|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 14 de 1958. | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA (LEASÚ), 1946. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO MHÉADÚ MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA A FÉADFAR A RÉAMHÍOC LE BORD CUARTAÍOCHTA NA hÉIREANN FAOI ALT 16 DEN ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 , AGUS CHUIGE SIN DO LEASÚ FO-AILT (1) DEN ALT SIN. [12ú Meitheamh, 1946.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Acht 1939. |
1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) . |
[EN] |
Fo-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1939 a leasú. |
2. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1939 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1): |
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna a theastós ón mBord ó am go ham ach nach mó san iomlán ná milliún dhá chéad agus caoga míle punt a réamhíoc leis an mBord as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.”. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus comhluadh. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta (Leasú), 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1946, a ghairm d'Acht 1939 agus den Acht seo le chéile. |