20 1944


Uimhir 20 de 1944.


ACHT NA CROISE DEIRGE, 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DÁ FHORÁIL GO mBEIDH UACHTARÁN NA hÉIREANN INA UACHTARÁN AR CHUMANN CROISE DEIRGE NA hÉIREANN. [28ú Samhain, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Uachtarán na hÉireann do bheith ina Uachtarán ar Chumann Croise Deirge na hÉireann.

1. —(1) Beidh Uachtarán na hÉireann, de bhuaidh a oifige, ina Uachtarán ar Chumann Croise Deirge na hÉireann.

(2) Cúlghairmtear leis seo Airteagal 7 d'Ordú Chumann Croise Deirge na hÉireann, 1939 (R. & O. R., Uimh. 206 de 1939).

Gearr-theideal agus comhluadh.

2. —Féadfar Acht na Croise Deirge, 1944 , do ghairm den Acht so agus féadfar Achta na Croise Deirge, 1938 agus 1944, do ghairm den Acht Croise Deirge, 1938 (Uimh. 32 de 1938) , agus den Acht so le chéile.