26 1946


Uimhir 26 de 1946.


AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946.

(An tiontó oifigiúil)


ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA CHUN CAIDREAMH MUINTEARTHA A CHOTHÚ IDIR OIBRITHE AGUS A bhFOSTÓIRÍ AGUS CHUIGE SIN DO BHUNÚ SÁSRA CHUN RÁTAÍ LUACH SAOTHAIR AGUS COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA A RIALÚ AGUS CHUN AIGHNIS CHEIRDE A SHEACHAINT AGUS A RÉITEACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[27ú Lúnasa, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe go ginearálta.

3. —San Acht seo—

an Chúirt.

ciallaíonn an abairt “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

comhchomhairle thionscail chláraithe.

tá leis an abairt “comhchomhairle thionscail chláraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 59 den Acht seo;

aighneas ceirde.

ciallaíonn an abairt “aighneas ceirde” aon aighneas nó diospóid idir fhostóirí agus oibrithe nó idir oibrithe agus oibrithe maidir le fostaíocht nó neamhfhostaíocht, nó le téarmaí fostaíochta, nó le coinníollacha fostaíochta, dhuine ar bith;

ceardchumann.

ciallaíonn an focal “ceardchumann” ceardchumann ag a mbeidh ceadúnas margántaíochta arna dheonadh faoin Acht Ceardchumann, 1941 (Uimh. 22 de 1941) .

“oibrí”.

4. —(1) San Acht seo (ach amháin Cuid VI) ciallaíonn an focal “oibrí” duine ar bith ceithre bliana déag d'aois nó os a chionn a mbeidh conradh déanta aige nó a bheas ag obair faoi chonradh le fostóir pé acu conradh do shaothar láimhe nó d'obair chléireachais nó eile é, agus pé acu sainráite nó intuigthe nó ó bhéal nó i scríbhinn dó, agus pé acu conradh seirbhíse nó príntíseachta é nó conradh chun aon obair nó saothar a dhéanamh go pearsanta, seachas—

(a) duine a bheas ar fostú ag an Stát nó faoin Stát, nó

(b) múinteoir i meánscoil, nó

(c) múinteoir i scoil náisiúnta, nó

(d) duine a bheas ar fostú ag údarás áitiúil in aon oifig nó fostaíocht, nó

(e) oifigeach nó seirbhíseach do choiste gairm-oideachais, nó

(f) oifigeach nó seirbhíseach do choiste talmhaíochta, nó

(g) oifigeach do choiste freastail scoile, nó

(h) oibrí talmhaíochta do réir bhrí an Achta um Páigh Thalmhaíochta, 1936 ( Uimh. 53 de 1936 ).

(2) Chun críocha an ailt seo, is údarás áitiúil gach ceann de na comhlachta seo a leanas (pé acu corpraithe nó neamhchorpraithe dhó)—

(a) comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh, údarás cúnaimh phoiblí, coimisinéirí baile, údarás sláintíochta poirt,

(b) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord arna cheapadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis é) le reacht nó faoi reacht chun feadhma nó aon chuid d'fheadhma comhlachta nó comhlachtaí acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, agus

(c) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord de chomhlacht nó de chomhlachta, nó arna cheapadh ag comhlacht nó ag comhlachta, acu sin a luaitear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, ach gan coiste gairm-oideachais, coiste talmhaíochta ná coiste freastail scoile a áireamh.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe.

Rialacháin a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

6. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a chur faoina bhráid, rún a rith ag cur an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Ionchúisimh ag an Aire.

7. —Féadfaidh an tAire cion faoi aon alt nó fo-alt san Acht seo a ionchúiseamh.

Athghairm.

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Costais.

9. —Na costais faoi na raghfar cun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Al Chuirt Oibreachais.

An Chúirt Oibreachais a bhunú.

10. —(1) Beidh comhlacht ann, dá ngairmfear an Chúirt Oibreachais, chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Chúirt comhdhéanta de chathaoirleach (dá ngairmtear an cathaoirleach san Acht seo) agus ceathrar gnáthchomhaltaí (dá ngairmtear na gnáthchomhaltaí san Acht seo) ar comhaltaí oibrithe beirt acu agus ar comhaltaí fostóirí beirt acu.

(3) Is é an tAire a cheapfas an cathaoirleach agus beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí a chinnfeas an tAire agus é á cheapadh.

(4) Déanfaidh an tAire, maidir le gach duine is comhalta oibrithe, comheagras a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe a shonrú chun duine a ainmniú chun a cheaptha, agus, maidir le gach comhalta fostóirí, ceardchumann fostóirí a shonrú chun duine a ainmniú chun a cheaptha, agus ceapfaidh an tAire an duine a hainmneofar amhlaidh.

(5) Más rud é, nuair a bheas ceapachán áirithe comhaltaí oibrithe (nó, i gcás corr-fholúntais, comhalta oibrithe) le déanamh—

(a) go mbeidh níos mó aon chomheagras amháin ann a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe, agus

(b) gur dóigh leis an Aire ná fuil sé inmhianuithe an ceapachán a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo,

féadfaidh sé, le rialacháin, a dhearbhú gur faoin bhfo-alt seo a déanfar an ceapachán, in ionad é a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (4), agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) iarrfaidh an tAire ar cheardchumainn oibrithe agus ar chomheagrais a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe daoine a ainmniú chun a gceaptha, agus

(ii) déanfaidh sé an ceapachán as na daoine a hainmneofar amhlaidh.

(6) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chathaoirligh na Cúirte ná le hoifig ghnáthchomhalta den Chúirt.

(7) mura dtarlaí é a éag, nó a éirí as oifig nó a chur as oifig, beidh gnáthchomhalta i seilbh oifige—

(a) más faoi fho-alt (4) den alt seo a ceapfar é, go ceann pé tréimhse, nach sia ná cúig bliana, a chinnfeas an tAire agus é á cheapadh,

(b) más faoi fho-alt (5) den alt seo a ceapfar é, go ceann cúig bliana nó, má cúlghairmtear nó má cuirtear ar neamhbhrí roimhe sin na rialacháin ar dá mbuaidh a ceapadh é, go dtí go ndéanfar an chúlghairm nó an cur ar neamhbhrí sin.

(8) Féadfaidh an tAire gnáthchomhalta a chur as oifig ar chúiseanna a luafar ach, má bhíonn an comheagras a d'ainmnigh é ar marthain, ní féidir sin a dhéanamh gan toiliú an chomheagrais sin.

(9) Íocfar leis an gcathaoirleach agus leis na gnáthchomhaltaí pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(10) Bhéarfaidh an cathaoirleach iomlán a chuid ama d'obair na Cúirte.

(11) Ní bheidh gnáthchomhalta i seilbh oifige iontaobhaí, cisteora, rúnaí ná aon oifige eile i gceardchumann ná ní bheidh ina chomhalta d'aon choiste ceardchumainn ná ní bheidh i seilbh aon oifige ná fostaíochta a choimeádfadh é ó bheith ar fáil i gcónaí i gcóir oibre na Cúirte.

(12) Ní ceapfar duine ina chathaoirleach ar an gCúirt ná ina chomhalta den Chúirt mura bhfuil gnáthchónaí air sa Stát.

Ranna na Cúirte.

11. —Aon uair is dóigh leis an gcathaoirleach é a bheith fóirstineach, d'fhonn gnó na Cúirte a dhéanamh go tapaidh, go ngníomhódh an Chúirt ina ranna, féadfaidh sé ordachán a thabhairt dá réir sin agus, go dtí go gcúlghairmfidh sé a ordachán—

(a) beidh ranna sa Chúirt mar leanas—

(i) céadroinn, a bheas comhdhéanta den chathaoirleach (agus is eisean a bheas ina chathaoirleach ar an roinn) agus de chomhalta oibrithe agus comhalta fostóirí arna roghnú ag an gcathaoirleach, agus

(ii) dara roinn, a bheas comhdhéanta den leaschathaoirleach (agus is eisean a bheas ina chathaoirleach ar an roinn), den chomhalta oibrithe eile agus den chomhalta fostóirí eile;

(b) is é an cathaoirleach a cheapfas do gach roinn an gnó a bheas le déanamh aici;

(c) chun críche an ghnótha a ceapfar di amhlaidh, beidh ag gach roinn cumhachta uile na Cúirte agus beidh ag cathaoirleach na roinne cumhachta uile an chathaoirligh agus léireófar tagairtí san Acht seo don Chúirt agus don chathaoirleach mar thagairtí a fholaíos tagairtí do roinn agus do chathaoirleach roinne, faoi seach.

Leaschathaoirleach.

12. —(1) Déanfaidh an tAire ionadaí don chathaoirleach a cheapadh a bheas i seilbh oifige ar pé téarmaí a chinnfeas an tAire agus é á cheapadh.

(2) Má bhíonn an cathaoirleach as láthair, gníomhóidh an leaschathaoirleach ina ionad agus léireofar tagairtí san Acht seo don chathaoirleach mar thagairtí a fholaíos tagairtí don leaschathaoirleach agus é ag gníomhú amhlaidh.

(3) Ní ceapfar duine ar bith ina leas-chathaoirleach mura bhfuil gnáthchónaí air sa Stát.

(4) Féadfar pé táillí a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an leas-chathaoirleach.

Cláraitheoir agus oifigigh agus seirbhísigh na Cúirte.

13. —(1) (a) Déanfaidh an tAire abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach a mbeidh seasamh deich mbliana ar a laghad aige a cheapadh ina chláraitheoir don Chúirt.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, is tuigthe gur cleachtadh mar abhcóide nó aturnae seirbhís i bpost sa Stát-Sheirbhís ná raibh incheaptha chuige ach abhcóidí agus aturnaethe.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt agus le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh don Chúirt a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an gCúirt i gcomhlíonadh a feadhma.

(3) Beidh cláraitheoir agus oifigigh agus seirbhísigh na Cúirte i seilbh oifige ar pé téarmaí, agus gheobhaid pé luach saothair, a chinnfeas an tAire Airgeadais.

Meisiúnaithe teicniúla.

14. —(1) Féadfaidh an Chúirt meisiúnaithe teicniúla a cheapadh chun cabhrú léi in aon ní a bhainfeas le himeachta i láthair na Cúirte.

(2) Déanfar pé táillí a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le meisiúnaithe teicniúla.

Na háiteanna do shuíonna na Cúirte agus chun doiciméidí a lóisteáil.

15. —(1) Is i mBaile Átha Cliath a bheas ceann-cheathrú na Cúirte, ach féadfaidh an Chúirt suí in áiteanna eile sa Stát.

(2) Féadfaidh an Chúirt áiteanna oiriúnacha a shonrú ina bhféadfar doiciméidí don Chúirt a lóisteáil.

Oifigigh idirréitigh.

16. —Féadfaidh an Chúirt oifigigh don Chúirt a cheapadh chun gníomhú mar Oifigigh Idir-Réitigh.

Breatha na cúirte a bheith ina mbreatha críochnaitheacha.

17. —Ní luífidh aon achomarc chun Cúirte dlí i gcoinne breithe na Cúirte ar aon ní faoina dlínse.

Séala na Cúirte.

18. —(1) Beidh séala oifigiúil ag an gCúirt a dtabharfar aird air i gcúrsaí breithiúnais.

(2) Déanfar séala na Cúirte, ar é a chur ar aon doiciméid, a dhílse-dheimhniú le síniú cathaoirligh nó cláraitheora na Cúirte nó le síniú duine a mbeidh údarás aige ón gCúirt é a dhílse-dheimhniú.

(3) Gach doiciméid a airbheartós, ordú, dámhachtain nó breith eile ón gCúirt a chur in iúl agus a bheith séalaithe le séala na Cúirte arna dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo, is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, é a bheith séalaithe amhlaidh go cuibhe agus go dleathach agus, ach amháin mar adúradh, glacfar i bhfianaise é mar ordú, dámhachtain nó breith den tsórt sin gan a thuilleadh cruthúnais agus, go háirithe, gan cruthúnas ar aon tsíniú a bheas ar an doiciméid sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin agus gan cruthúnas ar oifig ná údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é.

