37 1946


Uimhir 37 de 1946.


AN tACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT SA STÁT DO SHOCRUITHE ÁIRITHE ATÁ BEARTAITHE AGUS FAOINA bhFUIL RIALTAS NA RÍOCHTA AONTAITHE CHUN A GHABHÁIL ORTHU FÉIN AN COSTAS A GHLANADH A BHAINFEAS LE SOCHAIR, I LEITH DÍFHOSTAÍOCHTA SA STÁT, A ÍOC LE DAOINE ÁIRITHE A D'FHÓNAIGH I bhFÓRSAÍ AN RIALTAIS SIN, AGUS DO LEASÚ NA nACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1920 GO 1945. [19ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal agus comhluadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1946, a ghairm de na hAchta Éireannacha agus den Acht seo le chéile..

Mínithe.

2. —San Acht seo—

Acht 1920.

ciallaíonn an abairt “Acht 1920” an Unemployment Insurance Act, 1920;

Acht 1926.

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht um Arachas Díomhaointis, 1926 (Uimh. 21 de 1926) ;

Acht 1945.

ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an t Acht Arachais Dífhostaíochta, 1945 (Uimh. 23 de 1945) ;

na socruithe.

ciallaíonn an abairt “na socruithe” na socruithe dá dtagartar in alt 3 den Acht seo;

na hAchta Breataineacha.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Breataineacha” na hAchta ó Pharlaimint na Ríochta Aontaithe dá ngairmtear the Unemployment Insurance Acts, 1935 to 1944;

an Ciste Dífhostaíochta Breataineach.

ciallaíonn an abairt “an Ciste Dífhostaíochta Breataineach” an Ciste Dífhostaíochta a bunaíodh faoi na hAchta Breataineacha;

na hAchta Eireannacha.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Éireannacha” na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1945;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

an Scéim.

ciallaíonn an abairt “an Scéim” Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais, a bunaíodh faoi na hAchta Éireannacha;

sochar speisialta.

ciallaíonn an abairt “sochar speisialta” an sochar is iníoctha faoi alt 4 den Acht seo;

na coinníollacha reachtúla.

ciallaíonn an abairt “na coinníolla reachtúla” na coinníollacha atá leagtha amach in alt 5 den Acht seo.

Tosach feidhme Coda II den Acht seo.

3. —(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo.

(2) I gcás, agus amháin i gcás, socruithe a dhéanamh idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe trína ngabhann Rialtas na Ríochta Aontaithe orthu féin an costas a ghlanadh a bhainfeas le sochar a íoc le daoine sa Stát i leith tréimhsí a gcomhlíonfaidh na daoine sin na coinníollacha reachtúla ar a bhfeadh, féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, go dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar pé dáta a shonrós sé san ordú, agus air sin tiocfaidh an Chuid sin II i ngníomh ar an dáta a sonrófar amhlaidh.

CUID II.

Sochar Speisialta.

Ceart daoine áirithe chun sochair speisialta.

4. —Amhail ó dháta thosach feidhme na Coda seo agus faid a mhairfeas na socruithe, beidh gach duine a chomhlíonfas na coinníollacha reachtúla i dteideal, faoi réir forál na Coda seo, íocaíochtaí sochair a fháil do réir na rátaí a húdaraítear leis an gCuid seo agus i gceann tréimhsí is ionann agus na tréimhsí a bheas ceaptha ó am go ham chun sochar dífhostaíochta a íoc faoi na hAchta Éireannacha.

Na coinníollacha reachtúla chun sochar speisialta a fháil.

5. —Is iad na coinníollacha reachtúla chun duine d'fháil sochair speisialta—

(a) an duine sin d'éileamh an tsochair sin sa tslí ordaithe,

(b) an duine sin a bheith ag fónamh ar feadh iomláine na tréimhse, nó ar feadh aon choda den tréimhse, dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 14ú lá de Lúnasa, 1945, i bhFórsaí na Ríochta Aontaithe i seirbhís d'aon tsórt a bheas sonraithe sna socruithe,

(c) an duine sin a bheith, aon tráth roimh é a dhul ar seirbhís sna Fórsaí sin, ina ghnáthchomhnaí sa Stát,

(d) an duine sin a bheith arna urscaoileadh as na Fórsaí sin,

(e) tríocha ranníocaíocht ar a laghad a bheith i gcreidiúint don duine sin sa Chiste Dífhostaíochta Breataineach i leith seirbhíse sna Fórsaí sin in aghaidh an dá bhliain díreach roimh dháta a chéad éilimh ar shochar speisialta,

(f) an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníoll (seachas na coinníollacha a bhaineas le ranníocaíochta) chun sochar dífhostaíochta a fháil faoi na hAchta Éireannacha,

(g) an duine sin a bheith saor ó na dícháilíochta (seachas an dícháilíocht a bhaineas le ranníocaíochta) chun sochar dífhostaíochta a fháil faoi na hAchta Éireannacha, agus

(h) an duine sin a bheith gan an méid iomlán a fháil a d'fhéadfaí, faoi fho-alt (2) d'alt 6 den Acht seo, a íoc leis i leith sochair speisialta.

