1 1945


Uimhir 1 de 1945.


AN tACHT GÁRDA SÍOCHÁNA (CÚITEAMH) (LEASÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR AN ACHT GARDA SÍOCHÁNA (CÚITEAMH), 1941 , MAIDIR LE CÚITEAMH DO MHEISIÚNÚ I LEITH BÁIS DUINE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ATH-MHEISIÚNUITHE AON CHÚITIMH DEN tSÓRT SAN DÁR MEISIUNAÍODH CHEANA. [21ú Feabhra, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 (Uimh. 19 de 1941) .

Leasuithe cúlghabhálacha ar ailt 8 agus 10 den Phríomh-Acht.

2. —(1) Nuair a beifear á chinneadh fá fhó-alt (1) d'alt 8 den Phríomh-Acht, maidir le hiarratasóir a bheas ad iarraidh cúitimh fán bPríomh-Acht alos báis duine mhairbh, cé acu bhain caillteanas dó de dheascaibh an bháis sin nó nár bhain ní cuirfear san áireamh aon mhaoin (lena n-áirítear sócmhainní leis an duine marbh) a mbeidh an t-iarratasóir tagtha ina teideal de dheascaibh an bháis sin.

(2) Leasaítear leis seo fó-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht trí mhír (a) do scrios agus an mhír seo leanas do chur ina hionad—

“ (a) is é bheas sa chúiteamh ná pé suim a mheasfaidh an breitheamh is réasúnach ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus, nuair a bheas a méid á cinneadh aige, déanfaidh an breitheamh, i dteannta na nithe ceangaltar air le fó-alt (3) den alt so do chur i bhfáth—

(i) áird do thabhairt ar an gcaillteanas airgeadais a bhain don iarratasóir, ach á dhéanamh san dó ní chuirfidh san áireamh aon mhaoin (lena n-áirítear sócmhainní leis an duine marbh) a mbeidh an t-iarratasóir tagtha ina teideal de dheascaibh báis an duine mhairbh,

(ii) áird do thabhairt ar aon chostais sochraide fána ndeachaidh an t-iarratasóir maidir leis an duine marbh d'adhlacadh agus ar aon chostais liachta nó máinliachta fána ndeachthas amhlaidh mar gheall ar na díobhála do rinneadh don duine sin agus ba thrúig bháis dó,

(iii) na sochair airgeadais do chur i bhfáth a mbeadh sé réasúnach ag an iarratasóir bheith ag súil lena bhfáil san aimsir le teacht ón duine marbh mura mbeadh gur éag an duine sin an tráth d'éag,

(iv) áird do thabhairt ar aon chaillteanas (seachas caillteanas airgeadais) do bhain don iarratasóir,

(v) má rinneadh, roimh é d'éag, cúiteamh do mholadh don duine mharbh fán Acht so alos na ndíobhála ba thrúig bháis dó ina dhiaidh sin, é sin do chur i bhfáth agus méid an chúitimh sin (má b'ann) do chur san áireamh;”.

(3) Is tuigthe fó-ailt (1) agus (2) den alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an Phríomh-Achta do rith agus éifeacht do bheith acu amhail ar an dáta san agus ón dáta san amach.

Ath-mheisiúnú ar chúiteamh do moladh cheana fán bPríomh-Acht.

3. —I gcás cúiteamh (dá ngairmtear an cúiteamh bunaidh san alt so) fán bPríomh-Acht i leith báis duine do bheith molta roimh dháta an Achta so do rith, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) féadfaidh an duine dár moladh an cúiteamh bunaidh a iarraidh ar an Ard-Chúirt, laistigh de thrí mhí tar éis dáta an Achta so do rith, an cúiteamh d'athmheisiúnú ag féachaint do na leasuithe déantar ar an bPríomh-Acht le halt 2 den Acht so;

(b) beidh feidhm ag fó-alt (2) (ach amháin mír (a)) d'alt 7 den Phríomh-Acht maidir leis an iarratas;

(c) ní bheidh méid an chúitimh (dá ngairmtear an cúiteamh nua san alt so) a cinnfear ar an ath-mheisiúnú san níos lú ná an cúiteamh bunaidh;

(d) i gcás an cúiteamh nua do bheith ar comh-mhéid leis an gcúiteamh bunaidh, seasfaidh moladh an chúitimh bhunaidh agus ní bheidh aon tsuim iníoctha ar scór an chúitimh nua;

(e) i gcás an cúiteamh nua do bheith níos mó ná an cúiteamh bunaidh, cuirfear an cúiteamh nua in ionad an chúitimh bhunaidh agus aon íocaíocht a bheas déanta ar scór an chúitimh bhunaidh áireofar í mar íocaíocht ar scór an chúitimh nua.

Gearr-theideal agus comhluadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Gárda Síochána (Cúiteamh) (Leasú) 1945, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na h Achta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.