45 1947


Uimhir 45 de 1947.


AN tACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT) (COMHAONTÚ NEUCHATEL), 1947.

[An tiontó oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927 AGUS 1929, CHUN ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHOMHAONTÚ EADARNÁISIÚNTA A SINÍODH I NEUCHATEL AN 8ú LÁ D'FHEABHRA, 1947, DO CHAOMHAINT NÓ D'AISIRIÚ CEARTA MAOINE TIONSCAIL A nDEARNA AN DARA COGADH DOMHANDA DIFIR DÓIBH. [23ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) ;

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 agus 1929;

tír Chonbhinsiúin.

ciallaíonn an abairt “tír Chonbhinsiúin” Stát coigríche lena mbaineann alt 152 den Phríomh-Acht;

iarratas Conbhinsiúin.

ciallaíonn an abairt “iarratas Conbhinsiúin” iarratas ag éileamb tosaíochta faoi alt 152 den Phríomh-Acht.

(2) Léireofar mar aon ní amháin na hAchta agus an tAcht seo.

Tosaíocht faoi shocruithe eadarnáisiúnta.

2. —(1) Féadfaidh an Ceannasaí an tréimhse d'iarratas Conbhinsiúin d'fhaidiú go dtí dáta nach déanaí ná an 30ú lá de Mheitheamh, 1948, in aon chás inar lóisteáladh an chéad iarratas i dtír Chonbhinsiúin tráth nár dhéanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1946, agus inar tháinig deireadh leis an tréimhse iomchuí a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 152 den Phríomh-Acht an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis sin, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948.

(2) (a) Má rinneadh nó má déantar iarratas ar phaitinn nó ar chlárú deara nó mairc thrádála tráth nach déanaí ná an 30ú Meitheamh, 1948, agus gur mian leis an iarratasóir an t-iarratas d'athrú ina iarratas Conbhinsiúin arna dhéanamh de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, féadfar a iarraidh i scríbhinn an t-iarratas d'athrú ina iarratas Conbhinsiúin, agus féadfar an t-eolas agus na doiciméidí ordaithe a lóisteáil tráth ar bith sar a nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, i gcás paitinne, nó sar a gclárófar an deara nó sar a nglacfar leis an iarratas ar mharc thrádála.

(b) Má cheadaíonn an Ceannasaí an t-athrú féadfaidh sé a cheangal foirm iarratais nua a lóisteáil in ionad na foirme iarratais a lóisteáladh roimhe sin, agus féadfaidh sé pé leasuithe a dhéanamh nó a cheadú ar na doiciméidí iarratais is gá chun an t-iarratas d'athrú ina iarratas Conbhinsiúin.

(3) I gcás iarratas Conbhinsiúin arna dhéanamh de bhuaidh an ailt seo a bheith in ordú chun paitinn a shéalú air, nó i gcás an phaitinn air a bheith séalaithe, agus paitinn dá chomhshamhail d'aireagán a bheith iarrtha roimhe sin ag an iarratasóir céanna nó a bheith deonta dhó, féadfaidh an Ceannasaí a dhiúltú paitinn a shéalú ar an iarratas roimhe sin nó ordú a dhéanamh ag cúlghairm na paitinne láithrí.

(4) I gcás deara is abhar d'iarratas Conbhinsiúin arna dhéanamh de bhuaidh an ailt seo a bheith ar tí a chláruithe nó a bheith cláraithe, agus iarratas ar chlárú a chomhshamhail de dheara a bheith déanta roimhe sin ag an iarratasóir céanna, nó deimhniú cláraitheachta a bheith deonta roimhe sin dó, féadfaidh an Ceannasaí a dhiúltú an deara a ndearnadh iarratas ina leith roimhe sin a chlárú nó féadfaidh ordú a dhéanamh ag cealú an chláruithe láithrigh.

(5) Léireofar mar aon ní amháin alt 152 den Phríomh-Acht agus an t-alt seo.

Cumhachta ginearálta chun teora aimsire d'fhaidiú.

3. —(1) Aon tréimhse a ceapadh leis na hAchta nó fúthu maidir le hathnuachaint ar chosaint aireagáin, deara nó mairc thrádála, ar scoireadh dá chosaint i rith na tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1947, féadfar, mar is rogha leis an gCeannasaí, í d'fhaidiú go dtí dáta nach déanaí ná an 30ú lá de Mheitheamh, 1948, ar an bpaitinní nó an dílseánach cláraithe, nó a ionadaí dlíthiúil nó a shannaí, dá iarraidh sin.

(2) Féadfaidh an Ceannasaí, faoi réir pé coinníoll is cuí leis d'fhorchur, faidiú go dtí dáta nach déanaí ná an 30ú Meitheamh, 1948, a dhéanamh ar an tréimhse a ceapadh leis na hAchta nó fúthu nó leis nó faoi na rialacha faoi na hAchta chun aon ghníomh, foirmiúlacht nó oblagáid a dhéanamh nó a chomhlíonadh a ceangaltar fúthu sin a dhéanamh nó a chomhlíonadh.

(3) Aon fhaidiú tréimhse a deonfar faoin Acht seo bhéarfar é gan táille ná pionós d'aon tsórt.

Paitinní d'aisiriú

4. —Má ceadaítear faidiú tréimhse faoi alt 3 den Acht seo chun táillí athnuachana d'íoc i leith paitinne a chuaigh in éag faoi alt 33 den Phríomh-Acht, déanfar, ar na táillí d'íoc laistigh den tréimhse fhaidithe, an phaitinn d'aisiriú le hordú ón gCeannasaí.