Na rátaí sochair speisialta agus teora lena mhéid iomlán.

6. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, déanfar sochar speisialta, is iníoctha le duine ar bith a bheas ina theideal, a íoc do réir an ráta sheachtainiúil arb é an ráta seachtainiúil iomchuí é do shochar dífhostaíochta faoi na hAchta Breataineacha maidir leis an duine sin.

(b) I gcás cleithiúnaí nó cleithiúnaithe, do réir bhrí na nAcht Éireannach, a bheith ar dhuine a bheas i dteideal sochair speisialta, méadófar ráta seachtainiúil sochair speisialta an duine sin de mhéid is ionann agus an méid is iníoctha faoi na hAchta Breataineacha mar mhéadú ar shochar dífhostaíochta ach, maidir le leanbhaí cleithiúnacha, ní bhainfidh an méadú sin ach le beirt ar a mhéid.

(2) (a) Ní raghaidh méid iomlán an tsochair speisialta is iníoctha le haon duine áirithe thar an méid dob fhéidir a íoc leis an duine sin faoi fho-alt (1) den alt seo i leith tréimhse de chéad agus ochtó lá.

(b) Má rinneadh, ó hurscaoileadh é as Fórsaí na Ríochta Aontaithe, sochar dífhostaíochta a íoc sa Ríocht Aontaithe le duine a bheas i dteideal sochair speisialta, ansin, déanfar an tréimhse de chéad agus ochtó lá dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo a laghdú an uimhir de laethe ar hiocadh sochar dífhostaíochta amhlaidh ina leith.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin Acht seo, na rátaí seachtainiúla a ceaptar le fo-alt (1) den alt seo a laghdú, ach, i gcás duine ar bith, ní oibreoidh na rialacháin sin (má déantar iad) chun laghdú a dhéanamh ar an méid iomlán, dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo, a bheas i sochar speisialta an duine sin.

Eilimh agus ceisteanna a chinneadh.

7. —(1) Déanfar gach éileamh ar shochar speisialta agus gach ceist a éireos uime a chinneadh amhail is dá mba éileamh ar shochar dífhostaíochta nó ceist a d'éirigh uime faoi na hAchta Éireannacha an t-éileamh nó an cheist sin, agus beidh ag gach oifigeach árachais agus ag gach cúirt réiteoirí agus ag an moltóir faoi na hAchta Éireannacha, maidir le sochar speisialta, na cumhachta agus na dualgais chéanna a bronntar nó a forchuirtear leis na hAchta Éireannacha ar an oifigeach árachais, an chúirt réiteoirí nó an moltóir sin maidir le sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha.

(2) Má éiríonn aon cheist i dtaobh é a bheith ceart aon mhéadú a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 6 den Acht seo ar shochar speisialta, cinnfear an cheist sin amhail is dá mba cheist í a d'éirigh faoi alt 1 den Unemployment Insurance Act, 1922.

Feidhm forál áirithe de na hAchta Eireannacha agus rialachán arna ndéanamh fúthu.

8. —(1) Na forála uile (lena n-áirítear forála pionósacha) de na hAchta Éireannacha a bhaineas le sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha (ach amháin fo-ailt (5) agus (6) d'alt 22 d'Acht 1920 agus alt 9 den Acht um Arachas Díomhaointis, 1923 ( Uimh. 17 de 1923 )), beidh feidhm acu, a mhéid ná fuil na forála sin ar neamhréir leis an gCuid seo, maidir le sochar speisialta.

(2) Aon rialacháin a bheas déanta faoi na hAchta Éireannacha maidir le sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha, beidh feidhm acu, a mhéid ná beidh na rialacháin sin ar neamhréir leis an gCuid seo, maidir le sochar speisialta.

Ró-íocaíochta a aisghabháil.

9. —(1) Má gheibhtear amach uair ar bith go raibh sochar speisialta á fháil ag duine faid a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh ina chás, dlífidh sé aon tsuimeanna a híocadh leis i leith sochair speisialta, faid a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh, a aisíoc leis an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire aon tsuimeanna, a dhlífeas duine ar bith a aisíoc leis an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, a aisghabháil ón duine sin mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) (a) Más rud é go ndlífidh duine ar bith faoi fho-alt (1) den alt seo aon tsuim a aisíoc leis an Aire a fuair sé mar shochar speisialta agus ná cruthóidh sé gur de mheon mhacánta agus in ainbhios ar é a bheith gan teideal chuici a fuair sé an tsuim sin, ansin, féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile aisghabhála, an tsuim sin a aisghabháil trí asbhaintí as aon tsochar speisialta a mbeidh an duine sin ina theideal nó a dtiocfaidh sé ina theideal ina dhiaidh sin.