Cruthúnas ar orduithe ón gCúirt.

19. —(1) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le gach ordú ón gCúirt.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , trí orduithe ón gCúirt a chur leis na doiciméidí oifigiúla a luaitear sa bhfo-alt sin, agus beidh éifeacht ag an alt sin 6 dá réir sin.

Nós imeachta na Cúirte.

20. —(1) Faoi réir ailt 11 den Acht seo agus fo-ailt (2) den alt seo, is cúigear is córam do chruinniú nó suí den Chúirt.

(2) Féadfaidh an cathaoirleach a ordú, chun ní áirithe a bhreithniú, an Chúirt a bheith comhdhéanta den chathaoirleach agus beirt ghnáthchomhalta a roghnós sé, eadhon, comhalta oibrithe agus comhalta fostóirí, agus, má ordaíonn an cathaoirleach amhlaidh, ní ghníomhóidh aon chomhalta eile mar chomhalta den Chúirt i leith an ní sin.

(3) I gcás—

(a) ina n-éireoidh aon cheist faoin Acht seo ag cruinniú nó suí den Chúirt, agus

(b) nach féidir le comhaltaí na Cúirte comhaontú ar chinneadh na ceiste,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) má chomhaontaíonn an tromlach de na gnáthchomhaltaí ar chinneadh na ceiste, cinnfear an cheist dá réir sin,

(ii) mura gcomhaontaí tromlach de na gnáthchomhaltaí, ach go gcomhaontóidh tromlach de na comhaltaí uile, cinnfear an cheist dá réir sin,

(iii) in aon chás eile, cinnfear an cheist do réir tuairime an chathaoirligh.

(4) Is é an cathaoirleach nó pé comhalta eile a údarós an cathaoirleach chuige sin a chraolfas breith na Cúirte, agus ní craolfar aon tuairim eile, ag aontú nó ag easaontú leis an mbreith sin, ná ní nochtfar tuairim ar bith eile den tsórt sin a bheith ann.

(5) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an Chúirt rialacha a dhéanamh chun a himeachta a rialú.

(6) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacha faoin alt seo do na cásanna ina bhféadfaidh daoine teacht i láthair na Cúirte trí chomhairleach nó aturnae agus, ach amháin mar a socrófar amhlaidh, ní bheidh duine ar bith i dteideal teacht i láthair na Cúirte trí chomhairleach nó aturnae.

(7) Féadfar an Chúirt aon tsuí nó aon chuid de shuí a dhéanamh go príobháideach.

Cumhacht na Cúirte chun fínnéithe a thoghairm, etc.

21. —(1) Féadfaidh an Chúirt, chun críocha aon imeacht ina láthair faoin Acht seo, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) fínnéithe a thoghairm chun teacht in a láthair,

(b) na fínnéithe a thiocfas ina láthair a scrúdú faoi mhionn (a n-údaraítear leis seo do chomhalta den Chúirt nó do chláraitheoir na Cúirte daoine a chur faoi),

(c) a cheangal ar aon fhínné den tsórt sin aon doiciméid faoina chumhacht nó faoina urláimh a thaispeáint don Chúirt.

(2) Beidh fínne i láthair na Cúirte i dteideal na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba fhínne i láthair na hArd-Chúirte é.

(3) I gcás duine ar bith—

(a) is duine a bheas arna thoghairm go cuibhe a láthair na Cúirte mar fhínne, dá fhaillí teacht i láthair, nó

(b) is duine a bheas i láthair mar fhínné, do dhiúltú mionn a ghlacadh a cheanglós an Chúirt air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméid faoina chumhacht nó faoina urláimh a thaispeáint a cheanglós an chúirt air go dlíthiúil a thaispeáint, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglós an Chúirt air go dlíthiúil a fhreagairt,

bheidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(4) I gcás fínne a theacht i láthair na Cúirte de bhun toghairme faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnúach leis, pé suim a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis i leith costas faoina ndeachaigh sé maidir lena theacht i láthair.

Toirmeasc ar eolas a nochtadh.

22. —Ní dhéanfaidh an Chúirt aon eolas a bheas faighte aici, i gcúrsa aon imeacht ina láthair faoin Acht seo, i dtaobh aon cheardchumainn nó i dtaobh gnótha dhuine ar bith, is eolas ná beidh ar fáil ach amháin ó fhianaise a tugadh sna himeachta, a chur in aon tuarascáil gan toiliú an cheardchumainn nó na ndaoine a bheas i gceist, ná ní dhéanfaidh aon chomhalta den Chúirt ná cláraitheoir ná duine ar bith d'oifigigh nó de sheirbhísigh na Cúirte ná duine ar bith a mbeidh baint aige leis na himeachta aon eolas den tsórt sin a nochtadh gan an toiliú sin bheith aige.

Tuarascála, etc., ón gCúirt.

23. —(1) Déanfaidh an Chúirt, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, tuarascáil ghinearálta (dá ngairmtear tuarascáil bhliantúil san alt seo) a thabhairt don Rialtas ar a himeachta faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana sin.

(2) Cuirfidh an Chúirt i ngach tuarascáil bhliantúil aon nótaí is mian léi a dhéanamh ar threo gluaiseachta rátaí páighe.

(3) Beidh sonraí i dtuarascáil bhliantúil ar gach comhchomhairle thionscail chláraithe maraon le hainm rúnaí na comhairle agus seoladh a príomh-oifige.

(4) Leagfar cóip de gach tuarascáil bhliantúil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Bhéarfaidh an Chúirt don Aire, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, cóip de gach ordú, moladh agus dámhachtain a dhéanfas an Chúirt faoin Acht seo.

E a bheith de dhualgas ar an gCúirt, nithe áirithe, maidir le coinníollacha fostaíochta, a chuirfeas an tAire faoina bráid a bhreithniú.

24. —Breithneoidh an Chúirt aon ní a chuirfeas an tAire faoina bráid i dtaobh na gcoinníollacha fostaíochta atá ar gnáthchleachtadh maidir le hoibrithe d'aon aicme agus lena bhfostóirí agus bhéarfaidh tuarascáil ar an ní sin don Aire maraon le pé molta (más ann) is cuibhe léi, agus breithneoidh an tAire aon tuarascáil agus moladh a bhéarfar dó amhlaidh.

CUID III.

Comhaontuithe maidir le Paigh agus Coinniollacha Fostaiochta.

Mínithe chun críocha Coda III.

25. —Sa Chuid seo—

comhaontú fostaíochta.

ciallaíonn an abairt “comhaontú fostaíochta” comhaontú, i dtaobh luach saothair nó coinníollacha fostaíochta oibrithe d'aon aicme nó cineál nó grúpa, arna dhéanamh idir ceardchumann oibrithe agus fostóir nó ceardchumann fostóirí nó arna dhéanamh, ag cruinniú de chomhchomhairle thionscail chláraithe, idir chomhaltaí den chomhairle a bheas ionadaitheach d'oibrithe agus comhaltaí den chomhairle a bheas ionadaitheach d'fhostóirí;

an clár.

ciallaíonn an abairt “an clár” an Clár de Chomhaontuithe Fostaíochta;

cláraithe.

ciallaíonn an focal “cláraithe”, maidir le comhaontú fostaíochta, cláraithe de thuras na huaire sa chlár;

comhaontú fostaíochta cláraithe.

ciallaíonn an abairt “comhaontú fostaíochta cláraithe” comhaontú fostaíochta a bheas cláraithe de thuras na huaire sa chlár.

An Clár de Chomhaontuithe Fostaíochta.

26. —Coimeádfaidh an Chúirt clár dá ngairmtear an Clár de Chomhaontuithe Fostaíochta.

Comhaontuithe fostaíochta a chlárú.

27. —(1) Féadfaidh aon pháirtí i gcomhaontú fostaíochta a iarraidh ar an gCúirt an comhaontú a chlárú sa chlár.

(2) Beidh cóip den chomhaontú ag gabháil le gach iarratas á iarraidh comhaontú fostaíochta a chlárú.

(3) Ar iarratas a dhéanamh go cuibhe chun na Cúirte á iarraidh comhaontú fostaíochta a chlárú, déanfaidh an Chúirt, faoi réir forál an ailt seo, an comhaontú a chlárú sa chlár más deimhin léi—

(a) i gcás comhaontuithe ná beidh ann ach dhá pháirtí, go dtoilíonn an dá pháirtí é a chlárú agus, i gcás comhaontuithe a mbeidh níos mó ná dhá pháirtí ann, go bhfuil comhaontú substainteach imeasc na bpáirtithe atá ionadaitheach do leasa oibrithe agus leasa fostóirí, faoi seach, go gclárófaí é,

(b) go n-abartar sa chomhaontú go mbaineann sé le gach oibrí d'aicme nó cineál nó grúpa áirithe agus lena bhfostóirí i gcás inar deimhin leis an gCúirt gur gnáth-chleacht inmhianuithe é nó go bhfuil sé fóirstineach comhaontú ar leith a bheith ann don aicme nó don chineál nó don ghrúpa sin,

(c) go bhfuil na páirtithe sa chomhaontú ionadaitheach go substainteach do na hoibrithe agus na fostóirí sin,

(d) ná fuil ar intinn sa chomhaontú srian neamhchuibhe a chur le fostaíocht i gcoitinne nó le fostaíocht oibrithe d'aicme nó cineál nó grúpa áirithe ná a áirithiú go gcoimeádfar in úsáid sásra nó modhanna oibre atá neamhéifeachtach nó ró-chostasach nó go gcosnófar sin,

(e) go bhforáltar sa chomhaontú, má tharlaíonn aighneas ceirde idir oibrithe lena mbaineann an comhaontú agus a bhfostóirí, ná déanfar stailc ná frithdhúnadh go dtí go mbeidh an t-aighneas arna chur dá réiteach trí mhargántaíocht sa tslí a bheas sonraithe sa chomhaontú, agus.

(f) go bhfuil an comhaontú i bhfoirm atá oiriúnach chun a chláruithe.

(4) I gcás iarratas a dhéanamh chun na Cúirte á iarraidh comhaontú fostaíochta a chlárú, ordóidh an Chúirt do na páirtithe sin ann a shonrós an Chúirt sonraí áirithe i dtaobh an chomhaontuithe a fhoilsiú sa tslí is dóigh leis an gCúirt is fearr a chuirfeadh an t-iarratas in iúl do gach duine lena mbaineann.

(5) (a) Ní chláróidh an Chúirt comhaontú fostaíochta go ceann ceithre lá déag tar éis sonraí i dtaobh an chomhaontuithe a fhoilsiú do réir fo-ailt (4) den alt seo.

(b) Má gheibheann an Chúirt, laistigh den tréimhse sin, fógra i dtaobh agóide i gcoinne an comhaontú a chlárú, déanfaidh an Chúirt, mura measa sí an agóid a bheith suaibhreosach, an agóid a bhreithniú agus bhéarfaidh éisteacht do gach páirtí a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith acu ann agus ar mian leo éisteacht a fháil, agus más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, ná fuil an comhaontú do réir na gceanglas a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, diúltóidh an Chúirt an comhaontú a chlárú.

(6) Ní dhéanfaidh comhaontú fostaíochta cláraithe dochar d'aon chearta, maidir le rátaí luach saothair nó coinníollacha fostaíochta, a bheirtear d'aon oibrí le Cuid eile den Acht seo nó le haon Acht eile.

Comhaontú fostaíochta cláraithe a athrú.

28. —(1) Má foráltar i gcomhaontú fostaíochta cláraithe go bhféadfar an comhaontú a athrú do réir an ailt seo, féadfaidh aon pháirtí sa chomhaontú a iarraidh ar an gCúirt é a athrú maidir lena bhaint le haon oibrí nó oibrithe lena mbaineann sé.

