11 1947


Uimhir 11 de 1947.


AN tACHT UM GHNÍOMHARTHA GAILE, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN COMHAIRLE A BHUNÚ CHUN AITHINT A THABHAIRT DO GHNÍOMHARTHA GAILE AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22ú Aibreán, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na Míre Gaile;

ciallaíonn an abairt “gníomh gaile” iarracht lena ngabhann fiontar pearsanta ar dhuine nó daoine a tharrtháil ón mbás;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Comhairle na Míre Gaile.

2. —(1) Beidh comhairle ann dá ngairmfear Comhairle na Míre Gaile chun na feadhma a chomhlíonadh a ceaptar di leis an Acht seo.

(2) Beidh an Chomhairle comhdhéanta de na daoine seo a leanas:—

(a) An Ceann Comhairle;

(b) Cathaoirleach Sheanad Éireann;

(c) Cathaoirleach Phríomh-Chomhairle Chumann Croise Deirge na hÉireann;

(d) Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath;

(e) Ard-Mhéara Chorcaighe;

(f) Cathaoirleach Chomhchomhairle na gComhairlí Contae;

(g) Coimisinéir an Gharda Shíochána.

(3) Is é an Ceann Comhairle a bheas ina Chathaoirleach ar an gComhairle.

(4) Ceathrar comhaltaí is córam don Chomhairle.

(5) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina comhaltas.

Feadhma na Comhairle.

3. —(1) Faoi réir fo-alt (2) agus (3) den alt seo, féadfaidh an Chomhairle, mar is oiriúnach léi, boinn agus deimhnithe a dhámhachtain as gníomhartha gaile.

(2) Ní fhéadfaidh an Chomhairle dámhachtain a dhéanamh faoin Acht seo as gníomh gaile ach amháin i gcás an gníomh a dhéanamh an 4ú lá d'Iúil, 1945, nó dá éis, agus sin—

(a) sa Stát, nó

(b) ar muir ag comhalta d'fhoirinn loinge a bheas cláraithe sa Stát, nó

(c) lasmuigh den Stát ag duine a bhí ag cabhrú le comhalta den fhoirinn, nó le paisnéir, ar aerárthach nó ar loing a bhí cláraithe sa Stát.

(3) Ní dhéanfaidh an Chomhairle dámhachtain faoin Acht seo as gníomh gaile ag comhalta de na Fórsaí Cosanta ar fianas dó.

Nós imeachta na Comhairle.

4. —Bainfidh na forála seo a leanas le feidhmiú a feidhm faoin Acht seo ag an gComhairle—

(a) beidh cruinnithe ag an gComhairle ó am go ham do réir mar is gá;

(b) ní déanfar dámhachtain ag cruinniú den Chomhairle mura vótála ceathrar ar a laghad de na comhaltaí i bhfábhar dámhachtain a dhéanamh.

An tAire d'íoc cúitimh.

5. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suim is oiriúnach leis an Aire a íoc mar chúiteamh le duine a rinne gníomh gaile i dtosca ina bhféadfaidh an Chomhairle dámhachtain a dhéanamh faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo, nó le haon duine de chleithiúnaithe an duine sin.

Costais.

6. —Na costais faoin raghfar ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht um Ghníomhartha Gaile, 1947 , a ghairm den Acht seo.