(b) Bainfidh alt 11 d'Acht 1920 le gach ceist a éireos faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(4) Aon airgead a haisíocfar leis an Aire nó a aisghabhfas sé faoin alt seo, úsáidfidh sé é amhail is dá mba airgead a haistríodh chuige as an gCiste Dífhostaíochta Breataineach an t-airgead sin.

Srianta le sochair faoi na hAchta Eireannacha agus le cúnamh dífhostaíochta a íoc.

10. —Ní bheidh duine i dteideal, i leith aon lae a mbeidh sochar speisialta á fháil aige ina aghaidh,—

(a) sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha a fháil, ná

(b) sochar díth-oibre faoin Scéim a fháil, ná

(c) cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchta um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1940, a fháil.

Alt 8 d'Acht 1920 a leasú.

11. —Aon bhliain árachais a mbeidh sochar speisialta á fháil ag duine ar a feadh nó ar feadh aon choda dhi agus ná déanfar lena linn aon ranníocaíocht a íoc i leith an duine sin faoi na hAchta Éireannacha ná faoin Scéim, ní háireofar í chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 d'Acht 1920, arna leasú le halt 6 d'Acht 1926, ná chun críocha an fho-ailt sin (4) arna leasú amhlaidh agus arna thonasc leis an Scéim.

Cumhacht an Aire chun Cuid II a leasú chun éifeacht a thabhairt do mhodhnuithe ar na socruithe.

12. —Má déantar, tráth ar bith tar éis tosach feidhme na Coda seo, na socruithe a mhodhnú, féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin Acht seo, pé leasuithe a dhéanamh ar an gCuid seo a mheasfas sé is gá chun éifeacht a thabhairt do na socruithe arna modhnú amhlaidh.

Rialacháin.

13. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní nó ruda dá dtagartar sa Chuid seo mar ní nó rud atá ordaithe.

Costais.

14. —(1) Is as airgead a haistreofar chun an Aire as an gCiste Dífhostaíochta Breataineach a déanfar gach íocaíocht sochair speisialta.

(2) Na costais (ach amháin ioc sochair speisialta) faoina raghaidh an tAire chun an Chuid seo a riaradh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID III.

Forala maidir le Sean-Chomhaltai de na Forsai Cosanta a bhfuil Comhnai orthu i dTuaisceart Éireann.

Forála maidir le sean-chomhaltaí de na Fórsaí Cosanta a bhfuil comhnaí orthu i dTuaisceart Éireann.

15. —(1) (a) D'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Éireannacha, beidh sochar dífhostaíochta, i leith ranníocaíochtaí a ghnóthaigh sé sa Chiste Dífhostaíochta faoi Acht 1945, iníoctha, le linn dó bheith ina chomhnaí i dTuaisceart Éireann, le comhalta urscaoilte de na Fórsaí Cosanta a bhí ina ghnáthchomhnaí i dTuaisceart Éireann tráth ar bith roimh liostáil dó agus a bheadh, mura mbeadh comhnaí a bheith air i dTuaisceart Éireann, i dteideal sochair dífhostaíochta.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ní háireofar chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 d'Acht 1920, arna leasú le halt 6 d'Acht 1926, an bhliain árachais i ndiaidh urscaoileadh comhalta de na Fórsaí Cosanta más rud é ná híocfar aon ranníocaíocht ina leith faoi na hAchta Éireannacha i rith na bliana sin.

(2)   (a) D'ainneoin aon ní dá bhfuil sa Scéim, beidh sochar díth-oibre faoin Scéim, i leith ranníocaíochtaí a ghnóthaigh sé sa Chomh-Chiste Arachais faoi Acht 1945, iníoctha, le linn dó bheith ina chomhnaí i dTuaisceart Éireann, le comhalta urscaoilte de na Fórsaí Cosanta a bhí ina ghnáthchomhnaí i dTuaisceart Éireann tráth ar bith roimh liostáil dó agus a bheadh, mura mbeadh comhnaí a bheith air i dTuaisceart Éireann, i dteideal sochair díth-oibre faoin Scéim.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ní háireofar chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 d'Acht 1920, arna leasú le halt 6 d'Acht 1926 agus arna thonase leis an Scéim, an bhliain árachais i ndiaidh urscaoileadh comhalta de na Fórsaí Cosanta más rud é ná híocfar aon ranníocaíocht ina leith faoin Scéim i rith na bliana sin.

(3) Gach focal nó abairt a húsáidtear san alt seo agus a húsáidtear freisin in Acht 1945 tá leis san alt seo an bhrí atá leis in Acht 1945.