15 1948


Uimhir 15 de 1948.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (SEALADACH), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE SHEALADAIGH I dTAOBH FEIDHMEANNA FEIDHMIÚCHÁIN BHORD CÚNAIMH BHAILE ÁTHA CLIATH D'FHEIDHMIÚ AGUS DO CHUR SRIAIN GO SEALADACH LE BUANCHEAPACHÁIN A DHÉANAMH CHUN OIFIG BHAINISTEOIR CATHRACH CÚNTA BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS CHUN OIFIG BHAINISTEOIR CONTAE CÚNTA BHAILE ÁTHA CLIATH. [10ú Lúnasa, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath;

feidhmeanna feidhmiúcháin.

ciallaíonn an abairt “feidhmeanna feidhmiúcháin” feidhmeanna feidhmiúcháin chun críocha na nAcht um Bainistí Contae, 1940 agus 1942;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Ré feidhme Coda II.

3. —(1) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar an dáta, is túisce tar éis dáta an Achta seo a rith, a thiocfas comhaltaí an Bhoird a bheas tofa ag an toghchán do chomhaltaí an Bhoird arna chomóradh de bhun fho-ailt (2) d'alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1945 ( Uimh. 8 de 1945 ), i seilbh oifige, agus leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí meán oíche an 30ú lá de Mheitheamh, 1949, agus raghaidh in éag ansin mura gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia é le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2)  (a)  Féadfaidh an tAire le hordú arna dhéanamh roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1949, Cuid II den Acht seo a choimeád i bhfeidhm go ceann sé mhí ón lú lá d'Iúil, 1949, agus féadfaidh sé ó am go ham ina dhiaidh sin le hordú arna dhéanamh roimh dhul in éag don Chuid sin II faoin ordú deiridh roimhe sin a rinneadh faoin bhfo-alt seo, an Chuid sin II a choimeád i bhfeidhm go ceann sé mhí ón dáta a raghadh an Chuid sin II in éag faoin ordú deiridh sin roimhe sin.

(b)   Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo is le toiliú an Aire Shláinte a déanfar é.

(c)   Má dhéanann an tAire ordú faoin bhfo-alt seo leanfaidh Cuid II den Acht seo i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse dá gcoimeádfar i bhfeidhm é leis an ordú sin, nó, má déantar níos mó ná aon ordú amháin den tsórt sin, leis an ordú deiridh acu sin, agus ansin raghaidh sé in éag.

(d)   Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

CUID II.

Feidhmeanna Feidhmiuchain Bhord Cunaimh Bhaile Atha Cliath D'Fheidhmiu, agus Srianta le Buan-Cheapachain D'Oifigi Airithe.

Feidhmeanna feidhmiúcháin an Bhoird d'fheidhmiú.

4. —(1) Chun críocha an ailt seo beidh oifigeach ann (dá ngairmtear an príomh-oifigeach feidhmiúcháin san alt seo).

(2) Is é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fheidhmeos agus a chomhlíonfas feidhmeanna feidhmiúcháin an Bhoird, agus an té d'fheidhmeodh agus a chomhlíonfadh na feidhmeanna sin, mura mbeadh an fo-alt seo, ní fheidhmeoidh ná ní chomhlíonfaidh sé na feidhmeanna sin.

(3) Déanfaidh an tAire ó am go ham, do réir mar is gá, an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh, le toiliú an Aire Shláinte.

(4) An duine atá, an lá díreach roimh theacht i ngníomh don Chuid seo, ina choimisinéir don Bhord, de bhuaidh Coda IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , is tuigthe, amhail ar an gCuid seo a theacht i ngníomh agus uaidh sin amach, é a bheith arna cheapadh, faoi fho-alt (3) den alt seo, ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin.

(5) Beidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin i seilbh oifige faid is áil leis an Aire é.

(6) Aon uair nach cumasach don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin dualgais a oifige a chomhlíonadh de dheasca breoiteachta nó cúise eile, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte, duine a cheapadh chun dualgais an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh an éagumais sin, agus beidh ag an duine a ceapfar amhlaidh cumhachta uile an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin ar feadh an éagumais sin.

(7) Féadfaidh an tAire a ordú luach saothair d'íoc leis an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó le haon duine arna cheapadh faoi fho-alt (6) den alt seo agus féadfaidh sé a mhéid a chinneadh, agus déanfar an luach saothair sin arna chinneadh amhlaidh d'íoc as ioncam an Bhoird mar chuid dá gcostais ginearálta.

Srianta le buancheapacháin chun oifigí áirithe.

5. —Ní déanfar aon cheapachán, seachas ceapachán sealadach, chun oifig Bhainisteoir Cathrach Cúnta Bhaile Atha Cliath ná chun oifig Bhainisteoir Contae Cúnta Bhaile Atha Cliath.