadh.

Leasú ar fhorála áirithe de na hAchta, etc., a fhorálas forghéilleadh.

11. —I gcás aon alt (is alt a bhunaíos cion) de na hAchta, nó aon ionstraim (is ionstraim a bhunaíos cion) arna déanamh faoi na hAchta dá fhoráil, mar chuid den phionós i leith an chiona agus mar iarmairt de dhroim ciontuithe ann, go bhforghéillfidh an duine a ciontófar sa chion sin ní áirithe nó go bhforghéillfear ní áirithe, forléireofar an t-alt nó an ionstraim sin amhail is dá bhforáladh sé ina ionad sin, i gcás duine a chiontú sa chion sin, go mbeidh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe, an ní sin ar forghéilleadh a sonraítear san alt nó san ionstraim sin gurb é atá le forghéilleadh.

Gan a bheith d'oblagáid ar an gCúirt forghéilleadh d'fhógairt ná a thaifeadadh i gcás forghéilleadh a theacht mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

12. —I gcás—

(a) duine dá chiontú ag Breitheamh Dúiche i gcion faoi aon alt de na hAchta nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu, agus

(b) an t-alt nó an ionstraim sin (arna leasú leis an Acht seo) dá fhoráil go mbeidh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe, ní áirithe ar forghéilleadh, ansin, d'ainneoin aon riail dlí, ní gá don Bhreitheamh sin—

(i) an forghéilleadh sin d'fhógairt tráth an bhreithiúnuithe, ná

(ii) an forghéilleadh sin a thaifeadadh i Leabhar Miontuairiscí an Bhreithimh ná i nDuilleoig na gCúiseamh ná san ordú ciontuithe.

Imeachta de dhroim innill iascaigh neamhdhleathacha agus innill iascaigh dleathacha a húsáidtear go neamhdhleathach d'urghabháil.

13. —Má dhéanann duine ar bith, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis na hAchta, aon inneall iascaigh d'urghabháil, bhéarfaidh sé é, a luaithe is féidir, i láthair an Bhreithimh Dúiche ar ina cheantar a hurghabhadh é, agus air sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh neamhdhleathach an t-inneall iascaigh, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh agus a dhíthiú,

(b) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh ach go rabhthas tar éis é d'úsáid, á úsáid nó ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach tráth a urghabhála, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh,

(c) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh ach nach rabhthas tar éis é d'úsáid, á úsáid ná ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach tráth a urghabhála, ordódh sé é a thabhairt thar n-ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é.

Nithe a forghéilltear a dhiúscairt.

14. —(1) I gcás—

(a) aon ní d'urghabháil go dleathach a ndéantar, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe nó le hordú ó Bhreitheamh Dúiche, é d'fhorghéilleadh faoi na hAchta nó faoi na hAchta arna leasú leis an Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu sin, nó

(b) an Breitheamh Dúiche dá ordú faoi mhír (b) d'alt 13 den Acht seo aon ní a bheith le forghéilleadh,

féadfaidh an tAire a ordú an ní sin—

(i) a thabhairt thar n-ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é, nó

(ii) a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar is oiriúnach leis.

(2) I gcás an tAire dá ordú, de bhun fo-ailt (1) den alt seo, ní a dhíol, déanfar glan-fháltais an díola d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon ní a forghéillfear faoi alt 13 den Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884, i gcás ina dtabharfaidh an Chúirt ordachán faoin alt sin 13 maidir leis an ní sin.

Iocaíochta ón Aire maidir le fáltais as nithe a forghéilltear faoi na hachtacháin um iascach bradán.

15. —I gcás—

(a) aon ní d'fhorghéilleadh faoi na hachtacháin um iascach bradán, agus

(b) an ní sin a dhíol le hordachán ón Aire faoi alt 14 den Acht seo,

beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) má chítear dó gur comhalta den Gharda Síochána d'urghabh an ní sin nó gurb é faoi ndear an duine a thabhairt faoi réim an cheartais a rinne an cion dá dtáinig an forghéilleadh sin, íocfaidh an tAire, pé trátha is oiriúnach leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas, suim is comhionann le dhá dtrian glan-fháltas an díola sin le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion agus suim is comhionann le trian na nglan-fháltas sin le Ciste Luaíochta an Gharda Shíochána,

(ii) in aon chás eile íocfaidh an tAire, pé trátha is oiriúnach leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, suim is comhionann leis na glanfháltais sin leis an mbord coimeádaithe sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear agus a Leasaitear.