(2) I gcás iarratas a dhéanamh faoin alt seo á iarraidh comhaontú a athrú, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) breithneoidh an Chúirt an t-iarratas agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil;

(b) tar éis an bhreithnithe sin, féadfaidh an Chúirt, mar is oiriúnach léi, diúltú don iarratas nó ordú a dhéanamh ag athrú an chomhaontuithe i pé slí is cuibhe léi;

(c) má dhéanann an Chúirt ordú ag athrú an chomhaontuithe, beidh éifeacht, amhail ó pé dáta, nach luaithe ná dáta an orduithe, a shonrós an Chúirt san ordú, ag an gcomhaontú arna athrú amhlaidh.

Clárú a chealú.

29. —(1) Féadfaidh an Chúirt clárú comhaontuithe fhostaíochta a chealú ar chomhiarratas a fháil ó na páirtithe uile ann más deimhin leis an gCúirt gur aontaigh na páirtithe sin uile go toildheonach lena chealú.

(2) Féadfaidh an Chúirt clárú comhaontuithe fhostaíochta a chealú más deimhin léi go bhfuil athrú chomh mór sin tagtha, ó cláraíodh an comhaontú, ar chúrsaí na ceirde nó an ghnótha lena mbaineann sé nach inmhianuithe é a choimeád cláraithe.

(3) Mura mbíonn i gcomhaontú fostaíochta cláraithe foráil i dtaobh a ré feidhme nó i dtaobh a fhorceannta, féadfaidh an Chúirt, ar dhá mhí dhéag a bheith caite ó dháta an chláruithe, an clárú a chealú ar gach páirtí ann a bheas ionadaitheach d'oibrithe nó d'fhostóirí dá iarraidh sin tar éis fógra sé mhí a thabhairt don Chúirt.

(4) (a) Má deirtear i gcomhaontú fostaíochta cláraithe gur comhaontú go ceann tréimhse sonraithe é, leanfaidh sé, má bhíonn sé i bhfeidhm i gceann na tréimhse sin agus d'ainneoin aon fhorála go scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige ar an tréimhse sin a bheith caite, de bheith i bhfeidhm go dtí go gcealófar a chlárú do réir na Coda seo.

(b) Féadfaidh an Chúirt clárú comhaontuithe fhostaíochta, a coimeádfar i bhfeidhm faoi mhír (a) den fho-alt seo, a chealú ar aon pháirtí ann dá iarraidh sin, tar éis fógra trí mhí a thabhairt don Chúirt, agus toiliú chuige sin a bheith aige ó gach páirtí ann a bheas ionadaitheach d'oibrithe nó d'fhostóirí.

(5) I gcás comhaontú fostaíochta cláraithe a fhorceannadh ag aon pháirtí ann do réir a théarmaí, déanfaidh an Chúirt, ar fhógra a fháil i dtaobh an fhorceannta, an clárú a chealú.

Conartha seirbhíse a oiriúnú de dhroim comhaontú fostaíochta a chlárú.

30. —(1) Faid a leanfas comhaontú fostaíochta cláraithe de bheith cláraithe, beidh feidhm aige, chun críocha an ailt seo, i gcás gach oibrí den aicme nó den chineál nó den ghrúpa a ndéarfar ann feidhm a bheith aige maidir leis, agus i gcás a fhostóra, d'ainneoin nach páirtí sa chomhaontú an t-oibrí nó an fostóir sin nó ná beadh sé, mura mbeadh an fo-alt seo, faoi cheangal aige.

(2) Má foráltar i gconradh idir oibrí d'aicme nó cineál nó grúpa lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe agus a fhostóir go n-íocfar luach saothair ar ráta (dá ngairmtear ráta an chonartha sa bhfo-alt seo) is ísle ná an ráta (dá ngairmtear ráta an chomhaontuithe sa bhfo-alt seo) a foráltar leis an gcomhaontú sin agus a bhaineas leis an oibrí sin, beidh éifeacht ag an gconradh, i leith aon tréimhse a mbeidh an comhaontú cláraithe ar a feadh, amhail is dá gcuirtí ráta an chomhaontuithe in ionad ráta an chonartha.

(3) Má foráltar, i gconradh idir oibrí d'aicme nó cineál nó grúpa lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe agus a fhostóir, coinníollacha fostaíochta (dá ngairmtear coinníollacha an chonartha sa bhfo-alt seo) ná fuil chomh fábharach leis na coinníollacha (dá ngairmtear coinníollacha an chomhaontuithe sa bhfo-alt seo) a socraítear leis an gcomhaontú agus a bhaineas leis an oibrí sin, beidh éifeacht ag an gconradh, i leith aon tréimhse a mbeidh an comhaontú cláraithe ar a feadh, amháil is dá gcuirtí coinníollacha an chomhaontuithe in ionad coinníollacha an chonartha.

Sonraí i dtaobh comhaontuithe fostaíochta a fhoilsiú agus ceart chun cóipeanna dhíobh a fháil.

31. —(1) Nuair a clárófar comhaontú fostaíochta, foilseoidh an Chúirt, i pé slí is oiriúnach léi, fógra i dtaobh an chláruithe maraon le pé sonraí i dtaobh an chomhaontuithe a mheasfas an Chúirt is gá.

(2) Nuair a hathrófar comhaontú fostaíochta cláraithe, foilseoidh an Chúirt, i pé slí is oiriúnach léi, fógra i dtaobh an athruithe maraon le pé sonraí i dtaobh an athruithe a mheasfas an Chúirt is gá.

(3) Nuair a cealófar clárú comhaontuithe fhostaíochta, foilseoidh an Chúirt, i pé slí is oiriúnach léi, fógra i dtaobh an chealuithe.

(4) Féadfaidh an Chúirt ó am go ham liostaí de chomhaontuithe fostaíochta cláraithe a fhoilsiú, i pé slí is oiriúnach léi, maraon le pé sonraí i dtaobh na gcomhaontuithe a mheasfas an Chúirt is gá.

(5) Bhéarfaidh an Chúirt go dtabharfar cóip de chomhaontú fostaíochta cláraithe d'aon duine a iarrfas sin agus a íocfas an táille ordaithe.

Comhaontuithe fostaíochta cláraithe a shárú.

32. —(1) Má dhéanann ceardchumann atá ionadaitheach d'oibrithe lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe gearán leis an gCúirt go ndearna aon fhostóir d'aon aicme lena mbaineann an comhaontú faillí nó mainneachtain sa chomhaontú a chomhlíonadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) breithneoidh an Chúirt an gearán agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil;

(b) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú don fhostóir sin pé nithe a dhéanamh (lena n-áirítear aon tsuim a íoc a bheas ag dul d'oibrí mar luach saothair do réir an chomhaontuithe) is dóigh leis an gCúirt a bhéarfas go gcomhlíonfaidh an fostóir sin an comhaontú sin.

(2) Má dhéanann fostóir, nó ceardchumann atá ionadaitheach d'fhostóirí, lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe, gearán leis an gCúirt go bhfuil ceardchumann atá ionadaitheach d'oibrithe lena mbaineann an comhaontú ag cur stailce chun cinn, nó ag cabhrú as a chistí le cothabháil stailce, is eol d'ard-choiste bainistí an cheardchumainn oibrithe a bheith contrártha don chomhaontú agus arb é is cuspóir di a thabhairt ar fhostóir géilleadh d'éileamh go ndeonfaí d'oibrí luach saothar nó coinníollacha seachas mar a socraíodh leis an gcomhaontú, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) breithneoidh an Chúirt an gearán agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil;

(b) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán—

(i) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú don cheardchumann oibrithe sin gan cabhrú as a chistí le cothabháil na stailce sin;

(ii) féadfaidh an Chúirt clárú an chomhaontuithe a chealú.

(3) Más rud é—

(a) go leanfaidh stailc tar éis don Chúirt ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo maidir leis an stailc, agus

(b) ná féadfaidh nó go ndiúltóidh comhaltaí de cheardchumann oibrithe, nach é a rátaí luach saothair ná a gcoinníollacha fostaíochta is abhar don stailc, obair a dhéanamh faid a leanfas an stailc,

ansin, má híoctar sochar stailce leis na comhaltaí sin do réir rialacha an cheardchumainn, ní tuigthe, chun críocha an ailt seo, gurb ionann sin agus cabhrú le cothabhail na stailce.

(4) Más rud é, i gcás an Chúirt do dhéanamh orduithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo nó faoi fho-mhír (i) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, ná comhlíonfar an t-ordachán a bheas san ordú, beidh an duine dar tugadh an t-ordachán ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Comhaontuithe fostaíochta cláraithe a léiriú.

33. —(1) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar dhuine ar bith dá iarraidh sin, a breith a thabhairt ar aon cheist i dtaobh léiriú comhaontuithe fhostaíochta chláraithe nó i dtaobh a fheidhme maidir le haon duine áirithe.

(2) Déanfaidh cúirt dlí, le linn di aon cheist a chinneadh a éireos in imeachta ina láthair i dtaobh léiriú comhaontuithe fhostaíochta chláraithe nó i dtaobh a fheidhme maidir le haon duine áirithe, aird a thabhairt ar aon bhreith a thug an Chúirt ar an gcomhaontú sin agus a cuirfear faoina bráid i gcúrsa na n-imeacht.

(3) Má éiríonn aon cheist in imeachta i láthair cúirte dlí i dtaobh léiriú comhaontuithe fhostaíochta chláraithe nó i dtaobh a fheidhme maidir le haon duine áirithe, féadfaidh an chúirt dlí, más cuibhe léi, an cheist a chur faoi bhráid na Cúirte chun a breith a thabhairt uirthi, agus beidh breith na Cúirte ar an gceist sin ina breith chríochnaitheach.

CUID IV.

An Chuirt do Rialu Luach Saothair agus Coinniollacha Fostaiochta Oibrithe Airithe.

Mínithe.

Mínithe chun críocha Coda IV.

34. —Sa Chuid seo—

ordú rialuithe fostaíochta.

ciallaíonn an abairt “ordú rialuithe fostaíochta” ordú arna dhéanamh faoi alt 43 den Acht seo;

ordú bunuithe.

ciallaíonn an abairt “ordú bunuithe” ordú arna dhéanamh faoi alt 35 den Acht seo;

cigire.

ciallaíonn an focal “cigire” duine arna cheapadh ina chigire faoi alt 51 den Acht seo;

comhchoiste oibreachais.

ciallaíonn an abairt “comhchoiste oibreachais” coiste arna bhunú faoi alt 35 den Acht seo;

coinníollacha reachtúla fostaíochta.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha reachtúla fostaíochta”, maidir le hoibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos coinníollacha fostaíochta, na coinníollacha fostaíochta a socraítear leis an ordú maidir leis an oibrí sin;

luach saothair íosta reachtúil.

ciallaíonn an abairt “luach saothair íosta reachtúil”, maidir le hoibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair, an luach saothair a socraítear leis an ordú maidir leis an oibrí sin.

Comhchoistí Oibreachais.

Cumhacht na Cúirte chun comhchoistí oibreachais a bhunú.

35. —Faoi réir forál na Coda seo, féadfaidh an Chúirt, le hordú, coiste a bhunú chun na feadhma a ceaptar dó leis an gCuid seo a chomhlíonadh maidir leis an aicme nó an cineál nó an grúpa oibrithe a tuairisceofar san ordú agus lena bhfostóirí.

Iarratais ar orduithe bunuithe.

36. —Féadfaid seo leanas iarratas a dhéanamh chun na Cúirte á iarraidh comhchoiste oibreachais a bhunú maidir le haon oibrithe agus a bhfostóirí—

(a) an tAire, nó

(b) ceardchumann, nó

(c) aon chomheagras nó grúpa daoine a bheas á éileamh iad a bheith ionadaitheach do na hoibrithe sin nó do na fostóirí sin.

Srianta le horduithe bunuithe a dhéanamh.

