2 1945


Uimhir 2 de 1945.


AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM GHALAIR AINMHITHE (ÉIRINN), 1894 GO 1938.

[21ú Feabhra, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, arna leasú nó arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu,

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Alt 10 den Phríomh-Acht do leathnú agus do leasú.

2. —(1) Leasaítear leis seo fó-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht trí na focail “other than cattle plague, pleuro-pneumonia, or foot-and-mouth disease” do scrios, agus leasaítear leis seo fó-alt (2) den alt san 10 trí na focail “as well as a place or area declared infected with cattle plague, pleuro-pneumonia, or footand-mouth disease” do scrios, agus dá réir sin beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 10 maidir le háiteanna agus líomatáistí ina mbeidh bó-phláigh, pleuro-pneumonia nó an galar coiseagus-béil fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le háiteanna ina mbíonn galair eile.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fó-alt (5) d'alt 10 den Phríomh-Acht maidir le fógra arna sheirbheáil de bhun ordacháin ón Aire nó ó údarás áitiúil de bhuaidh orduithe arna dhéanamh fán alt san fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le hordú ón Aire nó ó údarás áitiúil.

Leathnú ar na cásanna ina bhfuil cúiteamh iníoctha.

3. —(1) An oblagáid a cuirtear le fó-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht ar an Aire cúiteamh d'íoc as ainmhithe a marófar fán alt san, sroichfidh sí ainmhithe a mbeidh ordaithe iad do mharú fán alt san agus a bheas luachálta chun na críche sin ach a gheobhas bás sara bhféadfar iad do mharú agus sroichfidh fós conablaigh a bheas beartaithe d'úsáid mar bhiadh don duine agus a bheas, de dheascaibh galar do bhriseadh amach, díthithe thar ceann an Aire, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an bhfó-alt san maidir leis na hainmhithe agus na conablaigh sin.

(2) An oblagáid a cuirtear le fó-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht ar an Aire cúiteamh d'íoc as ainmhithe a marófar fán alt san, sroichfidh sí ainmhithe a mbeidh ordaithe iad do mharú fán alt san agus a bheas luachálta chun na críche sin ach a gheobhas bás sara bhféadfar iad do mharú agus sroichfidh fós conablaigh a bheas beartaithe d'úsáid mar bhiadh don duine agus a bheas, de dheascaibh galar do bhriseadh amach, díthithe thar ceann an Aire, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an bhfó-alt san maidir leis na hainmhithe agus na conablaigh sin.

(3) An oblagáid a cuirtear le fó-alt (2) d'alt 15 den Phríomh-Acht ar an Aire cúiteamh d'íoc as ainmhithe a marófar fán alt san, sroichfidh sí ainmhithe a mbeidh ordaithe iad do mharú fán alt san agus a bheas luachálta chun na críche sin ach a gheobhas bás sara bhféadfar iad do mharú agus sroichfidh fós conablaigh a bheas beartaithe d'úsáid mar bhiadh don duine agus a bheas, de dheascaibh galar do bhriseadh amach, díthithe thar ceann an Aire, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an bhfó-alt san maidir leis na hainmhithe agus na conablaigh sin.

(4) An oblagáid a cuirtear le fó-alt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht ar an Aire cúiteamh d'íoc as ainmhithe a marófar fán alt san, sroichfidh sí ainmhithe a mbeidh ordaithe iad do mharú fán alt san agus a bheas luachálta chun na críche sin ach a gheobhas bás sara bhféadfar iad do mharú agus sroichfidh fós conablaigh a bheas beartaithe d'úsáid mar bhiadh don duine agus a bheas, de dheascaibh galar do bhriseadh amach, díthithe thar ceann an Aire, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an bhfó-alt san maidir leis na hainmhithe agus na conablaigh sin.

Leathnú ar an gcumhacht fá fhó-alt (7) d'alt 20 den Phríomh-Acht.