Alt 4 (1).

CUID I.

Achtachain a hAthghairmtear go pairteach amhail o thosach feidhme Coda II den Acht seo.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 32 de 1925

An tAcht Iascaigh, 1925

Alt 15.

Uimh. 23 de 1941

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 .

Ailt 69, 70 agus 71, sa mhéid a bhaineas na hailt sin, de bhuaidh fo-ailt (5) d'alt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), le boird choimeádaithe, faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944; alt 86, sa mhéid a bhaineas an t-alt sin, de bhuaidh ailt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , le hiniúchadh cuntas boird choimeádaithe faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944.

Uimh. 24 de 1946

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 .

Fo-alt (5) d'alt 68; i bhfo-alt (7) d'alt 68, an tagairt do bhord coimeádaithe faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944.

CUID II.

Achtachain a hAthghairmtear go hiomlan amhail o dhata an Achta seo a rith.

Alt 4 (2).

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

(1)

(2)

Uimh. 34 de 1935

An tAcht Iascaigh, 1935 .

Uimh. 35 de 1937

An tAcht Iascaigh, 1937

CUID III.

Achtachain a hAthghairmtear go Pairteach no a leasaitear amhail o thosach feidhme Coda IV den acht seo.

Alt 4 (3).

Siosón agus Caibidil nó Uimh. agus Bliain

Gearrtheideal

Mar déantar Difir dó

(1)

(2)

(3)

5 & 6 Vic., c. 106.

The Fisheries (Ireland) Act, 1842.

Athghairmfear alt 103.

11 & 12 Vic., c. 92.

The Fisheries (Ireland) Act, 1848.

In alt 22 athghairmfear na focail “and sold or otherwise disposed of as the justice or justices shall deem fit.”

26 & 27 Vic., c. 114.

The Salmon Fishery (Ire- land) Act, 1863.

In alt 18, cuirfear na focail “the justice may order the boat, cot, or curragh so used to be forfeited” in ionad na bhfocal “the boat, cot or curragh so used may be seized and forfeited.”

32 & 33 Vic., c. 92.

The Fisheries (Ireland) Act, 1869.

Athghairmfear alt 19.

Uimh. 53 de 1933 .

An tAcht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933.

I bhfo-alt (4) d'alt 3 scriosfar na focail “agus i gceachtar cás féadfaidh an Chúirt freisin aon iasc a gheofar sa bhád sin maraon le haon ghléas iascaireachta bheidh inti a gheallbhruideadh” agus cuirfear na focail seo a leanas ina n-ionad “agus (pé acu is céad-chion é nó nach ea) déanfaidh an Chúirt, i gcás ina ndearna aon duine ar bord an bháid sin iascach nó iarracht ar iascach le linn an bád sin a bheith laistigh den achar iascaigh aon-chirt sin, agus féadfaidh an Chúirt, in aon chás eile, a ordú aon iasc agus gléas iascaigh a gheofar ar an mbád sin d'fhorghéilleadh.”

In alt 4, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3)—

“(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon ghléas iascaigh lena ndearna sé an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.”

Athghairmfear alt 14.

Uimh. 24 de 1934

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 .

I bhfo-alt (3) d'alt 7 athghairmfear na focail “agus (do réir mar ordóidh an chúirt) an céanna a dhíthiú nó a dhíol, agus má díoltar é déanfar sochar an díola sin a chur de láimh fé is dá mba fíneála arna ngearradh alos ciontaí faoin Acht seo é”.

Uimh. 33 de 1937

An tAcht Iascaigh Mhara (Iasc Neamh-fhásta a Chaomhaint), 1937.

In alt 3 cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4)—

“(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon lena ndearnadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.”

In alt 4 cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3)—

“(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon fheiste lena ndearnadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.”

Athghairmfear alt 10.

AN DARA SCEIDEAL.

Iniuchadh ar Chuntais Bhord Coimeadaithe.

Alt 5.

