17 1947


Uimhir 17 de 1947.


AN tACHT CEARDCHUMANN, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH ATHGHAIRME AGUS ATHACHTUITHE, FARA ATHRUITHE AGUS AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA, AR FHORÁLA AILT 8 DEN ACHT CEARDCHUMANN, 1941, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [9ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Ceardchumann, 1941 (Uimh. 22 de 1941) ;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

An Sceideal a ghabhas le hAcht 1941 a athrú.

2. —(1) Más rud é, i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach dáta an Achta seo a rith, gur deimhin leis an Aire, maidir le haon cheardchumann áirithe a bheas cláraithe faoi na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1942, go mba chruatan míchuí é ar an gceardchumann sin é a bheith d'fhiachaibh air an éarlais iomlán a sonraítear le halt 7 d'Acht 1941 a lóisteáil agus a choimeád ar lóisteáil san Ard-Chúirt, féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú, gur tuigthe, maidir leis an gceardchumann sin, gach suim airgid a luaitear sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1941 a bheith arna laghdú an méid sin, nach mó ná cúig seachtód faoin gcéad, is cuí leis an Aire.

(2) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht aige do réir a théarmaí ar feadh na tréimhse a sonrófar ann chuige sin, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt sin tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tús dáta thosach feidhme an Achta seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh tar éis fógra sé mhí a thabhairt don cheardchumann iomchuí, aon ordú a chúlghairm a rinne sé roimhe sin faoi fho-alt (1) den alt seo.

Alt 8 d'Acht 1941 a athghairm agus orduithe a choimeád i bhfeidhm.

3. —(1) Athghairmtear leis seo alt 8 d'Acht 1941.

(2) I gcás ina raibh ordú faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1941 i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith—

(a) leanfaidh an t-ordú de bheith i bhfeidhm, agus

(b) bainfidh forála ailt 2 den Acht seo leis an ordú amhail is dá mba ordú faoi fho-alt (1) den alt sin é.

Gearrtheideal.

4. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1947, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1942, le chéile.