1 1946


Uimhir 1 de 1946


AN tACHT UM CHINSIREACHT FHOILSEACHÁN, 1946.

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRAITHE BHREISE AGUS FHEABHSA CHUN LEABHAIR AGUS FOILSEACHÁIN TRÉIMHSIÚLA A CHINSIRIÚ. [13ú Feabhra, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

Acht 1929.

an Bord Achomhairc.

leabhar.

an Bord Cinsireachta.

mígheanasach.

an tAire.

an dáta feidhme.

foilseachán tréimhsiúil.

cead.

ordaithe.

leabhar toirmiscthe.

foilseachán tréimhsiúil toirmiscthe.

ordú toirmisceachta.

an clár.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1929” an tAcht um Scrúdóire acht Fhoilseachán, 1929 (Uimh. 21 de 1929) ;

ciallaíonn an abairt “an Bord Achomhairc” an Bord Achomhairc um Chinsireacht Fhoilseachán;

folaíonn an focal “leabhar” gach foilseachán clóite nach foilseachán tréimhsiúil agus, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn sé gach eagrán de leabhar;

ciallaíonn an abairt “an Bord Cinsireachta” an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán;

folaíonn rud a bheith “mígheanasach” é bheith ina rud a mheabhródh mí-mhoráltacht chollaí nó duáilceas mí-nádúrtha do dhuine nó a chorródh chuige sin é nó is dócha a dhéanfadh in aon tslí eile den tsórt sin duine a thruailliú nó a chorbadh;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

folaíonn an abairt “foilseachán tréimhsiúil” páipéar nuachta, maingisín, irisleabhar nó foilseachán clóite eile a foilsítear go tréimhsiúil nó ina choda nó ina uimhreacha, seachas foilseachán a foilsítear ina choda nó ina uimhreacha trátha is sia ná trí mhí ó chéile de ghnáth agus, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn sí gach eagrán agus gach eisiúin d'fhoilseachán tréimhsiúil;

ciallaíonn an focal “cead” cead arna dheonadh ag an Aire faoi alt 19 den Acht seo;

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é bheith ordaithe ag an Aire le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 20 den Acht seo;

ciallaíonn an abairt “leabhar toirmiscthe” leabhar a mbeidh ordú faoi alt 7 den Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith;

ciallaíonn an abairt “foilseachán tréimhsiúil toirmiscthe” foilseachán tréimhsiúil a mbeidh ordú faoi alt 9 den Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith;

ciallaíonn an abairt “ordú toirmisceachta” ordú faoi alt 7 nó alt 9 den Acht seo;

ciallaíonn an abairt “an clár” an Clár d'Fhoilseacháin Toirmiscthe.

An Bord um Chinsireacht Fhoilseachán.

2. —(1) Beidh Bord um Chinsireacht Fhoilseachán ann ar cúigear a líon.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith agus do réir mar is gá ina dhiaidh sin, daoine a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord Chinsireachta.

(3) Pé comhalta den Bhord Chinsireachta a ainmneos an tAire ó am go ham chuige sin, is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord sin.

(4) Faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, beidh gach comhalta den Bhord Chinsireachta, mura dtárlaí roimhe sin é d'éag nó é d'éirí as nó é a chur as oifig, i seilbh oifige ar feadh téarma cúig mblian arna áireamh, i gcás na gcéad chomhaltaí, ón dáta feidhme agus, i gcás gach comhalta ina dhiaidh sin, ó dheireadh théarma oifige a réamhtheachtaí.

(5) Comhalta den Bhord Chinsireachta a ceapfar chun folúntas a líonadh a thárlós ar shlí seachas trí imeacht aimsire beidh sé i seilbh oifige ar feadh iarmhair an téarma a bheadh an comhalta, arb é foirceannadh a oifige faoi ndear an folúntas, i seilbh oifige dá mba nár thárla an folúntas sin.

(6) Féadfaidh comhalta den Bhord Chinsireachta éirí as a oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí-as sin ar an dáta ar a bhfaghaidh an tAire an litir.

(7) Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Bhord Chinsireachta a chur as oifig a bheas as láthair (ar chúis seachas é bheith breoite) ó cheithre cruinnithe as a chéile den Bhord Chinsireachta nó a thiocfas chun bheith neamhoiriúnach, i dtuairim an Aire, chun bheith ina chomhalta den Bhord Chinsireachta.