4. —An chumhacht atá dílsithe san Aire, de bhuaidh fó-ailt (7) d'alt 20 den Phríomh-Acht, chun cúiteamh nó íocaíocht eile do choimeád siar, i bpáirt nó go hiomlán,—

(a) sroichfidh sí ainmhithe a mbeidh ordaithe iad do mharú fán bPríomh-Acht agus a bheas luachálta chun na críche sin ach a gheobhas bás sara bhféadfar iad do mharú, agus

(b) beidh sí infheidhmithe maidir le hainmhí a marófar nó a hordófar a mharú pé acu bhí galar ar an ainmhí sin nó ná raibh, agus

(c) beidh sí infheidhmithe maidir le hainmhí a marófar nó a hordófar a mharú (i dteannta na gcás a luaitear sa bhfó-alt san) i gcás inarb é tuairim an Aire ná dearna an t-únaer nó an té do bhí i bhfeighil an ainmhí sin, maidir leis an ngalar áirithe do bhris amach, dóthain forchúraim do ghlacadh chun leathadh an ghalair do chosc, agus

(d) sroichfidh sí gach cás ina bhféadfaí cúiteamh d'íoc de bhuaidh ailt 3 den Acht so i leith conablaigh (galraithe nó neamh-ghalraithe) más é tuairim an Aire go raibh an t-únaer nó an té do bhí i bhfeighil an chonablaigh ciontach, maidir leis an gconablach, i gcionta i gcoinne an Phríomh-Achta nó i gcoinne aon Achta ag leasú an Achta san nó ná dearna sé, maidir leis an ngalar áirithe do bhris amach, dóthain forchúraim do ghlacadh chun leathadh an ghalair do chosc.

Talamh d'úsáid chun ainmhithe do ghlacadh agus do mharú agus conablaigh do chur ann.

5. —Má ordaíonn an tAire aon ainmhithe áirithe do mharú fán bPríomh-Acht agus gur deimhin le cigire tréidliachta, tar éis dó pé fiosruithe do dhéanamh a mheasfaidh is gá, ná beidh aon talamh den tsaghas a luaitear i bhfó-alt (4) d'alt 20 den Phríomh-Acht ar fáil chun a gconablaigh do chur ann, féadfaidh an tAire aon talamh comhgarach a bheas oiriúnach chuige sin d'úsáid chun na hainmhithe do ghlacadh agus do mharú agus a gconablaigh do chur ann.

Ainmhithe do gnabháil agus do leithriú.

6. —(1) Aon uair a gheobhas cigire tréidliachta aon ainmhí ar a mbeidh galar nó amhras galair ar mhargadh nó aonach nó i gclós díolacháin nó áit phoiblí eile, is dleathach don chigire a thabhairt go ngabhfar aon ainmhí (pé acu bheas galar nó amhras galair air nó ná beidh) ar an margadh nó ar an aonach san nó sa chlós díolacháin nó san áit eile sin agus go gcuirfear agus go gcoinneofar an t-ainmhí sin ar leithrigh ann nó go n-aistreofar as agus go gcuirfear agus go gcoinneofar ar leithrigh é in aon fhoirgint, clós, padóg, páirc, nó áit dúnta eile a bheas comhgarach agus oiriúnach.

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le leithriú fá fhó-alt (1) den alt so:—

(a) mura mbeidh áit chomhgarach oiriúnach le fáil folamh le haghaidh an leithrithe, féadfaidh an cigire áit ina mbeidh ainmhithe nó earraí d'úsáid chuige sin agus féadfaidh a thabhairt go n-aistreofar na hainmhithe nó na hearraí as an áit sin;

(b) ainmhí a leithreofar fán alt so in aon áit, aistreofar as an áit sin é a luaithe is féidir agus, nuair a bheas gach ainmhí do leithríodh aistrithe amhlaidh, déanfaidh cigire tréidliachta, nó déanfar fána mhaoirseacht, an áit do dhí-ghalrú;

(c) aon uair a bheas ainmhí curtha chun a leithrithe fán alt so in aon áit, ní dhéanfaidh duine ar bith, gan cead ó chigire tréidliachta, aon ainmhí do thabhairt isteach san áit go dtí go mbeidh an áit dí-ghalraithe fá mhír (b) den fhó-alt so.

An pionós fá alt 51 den Phríomh-Acht do mhéadú.

7. —Leasaítear leis seo alt 51 den Phríomh-Acht mar leanas, sé sin le rá:—

(a) is é fíneáil is inghearrtha fá mhír (i) den alt san ná fíneáil nach mó ná céad punt, agus

(b) scoirfidh míreanna (ii) agus (iii) den alt san d'éifeacht do bheith acu.

Cúiteamh i leith caillteanas áirithe.

8. —(1) I gcás ina n-abróidh únaer nó sealbhaire tailimh a beifear tar éis a úsáid chun críocha ailt 5 den Acht so gur bhain caillteanas dó de dheascaibh na húsáide sin, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis na húsáide sin, iarratas ag lorg cúitimh do dhéanamh i scríbhinn chun an Aire.