37. —Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú bunuithe maidir le haon oibrithe agus a bhfostóirí mura deimhin leis an gCúirt—

(a) más comheagras nó grúpa daoine a bheas á éileamh iad a bheith ionadaitheach do na hoibrithe sin nó do na fostóirí sin a dhéanfas an t-iarratas, go bhfuil bunús maith leis an éileamh sin, agus

(b) (i) go bhfuil comhaontú substainteach idir na hoibrithe sin agus a bhfostóirí chun comhchoiste oibreachais a bhunú, nó

(ii) nach leordhóthaineach an sásra atá ann chun luach saothair agus coinníollacha eile fostaíochta na n-oibrithe sin a rialú go héifeachtach nó gur cosúil go scoirfidh sé de bheith ann nó go scoirfidh sé de bheith leordhóthaineach, nó

(iii) go bhfuil sé fóirstineach, ag féachaint do na rátaí luach saothair nó na coinníollacha fostaíochta atá ag na hoibrithe sin nó ag aon chuid díobh, comhchoiste oibreachais a bhunú.

Fiosrú i dtaobh iarratais ar ordú bunuithe.

38. —I gcás iarratas a dhéanamh go cuibhe chun na Cúirte ag iarraidh orduithe bhunuithe, breithneoidh an Chúirt an t-iarratas sin agus, faoi réir ailt 37 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) déanfaidh an Chúirt, tar éis dul i gcomhairle le pé páirtithe a mheasfaidh is gá, dréacht-ordú bunuithe (dá ngairmtear an dréacht san alt seo) a ullmhú,

(b) foilseoidh an Chúirt, sa tslí ordaithe, fógra ina bhfógrófar—

(i) go bhfuil beartaithe ag an gCúirt fiosrú a dhéanamh i dtaobh an iarratais,

(ii) an lá (nach luaithe ná tríocha lá roimh dháta an fhógra a fhoilsiú ná nach déanaí ná cúig lá ceathrachad dá éis) agus an t-am agus an áit a ndéanfar an fiosrú,

(iii) an áit ina bhféadfar cóipeanna den dréacht a fháil,

(c) féadfar agóidí i gcoinne an dréachta a chur faoi bhráid na Cúirte roimh dháta an fhiosruithe a dhéanamh, agus ní foláir gach agóid den tsórt sin a bheith i scríbhinn agus forais na n-agóid agus na nithe a hiarrtar a fhágaint ar lár nó a chur isteach nó a mhodhnú a bheith luaite ann,

(d) déanfaidh an Chúirt an fiosrú an lá a sonrófar amhlaidh sa bhfógra agus breithneoidh aon agóidí i gcoinne an dréachta a cuireadh faoina bráid do réir míre (c) den alt seo.

Orduithe bunuithe a dhéanamh.

39. —(1) Nuair a bheas fiosrú déanta ag an gCúirt, de bhun ailt 38 den Acht seo, i dtaobh iarratais ar ordú bunuithe, féadfaidh an Chúirt, faoi réir ailt 37 den Acht seo, an t-ordú a dhéanamh, más oiriúnach léi, i dtéarmaí an dréachta a hullmhaíodh do réir an ailt sin 38 nó fara pé modhnuithe ar na téarmaí sin a mheasfaidh is gá.

(2) Nuair a dhéanfas an Chúirt ordú bunuithe, foilseoidh sí an t-ordú sa tslí ordaithe, agus tiocfaidh an t-ordú i ngníomh ar an dáta a foilseofar amhlaidh é nó pé dáta ina dhiaidh sin (nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis dáta a fhoilsithe amhlaidh) a sonrófar ann.

Orduithe bunuithe a chúlghairm agus a athrú.

40. —I gcás ordú bunuithe maidir le haon oibrithe agus a bhfostóirí a bheith i bhfeidhm, féadfaidh an Chúirt, le hordú, ar iarratas (ina sonrófar na forais ar a ndéantar é)—

(a) ón Aire, nó

(b) ó aon cheardchumann, nó

(c) ó aon chomheagras nó grúpa daoine a bheas á éileamh iad a bheith, agus is dóigh leis an gCúirt a bheith, ionadaitheach do na hoibrithe sin nó do na fostóirí sin,

deireadh a chur leis an gcomhchoiste oibreachais a bunaíodh leis an ordú bunuithe sin nó an t-ordú bunuithe sin a leasú, agus beidh feidhm ag forála ailt 38 agus ailt 39 den Acht seo maidir leis an iarratas sin agus leis an ordú (más ann) a rinneadh faoin alt seo amhail is dá mba iarratas faoi alt 36 an t-iarratas agus gur ordú bunuithe an t-ordú.

Comhdhéanamh, oifigigh agus imeachta comhchoistí oibreachais.

41. —Beidh éifeacht ag na forála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir le comhdhéanamh, oifigigh agus imeachta comhchoistí oibreachais.

Orduithe Rialuithe Fostaíochta.

Tograí ó chomhchoistí oibreachais i dtaobh luach saothair agus coinníollacha fostaíochta.

42. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh comhchoiste oibreachais tograí a chur faoi bhráid na Cúirte chun na rátaí íosta luach saothair a shocrú a bheas le híoc i gcoitinne nó as aon obair áirithe leis na hoibrithe uile nó le haon chuid de na hoibrithe a mbeidh an coiste ag gníomhú maidir leo agus féadfaidh na tograí sin luach saothair seachtainiúil íosta a fhoráil do na hoibrithe sin uile nó d'aon chuid de na hoibrithe sin.

(2) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh comhchoiste oibreachais tograí a chur faoi bhráid na Cúirte do rialú coinníollacha fostaíochta na n-oibrithe uile nó aon choda de na hoibrithe a mbeidh an Coiste ag gníomhú maidir leo.

(3) Ní chuirfidh comhchoiste oibreachais tograí faoi bhráid na Cúirte faoin alt seo chun ordú rialuithe fostaíochta a chúlghairm nó a leasú mura mbeidh an t-ordú i bhfeidhm ar feadh sé mhí ar a laghad.

Orduithe rialuithe fostaíochta a dhéanamh.

43. —(1) I gcás an Chúirt d'fháil tograí ó chomchoiste oibreachais faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) d'alt 42 den Acht seo nó faoin dá fho-alt sin, breithneoidh an Chúirt iad agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, na tograí a chur thar n-ais go dtí an coiste maille le pé nótaí orthu is cuibhe leis an gCúirt, agus, sa chás sin, athbhreithneoidh an coiste na tograí ag féachaint do na nótaí sin agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na tograí a athchur faoi bhráid na Cúirte gan leasú nó fara pé leasuithe is oiriúnach leis ag féachaint do na nótaí sin;

(b) mura gcuire an Chúirt na tograí thar n-ais chun an choiste amhlaidh nó más rud é, ar iad a chur thar n-ais amhlaidh, go n-athchuirfidh an coiste faoi bhráid na Cúirte iad gan leasú nó fara leasú, foilseoidh an Chúirt, sa tslí ordaithe, fógra ina bhfógrófar—

(i) gur cuireadh na tograí faoina bráid,

(ii) an áit inar féidir cóipeanna de na tograí a fháil, agus

(iii) go bhféadfar cúis-aithris i dtaobh na dtograí a dhéanamh chun an choiste laistigh de thríocha lá tar éis dáta an fhoilsithe sin;

(c) i gcás ina bhfoilseofar an fógra sin agus in a ndéanfar aon chúis-aithris i dtaobh na dtograí chun an choiste laistigh den tréimhse sin, breithneoidh an coiste an chúis-aithris agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na tograí a athchur faoi bhráid na Cúirte fara leasú nó gan leasú;

(d) i gcás ina bhfoilseofar an fógra sin agus ná déanfar aon chúis-aithris amhlaidh chun an choiste laistigh den tréimhse sin nó go n-athchuirfidh an coiste na tograí faoi bhráid na Cúirte faoi mhír (c) den fho-alt seo, féadfaidh an Chúirt, mar is oiriúnach léi, ordú a dhéanamh ag tabhairt éifeachta do na tograí amhail ó pé dáta (i ndiaidh dáta an orduithe) is cuibhe leis an gCúirt agus a shonrós sí san ordú nó féadfaidh diúltú d'ordú a dhéanamh.

(2) A luaithe a dhéanfas an Chúirt ordú rialuithe fostaíochta, foilseoidh sí, sa tslí ordaithe, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú agus á insint cad atá ann.

(3) Ní dhéanfaidh ordú rialuithe fostaíochta dochar d'aon chearta maidir le rátaí luach saothair nó coinníollacha fostaíochta a bheirtear d'aon oibrí le haon Chuid eile den Acht seo nó le haon Acht eile.

(4) Féadfaidh ordú rialuithe fostaíochta aon ordú rialuithe fostaíochta roimhe sin a leasú nó a chúlghairm.

(5) Féadfaidh forála difriúla do shaghsanna difriúla oibrithe a bheith in ordú rialuithe fostaíochta.

Conartha seirbhíse a oiriúnú de dhroim orduithe rialuithe fostaíochta

44. —(1) Déanfaidh an fostóir ar oibrí lena mhaineann ordú rialuithe fostaíochta—

(a) i gcás an t-ordú do shocrú luach saothair, luach saothair nach lú ná an luach saothair íosta reachtúil a íoc leis an oibrí sin,

(b) i gcás an t-ordú do shocrú coinníollacha fostaíochta, coinníollacha fostaíochta atá chomh fábharach ar a laghad leis an coinníollacha fostaíochta reachtúla a dheonadh don oibrí sin.

(2) Má foráltar, i gconradh idir oibrí (is oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair) agus a fhostóir, go n-íocfar luach saothair is lú ná an luach saothair íosta reachtúil, beidh éifeacht ag an gconradh amhail is dá gcuirtí an luach saothair íosta reachtúil in ionad an luach saothair is lú ná é.

(3) Má foráltar, i gconradh idir oibrí (is oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos coinníollacha fostaíochta) agus a fhostóir, coinníollacha fostaíochta (dá ngairmtear coinníollacha an chonartha sa bhfo-alt seo) ná fuil chomh fábharach leis na coinníollacha fostaíochta reachtúla, beidh éifeacht ag an gconradh amhail is dá gcuirtí na coinníollacha fostaíochta reachtúla in ionad coinníollacha an chonartha.

Orduithe rialuithe fostaíochta rialuithe a fhorfeidhmiú.

45. —(1) Má fhaillíonn fostóir luach saothair nach lú ná an luach saothair íosta reachtúil a íoc le hoibrí (is oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair), beidh an fostóir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) I gcás an fostóir nó duine ar bith eile a ndéanfar, do réir ailt 50 den Acht seo, é a chúiseamh mar dhuine arbh é a ghníomh nó a neamhghníomh faoi ndear an cion, a fháil ciontach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo arb é atá ann faillí i luach saothair nach lú ná an luach saothair íosta reachtúil a íoc le hoibrí, féadfaidh an chúirt a chiontos é a ordú don fhostóir pé suim a íoc leis an oibrí a fhionnfas an chúirt sin a bheith comhionann leis an difríocht idir an luach saothair íosta reachtúil agus an luach saothair a híocadh iarbhír.

(3) Más rud é, i gcás aon oibrí (is oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair, ná comhlíonfaidh an fostóir na coinníollacha fostaíochta reachtúla—

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air,

(b) féadfaidh an chúirt a chiontós an fostóir a ordú don fhostóir pé cúiteamh a mheasfas sí a bheith cothrom agus réasúnach a íoc leis an oibrí i leith an neamhchomhlíonta sin.