(8) Beidh comhalta den Bhord Chinsireachta inathcheaptha ar dheireadh a theacht lena chomhaltas trí imeacht aimsire.

(9) Féadfaidh an Bord Cinsireachta gníomhú chun gach críche d'ainneoin folúntas amháin a bheith ina gcomhaltas.

An Bord Achomhairc um Chinsireacht Fhoilseachán.

3. —(1) Beidh Bord Achomhairc um Chinsireacht Fhoilseachán ann ar cúigear a líon comhaltaí, eadhon:—

(a) cathaoirleach a bheas ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt chuarda nó ina abhcóide nó a atúrnae cleachtach agus seasamh seacht mblian ar a laghad aige, agus

(b) ceathrar gnáth-chomhaltaí.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith agus do réir mar is gá ina dhiaidh sin, cathaoirleach an Bhuird Achomhairc a cheapadh agus daoine a cheapadh ina ngnáth-chomhaltaí den Bhord sin.

(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, beidh gach comhalta den Bhord Achomhairc, mura dtárlaí roimhe sin é d'éag nó é d'éirí as nó é a chur as oifig, i seilbh oifige ar feadh téarma trí mblian arna áireamh, i gcás na gcéad chomhaltaí, ón dáta feidhme agus, i gcás gach comhalta ina dhiaidh sin, ó dheireadh théarma oifige a réamhtheachtaí.

(4) Comhalta den Bhord achomhairc a ceapfar chun folúntas a líonadh a thárlós ar shlí seachas trí imeacht aimsíre beidh sé i seilbh oifige ar feadh iarmhair an téarma a bheadh an comhalta, arb é foirceannadh a oifige faoi ndear an folúntas, i seilbh oifige dá mba nár thárla an folúntas sin.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord Achomhairc éirí as a oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí-as sin ar an dáta ar a bhfaghaidh an tAire an litir.

(6) Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Bhord Achomhairc a chur as oifig a bheas as láthair (ar chúis seachas é bheith breoite) ó cheithre cruinnithe as a chéile den Bhord Achomhairc nó a thiocfas chun bheith neamhoiriúnach, i dtuairim an Aire, chun bheith ina chomhalta den Bhord Achomhairc.

(7) Beidh comhalta den Bhord Achomhairc inathcheaptha ar dheireadh a theacht lena chomhaltas trí imeacht aimsire.

(8) Féadfaidh an Bord Achomhairc gníomhú chun gach críche d'ainneoin folúntas amháin a bheith ina gcomhaltas.

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord Chinsireachta agus don Bhord Achomhairc.

4. —Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé méid daoine a mheasfaidh is gá a cheapadh ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord Chinsireachta agus don Bhord Achomhairc faoi seach agus beidh na daoine a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaid pé luach saothair a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham.

Oifigigh Chustam do chur leabhar faoi bhráid an Bhuird Chinsireachta.

5. —(1) Féadfaidh oifigeach custam agus máil aon leabhar ar dóigh leis gur ceart é a scrúdú faoin Acht seo ag an mBord Cinsireachta a choinneáil ar é d'allmhuiriú (chun go gcuirfidh faoi bhráid an Bhuird sin é chun a scrúdaithe).

(2) Má choinníonn oifigeach custam agus máil leabhar faoi fho-alt (1) den alt seo déanfa sé, a luaithe is féidir—

(a) an leabhar a chur go dtí an Bord Cinsireachta;

(b) i gcás an leabhar a bheith, tráth a choinneála, i gcoimeád taistealaí ag teacht isteach, fógra scríofa a sheachadadh don taistealaí sin go bhfuil sé chun an leabhar a chur go dtí an Bord Cinsireachta de bhun an fho-ailt seo nó, más eol dó seoladh an taistealaí sin, fógra scríofa faoin seoladh sin a chur go dtí an taistealaí sin leis an bpost cláraithe réamhíoctha go bhfuil sé chun nó go bhfuil sé tar éis an leabhar a chur go dtí an Bord Cinsireachta de bhun an fho-ailt seo;

