36 1947


Uimhir 36 de 1947.


AN tACHT ATURNAETHE (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ NA SUIME IS INÍOCTHA FAOI ALT 43 DEN SOLICITORS (IRELAND) ACT, 1898, AGUS DO DHÉANAMH ATHGHAIRME AR PHÁIRT DEN ACHT CHUN AN SOLICITORS (IRELAND) ACT, 1898, A LEASÚ, 1923. [10ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tsuim is iníoctha faoi alt 43 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, a mhéadú.

1. —Dhá phunt an tsuim is iníoctha faoi alt 43 den Solicitors (Ireland) Act, 1898 (dá ngairmtear an Príomh-Acht san Acht seo), ar gach deimhniú dá dtagartar san alt sin agus ar an réamhchuardach agus an réamhfhiosrú is gá.

Athghairm.

2. —(1) Athghairmtear leis seo míreanna (b) agus (c) d'alt 1 den Acht chun an Solicitors (Ireland) Act, 1898, a Leasú, 1923 ( Uimh. 10 de 1923 ) (dá ngairmtear Acht 1923 san Acht seo).

(2) Na forála a cuireadh le halt 29 den Phríomh-Acht trí mhír (b) d'alt 1 d'Acht 1923, leanfaid, d'ainneoin na hathghairme a dhéanann fo-alt (1) den alt seo ar an mír sin (b), d'fheidhm a bheith acu maidir le duine ar bith d'fhág ag Rúnaí Dlí-Chumainn Chorpraithe na hÉireann, roimh an 12ú lá de Shamhain, 1947, na doiciméidí a luaitear i Rialachán I de na Rialacháin d'ordaigh Comhairle an Chumainn sin an 11ú lá d'Iúil, 1923.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Aturnaethe (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.