(4) Má déantar imeachta a bhunú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le cion arb é atá ann faillí i luach saothair nach lú ná an luach saothair íosta reachtúil a íoc le hoibrí, agus fógra go bhfuiltear ar intinn leas a bhaint as mír (a) den fho-alt seo a sheirbheáil leis an toghairm, an barántas nó an gearán—

(a) féadfar, má ciontaítear sa chion an fostóir nó duine ar bith eile a cúiseofar, do réir ailt 50 den Acht seo, mar dhuine arbh é a ghníomh nó a neamhghníomh faoi ndear an cion, fianaise a thabhairt i dtaobh aon tsáruithe dá shamhail ag an bhfostóir i leith aon tréimhse i rith na dtrí mblian díreach roimh dháta an chiona, agus

(b) ar an sárú sin a chruthú, féadfaidh an chúirt a dtabharfar na himeachta ina láthair a ordú don fhostóir pé suim a íoc leis an oibrí a fhionnfas an chúirt sin a bheith comhionann leis an difríocht idir an méid ba cheart a íoc i rith na tréimhse sin leis an oibrí mar luach saothair, dá n-íoctaí luach saothair leis an oibrí do réir an luach saothair íosta reachtúil, agus an méid a híocadh amhlaidh iarbhír.

(5) In aon imeachta i gcoinne duine faoi fho-alt (1) den alt seo is ar an duine sin a bheas a chruthú gur íoc sé luach saothair nach lú ná an luach saothair íosta reachtúil.

(6) In aon imeachta i gcoinne duine faoi fho-alt (3) den alt seo is ar an duine sin a bheas a chruthú gur chomhlíon sé na coinníollacha fostaíochta reachtúla.

(7) Na cumhachta a bheirtear leis an alt seo chun suimeanna a aisghabháil a bheas dlite ag oibrí ar fhostóir ní laghdú iad ar aon cheart a bheas ag an oibrí chun na suimeanna sin a aisghabháil trí imeachta síbhialta.

Ceada á údarú daoine easlána agus daoine éagumasta a fhostú ar luach saothair is lú ná an luach saothair íosta reachtúil.

46. —(1) Más rud é, i gcás aon oibrí atá ar fostú nó ar mian leis bheith ar fostú i dtosca de shórt a bheir nó a bhéarfas go mbaineann nó go mbainfidh ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair leis, gur deimhin leis an gcomhchoiste oibreachais iomchuibhe, ar an oibrí nó an fostóir nó fostóir ionchasach d'iarraidh cheada faoin alt seo air, go bhfuil easláinte nó éagumas coirp ar an oibrí a chuireas é ó chumas an luach saothair íosta reachtúil a thuilleamh, féadfaidh an coiste, más oiriúnach leis, cead a dheonadh, faoi réir pé coinníoll (más ann) a chinnfeas sé, á údarú é a fhostú ar luach saothair is lú ná an luach saothair íosta reachtúil, agus, faid a bheas an cead i bhfeidhm, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, má comhlíontar na coinníollacha sin, gurb é an luach saothair a húdaraítear leis an gcead a íoc leis is luach saothair íosta reachtúil.

(2) Má fhostaíonn fostóir aon oibrí in árach aon doiciméide a airbheartaíos bheith ina chead a deonadh faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú an t-oibrí sin a fhostú ar luach saothair is lú ná an luach saothair íosta reachtúil, ansin, má thug an fostóir fógra don chomhchoiste oibreachais iomchuibhe go bhfuil sé, in árach na doiciméide sin, ag fostú an oibrí sin nó ag beartú é a fhostú ar luach saothair sonraithe, is tuigthe, d'ainneoin nach cead bailí nó nach cead bailí feasta maidir leis an oibrí sin an doiciméid sin, gur cead den tsórt sin í, faoi réir a téarmaí agus in aghaidh aon tréimhse tar éis an fógra a thabhairt agus ina haghaidh sin amháin, go dtí go bhfaighe an fostóir a mhalairt d'fhógra ón gcoiste.

Luach saothair a ríomh.

47. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, léireofar aon tagairt sa Chuid seo do luach saothair mar thagairt don mhéid a gheobhas an t-oibrí nó a bheas le fáil aige óna fhostóir in airgead, saor ó gach asbhaint i leith ní ar bith, ach amháin asbhaintí arna ndéanamh go dleathach faoi aon achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire á cheangal nó a údarú asbhaintí a dhéanamh ó luach saothair.

(2) Faoi réir aon achtacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, féadfaidh ordú rialuithe fostaíochta a údarú sochair nó buntáistí sonraithe, a bheas curtha ar fáil d'oibrí ag a fhostóir nó thar ceann a fhostóra, a áireamh mar íocaíocht luach saothair ag an bhfostóir in ionad íocaíocht in airgead agus míneofar san ordú sin an luach airgid a bheas le cur ar gach sochar agus buntáiste den tsórt sin.

Gan fostóirí do ghlacadh préamaí ó phríntísigh ná foghlaimeoirí.

48. —(1) (a) I gcás oibrí (is oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair) a bheith ina phríntiseach nó ina fhoghlaimeoir, ní dleathach dá fhostóir aon íocaíocht i bhfoirm préama a ghlacadh, go díreach ná go neamhdhíreach, uaidh ná thar a cheann ná ar a scór,

(b) Ní bhainfidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo le haon íocaíocht den tsórt a luaitear inti a déanfar go cuibhe de bhun aon ionstraime príntíseachta a bheas ceadaithe chun críche an fho-ailt seo ag comhchoiste oibreachais.

(2) Má ghlacann aon fhostóir aon íocaíocht i bhfoirm préama contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus féadfaidh an chúirt a chiontós é, i dteannta na fíneála, a ordú dhó an tsuim a glacadh i bhfoirm préama a íoc leis an oibrí nó leis an duine eile a rinne an íocaíocht.

Breacacháin agus fógraí.

49. —(1) Déanfaidh fostóir aon oibrithe lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta pé breacacháin a choimeád is gá chun a thaispeáint cé acu atá nó ná fuil forála na Coda seo á gcomhlíonadh maidir leo, agus coinneoidh an fostóir na breacacháin go ceann trí mblian.

(2) Aon duine is fostóir ar aon oibrithe cuirfidh sé ar taispeáint sa tslí ordaithe pé fógraí a bheas ordaithe chun aon tograí faoi alt 42 den Acht seo a bhainfeas leis na hoibrithe sin nó aon ordú rialuithe fostaíochta a bhainfeas leis na hoibrithe sin a chur in iúl dóibh agus bhéarfaidh fógra, in aon tslí eile a hordófar, do na hoibrithe sin i dtaobh na nithe sin agus i dtaobh pé nithe eile, más ann, a hordófar.

(3) Má fhaillíonn fostóir aon cheann de cheanglais an ailt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Dliteanas coiriúil gníomhaire agus an uasfhostóra agus cosaint speisialta is indéanta ag an bhfostóir.

50. —(1) I gcás gar-fhostóir aon oibrí a bheith ar fostú é féin ag duine éigin eile agus an t-oibrí a bheith ar fostú in áitreabh an duine eile sin, is tuigthe, chun críocha na Coda seo, an duine eile sin a bheith ina fhostóir ar an oibrí i gcomhar leis an ngarfhostóir.

(2) I gcás fostóir a chúiseamh i gcion faoi aon alt nó fo-alt dá bhfuil sa Chuid seo, beidh sé i dteideal, ar é do dhéanamh faisnéise go cuibhe agus ar é do thabhairt fógra trí lá ar a laghad don lucht ionchúisimh go bhfuil sin ar intinn aige, aon duine eile, a líomhnóidh sé gurbh é a ghníomh nó a neamhghníomh faoi ndear an cion, a thabhairt i láthair na cúirte a bheas ag éisteacht an chúisimh an tráth a bheas ceaptha d'éisteacht an chúisimh, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) más rud é, ar é bheith cruthaithe go ndearnadh an cion, go gcruthóidh an fostóir gurbh é gníomh nó neamhghníomh an duine eile sin faoi ndear an cion, féadfar an duine eile sin a chiontú sa chion,

(b) má chruthaíonn an fostóir fairis sin go ndearna sé dícheall cuibhe chun a áirithiú go gcomhlíonfaí an Chuid seo agus aon rialachán nó ordú iomchuibhe a rinneadh fúithi, éigiontófar sa chion é.

(3) Má iarrann cosantóir leas a bhaint as fo-alt (2) den alt seo—

(a) beidh de cheart ag an lucht ionchúisimh, chomh maith leis an duine a mbeidh an cosantóir á chúiseamh sa chion, é féin, má thugann sé fianaise, agus aon fhínnéithe a ghlaofas sé mar thaca lena phléideála, a chroscheistiú agus fianaise fhrisnéiseach a ghlaoch,

(b) féadfaidh an chúirt a bheas ag éisteacht an chúisimh pé ordú is oiriúnach léi a dhéanamh i dtaobh aon pháirtí sna himeachta d'íoc costais le haon pháirtí eile iontu.

(4) I gcás—

(a) inar dóigh le cigire go bhfuiltear tar éis cion a dhéanamh a bhféadfaí imeachta ina leith a bhunú faoin gCuid seo i gcoinne fostóra, agus

(b) inar deimhin leis an gcigire go réasúnach gurbh é gníomh nó neamhghníomh duine éigin eile faoi ndear an cion a ndéantar gearán ina thaobh, agus go bhféadfadh an fostóir cosaint faoi fho-alt (2) den alt seo a shuíomh,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) féadfaidh an cigire a thabhairt go mbunófar imeachta i gcoinne an duine eile sin gan a thabhairt go mbunófar imeachta ar dtúis i gcoinne an fhostóra,

(ii) má bunaítear na himeachta sin amhlaidh, féadfar an duine eile sin a chúiseamh iontu agus, arna chruthú gurbh é a ghníomh nó a neamhghníomh faoi ndear an cion, féadfar é a chiontú sa chion a bhféadfaí an fostóir a chúiseamh ann.

Cigirí.

51. —(1) Féadfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis a cheapadh ina gcigirí chun críocha na Coda seo.

(2) Bhéarfaidh an tAire deimhniú a cheaptha do gach cigire agus, nuair a bheas cigire ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an gCuid seo, déanfaidh sé, ar dhuine ar bith lena mbainfidh sin dá iarraidh sin air, an deimhniú sin a thaispeáint dó,

Cumhachta cigirí.

52. —(1) Féadfaidh cigire, chun forála na Coda seo a fhorfheidhmiú, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil aon oibrithe lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta ar fostú ann,

(b) a cheangal go dtaispeánfaí dhó leatháin páighe nó breacacháin eile i dtaobh luach saothair a bheas á gcoimeád ag fostóir agus aon bhreacacháin den tsórt a gceangaltar leis an gCuid seo ar fhostóirí iad a choimeád, agus na leatháin nó na breacacháin sin a iniúchadh agus a scrúdú agus cóip a dhéanamh d'aon chuid abhartha dhíobh.

(c) scrúdú maidir le haon nithe faoin gCuid seo a dhéanamh ar aon duine a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh sé ina oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta nó ar fhostóir aon oibrí den tsórt sin agus a cheangal ar an duine sin nó ar an bhfostóir sin pé ceisteanna (seachas ceisteanna d'inchoireodh an duine sin) a fhreagairt a chuirfeas an cigire sin air i dtaobh na nithe sin agus dearbhú a shíniú gur fíor na freagraí ar na ceisteanna sin.

(2) Duine ar bith—

(a) a choiscfeas nó a bhacfas cigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar don chigire sin leis an alt seo, nó

(b) a dhiúltós aon bhreacachán a thaispeáint a cheanglós cigire air go dleathach a thaispeáint, nó

(c) a stopfas duine ar bith nó a fhéachfas lena stopadh ó theacht i láthair chigire nó ar a cheistiú ag cigire, nó

(d) a fhailleos nó a dhiúltós go toiliúil aon cheanglas dleathach ó chigire faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó nach fiche punt a chur air.

(3) Duine ar bith ar a gceangailtear leis an gCuid seo breacacháin a choimeád, má dhéanann sé nó má chuireann sé faoi ndear aon bhreacachán a choimeád a bheas bréagach in aon phonc abhartha, nó má dhéanann nó má chuireann faoi ndear nó má ligean go feasach é a thaispeáint do chigire, agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(4) Féadfaidh cigire imeachta a bhunú mar gheall ar chion faoi aon alt nó fo-alt dá bhfuil sa Chuid seo.