(c) i gcás gan an leabhar a bheith, tráth a choinneála, i gcoimeád taistealaí ag teacht isteach, fógra scríofa a sheachadadh don chonsíní nó dá ghníomhaire chuibhe-údaraithe go bhfuil sé chun an leabhar a chur go dtí an Bord Cinsireachta de bhun an fho-ailt seo nó fógra scríofa faoin seoladh chun a raibh an leabhar á chonsíniú a chur go dtí consíní an leabhair leis an bpost cláraithe réamhíoctha go bhfuil sé chun nó go bhfuil sé tar éis an leabhar a chur go dtí an Bord Cinsireachta de bhun an fho-ailt seo.

(3) Ní dhéanfaidh oifigeach custam agus máil leabhar, nach marsantas, a bheas á iompar ag taistealaí ag teacht isteach nó is cuid dá bhagáiste phearsanta, a choinneáil faoin alt seo.

(4) Ní léireofar éinní san alt seo mar ní a dhéanas difir d'oibriú an Customs Consolidation Act, 1876, arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.

An Bord Cinsireachta do scrúdú leabhar.

6. —(1) Scrúdóidh an Bord Cinsireachta gach leabhar a chuirfeas oifigeach custam agus máil faoina mbráid go cuibhe agus gach leabhar a ndéanfaidh duine ar bith eile gearán leo sa tslí ordaithe ina thaobh agus féadfaidh aon leabhair a scrúdú as a dtreoir féin.

(2) Nuair a bheas an Bord Cinsireachta ag scrúdú leabhair faoin alt seo bhéarfaid áird ar na nithe seo leanas:—

(a) fiúntas nó tábhacht an leabhair ó thaobh litríochta, ealaíonachta, eolaíochta nó staire, agus éirim ghenerálta an leabhair;

(b) an teanga ina mbeidh sé scríofa;

(c) cineál agus méid an leathantais is dóigh leo a gheobhaidh sé;

(d) an saghas léitheora is dóigh leo do réir réasúin a léifeadh an leabhar;

(e) éinní eile i dtaobh an leabhair a chífear dóibh a bheith iomchuibhe.

(3) Nuair a bheas an Bord Cinsireachta ag scrúdú leabhair faoin alt seo féadfaid scéala a chur chun údair, eagarthóra nó foilsitheora an leabhair agus féadfaid aon chúis-aithris a chur i bhfáth a dhéanfas sé maidir leis an leabhar.

Ordaithe toirmisceachta i leith leabhar.

7. —Más dóigh leis an mBord Cinsireachta, tar éis dóibh leabhar a scrúdú go cuibhe—

(a) go bhfuil sé mígheanasach nó draosta, nó

(b) go molann sé giniúint a chosc go mí-nádúrtha, nó breith anabaidh nó mochbhreith a thabhairt, nó aon mhodh, cóireáil nó gléas d'úsáid chuige sin,

agus gur ceart, ar aon cheann de na cúiseanna sin, a dhíol agus a iomdháil sa Stát a thoirmeasc, déanfaid, le hordú, an díol agus an iomdháil sin a thoirmeasc.

Achomhairc chun an Bhuird Achomhairc i dtaobh leabhar toirmiscthe.

8. —(1) Féadfaidh an t-údar, an t-eagarthóir nó an foilsitheoir, nó aon chúigear daoine (ar comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann gach duine acu) agus iad ag gníomhú i gcomhar, achomharc a dhéanamh chun an Bhuird Achomhairc i gcoinne ordaithe thoirmisceachta i leith leabhair tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta feidhme nó laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a mbeidh éifeacht ag an ordú toirmisceachta (pé dáta acu is déanaí).

(2) Ar achomharc a dhéanamh faoin alt seo déanfaidh an Bord Achomhairc (mar mheasfaid is ceart) an t-ordú toirmisceachta a dhaingniú nó a chúlghairm nó an t-ordú d'athrú ionas go n-eiscfear óna fheidhm aon eagrán áirithe den leabhar toirmiscthe, arna fhoilsiú roimh dháta an ordaithe thoirmisceachta nó ar an dáta sin nó dá éis.

