5 1948


Uimhir 5 de 1948.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1947.

[18ú Márta, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1947, a bhuanú.

1. —Leanfaidh na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1947, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus raghaid in éag ansin.

Gearrtheideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1947, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948. a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.