An tréimhse chóipchirt i ndearaí d'fhaidiú.

5. —I gcás faidiú tréimhse a cheadú, faoi alt 3 den Acht seo, chun táillí athnuachana d'íoc as faidiú tréimhse cóipchirt i ndeara cláraithe a bheas caite faoi alt 70 den Phríomh-Acht, déanfaidh an Ceannasaí, ar na táillí d'íoc laistigh den tréimhse fhaidithe, an tréimhse chóipchirt d'fhaidiú mar foráltar san alt sin.

Marcanna trádála a chur thar n-ais sa chlár.

6. —I gcás faidiú tréimhse a cheadú, faoi alt 3 den Acht seo, chun táillí d'íoc as athnuachaint ar chlárú mairc thrádála a baineadh den chlár faoi alt 107 den Phríomh-Acht, déanfaidh an Ceannasaí, ar na táillí d'íoc laistigh den tréimhse fhaidithe, an marc trádála a chur thar n-ais sa chlár.

Iarratais phaitinne a tréigeadh nó a chuaigh ar neamhní.

7. —(1) I gcás inar thuigthe iarratas ar phaitinn a bheith tréigthe faoi alt 16 nó ina ndeachaigh sé ar neamhní faoi alt 18 den Phríomh-Acht, i rith na tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar críoch dáta an Achta seo a rith, de bhíthin amháin gan an t-iarratasóir nó an Ceannasaí do chomhlíonadh aon cheanglais maidir le teorannta ama dá bhfuil sna hAchta nó sna rialacha fúthu, féadfaidh an Ceannasaí, go dtí dáta nach déanaí ná an 30ú lá de Mheitheamh, 1948, a cheadú an t-iarratas do dhul ar aghaidh.

(2) Aon iarratas a gceadófar, faoin alt seo, é do dhul ar aghaidh, áireofar é ina iarratas nár tréigeadh nó ná deachaigh ar neamhní, agus féadfaidh an Ceannasaí pé faidithe is cuí leis a cheadú ar na tréimhsí a ceapadh leis na hAchta nó na rialacha nó fúthu maidir leis an iarratas.

Srian le halt 43 den Phríomh-Acht.

8. —(1) Fionraítear leis seo go dtí an 1ú lá d'Iúil, 1949, oibriú ailt 43 den Phríomh-Acht (a bhaineas le cirt aontseilbhe faoi phaitinn a mhí-úsáid).

(2) I gcás feidhm a thabhairt don phroviso a ghabhas le mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 43 den Phríomh-Acht, ní tabharfar aird ar an tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1947.

Srian le halt 75 den Phríomh-Acht.

9. —(1) Fionraítear leis seo go dtí an 1ú lá d'Iúil, 1949, oibriú míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 75 den Phríomh-Acht (a bhaineas le cealú dearaí cláraithe).

(2) I gcás feidhm a thabhairt don phroviso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 75 den Phríomh-Acht, ní tabharfar aird ar an tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1947.

Srian le halt 111 den Phríomh-Acht.

10. —(1) Fionraítear leis seo go dtí an 1ú lá d'Iúil, 1949, oibriú ailt 111 den Phríomh-Acht (a bhaineas le neamhúsáid marcanna trádála cláraithe).

(2) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-alt (1) d'alt 111 den Phríomh-Acht, ní tabharfar aird ar an tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1947.

(3) Má déantar, roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1952, iarratas faoi alt 111 den Phríomh-Acht chun marc trádála a bhaint den chlár maidir le haon chuid de na hearraí dá mbeidh sé cláraithe, féadfar géilleadh don iarratas ar an bhforas ná dearnadh aon úsáid bona fide den mharc trádála maidir leis na hearraí i gcaitheamh tréimhse comhshuite is ionann agus cúig bliana agus ina dtáinig—

(i) an tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Iúil, 1947, agus dar chríoch lá an iarratais, agus

(ii) tréimhse díreach roimh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939.

Leanúint de shaothrú aireagán agus dearaí.

11. —(1) Más rud é go ndearna duine, i rith na tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1946, saothrú aireagáin nó deara a ghlacadh ar láimh de mheon mhacánta, féadfaidh sé féin, nó a ionadaí dlíthiúil nó a shannaí, leanúint dá shaothrú d'ainneoin paitinn san aireagáin a dheonadh nó an deara a chlárú de bhun iarratais arna dhéanamh de bhuaidh ailt 2 nó d'ainneoin paitinn san aireagán d'aisiriú faoi alt 4 nó cóipcheart sa deara d'fhaidiú faoi alt 5 den Acht seo.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo féadfar aon duine a chruthós gur aireag sé an t-aireagán go neamhspleách agus a lóisteáil iarratas ar phaitinn idir an 3ú Meán Fómhair, 1939, agus an 1ú Eanáir, 1946, nó féadfar ionadaí dlíthiúil nó sannaí an duine sin, d'áireamh ina shaothraí de mheon mhacánta cé ná beidh an t-aireagáin saothraithe go héifeachtach aige, más é an cogadh a chosc an saothrú.

(3) Aon phaitinn a deonfar nó aon deara a clárófar de bhun iarratais arna dhéanamh de bhuaidh ailt 2, agus aon phaitinn a haisireofar faoi alt 4, agus aon deara a bhfaideofar an tréimhse chóipchirt ann faoi alt 5, den Acht seo, beidh sé faoi réir na gceart a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Comhaontú Neuchatel), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1947, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.