20 1946


Uimhir 20 de 1946.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE, GO N-ÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR AN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1940.

[18ú Iúil, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú.

1. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) , tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1946”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1945 (Uimh. 28 de 1945) , a scrios as an míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe”, agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1948” a chur ina ionad.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) , a theacht i ngníomh.

Gearr-theideal agus comhluadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1946, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1945, agus den Acht seo le chéile.