Mínithe.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn an focal “cuntais” cuntais ar fháltais agus ar íocaíochta;

ciallaíonn an focal “iniúchadh” iniúchadh ar chuntais bhoird de bhun míre 3 den Sceideal seo; ciallaíonn an focal “iniúchóir,” maidir leis an iniúchadh ar chuntais bhoird, an t-iniúchóir rialtais áitiúil a ainmneos an tAire Rialtais Áitiúil faoi mhír 3 den Sceideal seo chun an t-iniúchadh sin a dhéanamh;

ciallaíonn an focal “bord” bord coimeádaithe;

ciallaíonn an abairt “iniúchóir rialtais áitiúil” iniúchóir rialtais áitiúil do réir bhrí Ailt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) .

Cuntais a dhéanamh suas gach bliain.

2. Déanfar suas cuntais gach boird go bliantúil go dtí críoch gach bliana iascaigh.

Iniúchadh bliantúil cuntas ag iniúchóir.

3. Déanfaidh iniúchóir rialtais áitiúil a ainmneos an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin iniúchadh ar chuntais bhoird do gach bliain iascaigh.

Táillí iniúchóireachta.

4. (1) Aon tráth tar éis iniúchadh a chríochnú, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil le hordú an táille a shocrú (dá ngairmtear táille iniúchóireachta sa mhír seo) a bheas le n-íoc i leith an iniúchta sin.

(2) Déanfaidh bord a socrófar táille iniúchóireachta ina leith faoin mír seo, méid na táille sin d'íoc leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Mura n-íoctar méid aon táille iniúchóireachta, féadfar í a bhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an mbord ag a bhfuil an táille sin iníoctha.

(4) An t-airgead go léir is iníoctha leis an Aire Rialtais Áitiúil i leith táillí iniúchóireachta, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é mar ordós an tAire Airgeadais.

(5) Is tuigthe go bhfolóidh gach táille iniúchóireachta gach iniúchadh urghnáthach (más ann) a déanfar faoi mhír 13 den Sceideal seo ar na cuntais lena mbaineann an táille sin.

(6) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil le hordú aon ordú a chúlghairm a déanfar faoin mír seo.

Dualgais iniúchóra.

5. Beidh de dhualgas ar an iniúchóir ag gach iniúchadh a dhéanfas sé ar chuntais bhoird—

(a) na cuntais sin a scrúdú,

(b) gach ítim chuntais atá contrártha don dlí nó a mheasfas sé a bheith gan bunús a neamhcheadú,

(c) méid aon íocaíochta a neamhcheadófar d'fhormhuirearú ar an duine a rinne nó d'údaraigh an íocaíocht,

(d) méid aon easnaimh nó caillteanais a mhuirearú ar aon duine (is comhalta, oifigeach nó seirbhíseach don bhord) arb é a fhaillí nó a mhí-iompar faoi ndear an caillteanas nó an t-easnamh,

(e) aon tsuim nár tugadh go cuí chun cuntais a mhuirearú ar an duine (is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) a dhligh an tsuim sin a thabhairt chun cuntais,

(f) an méid a dheimhniú a bheas dlite ó aon duine ar ar chuir sé formhuirear nó muirear,

(g) a dheimhniú ag deireadh an iniúchta na cuntais a bheith ceadaithe aige, faoi réir aon neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú a bheas déanta aige.

Ráiteas on iniúchóir ar an gcúis a bhí lena bhreith maidir le neamhcheadú, formhuirear, muirear nó ceadú.

6. (1) An t-iniúchóir a dhéanfas iniúchadh ar chuntais bhoird, déanfaidh sé, ar iarratas ó aon pháirtí ar cúis mhíshásaimh leis é, ráiteas i scribhinn a thabhairt ag bun na gcuntas sin ar na cúiseanna a bhí aige lena bhreith maidir le haon neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú a rinne sé agus fós le aon cheadú a rinne sé.

(2) Aon iarratas faoi fho-mhír (1) den mhír seo déanfar é, i gcás ceaduithe, tráth nach déanaí ná cheithre lá dhéag tar éis an ceadú a dhéanamh agus i gcás neamhcheaduithe, formhuirir nó muirir, tráth nach déanaí ná cheithre lá dhéag tar éis a dheimhniú aon tsuim a bheith dlite ó aon duine maidir leis an neamhcheadú, an formhuirear nó an muirear.

