18 1945


Uimhir 18 de 1945.


AN tACHT TÉARMAÍ DLÍTHIÚLA GAEILGE, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ IONTSAMHLA CAIGHDEÁNACHA GAEILGE DO THÉARMAÍ ÁIRITHE DO CHUR AR FÁIL CHUN CRÍOCHA DLÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN FOIRMEACHA AGUS FASAÍ DLÍTHIÚLA GAEILGE D'FHOILLSIÚ.

[22ú Bealtaine, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

an Coiste.

ciallaíonn an abairt “an Coiste” an Coiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge;

ordú téarmaí dlíthiúla.

ciallaíonn an abairt “ordú téarmaí dlíthiúla” ordú arna dhéanamh fá alt 3 den Acht so;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ionstraim reachtúil.

ciallaíonn an abairt “ionstraim reachtúil” ordú, rialachán, scéim, riail, fo-dhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú nó scríbhinn eile den tsamhail sin arna dhéanamh, arna thabhairt amach, nó arna dheonadh fá chumhacht a bheirtear le haon achtachán nó fé;

téarma.

ciallaíonn an focal “téarma” aon fhocal nó grúpa focal.

An Coiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge.

2. —(1) Beidh arna bhunú agus bunaítear leis seo coiste dá ngairmfear an Coiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht so do chomhlíonadh.

(2) Is iad a bheas ar an gCoiste—

(a) Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a ainmneoidh an Rialtas ó am go ham do réir mar is gá;

(b) Breitheamh den Chúirt Chuarda a ainmneoidh an Rialtas ó am go ham do réir mar is gá;

(c) Breitheamh den Chúirt Dúiche a ainmneoidh an Rialtas ó am go ham do réir mar is gá;

(d) abhcóide ar cleachtadh a ainmneoidh Comhairle Abhcóidí na hÉireann ó am go ham do réir mar is gá;

(e) atúrnae or cleachtadh a ainmneoidh Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann ó am go ham do réir mar is gá;

(f) comhalta d'Fhoirinn Aistriúcháin an Oireachtais a ainmneoidh an Rialtas ó am go ham do réir mar is gá;

(g) pé duine nó daoine eile ainmneoidh an Rialtas ó am go ham.

(3) Gach comhalta den Choiste dá dtagartar i míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (2) den alt so, beidh sé, mura dtarlaí níos túisce é d'éag nó d'éirí as oifig nó do scur de bheith (do réir an cháis) ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt, ina Bhreitheamh den Chúirt Chuarda, ina Bhreitheamh den Chúirt Dúiche, ina abhcóide ar cleachtadh nó ina atúrnae ar cleachtadh, i seilbh oifige go ceann tréimhse chúig mblian ó dháta a ainmnithe ach, más trí imeacht aimsire a thiocfas deireadh lena chomhaltas, beidh sé inathainmnithe.

(4) Beidh gach comhalta den Choiste dá dtagartar i míreanna (f) agus (g) d'fho-alt (2) den alt so i seilbh oifige faid is toil leis an Rialtas.

(5) An Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a bheas de thuras na huaire ina chomhalta den Choiste is é a bheas ina chathaoirleach ar an gCoiste.

(6) Gníomhóidh na comhaltaí seo leanas den Choiste mar chomhrúnaithe don Choiste:—

(a) an comhalta a hainmneofar fá mhír (f) d'fho-alt (2) den alt so, agus

(b) an comhalta a hainmneofar fá mhír (g) den fho-alt san nó pé duine de na comhaltaí a hainmeofar amhlaidh a roghnóidh an Rialtas ó am go ham,

agus íocfar le gach duine de na comhrúnaithe pé luach saothair (más ann) a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(7) Ceathrar comhalta is córam don Choiste.

(8) Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais do bheith ina chomhaltas.

Orduithe téarmaí dlíthiúla.

3. —(1) Fá réir fo-ailt (2) den alt so, féadfaidh an tAire, aon uair a mheasfaidh is ceart, a dhearbhú le hordú gurb é is iontsamhail sa Ghaeilge d'aon téarma sonnraithe ná pé focal nó focail is cuibhe leis agus a shonnróidh san ordú.

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le hordú téarmaí dlíthiúla do dhéanamh:—

(a) sara ndéanfaidh an tAire an t-ordú—

(i) cuirfidh dréacht de á ullmhú, agus chuige sin bhéarfaidh comhrúnaithe an Choiste dhó pé cabhair a theastós uaidh, agus

(ii) iarrfaidh ar an gCoiste an dréacht do bhreithniú agus tuarascáil do thabhairt air;

(b) ar an tuarascáil sin do bhreithniú dhó, féadfaidh an tAire, mar is rogha leis, an t-ordú do dhéanamh do réir an dréachta nó maille le pé athruithe air a mheasfaidh is ceart ag féachaint don tuarascáil sin.

(3) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú téarmaí dlíthiúla á dhearbhú gurb é is iontsamhail sa Ghaelige d'aon téarma sonnraithe ná an focal nó na focail a sonnrófar san ordú, ansan, aon uair a bheas an focal nó na focail sin—

(a) in aon Acht den Oireachtas a hachtófar sa Ghaeilge ar dháta nó tar éis dáta an orduithe do theacht i bhfeidhm (dá ngairmtear an dáta feidhme sa bhfo-alt so), nó

(b) sa tionntó oifigiúil d'aon Acht den Oireachtas a hachtófar sa Bhearla ar an dáta feidhme nó dá éis, nó

(c) in aon ionstraim reachtúil a cuirfear le chéile sa Ghaeilge agus a déanfar ar an dáta feidhme nó dá éis, nó

(d) sa tionntó oifigiúil d'aon ionstraim reachtúil a cuirfear le chéile sa Bhéarla agus a déanfar ar an dáta feidhme nó dá éis, nó

(e) in aon ionstraim, a mbeidh éifeacht dlíthiúil nó iarmarta dlíthiúla aici nó beartaithe do bheith aici, a cuirfear le chéile sa Ghaeilge agus a comhlánófar ar an dáta feidhme nó dá éis, nó

(f) in aon scríbhinn, a húsáidfear in aon imeacht dlíthiúil nó chun críocha aon imeachta dhlíthiúil, a cuirfear le chéile sa Ghaeilge agus a déanfar, a bhéarfar amach nó a seirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis,

léireofar é nó iad mar fhocal nó focail a bheas ar comhbhrí, agus beidh ar comhfheidhm agus ar comhéifeacht, leis an téarma sonnraithe sin, muran léir a mhalairt d'intinn do bheith ann.

(4) Leagfar gach ordú téarmaí dlíthiúla os comhair gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Foirmeacha agus fasaí dlíthiúla Gaeilge d'ullmhú.

4. —Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste, pé socruithe do dhéanamh ó am go ham a mheasfaidh is ceart chun foirmeacha agus fasaí Gaeilge d'ionstraimí agus de scríbhinní dlíthiúla d'ullmhú agus d'fhoillsiú.

Costais.

5. —Na costais fána raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 , do ghairm den Acht so.