(5) (a) Féadfaidh cigire ar bith, má chítear dó go bhfuil suim dlite ar fhostóir ag oibrí (is oibrí lena mbaineann ordú rialuithe fostaíochta a shocraíos luach saothair) toisc luach saothair is lú ná an luach saothair íosta reachtúil a íoc leis, imeachta síbhialta a bhunú thar ceann agus in ainm an oibrí sin chun an tsuim sin a aisghabháil agus in aon imeachta den tsórt sin féadfar ordú a dhéanamh chun an cigire d'íoc costas amhail is dá mba pháirtí sna himeachta é.

(b) An chumhacht a bheirtear le mír (a) den fho-alt seo chun suimeanna a aisghabháil a bheas dlite ar fhostóir ag oibrí ní laghdú í ar aon cheart a bheas ag an oibrí chun na suimeanna sin a aisghabháil in imeachta síbhialta.

Forála maidir le buird cheirde.

Buird cheirde a bheith ina gcomhchoistí oibreachais.

53. —Aon bhord ceirde a bheas ann díreach roimh thosach feidhme an Achta seo is tuigthe, i dtosach feidhme an Achta seo, é a bheith, de bhuaidh an ailt seo, ina chomhchoiste oibreachais arna bhunú faoin gCuid seo le hordú bunuithe (d'ainneoin gan a chomhdhéanamh a bheith ar gach slí do réir forál an Achta seo) agus ag gníomhú maidir leis na hoibrithe agus na fostóirí ar maidir leo a ghníomhaigh sé díreach roimh an tosach feidhme sin.

Orduithe faoi na Trade Boards Acts, 1909 and1918.

54. —Aon ordú a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo ag daingniú, ag athrú nó ag cealú aon ráta faoi na Trade Boards Acts, 1909 and 1918, leanfaidh sé i bhfeidhm agus is tuigthe gur ordú rialuithe fostaíochta é.

Fógraí atá ar feitheamh i dtaobh tograí chun rátaí íosta páighe faoi na Trade Boards Acts,1909 and 1918, a athrú.

55. —I gcás aon fhógra a bheith arna thabhairt ag bord ceirde roimh thosach feidhme an Achta seo i dtaobh tograí chun rátaí íosta páighe faoi na Trade Boards Acts, 1909 and 1918, a athrú, féadfaidh na himeachta céanna a bheith ann maidir leis na tograí sin a d'fhéadfadh a bheith ann dá mba ná déanfaí na hAchta sin a athghairm leis an Acht seo, agus má déantar ordú ag daingniú na dtograí sin is tuigthe gur ordú rialuithe fostaíochta an t-ordú sin.

Tagairtí do bhuird cheirde a oiriúnú.

56. —Déanfar tagairtí in aon doiciméid (seachas achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo) do bhord ceirde a léiriú mar thagairtí do chomhchoiste oibreachais.

Ceisteanna áirithe a chinneadh.

Ceisteanna áirithe a chinneadh.

57. —(1) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar dhuine ar bith dá iarraidh sin, a breith a thabhairt ar an gceist cé acu atá nó ná fuil comhchoiste oibreachais áirithe ag gníomhú maidir le duine áirithe nó cé acu a bhaineann nó ná baineann ordú rialuithe fost aíochta áirithe le duine áirithe.

(2) Déanfaidh cúirt dlí, nuair a bheas aon cheist á cinneadh aici a éireos in imeachta ina láthair i dtaobh cé acu atá nó ná fuil comhchoiste oibreachais áirithe ag gníomhú maidir le duine áirithe nó cé acu a bhaineann nó ná baineann ordú rialuithe fostaíochta áirithe le duine áirithe, aird a thabhairt ar aon bhreith a thug an Chúirt agus a cuirfear faoina bráid i gcúrsa na n-imeacht.

(3) Má éiríonn aon cheist in imeachta i láthair cúirte dlí i dtaobh cé acu atá nó ná fuil comhchoiste oibreachas áirithe ag gníomhú maidir le duine áirithe nó cé acu a bhaineann nó ná baineann ordú rialuithe fostaíochta áirithe le duine áirithe, féadfaidh an chúirt dlí, más cuibhe léi, an cheist a chur faoi bhráid na Cúirte chun breith a thabhairt uirthi, agus beidh breith na Cúirte ar an gceist sin ina breith chríochnaitheach.

Páigh chaighdeánach do líomatáistí.

Páigh chaighdeánach do líomatáistí.

58. —(1) Féadfaidh an Chúirt, tar éis fógra a fhoilsiú i pé slí is oiriúnach léi go bhfuil sin ar intinn aici, a shocrú, uaithi féin nó ar aon duine leasmhar dá iarraidh sin, i leith aon líomatáiste a thoghfas an Chúirt, cad é an pháigh (dá ngairmtear an pháigh chaighdeánach san alt seo) is dóigh leis an gCúirt ba chóir a íoc le hoibrí éatach fireannach a bheadh ag déanamh obair neamhoilte sa líomatáiste sin le haghaidh gnáth-sheachtaine oibre.

(2) Nuair a bheas an pháigh chaighdeánach d'aon líomatáiste á socrú ag an gCúirt bhéarfaidh sí aird ar an gcothrom páighe is gnáth a íoc le hoibrithe eile sa líomatáiste sin.

(3) Má shocraíonn an Chúirt páigh chaighdeánach do líomatáiste ar bith, foilseoidh sí sonraí ina taobh i pé slí is oiriúnach léi.

(4) Ní léireofar éinní san alt seo mar ní a chuireas d'oblagáid ar fhostóirí i líomatáiste an pháigh chaighdeánach a íoc a bheas socair faoin alt seo don líomatáiste sin.

CUID V.

Comhchomhairli Tionscail Claraithe.

Mínithe chun críocha Coda V.

59. —Sa Chuid seo—

comhchomhairle thionscail cháilithe.

ciallaíonn an abairt “comhchomhairle thionscail cháilithe” comhlachas daoine a chomhlíonfas na coinníollacha seo a leanas—

(a) go bhfuil sé ionadaitheach go substainteach d'oibrithe d'aicme nó cineál nó grúpa áirithe agus dá bhfostóirí,

(b) gurb é is cuspóir dó caidreamh muinteartha a chothú idir na fostóirí sin agus na hoibrithe sin,

(c) go bhforáltar lena rialacha, má tharlaíonn aighneas ceirde idir na hoibrithe sin agus a bhfostóirí, ná déanfar staile ná frithdhúnadh mar thaca leis an aighneas go dtí go mbeidh an t-aighneas arna chur faoi bhráid an chomhlachais agus ar na bhreithniú aige;

an clár.

ciallaíonn an abairt “an clár” an Clár de Chomhchomhairlí Tionscail;

cláraithe.

ciallaíonn an focal “cláraithe” cláraithe sa chlár;

comhchomhairle thionscail chláraithe.

ciallaíonn an abairt “comhchomhairle thionscail chláraithe” comhlachas a bheas cláraithe de thuras na huaire sa chlár.

An Clár de Chomhchomhairlí Tionscail.

60. —Coimeádfaidh an chúirt clár dá ngairmfear an Clár de Chomhchomhairlí Tionscail.

Comhchomhairlí tionscail a chlárú.

61. —(1) I gcás comhlachas a bheas á éileamh gur comhchomhairle thionscail cháilithe é d'iarraidh ar an gcúirt é a chlárú sa chlár, déanfaidh an Chúirt, más deimhin léi go bhfuil bunús maith leis an éileamh, an comhlachas a chlárú sa chlár.

(2) Beidh ag gabháil le hiarratas ó chomhlachas á iarraidh é a chlárú sa chlár cóipeanna de rialacha an chomhlachais agus pé eolas eile a theastós ón gCúirt i dtaobh an chomhlachais.

(3) Má dhéanann an Chúirt comhlachas a chlárú sa chlár, bhéarfaidh sí go n-iontrálfar ann ainm an chomhlachais, a phríomh-oifig agus ainm a rúnaí.

Clárú a chealú.

62. —Déanfaidh an Chúirt clárú aon chomhlachais sa chlár a chealú—

(a) má iarrann an comhlachas ar an gCúirt sin a dhéanamh, nó

(b) más dóigh leis an gCúirt go bhfuil scortha ag an gcomhlachas de bheith ina chomhchomhairle thionscail cháilithe, nó go bhfuil scortha aige de bheith ag gníomhú.

Rialacha comhchomhairle tionscail cláraithe a iniúchadh.

63. —Beidh rialacha comhchomhairle tionscail cláraithe ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal in oifigí na Cúirte pé trátha a shocrós an Chúirt.

Cathaoirleach agus rúnaí comhchomhairle tionscail a cheapadh.

64. —Féadfaidh an Chúirt, ar chomhchomhairle thionscail chláraithe dá iarraidh sin, cathaoirleach na comhairle agus rúnaí dhi a cheapadh.

Comhchomhairle thionscail chláraithe a bheith ina comhlacht lena mbaineann alt 3 den Acht Ceardchumann, 1942.

65. —Beidh comhchomhairle thionscail chláraithe ina bord lena mbaineann alt 3 den Acht Ceardchumann, 1942 (Uimh. 23 de 1942) .

CUID VI.

Aighnis Cheirde.

“Oibrí” chun críocha Coda VI.

66. —Sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo ciallaíonn an focal “oibrí” duine ar bith, is oibrí do réir bhrí ailt 4 den Acht seo nó is oibrí talmhaíochta, do réir bhrí an Achta um Páigh Thalmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) .

Cumhacht na Cúirte chun aighneas ceirde a fhiosrú.

67. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an Chúirt, i gcás aighneas ceirde a bheith ann nó a bheith ag tuar, an t-aighneas a fhiosrú.

(2) Ní fhiosróidh an Chúirt aighneas ceirde idir dhaoine a mbeidh ionadaíocht acu ar chomhchomhairle thionscail chláraithe mura rud é—

(a) go n-iarrfaidh an chomhairle é, nó

(b) gur dóigh leis an gCúirt gur cosúil saotharstad a theacht den aighneas.

(3) Ní fhiosróidh an Chúirt aighneas lena mbaineann alt 11 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aosliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) , ach amháin ar an mbínse a bunaíodh faoi alt 9 den Acht sin dá iarraidh sin.

(4) Ní dhéanfaidh an Chúirt aighneas ceirde a mbeidh baint ag ceardchumann leis a fhiosrú, má chruthaíonn an ceardchumann chun sástachta na Cúirte go bhfuil comhaontú i bhfeidhm idir an ceardchumann agus na páirtithe eile san aighneas lena bhforáltar modh eile chun an t-aighneas a chinneadh, mura rud é gur dóigh leis an gCúirt gur cosúil saotharstad a theacht den aighneas.

(5) Ní fhiosróidh an Chúirt aighneas ceirde idir dhaoine lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe, do réir bhrí Coda III den Acht seo, i dtaobh nithe lena mbaineann an comhaontú mura rud é—

(a) go n-iarrfaidh páirtí sa chomhaontú é, nó

(b) gur dóigh leis an gCúirt gur cosúil saotharstad a theacht den aighneas.

Moladh ón gCúirt i dtaobh aighnis cheirde.

68. —(1) Déanfaidh an Chúirt, tar éis aighneas ceirde a fhiosrú, moladh ina leagfaidh amach a tuairim ar chearta an aighnis agus na téarmaí ar ar chóir, mar mhaithe le leas an phobail agus d'fhonn síocháin tionscail a chothú, an t-aighneas a shocrú, ag féachaint go cuibhe do chothroimhe na dtéarmaí sin maidir leis na páirtithe lena mbainfidh agus don chosúlacht atá ann go mbeidh na téarmaí sin inghlactha acu.

(2) Cuirfidh an Chúirt moladh faoin alt seo in iúl do na páirtithe uile san aighneas agus do pé daoine eile is oiriúnach leis an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt freisin an moladh a fhoilsiú i pé slí is oiriúnach léi.