Achomhairc chun na hArd-Chúirte nó chun an Aire i gcoinne breithe iniúchóra.

7. (1) Aon duine ar cúis mhíshásaimh leis aon cheadú, neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú a rinne iniúchóir ag aon iniúchadh ar chuntais bhoird, agus nár bhain leas as fo-mhír (2) den mhír seo, féadfaidh sé iarratas a chur chun na hArd-Chúirte ar ordú certiorari chun an ceadú, an neamhcheadú, an formhuirear nó an muirear sin d'aistriú chun na hArd-Chúirte, agus ar an aistriú sin a dhéanamh beidh feidhm ag na forála seo a leanas:—

(a) breithneoidh an Ard-Chúirt an t-abhar áirithe gearáin,

(b) má daingnítear breith an iniúchóra, ansin, mura n-ordaí an Ard-Chúirt costais an iniúchóra sna himeachta a bheith le n-íoc ag an inchúisitheoir, ordóidh an Ard-Chúirt na costais sin a bheith le n-íoc ag an mbord sin,

(c) má chítear don Ard-Chúirt gur bhreith earráideach breith an iniúchóra—

(i) féadfaidh an Chúirt pé ordú a dhéanamh is dual ó cheartas, lena n-áirítear ordú i gcóir pé íocaíocht is cuí léi,

(ii) déanfaidh an Chúirt, mura n-ordaí sí don inchúisitheoir a chostais féin sna himeachta a sheasamh, a ordú don bhord sin na costais sin d'íoc agus fós, mura n-ordaí sí don iniúchóir a chostais féin sna himeachta a sheasamh, na costais sin.

(2) Aon duine ar cúis mhíshásaimh leis aon neamhcheadú, formhuirearú, muirearú, nó ceadú a rinne iniúchóir ag aon iniúchadh, agus nár bhain leas as fo-mhír (1) den mhír seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire fiosrú agus breithniú a dhéanamh ar dhleathacht na gcúiseanna adúirt an t-iniúchóir a bhí aige leis an neamhcheadú, an formhuirear, an muirear nó an ceadú sin, agus air sin féadfaidh an tAire pé ordú a dhéanamh a mheasfas sé a bheith riachtanach chun an cheist a chinneadh, agus ag breithniú an iarratais dó féadfaidh sé breith a thabhairt do réir tuillteanas an cháis, agus má chinneann sé go ndearnadh aon neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú go dleathach, ach go ndeachthas faoi abhar an chéanna in imthosca a bheir gur cóir agus gur cothrom an neamhcheadú, an formhuirear nó an muirear a loghadh, féadfaidh sé a ordú é a loghadh ar na costais (más ann) d'íoc a ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile fúthu ag cur an neamhcheaduithe, an fhormhuirir nó an mhuirir i bhfeidhm agus beidh breith an Aire ina breith chríochnaitheach.

(3) Gach iarratas faoi fho-mhír (1) nó (2) den mhír seo de dhroim na breithe a thug an t-iniúchóir ar iniúchadh, déanfar é laistigh de shé seachtaine dar tosach an lá a fuair an t-iarratasóir cúiseanna an iniúchóra leis an mbreith sin.

Iarratas chun an Aire á iarraidh formhuirear nó muirear a dhaingnigh an Ard-Chúirt a loghadh.

8. Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte faoi fho-mhír (1) de mhír 7 den Sceideal seo ó dhuine ar cúis mhíshásaimh leis formhuirear nó muirear go ndaingneoidh an Chúirt an formhuirear nó an muirear, féadfaidh an duine sin, laistigh de cheithre seachtaine dar tosach lá an daingnithe sin, a iarraidh ar an Aire an formhuirear, nó an muirear, a loghadh, agus más dóigh leis an Aire ar an iarratas sin d'fháil, gur cóir agus gur cothrom mar gheall ar imthosca an cháis an formhuirear, nó an muirear a loghadh, féadfaidh sé a ordú é a loghadh ar na costais d'íoc a ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile fúthu ag cur i gcoinne an iarratais chun na hArd-Chúirte, agus ag cur an fhormhuirir nó an mhuirir i bhfeidhm ar shlite eile.