(2) I gcás ina n-abróidh únaer nó sealbhaire áite a beifear tar éis a úsáid chun críocha ailt 6 den Acht so gur bhain caillteanas dó de dheascaibh na húsáide sin, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis an áit do dhí-ghalrú do réir an ailt sin, iarratas ag lorg cúitimh do dhéanamh i scríbhinn chun an Aire.

(3) I gcás iarratas ag lorg cúitimh fán alt so do dhéanamh go cuibhe—

(a) breithneoidh an tAire an t-iarratas agus, do réir mar a mheasfaidh is ceart, diúltóidh don iarratas nó molfaidh pé cúiteamh a mheasfaidh, le comhaontú an Aire Airgeadais, do bheith réasúnach,

(b) más cúis mhí-shásaimh leis an iarratasóir an diúltú don iarratas nó méid an chúitimh do moladh (pé acu é) féadfaidh, trí fhógra i scríbhinn do chur chun an Aire laistigh de cheithre lá déag tar éis breith an Aire do chur in iúl dó, achomharc do dhéanamh i gcoinne na breithe sin,

(c) cuirfidh an tAire an t-achomharc fá bhráid pé duine ar a gcomhaontóidh an t-iarratasóir agus an tAire nó, cheal comhaontuithe, fá bhráid eadránaí oifigiúil chun críocha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus déanfaidh an duine a gcuirfear an t-achomharc fána bhráid amhlaidh tuarascáil ina thaobh do thabhairt don Aire agus cóip den tuarascáil do chur chun an iarratasóra,

(d) déanfaidh an tuarascáil (fé mar a mheasfas an duine a dhéanfas í is ceart) breith an Aire do dhaingniú, d'aisiompó, nó d'athrú agus más oiriúnach san, cinnfidh an cúiteamh a bheas le moladh don iarratasóir,

(e) beidh an tuarascáil ina ceangal ar an Aire agus ar an iarratasóir,

(f) is é an tAire íocfas táille (arna cinneadh ag an Aire le comhaontú an Aire Airgeadais) agus caiteachas riachtanach an duine a dhéanfas an tuarascáil, ach mura ndéana an tuarascáil breith an Aire d'aisiompó ná í d'athrú i bhfábhar an iarratasóra, dlífidh an t-iarratasóir suim d'íoc leis an Aire is ionann agus comhiomlán na táille sin, an chaiteachais sin agus na gcostas fána ndeachaidh an tAire maidir leis an achomharc, agus féadfaidh an tAire iomlán aon chúitimh a bheas molta don iarratasóir, nó aon chuid de, d'úsáid chun nó mar chabhair chun íoctha na suime sin agus, mura bhfagha an tsuim sin nó aon iarmhéid di in aon tslí eile, féadfaidh an tsuim nó an iarmhéid sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla,

(g) má dhéanann an tuarascáil breith an Aire d'aisiompó nó í d'athrú i bhfábhar an iarratasóra, íocfaidh an tAire na costais fána ndeachaidh an t-iarratasóir maidir leis an achomharc.

(4) Gan dochar do mhír (f) d'fhó-alt (3) den alt so, déanfaidh an tAire cúiteamh a mholfaidh an tAire nó molfar trí thuarascáil ar achomharc fán alt so d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas leis an duine dá molfar an cúiteamh san amhlaidh.

Iocaíochta leis an Stát-Chiste as an gCiste Generálta Galar Eallaigh.

9. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht féadfaidh an tAire, pé uair agus i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, aon tsuim do híocadh isteach sa Chiste Generálta Galar Eallaigh de thoradh cúisimh fán bPríomh-Acht i gcionta lena mbaineann an t-alt so d'íoc as an gCiste sin isteach sa Stát-Chiste nó chun tairbhe don Stát-Chiste.

(2) Baineann an t-alt so le cionta maidir leis an ngalar coise-agusbéil—

(a) do rinneadh tar éis an 20ú lá d'Eanar, 1941, agus roimh dháta an Achta so do rith, nó

(b) a déanfar tar éis dáta an Achta so do rith.

Athghairm.

10. —Athghairmtear leis seo ailt 5, 6, 8, 9 agus 12 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal, comhluadh, agus léiriú.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1945, do ghairm de na hAchta um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1938, agus den Acht so le chéile.

(3) Léifear agus léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchta um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1938.