Oifigeach idir-réitigh do dhéanamh eadarghabhála in aighneas ceirde.

69. —(1) Féadfaidh cathaoirleach na Cúirte, sar a dtosnóidh an Chúirt ar aighneas ceirde a fhiosrú, oifigeach idir-réitigh a cheapadh chun bheith ina eadarghabhálaí san aighneas chun buan-shocrú a dhéanamh air nó pé socrú sealadach a áiritheos ná tarlóidh aon tsaotharstad faid a bheas an t-aighneas á fhiosrú.

(2) Féadfaidh cathaoirleach na Cúirte údarás ginearálta a thabhairt d'oifigeach idir-réitigh chun gníomhú ina eadarghabhálaí maidir le haighnis cheirde i gcoitinne nó le haighnis cheirde de chineál áirithe.

Aighneas ceirde a chur faoi eadráin.

70. —I gcás aighneas ceirde a bheith tar éis tarlachtain nó a bheith ag tuar, féadfaidh an Chúirt, le toiliú gach páirtí a mbeidh baint acu leis an aighneas, an t-aighneas a chur faoi eadráin duine amháin nó níos mó (lena n-íocfar pé táillí a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais) nó féadfaidh an Chúirt féin eadráin a dhéanamh ar an aighneas.

An Chúirt d'fhiosrú aighneas ceirde áirithe a dtiocfaidh saotharstad díobh agus cumhacht chun dámhachtana a dhéanamh ina leith.

71. —(1) Más eol don Chúirt aighneas ceirde a bheith tar éis tarlachtain a dtáinig saotharstad de in aon cheird nó tionscal, féadfaidh an Chúirt an t-aighneas a fhiosrú, más deimhin léi ná fuil aon cheardchumann oibrithe ag cur an aighnis chun cinn nó ag cabhrú leis.

(2) Má chinneann an Chúirt ar aighneas ceirde a fhiosrú do réir an ailt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) bhéarfaidh an Chúirt go bhfoilseofar, i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa líomatáiste inar tharla an t-aighneas, fógra i dtaobh an ama (nach luaithe ná dhá lá glan tar éis dáta foilsithe an nuachtáin sin) agus na háite ina suífidh an Chúirt chun fianaise a ghlacadh maidir leis an aighneas ó dhaoine a mbeidh baint acu leis;

(b) déanfaidh an Chúirt, ag an suí sin nó ag aon athchomóradh air, fianaise a ghlacadh maidir leis an aighneas ó gach duine a thiocfas ina láthair chun fianaise a thabhairt agus ar dóigh leis an gCúirt baint a bheith aige leis an aighneas;

(c) ar fhianaise a éisteacht, déanfaidh an Chúirt, mar is cuibhe léi—

(i) a chinneadh gan aon ní a dhéanamh maidir leis an aighneas, nó

(ii) moladh a fhoilsiú ag leagadh amach tuairime na Cúirte ar chearta an aighnis agus ar an slí inar chóir é a shocrú, nó

(iii) dámhachtain a dhéanamh (ná beidh ar neamhréir ina téarmaí le comhaontú fostaíochta cláraithe, do réir bhrí Coda III den Acht seo) ag leagadh amach na gcoinníoll ar ar chóir, i dtuairim na Cúirte, an t-aighneas a shocrú.

Eifeacht dámhachtana faoi alt 71.

72. —Aon uair a dhéanfas an Chúirt dámhachtain faoi alt 71 den Acht seo maidir le haon oibrithe agus a bhfostórí, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) beidh an dámhachtain i bhfeidhm go ceann na tréimhse de thrí mhí dar tosach dáta na dámhachtana;

(b) aon fhostóir a dhéanfas nó a chomhaontós, gan toiliú na Cúirte, oibrí ar bith a fhostú, i rith na tréimhse sin, faoi choinníollacha a bheas ar neamhréir le coinníollacha na dámhachtana, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

CUID VII.

Forala Sealadacha maidir le hOrduithe Paighe (Rata Caighdeanach agus Orduithe Bonais faoin Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 166), 1942, agus faoin Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 260), 1943.

Mínithe chun críocha Coda VII.

73. —Sa Chuid seo—

ordú bónais.

ciallaíonn an abairt “ordú bónais” ordú arna dhéanamh faoi Airteagal 11 nó Airteagal 11A nó Airteagal 11AA d'Ordú 166 nó faoi Airteagal 11 den Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 166), 1942 (An Cúigiú Leasú), 1942 (R. & O. R., Uimh. 444 de 1942), nó faoi Airteagal 18 nó Airteagal 19 nó Airteagal 20 nó mír (4) d'Airteagal 21 d'Ordú 260 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo;

ordú 166.

ciallaíonn an abairt “Ordú 166” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 166), 1942 (R. & O. R., Uimh. 21 de 1942 );

ordú 260.

ciallaíonn an abairt “Ordú 260” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 260), 1943 (R. & O. R., Uimh. 50 de 1943);

oireasú.

ciallaíonn an briathar “oireasú”, maidir le hordú páighe (ráta caighdeánach) nó le hordú bónais, oireasú faoi alt 76 den Acht seo;

ordú páighe (ráta caighdeánach).

ciallaíonn an abairt “ordú páighe (ráta caighdeánach)” ordú arna dhéanamh faoi Airteagal 10 nó Airteagal 10A d'Ordú 166 nó faoi Airteagal 16 nó Airteagal 17 nó mír (3) d'Airteagal 21 d'Ordú 260 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

Ré feidhme Coda VII.

74. —(1) Leanfaidh an Chuid seo i bhfeidhm go ceann bliana ó thosach feidhme an Achta seo agus raghaidh in éag ansin mura gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia í le rialacháin ón Aire faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Tar éis dó dul i gcomhairle le comheagrais a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe agus le ceardchumainn a bheas ionadaitheach d'fhostóirí, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an Chuid seo a choimeád i bhfeidhm, trí rialacháin arna ndéanamh roimh dheireadh bliana ó thosach feidhme an Achta seo, go ceann pé tréimhse eile is oiriúnach leis agus a shonrós sé san ordú, agus sa chás sin leanfaidh an Chuid seo i bhfeidhm go ceann na tréimhse a bheas sonraithe amhlaidh agus raghaidh in éag ansin.

Srian le hoibriú Coda VII.

75. —Ní bhaineann an Chuid seo le hoibrithe a ndéanfaidh Aire Stáit a luach saothair a shocrú faoi aon achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire.

Orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a oireasú.

76. —(1) I gcás ceardchumann nó aon chomhlacht daoine, a chífear don Chúirt a bheith ionadaitheach d'oibrithe lena mbaineann ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais, dá iarraidh ar an gCúirt na horduithe sin a oireasú faoin alt seo, bhéarfaidh an Chúirt, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, go ndéanfar na horduithe sin a oireasú.

(2) Ní thabharfaidh an Chúirt go ndéanfar ordú páighe (ráta caighdeánach) ná ordú bónais a oireasú faoin alt seo mura n-iarrtar, laistigh den tréimhse de cheithre mhí ó thosach feidhme an Achta seo, an t-ordú a oireasú.

(3) Aon iarratas faoin alt seo á iarraidh ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú féadfar é a dhéanamh leis an bpost cláraithe agus beidh cóipeanna de na horduithe ag gabháil leis.

(4) Féadfaidh an Chúirt duine dá hoifigigh a cheapadh chun iarratais faoin alt seo a ghlacadh agus chun orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a oireasú.

Ordú páighe ón gCúirt.

77. —(1) Féadfaidh ceardchumann nó comhlacht eile a iarraidh ar an gCúirt ordú a dhéanamh ag socrú rátaí luach saothair d'aicme oibrithe nár bhain aon ordú páighe (ráta caighdeánach) leo díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) I gcás iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin alt seo i leith aicme oibrithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) má chítear don Chúirt go bhfuil an t-iarratasóir ionadaitheach d'oibrithe den aicme sin, foilseoidh an Chúirt fógra i dtaobh an iarratais i pé slí is dóigh leis an gCúirt is fearr a chuirfeadh an t-iarratas in iúl do gach duine lena mbaineann sé;

(b) breithneoidh an Chúirt an t-iarratas agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt baint a bheith aige leis agus ar mian leis éisteacht a fháil;

(c) féadfaidh an Chúirt, mar is oiriúnach léi, diúltú don iarratas nó ordú a dhéanamh ag foráil pé rátaí luach saothair is oiriúnach leis an gCúirt don aicme oibrithe sin;

(d) i gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú den tsórt sin—

(i) má chuireann an t-iarratasóir in iúl don Chúirt, laistigh de shé lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, ná fuil an t-ordú inghlactha, déanfaidh an Chúirt air sin an t-ordú a chúlghairm,

(ii) mura gcuire an t-iarratasóir é sin in iúl don Chúirt, beidh ag an ordú, amhail ar chríoch agus ó chríoch an sé lá déag sin, an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a hoireasaíodh é, agus

(iii) déanfar tagairtí sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo d'orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'orduithe faoin alt seo, fara na modhnuithe go mbeidh éifeacht ag tagairtí d'oireasú, maidir le hordú faoin alt seo, mar thagairtí do dhéanamh an orduithe, agus go mbeidh éifeacht ag tagairtí do chealú oireasuithe mar thagairtí do chúlghairm an orduithe.

An éifeacht a bheas ag oireasú orduithe.

78. —(1) I gcás ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú, beidh éifeacht, ar feadh na tréimhse a leanfas na horduithe sin de bheith oireasaithe, ag na forála seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh fostóir aon oibrí lena mbainfidh na horduithe sin luach saothair a íoc leis an oibrí sin do réir ráta nach ísle ná an ráta iomchuibhe a bheas sonraithe san ordú páighe (ráta caighdeánach), maille leis an mbónas a bheas sonraithe san ordú bónais;

(b) má fhorálann conradh idir aon oibrí lena mbainfidh na horduithe sin agus a fhostóir luach saothair a íoc do réir ráta (dá ngairmtear ráta an chonartha sa mhír seo) is ísle ná an ráta a bheas sonraithe san ordú páighe (ráta caighdeánach), maille leis an mbónas a bheas sonraithe san ordú bónais, beidh éifeacht ag an gconradh, i leith na tréimhse sin, amhail is dá bhforáladh sé luach saothair a íoc do réir an ráta a bheas sonraithe san ordú páighe (ráta caighdeánach) maille leis an mbónas sin in ionad ráta an chonartha;

(c) má dhéanann ceardchumann oibrithe gearán leis an gCúirt go ndearna fostóir, maidir le haon oibrí lena mbaineann na horduithe sin, faillí nó mainneachtain i mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh—

(i) breithneoidh an Chúirt an gearán agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil,

(ii) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú, go n-íocfaidh an fostóir sin aon tsuim a bheas ag dul don oibrí i leith luach saothair do réir na n-orduithe;

(d) má dhéanann fostóir lena mbaineann na horduithe sin, nó ceardchumann a bheas ionadaitheach d'fhostóirí den tsórt sin, gearán leis an gCúirt go bhfuil ceardchumann oibrithe ag cur stailce chun cinn, nó ag cabhrú as a chistí le cothabháil stailce, arb eol d'ard-choiste bainistí an cheardchumainn oibrithe gurb é is chuspóir di a thabhairt ar fhostóir géilleadh d'éileamh go n-íocfadh sé le hoibrí lena mbaineann na horduithe luach saothair is mó ná an luach saothair a foráltar leis na horduithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(i) breithneoidh an Chúirt an gearán agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil;

(ii) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán—

(I) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú don cheardchumann oibrithe sin gan cabhrú as a chistí le cothabháil na stailce sin;

(II) féadfaidh an Chúirt oireasú na n-orduithe a chealú.