Formhuirir, etc., a ghnóthú.

9. (1) Más rud é—

(a) ar iniúchadh a dhéanamh ar chuntais bhoird go ndeimhneoidh an t-iniúchóir aon tsuim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) nach ndéanfar go cuí faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo aon iarratas de dhroim breithe an iniúchóra,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an mbord sin ar shé seachtaine a bheith caite ó dháta an deimhnithe ón iniúchóir á dheimhniú an tsuim sin a bheith dlite ón duine sin nó, má rinne an t-iniúchóir, de bhun míre 6 den Sceideal seo, na cúiseanna a lua a bhí aige lena bhreith, ón dáta a fuair an duine sin na cúiseanna sin.

(2) Más rud é—

(a) ar iniúchadh a dhéanamh ar chuntais bhoird go ndeimhneofar aon tsuim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) go ndéanfar go cuí faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo iarratas de dhroim breithe an iniúchóra, agus

(c) go mbreithneofar an tsuim sin nó aon chuid di a bheith dlite ón duine sin,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin nó an chuid sin di (pé acu é) leis an mbord sin roimh shé seachtaine a bheith caite ó thráth na breithe sin.

(3) Aon tsuim is gá do réir na míre seo d'íoc le bord féadfaidh an t-iniúchóir a bheas i gceist nó aon duine eile a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí mura n-íoctar í amhlaidh ar an tréimhse a sonraítear chuige sin leis an mír seo a bheith caite.

(4) Má ghnóthaíonn iniúchóir nó duine eile, de dhroim imeachta faoin mír seo, aon tsuim is gá do réir na míre seo d'íoc le bord, íocfaidh sé an tsuim sin leis an mbord sin.

(5) I gcás iniúchóir nó duine eile do dhul faoi chostais agus caiteachais réasúnacha chun suim a ghnóthú is gá do réir na míre seo d'íoc le bord, agus gan é d'fháil aon chuid, nó gan é d'fháil ach cuid, de na costais agus na caiteachais sin ón duine óna ndlitear an tsuim sin, déanfaidh an bord sin na costais agus na caiteachas sin nó an t-iarmhéid díobh nach bhfuarthas mar adúradh (pé acu é) d'íoc leis an iniúchóir nó leis an duine eile sin, maille le suim is cúiteamh réasúnach dó sa chailliúint aimsire a bhain dó.

Dlínse na Cúirte Dúiche in imeachta faoi mhír 9 den Sceideal seo.

10. Déantar leis seo mír A d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), agus alt 94 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), a leasú tuilleadh trí chlásal nua mar leanas a chur isteach i ndeireadh na míre sin—

“(vii) dlínse, gan teorainn ar bith maidir le méid an éilimh, in imeachta ar agra iniúchóra nó duine eile faoi fho-mhír (3) de mhír 9 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Iascaigh (Leasú,) 1949.”

Cumhachta iniúchóirí chun fianaise d'fháil, etc.

11. (1) Féadfaidh iniúchóir a bheas ag déanamh iniúchta fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn.

(2) Faoi réir forál fo-mhíre (3) den mhír seo, féadfaidh an t-iniúchóir a bheas ag déanamh iniúchta, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair san am agus san áit a sonrófar sa bhfógra sin chun fianaise a thabhairt maidir le haon ní a bheas i gceist ag an iniúchadh sin nó chun aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheas ina sheilbh, ina choimeád, nó faoina urláimh agus a bhainfeas le haon ní den tsórt sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha fo-mhíre (2) den mhír seo—

(a) ní bheidh sé riachtanach ar aon duine, i gcomhlíonadh fógra arna thabhairt faoin bhfo-mhír sin (2) ag iniúchóir, teacht i láthair ag áit is sia ná deich míle ó ghnátháit chónaí an duine sin mura ndearnadh suim a ghlanfas caiteachais réasúnacha riachtanacha a theachta i láthair amhlaidh d'íoc leis an duine sin nó a thairiscint dó;