(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, ní luighfidh ach an t-aon achomharc amháin chun an Bhuird Achomhairc i gcoinne ordaithe thoirmisceachta i leith leabhair thoirmiscthe.

(4) Féadfaidh an Bord Achomhairc, ar iarratas ón údar, ón eagarthóir nó ón bhfoilsitheoir nó comhiarratas ó aon chúigear daoine (ar comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann gach duine acu) ordú toirmisceachta i leith leabhair d'athrú ó am go ham ionas go n-eiscfear ón ordú aon eagrán den leabhar sin, arna fhoilsiú tar éis dáta an ordaithe, ná beidh aon iarratas déanta ina thaobh roimhe sin faoin bhfo-alt seo.

Ordaithe toirmisceachta 1 leith foilseachán tréimhsiúla.

9. —(1) Scrúdóidh an Bord Cinsireachta na heisiúna a foilsíodh le déanaí roimhe sin de gach foilseachán tréimhsiúil a ndéanfaidh duine ar bith gearán leo sa tslí ordaithe ina dtaobh, agus más dóigh leo, maidir leis na heisiúna sin—

(a) gur ghnáth nó gur mhinic mígheanasach nó draosta iad, nó

(b) gur mholadar giniúint a chosc go mí-nádúrtha, nó breith anabaidh nó mochbhreith a thabhairt nó aon mhodh, cóireáil nó gléas d'úsáid chuige sin, nó

(c) gur tugadh cion ró-mhór dá spás d'fhoilsiú abhair a bhain le coirthe,

agus gur ceart, ar aon cheann de na cúiseanna sin, toirmeasc a chur le díol agus iomdháil na n-eisiúin sin agus eisiúin todhchaí den fhoilseachán tréimhsiúil sin sa Stát, déanfaid, le hordú, díol agus iomdháil na n-eisiúin sin a thoirmeasc dá réir sin.

(2) Léireofar an focal “mholadar” i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo mar fhocal a fholaíos foilsiú (trí fhógrán nó eile) aon abhair a mholas, nó aon fhógráin nó fógra i dtaobh aon fhoilseacháin a mholas, éinní dá dtagartar sa mhír sin.

(3) Aon ordú toirmisceachta faoin alt seo i leith foilseacháin tréimhsiúil, ná dearnadh ordú toirmisceachta nó ordú faoi alt 10 d'Acht 1929 ina leith roimhe sin, beidh sé, mura gcúlghairmtear roimhe sin faoin Acht seo é, i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse acu seo leanas is iomchuibhe agus raghaidh in éag i gceann na tréimhse sin, sé sin le rá:—

(a) i gcás foilseacháin tréimhsiúil a bhí, díreach roimh an t-ordú toirmisceachta a dhéanamh, á fhoilsiú trátha ba shia ná mí ó chéile de ghnáth, an tréimhse de dhá mhí dhéag ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú toirmisceachta i bhfeidhm,

(b) i gcás foilseacháin a bhí, díreach roimh an t-ordú toirmisceachta a dhéanamh, á fhoilsiú trátha ba shia ná seachtain ó chéile de ghnáth ach nár shia ná mí ó chéile de ghnáth, an tréimhse de shé mhí ón dáta sin,

(c) in aon chás eile, an tréimhse de thrí mhí ón dáta sin.

Iarratais chun an Bhuird Achomhairc i dtaobh foilseachán tréimhsiúla. toirmiscthe.

10. —(1) Féadfaidh an Bord Achomhairc, ar iarratas ón bhfoilsitheoir nó comhiarratas ó aon chúigear daoine (ar comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann gach duine acu) ordú toirmisceachta i leith foilseacháin tréimhsiúil a chúlghairm tráth ar bith nó an t-ordú d'athrú ó am go ham ionas go n-eiscfear ó fheidhm an ordaithe aon eagrán nó eisiúin áirithe den fhoilseachán tréimhsiúil.

(2) I gcás ina mbeidh breith tugtha ag an mBord Achomhairc ar iarratas faoin alt seo i dtaobh foilseacháin tréimhsiúil toirmiscthe, ní déanfar aon iarratas ina thaobh dá éis sin go ceann trí mhí ó dháta na breithe sin.

Nós imeachta an Bhuird Chinsireachta.

