19 1947


Uimhir 19 de 1947.


ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH MÉADUITHE, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR THUARASTAL AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE. [19ú Iúil, 1947].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 (Uimh. 1 de 1923) .

Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Déanfar an tuarastal bliantúil is iníoctha faoi fho-alt (1) d'alt 2 (a bhaineas le tuarastal an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste) den Phríomh-Acht a mhéadú cúig fichead faoin gcéad.

Gearrtheideal, tosach foidhme agus comhlua.

3. —(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Is tuigthe an tAcht seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1947, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

(3) Féadfar Achta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1947, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 (Uimh. 19 de 1944) , agus den Acht seo le chéile.