(2) Más rud é—

(a) go leanfaidh stailc tar éis don Chúirt ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an stailc, agus

(b) ná féadfaidh nó go ndiúltóidh comhaltaí de cheardchumann oibrithe, nach é a rátaí luach saothair is abhar don stailc, obair a dhéanamh faid a leanfas an stailc,

ansin, má híoctar sochar stailce leis na comhaltaí sin do réir rialacha an cheardchumainn, ní tuigthe, chun críocha an ailt seo, gurb ionann sin agus cabhrú, le cothabháil na stailce.

(3) Más rud é, i gcás an Chúirt do dhéanamh orduithe faoi fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo nó faoi chlásal (I) d'fho-mhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ná comhlíonfar an t-ordachán a bheas san ordú, beidh an duine dar tugadh an t-ordachán ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Iarratais á iarraidh orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a hoireasaíodh a athrú.

79. —I gcás ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) féadfaidh ceardchumainn agus comhlachta eile iarratas a dhéanamh ó am go ham á iarraidh na rátaí luach saothair a bheas sonraithe sna horduithe a mhéadú;

(b) má chítear don Chúirt go bhfuil aon iarratasóir den tsórt sin ionadaitheach d'oibrithe lena mbaineann na horduithe, foilseoidh an Chúirt fógra i dtaobh an iarratais i pé slí is dóigh leis an gCúirt is fearr a chuirfeadh an t-iarratas in iúl do gach duine lena mbaineann;

(c) breithneoidh an Chúirt an t-iarratas agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt baint a bheith aige leis agus ar mian leis éisteacht a fháil;

(d) féadfaidh an Chúirt, mar is oiriúnach léi, diúltú don iarratas nó ordú a dhéanamh ag foráil pé rátaí méadaithe luach saothair is oiriúnach léi;

(e) má dhéanann an Chúirt ordú den tsórt sin, sonróidh sí san ordú na ceardchumainn oibrithe nó na comhlachta atá ionadaitheach d'oibrithe (dá ngairmtear páirtithe leasmhara san alt seo) a bheas i dteideal a fhoréileamh go gcúlghairmfí an t-ordú nó go gcealófaí oireasú an orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus an orduithe bhónais do réir an ailt seo;

(f) má dhéanann aon pháirtí leasmhar, laistigh de shé lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, fógra a thabhairt don Chúirt—

(i) go bhfuil sé á fhoréileamh go gcúlghairmfí an t-ordú, nó

(ii) go bhfuil sé á fhoréileamh go ndéanfaí an t-ordú a chúlghairm agus an t-oireasú a chealú,

déanfaidh an Chúirt do réir an fhoréilimh;

(g) mura dtuga páirtí leasmhar fógra amhlaidh don Chúirt, beidh ag an ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ag an ordú bónais, amhail ar chríoch agus ó chríoch an sé lá déag sin, éifeacht, chun críocha ailt 78 den Acht seo, amhail is dá leasaítí iad do réir téarmaí an orduithe a rinne an Chúirt amhlaidh;

(h) má dhiúltaíonn an Chúirt don iarratas, sonróidh sí na ceardchumainn nó na comhlachta a bheas i dteideal obadh don diúltú, agus má thugann aon cheardchumann nó comhlacht den tsórt sin fógra don Chúirt, laistigh de shé lá déag tar éis an diúltuithe, go bhfuil sé ag obadh don diúltú, ansin cealóidh an Chúirt oireasú an orduithe pháige (ráta caighdeánach) agus an orduithe bhónais.

Oireasú orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a chealú.

80. —(1) I gcás comhaontú fostaíochta, do réir bhrí Coda III den Acht seo, a bhaineas le luach saothair, a chlárú faoin gCuid sin III, cealóidh an Chúirt air sin oireasú aon orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus aon orduithe bhónais is dóigh leis an gCúirt a bhaineas leis an aicme chéanna oibrithe lena mbaineann an comhaontú sin.

(2) Más deimhin leis an gCúirt, ar ghearán ó dhuine ar bith, go ndearnadh ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú ar iarratas ceardchumainn nó comhlachta ná raibh ionadaitheach do thromlach na n-oibrithe lena mbaineann na horduithe sin, féadfaidh sí an t-oireasú a chealú.

Sonraí a fhoilsiú.

81. —(1) Nuair a hoireasófar ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais, foilseoidh an Chúirt i pé slí is oiriúnach léi fógra i dtaobh an oireasuithe maraon le pé sonraí i dtaobh na n-orduithe a mheasfas an Chúirt is gá.

(2) Nuair a déanfar ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a athrú le hordú faoi alt 79 den Acht seo, foilseoidh an Chúirt i pé slí is oiriúnach léi fógra i dtaobh an athruithe maraon le pé sonraí i dtaobh an athruithe a mheasfas an Chúirt is gá.

(3) Nuair a cealófar oireasú orduithe pháige (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais, foilseoidh an Chúirt i pé slí is oiriúnach léi fógra i dtaobh an chealuithe.

Ceisteanna áirithe a chinneadh.

82. —(1) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar dhuine ar bith dá iarraidh sin, a breith a thabhairt ar aon cheist i dtaobh léiriú orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais nó i dtaobh a bhfeidhme maidir le duine áirithe.

(2) Déanfaidh cúirt dlí, nuair a bheas aon cheist á cinneadh aici a éireos in imeachta ina láthair i dtaobh léiriú orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais nó i dtaobh a bhfeidhme maidir le duine áirithe, aird a thabhairt ar aon bhreith a thug an Chúirt ar na horduithe sin agus a cuirfear faoina bráid i gcúrsa na n-imeacht.

(3) Má éiríonn aon cheist in imeachta i láthair cúirte dlí i dtaobh léiriú orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais nó i dtaobh a bhfeidhme maidir le duine áirithe, féadfaidh an chúirt dlí, más cuibhe léi, an cheist a chur faoi bhráid na Cúirte chun breith a thabhairt uirthi, agus beidh breith na Cúirte ar an gceist sin ina breith chríochnaitheach.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 8.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

59 & 60 Vic., c. 30

The Conciliation Act, 1896

An tAcht iomlán.

9 Ed. VII, c. 22

The Trade Boards Act, 1909

An tAcht iomlán.

3 & 4 Geo. V, c. clxii.

The Trade Boards Provisional Orders Confirmation Act, 1913

An tAcht iomlán.

8 & 9 Geo. V, c. 32

The Trade Boards Act, 1918

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. V, c. 69.

The Industrial Courts Act, 1919

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1936

An tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936

Alt 50.

Uimh. 4 de 1938

Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938

Cuid V.

AN DARA SCEIDEAL.

Comhdheanamh, Oifigigh agus Imeachta Comhchoisti Oibreachais.

Alt 41.

1. Sa Sceideal seo, ciallaíonn an focal “coiste” comhchoiste oibreachais.

2. (1) Beidh coiste comhdhéanta mar leanas—

(a) comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí neamhspleácha sa Sceideal seo) a cheapfas an tAire agus a roghnófar mar gur daoine neamhspleácha iad, eadhon—

(i) cathaoirleach, agus

(ii) beirt eile ar a mhéid, agus

(b) comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí ionadaitheacha sa Sceideal seo) a cheapfas an Chúirt, eadhon—

(i) pé uimhir is oiriúnach leis an gCúirt de dhaoine (dá ngairmtear comhaltaí ionadaitheacha (fostóirí) sa Sceideal seo) atá, i dtuairim na Cúirte, ionadaitheach d'fhostóirí a bhfuil an coiste le gníomhú ina leith, agus

(ii) a chomhuimhir sin de dhaoine (dá ngairmtear comhaltaí ionadaitheacha (oibrithe) sa Sceideal seo) atá, i dtuairim na Cúirte, ionadaitheach d'oibrithe a bhfuil an coiste le gníomhú ina leith.

(2) Sar a gceapfaidh an Chúirt comhalta ionadaitheach de choiste, raghaidh sí i gcomhairle, a mhéid is féidir é go réasúnach, le haon chomheagras fostóirí nó, do réir mar a bheas, le haon chomheagras oibrithe lena mbaineann an cúrsa.

(3) Beidh gach comhalta neamhspleách de choiste i seilbh oifige fad is toil leis an Aire.

(4) Má scoireann comhalta ionadaitheach, i dtuairim na Cúirte, de bheith ionadaitheach do na fostóirí nó, do réir mar a bheas, do na hoibrithe ar ceapadh é mar ionadaí dhóibh, déanfaidh an Chúirt a chomhaltas a fhorceannadh.

(5) Féadfaidh an Chúirt, as a comhairle féin, comhaltas aon chomhalta ionadaithigh de choiste a fhorceannadh.

(6) Má forceanntar comhaltas aon chomhalta ionadaithigh de choiste, scoirfidh an comhalta sin de bheith ina chomhalta den choiste.

3. Na hoifigigh agus na seirbhísigh a bheas ag teastáil chun cabhrú le coiste i bhfeidhmiú a chumhacht, is as oifigigh agus seirbhísigh na Cúirte a cuirfear ar fáil iad.

4. Ní bheidh imeachta coiste gan bhail toisc aon fholúntas a bheith sa choiste ná toisc aon locht a bheith ar cheapadh comhalta.

5. Chun cruinniú de choiste a bheith ann ní foláir comhalta neamhspleách amháin ar a laghad agus trian ar a laghad de líon iomlán na gcomhaltaí ionadaitheacha a bheith i láthair.

6. (1) Faoi réir forál na míre seo, beidh vóta amháin ag gach comhalta de choiste.

(2) Má tharlaíonn ag cruinniú ar bith de choiste nach ionann líon don ghrúpa de chomhaltaí ionadaitheacha (fostóirí) a bheas i láthair agus don ghrúpa de chomhaltaí ionadaitheacha (oibrithe) a bheas i láthair—

(a) féadfaidh pé grúpa acu sin ag a mbeidh an tromlach a shocrú go staonfaidh aon duine nó daoine dá líon ó vótáil i dtreo go mbeadh comhionannas ann,

(b) mura ndéantar aon tsocrú den tsórt sin, féadfaidh cathaoirleach an choiste nó, má bhíonn seisean as láthair, an duine a bheas ag gníomhú mar chathaoirleach ar an gcruinniú, an vótáil ar aon cheist a chur siar go dtí cruinniú eile den choiste.

(3) Ag cruinniú de choiste, beidh ag cathaoirleach an choiste nó, má bhíonn seisean as láthair, ag an duine a bheas ag gníomhú mar chathaoirleach ar an gcruinniú an dara vóta nó vóta réitigh ar aon cheist ar chomhionann an vótáil uirthi mura mbeadh sin.

7. (1) Beidh cruinnithe ag coiste i pé áiteanna agus pé trátha a chinnfeas sé ó am go ham a bheith oiriúnach chun a fheadhma faoin Acht seo a chomhlíonadh, agus féadfaidh sé aon cheann dá chruinnithe a chur ar athló.

(2) Déanfaidh coiste, lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht seo, pé nós imeachta a ghlacadh ag a chruinnithe agus eile, a chinnfeas sé a bheith oiriúnach chun a fheadhma faoin Acht seo a chomhlíonadh.

8. (1) Féadfaidh coiste, le toiliú na Cúirte, fo-choistí a cheapadh chun cabhrú leis.

(2) Féadfaidh fo-choiste de choiste a bheith comhdhéanta de chomhaltaí den choiste agus de pé daoine eile a cheapfas an coiste le toiliú na Cúirte.

(3) Is tuigthe gur fo-choiste arna cheapadh faoi fho-mhír (1) den mhír seo coiste ceirde ceantair a rinne coiste, nuair ba bhord ceirde é, a bhunú faoi na Trade Boards Acts, 1909 and 1918.

9. Féadfaidh aon chomhalta den Chúirt bheith i láthair ag cruinniú de choiste agus beidh ceart aige páirt a ghlacadh sna himeachta ach ní bheidh ceart vótála aige.

10. Féadfar pé luach saothar agus liúntais (lena n-áirítear cúiteamh i gcailliúint ama) a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí de choiste nó d'fho-choiste.