11. —Beidh feidhm ag na forála seo leanas maidir le feidhmiú a bhfeadhm ag an mBord Cinsireachta:—

(a) tionólfaidh an Bord Cinsireachta cruinnithe ó am go ham do réir mar is gá;

(b) ceathrar comhaltaí is córam ag aon chruinniú den tsórt sin;

(c) ní déanfar ordú toirmisceachta mura rud é go vótálfaidh triúr ar a laghad de na comhaltaí i bhfábhar an t-ordú a dhéanamh agus ná vótálfaidh ach comhalta amháin ina choinne ag an gcruinniú sin.

Forála maidir le hachomhairc agus iarratais chun an Bhuird' Achomhairc.

12. —Beidh feidhm ag na forála seo leanas maidir le hachomhairc agus iarratais (dá ngairmtear achomhairc freisin san alt seo) chun an Bhuird Achomhairc faoin Acht seo:—

(a) tionólfaidh an Bord Achomhairc cruinnithe ó am go ham do réir mar is gá chun breith a thabhairt ar achomhairc;

(b) ceathrar comhaltaí is córam ag aon chruinniú den tsórt sin;

(c) ní déanfar ordú toirmisceachta a chúlghairm ná a athrú mura rud é go vótálfaidh triúr ar a laghad de na comhaltaí i bhfábhar na cúlghairme nó an athraithe sin ag an gcruinniú sin;

(d) ní bhreithneoidh an Bord Achomhairc aon achomharc ó údar ná foilsitheoir go dtí go lóisteálfar leo éarlais chúig punt i leith an achomhairc;

(e) ar an mBord Achomhairc do thabhairt breithe ar an achomharc féadfaid, más deimhin leo nárbh achomharc suaibhreosach é, a ordú an éarlais d'aisíoc agus, mura n-ordaíd amhlaidh, geallbhroidfear an éarlais;

(f) má chinneann an Bord Achomhairc ordú toirmisceachta a chúlghairm nó a athrú déanfaid, a luaithe is féidir, a mbreith a chur in iúl don Bhord Chinsireachta.

Ordaithe d'fhoilsiú.

13. —Bhéarfaidh an Bord Cinsireachta, a luaithe is féidir, go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil gach ordú toirmisceachta agus gach ordú ón mBord Achomhairc ag cúlghairm nó ag athrú ordaithe thoirmisceachta agus beidh éifeacht ag gach ordú den tsórt sin an lá a foilseofar amhlaidh é agus ón lá sin amach.

Díol agus iomdháil foilseachán toirmiscthe a thoirmeasc.

14. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin faoi réim agus do réir cheada, aon leabhar toirmiscthe ná aon fhoilseachán tréimhsiúil toirmiscthe—

(a) a dhíol, ná a chur ar taspáint, a thairgsin, a fhógairt ná a choimeád chun a dhíolta, ná

(b) a iomdháil, ná a thairgsin ná a choimeád chun a iomdhálta.

(2) Gach duine a ghníomhós contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcionta faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht, i dteannta nó d'éagmais daor-oibre, ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhineáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus, in aon chás den tsórt sin, dlífear an leabhar toirmiscthe iomchuibhe nó an foilseachán tréimhsiúil toirmiscthe iomchuibhe a gheallbhroideadh.

Forála maidir le hordaithe. toirmisceachta faoi Chuid II d'Acht 1929.

15. —(1) I gcás—

(a) ina ndearnadh ordú faoi alt 6 d'Acht 1929 i dtaobh foilseacháin is leabhar do réir bhrí an Achta sin, agus

(b) ina raibh an t-ordú i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme,

beidh éifeacht ag na forála seo leanas—

(i) leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm,

(ii) beidh feidhm ag forála an Achta seo, ach amháin alt 13, maidir leis an ordú fé is dá mba ordú faoi alt 7 den Acht seo é,

(iii) faid a bheas an t-ordú i bhfeidhm, is leabhar toirmiscthe chun críocha an Achta seo an foilseachán.