(b) ar an iniúchóir dá iarraidh sin, íocfaidh bord a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh le haon duine a gceanglóidh an t-iniúchóir air faoin bhfo-mhír sin (2) teacht i láthair, nó tairgfid don duine sin, pé suim a mheasfas an t-iniúchóir a ghlanfas caiteachais réasúnacha riachtanacha a theachta i láthair amhlaidh;

(c) aon duine a tháinig i láthair ag aon áit i gcomhlíonadh fógra faoin bhfo-mhír sin (2), déanfaidh an bord a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh, ach amháin sa mhéid gur híocadh leis cheana caiteachais réasúnacha riachtanacha atheachta i láthair amhlaidh, na caiteachais sin d'íoc leis, agus mura n-íoctar na caiteachais sin amhlaidh, féadfar, ach amháin mar adúradh, iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;

(d) gach duine dár tugadh fógra faoin bhfo-mhír sin (2) agus a dhiúltós nó a fhailleos go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra sin, nó a athrós, a shochtfas, a cheilfeas nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin nó, ar theacht i láthair dó amhlaidh, a dhiúltós fianaise a thabhairt nó a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air;

(e) féadfar fógra faoin bhfo-mhír sin (2) a thabhairt trina sheachadadh don duine lena mbainfidh nó trína sheoladh leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chun an duine sin faoi sheoladh na háite a mbíonn gnáthchonaí air.

Rialacháin maidir le hiniúchadh.

12. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) an fhoirm ina mbeidh cuntais bhord le coimeád,

(b) an duine ag a mbeidh agus an t-am ar laistigh de a bheas na cuntais sin le tabhairt ar aird chun a n-iniúchta,

(c) an modh ar a ndéanfar an t-iniúchadh, agus

(d) aon ní nó rud eile a bhainfeas le hiniúchadh na gcuntas sin agus a measfaidh an tAire é a bheith riachtanach socrú a dhéanamh faoina chomhair.

(2) Aon rialacháin a rinneadh faoi fho-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1925, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Sceidil seo, leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu amhail is dá mba faoin mír seo a rinneadh iad.

Iniúchadh urghnáthach.

13. (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a ordú tráth ar bith iniúchadh urghnáthach a dhéanamh ar chuntais bhoird.

(2) Aon iniúchadh urghnáthach a déanfar faoin mír seo is tuigthe gur iniúchadh chun críocha na bhforál roimhe seo den Sceideal seo é agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála roimhe seo den Sceideal seo.

(3) Féadfaidh iniúchóir don Aire Rialtais Áitiúil, aon tráth a údarós an tAire sin dó nó a cheanglós sé air é cigireacht a dhéanamh ar chuntais aon bhoird, agus má dhiúltaíonn aon chomhalta, oifigeach, nó seirbhíseach don bhord sin an chigireacht sin a cheadú, nó má chuireann sé bacainn ar an iniúchóir sa chigireacht sin, nó má cheileann sé aon chuntas nó leabhar d'fhonn an chigireacht a chosc, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

AN TRIU SCEIDEAL.

“na hachtachain um iascach bradan”.

Alt 8.

1. The Fisheries (Ireland) Act, 1842 (ach amháin ailt 5, 6, 7, 8, 9, 10, 13, 14, 32 agus 36 (a mhéid a bhaineas alt 36 le hoisrí nó le síolbhach oisrí)).

2. The Fisheries (Ireland) Act, 1845 (ach amháin ailt 19 agus 20).

3. The Fisheries (Ireland) Act, 1848 (ach amháin alt 42 (a mhéid a bhaineas sé le hoisrí)).

4. The Fisheries (Ireland) Act, 1850.

5. The Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

6. The Fisheries (Ireland) Act, 1869.

7. The Pollen Fisheries (Ireland) Act, 1891.

8. An tAcht Iascaigh, 1924 (Uimh. 6 de 1924) .

9. An tAcht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) .

10. An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) .

11. Cuid II den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) , ach amháin ailt 17 agus 50.

12. An tAcht Iascaigh (Leasú), 1944 (Uimh. 6 de 1944) .

13. Alt 13 den Acht seo a mhéid a bhaineas an t-alt le hinneall iascaigh a húsáidtear chun breith ar bhradáin, bric nó easconna.