4 1949


Uimhir 4 de 1949.


ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT), 1929, AGUS ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1934 , AGUS CHUIGE SIN d'ATHGHAIRM ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1939 . [9ú Márta, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) ;

na tagairtí do dheontais agus d'iasachta is tagairtí iad do dheontais agus d'iasachta faoi Acht 1929.

(2) Léireofar mar aon ní amháin Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus an tAcht seo.

Méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a mhéadú.

2. —Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht thar naoi gcéad míle punt.

Teoranta le méideanna na ndeontas.

3. —(1) Ní raghaidh méid aon deontais aonair i leith aon tógála, feabhsúcháin nó leathnuithe a tosnaíodh an 1ú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis—

(a) i gcás deontais foirgnimh—thar an suim iomchuí a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo,

(b) i gcás deontais feabhsúcháin—thar ochtó punt.

(2) Ní raghaidh méid aon deontais aonair i leith tógáil tí chónaithe a tosnaíodh an 1ú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis, ach nár háitíodh an 1ú lá de Shamhain, 1947, ná roimhe, thar an suim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) I gcás—

(a) iarratas a dhéanamh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1947, ag lorg deontais aonair i leith feabhsú nó leathnú tí chónaithe, agus

(b) an feabhsú nó an leathnú do thosnú ach gan é do chríochnú roimh an dáta sin,

ní raghaidh méid an deontais thar seasca punt.

(4) Na teoranta a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1929 agus fo-alt (1) d'alt (3) d' Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934 (Uimh. 29 de 1934) , le méideanna na ndeontas, ní bheidh feidhm acu in aon chás lena mbaineann an t-alt seo.

Teoranta le méideanna na n-iasacht.

4. —Ní raghaidh iasacht i leith tógáil tí chónaithe nua thar céad punt agus ní raghaidh iasacht i leith feabhsú nó leathnú tí chónaithe thar ceathracha punt.

Deireadh le deontais i leith cróite cearc agus cróite muc.

5. —Tar éis an tAcht seo a rith, ní ceadófar aon deontais eile faoi alt 4 ná alt 5 d'Acht 1929.

Athghairm.

6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1949, a ghairm d' Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus den Acht seo le chéile.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Deontais i Leith Tithe Conaithe ar Tosnaiodh ar a dTogail an 1u Samhain, 1947, no da eis.

Alt 3 (1).

An duine dá bhféadfar an deontas a thabhairt

Mura bhfuil séarachas ná uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

An uimhir de sheomraí sa tigh

An uimhir de sheomraí sa tigh

3

4

5 nó

níos mó

3

4

5 nó

níos mó

Duine a thógfas teach

£

£

£

£

£

£

chun é féin dá áitiú

150

200

250

200

250

300

AN DARA SCEIDEAL.

Deontais i Leith Tithe Conaithe ar Tosnaiodh ar a dTogail an 1u Samhain, 1945, no da eis, ach nar hAitiodh an 1u Samhain, 1947, na Roimhe.

Alt 3 (2).

An duine dá bhféadfar an deontas a thabhairt

Mura bhfuil séarachas ná uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

An uimhir de sheomraí sa tigh

An uimhir de sheomraí sa tigh

3

4

5 nó

níos mó

3

4

5 nó

níos mó

Duine a thógfas teach

£

£

£

£

£

£

chun é féin dá áitiú

105

140

175

140

175

210

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 6.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 41 de 1929 .

Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 .

Fo-ailt (2) agus (3) d'alt 7.

Uimh. 29 de 1934 .

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934 .

Fo-alt (2) d'alt 3.

Uimh. 34 de 1939 .

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1939 .

An tAcht iomlán.