(2) I gcás—

(a) ina ndearnadh ordú faoi alt 7 d'Acht 1929 i dtaobh foilseacháin is foilseachán tréimhsiúil do réir bhrí an Achta sin, agus

(b) ina raibh an t-ordú i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme,

beidh éifeacht ag na forála seo leanas—

(i) leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm,

(ii) pé acu foilseachán tréimhsiúil do réir bhrí an Achta seo an foilseachán nó nach ea, beidh feidhm ag forála an Achta seo, ach amháin alt 13, maidir leis an ordú fé is dá mba ordú faoi alt 9 den Acht seo é,

(iii) faid a bheas an t-ordú i bhfeidhm, is foilseachán tréimhsiúil toirmiscthe chun críocha an Achta seo an foilseachán.

An Clár d'Fhoilseacháin Toirmiscthe.

16. —(1) Bhéarfaidh an Bord Cinsireachta go n-ullmhófar agus go gcoimeádfar clár, sa bhfoirm ordaithe, ar a dtabharfar an Clár d'Fhoilseacháin Tormiscthe.

(2) Aon uair a déanfar ordú toirmisceachta bhéarfaidh an Bord Cinsireachta, a luaithe is féidir, go n-iontrálfar sa chlár:—

(a) más le leabhar a bhainfeas an t-ordú, teideal an leabhair, an t-eagrán nó na heagráin de lena mbaineann an t-ordú, ainm údair agus foilsitheora an leabhair má bhíd agus mar bheid luaite ann, dáta an ordaithe agus dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil;

(b) más le foilseachán tréimhsiúil a bhainfeas an t-ordú, teideal an fhoilseacháin tréimhsiúil, an t-eagrán nó na heagráin de lena mbaineann an t-ordú, ainm a dhílseánaigh agus a fhoilsitheora má bhíd agus mar bheid luaite ann, dáta an ordaithe agus dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil.

(3) Bhéarfaidh an Bord Cinsireachta, a luaithe is féidir tar éis ordú toirmisceachta a chúlghairm nó a dhul in éag, go scriosfar as an gclár an iontráil a bhaineas leis an leabhar nó an foilseachán tréimhsiúil iomchuibhe.

(4) Bhéarfaidh an Bord Cinsireachta, a luaithe is féidir tar éis ordú toirmisceachta d'athrú, go ndéanfar sonnraí i dtaobh an ordaithe athracháin agus an athraithe a déantar leis d'iontráil sa chlár os coinne na hiontrála a bhaineas leis an leabhar nó an foilseachán tréimhsiúil iomchuibhe.

(5) Bhéarfaidh an Bord Cinsireachta go ndéanfar an clár a chló, a fhoilsiú agus a chur ar fáil don phobal i pé slí agus pé trátha a ordós an tAire.

(6) Beidh de dhualgas ar gach oifigeach custam agus máil a bheas ag scrúdú bagáiste taistealaithe ag teacht isteach liost a thaspáint de na leabhair thoirmiscthe agus na foilseacháin tréimhsiúla toirmiscthe uile má hiarrtar san air.

(7) Beidh an clár ar fáil chun a iniúchta in aisce ag duine ar bith i pé áit i gCathair Bhaile Atha Cliath a hordófar agus pé trátha a hordófar agus déanfaidh an Bord Cinsireachta cóip d'aon iontráil sa chlár agus í deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag comhalta nó oifigeach don Bhord Chinsireachta a thabhairt do dhuine ar bith, ar é d'íoc pé táille a ordós an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Aon scríbhinn a airbheartós bheith ina cóip d'iontráil sa chlár agus bheith deimhnithe ag comhalta nó oifigeach don Bhord Chinsireachta bheith ina cóip dhílis déanfar, gan cruthú ar shíniú an chomhalta nó an oifigigh sin ná cruthú gurb é an comhalta nó an t-oifigeach sin é iarbhfir, í ghlacadh i ngach cúirt bhreithiúnais, mar fhianaise, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, i dtaobh téarmaí na hiontrála sin agus i dtaobh an iontráil a bheith sa chlár ar an dáta a n-airbheartóidh an deimhniú sin é bheith arna thabhairt air.

(9) Má bhíonn leabhar nó foilseachán tréimhsiúil iontrálta sa chlár aon tráth áirithe is fianaise dho-chlaoite é sin go ndearnadh ordú toirmisceachta ina leith agus go bhfuil an t-ordú sin i bhfeidhm fós an tráth sin agus is fianaise dho-chlaoite téarmaí na hiontrála sin sa chlár ar na heagráin den leabhar sin nó na heagráin nó na heisiúna den fhoilseachán tréimhsiúil sin lena mbaineann an t-ordú sin.

(10) An clár a ceangladh, roimh an dáta feidhme, a choimeád faoi alt 11 d'Acht 1929, is tuigthe amhail ar an dáta feidhme agus ón dáta sin amach, é bheith ina chuid den chlár.

(11) An tagairt atá in alt 16 d'Acht 1929 don chlár d'fhoilseacháin toirmiscthe léireofar í mar thagairt don clár.

Barántas cuardaigh i dtaobh foilseachán toirmiscthe.

17. —(1) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná Ard—Cheannphort, go bhfuil cúis réasúnach amhrais ann go gcoimeátar chun a ndíolta nó a n-iomdhálta, in aon fhoirgint, talamh, áitreabh nó áit eile a sonnrófar, aon leabhair thoirmiscthe nó aon fhoilseacháin tréimhsiúla toirmiscthe, féadfaidh an Breitheamh barántas cuardaigh den tsórt a luaitear san alt seo d'eisiúin don oifigeach sin.

(2) Barántas cuardaigh a eisfidh Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo déarfaidh sé a bheith agus beidh sé ina bharantas á údarú d'oifigeach ainmnithe den Ghárda Síochána nach ísle céim ná ceannphort, maraon le pé comhaltaí eile den Ghárda Síochána a mheasfaidh an t-oifigeach sin is ceart, dul isteach agus cuardach a dhéanamh aon uair laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad a chloig tar éis an barántas cuardaigh d'eisiúin, le héigin más gá san, sa bhfoirgint, sa talamh nó san áitreabh sonnraithe adúradh nó san áit eile adúradh (áit a sonnrófar freisin sa bharántas), do lorg leabhar toirmiscthe nó foilseachán tréimhsiúla toirmiscthe agus á údarú dhó gach leabhar agus foilseachán tréimhsiúil den tsórt sin a gheobhfar sa chuardach sin a ghabháil agus a bhreith leis.

Srian le foilseacháin toirmiscthe d'allmhuiriú.

18. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin faoi réim agus do réir cheada, aon leabhar toirmiscthe ná aon fhoilseachán tréimhsiúil toirmiscthe d'allmhuiriú.

(2) I gcás duine a chúiseamh, faoi alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh leabhar toirmiscthe nó foilseachán tréimhsiúil toirmiscthe d'allmhuiriú, is cosaint mhaith dhó a chruthú gur chun críche seachas é a dhíol nó é a iomdháil a hallmhuiríodh an leabhar nó an foilseachán tréimhsiúil nó nár leabhar toirmiscthe nó foilseachán tréimhsiúil toirmiscthe é an tráth a d'ordaigh sé é.

Ceada

19. —(1) Féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, ceada a dheonadh chun críocha an Achta seo agus féadfaidh aon chead den tsórt sin a dheonadh faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur agus a shonnrós sé sa chead.

(2) Aon chead a deonadh faoi alt 10 d'Acht 1929 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus is tuigthe é bheith ina chead.

Rialacháin.

20. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh—

(a) aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe;

(b) aon ní eile a measfaidh an tAire gur gá nó gur inmhianaithe rialacháin a dhéanamh ina thaobh chun cuspóirí an Achta seo a chur in éifeacht.

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo a bhainfeas leis an mBord Cinsireachta nó an Bord Achomhairc raghaidh sé i gcomhairle leis an mBord a bheas i gceist.

(3) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Earlaisí agus táillí.

21. —Déanfar gach éarlais faoi alt 12 den Acht seo agus gach táille faoi fho-alt (7) d'alt 16 den Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais agus déanfar aon éarlais a geallbhroidfear faoin alt sin 12 agus gach táille den tsórt sin a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir ordachán an Aire sin, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon éarlais nó táille den tsórt sin.

Costais.

22. —Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

23. —Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearr-theideal agus comhluadh.

24. —(1) Féadfar an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929 agus 1946, a ghairm d'Acht 1929 agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 21 de 1929

An tAcht um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1929

Cuid II: agus alt 20.