18 1944


Uimhir 18 de 1944.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH DIÚITÉTHE ÁIRITHE IONCAIM DÚICHE, DO LEASÚ AN DLÍ BHAINEAS LE hIONCAM DÚICHE, AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [11ú Iúl, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1944-45.

1. —(1) Éileofar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do réir seacht scillinge agus réal fén bpunt.

(2) Éileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1943, a héileofar amhlaidh í.

(3) I gcás ioncam iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaitear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do réir seacht scillinge agus réal fén bpunt alos an oiread den ioncam san agus is ionchurtha fé de bhuaidh fo-ailt (1) den alt san 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forála ina dhiaidh seo den alt so.

(4) Na forála, reachtúil agus eile, do bhí i bhfeidhm an 5ú lá dAbrán, 1944, i dtaobh cánach ioncaim agus forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise), beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forál an Achta so, i dtaobh na cánach ioncaim agus na forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise) a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944.

(5) Le linn Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , do bheith á tonasc (de bhuaidh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus fé réir na modhnuithe seo leanas, sé sin la rá:—

(a) cuirfear an abairt “an 6ú lá dAbrán, 1944” in ionad na habairte “an 6ú lá dAbrán, 1941” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5ú lá dAbrán, 1945” in ionad na habairte “an 5ú lá dAbrán, 1942” agus cuirfear an focal “ocht” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5ú lá dAbrán, 1944” in ionad na habairte “an 5ú lá dAbrán, 1941”.

Riail 6 de na Rialacha bhaineann le Cáis I agus II de Sceideal D do leasú.

2. —Beidh éifeacht ag mír (2) de Riail 6 de na Rialacha bhaineann le Cáis I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, fé is dá ndéantaí na focail “provided that the burden of the wear and tear of the machinery or plant will in fact fall directly on him” do chur isteach i ndeireadh na míre sin.

Achtacháin do leasú do dhruim an ráta cathartha do chur in ionad an ráta dhealúis agus rátaí áirithe eile sna contae-bhuirgí agus i mbuirg Dhún Laoghaire.

3. —(1) Déanfar na leasuithe luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhbann leis an Acht so ar na hachtacháin a luaitear sa chéad cholún den Sceideal san.

(2) I gcás ina bhfuil, de bhuaidh an ailt seo, an abairt “an ráta cathartha” in aon Acht a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, léireofar an abairt sin mar abairt a chiallaíonn aon ráta is ionann agus—

(a) an ráta is inghearrtha ag Árd-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath fé alt 63 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , nó

(b) an ráta is inghearrtha ag Bárdas Dhún Laoghaire fé alt 63 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930, adúradh, nó

(c) an ráta is inghearrtha fé alt 25 dAcht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934) , nó

(d) an ráta is inghearrtha fé alt 24 dAcht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939) , nó

(e) an ráta is inghearrtha fé alt 16 dAcht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 (Uimh. 5 de 1941) .

(3) Is tuigthe fo-ailt (1) agus (2) den alt so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá dAbrán, 1931, agus éifeacht do bheith acu amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

(4) I gcás aon cháinmheas do rinneadh no tugadh le tuigsint do rinneadh fé fho-alt (6) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, agus ar tugadh fógra achomhairc go cuibhe ina choinne roimh an 3ú lá de Bhealtaine, 1944, éistfear agus cinnfear an t-achomharc san fé is ná déanfaí na forála san roimhe seo den alt so d'achtú.

Liúntas leanbh do shaoradh ó cháin ioncaim agus asbhaintí fé alt 21 den Finance Act, 1920, do laghdú.

4. —(1) Beidh liúntas leanbh fé Acht 1944 saor ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ní háireofar é le linn ioncam do dhéanamh amach chun críoch na nAcht Cánach Ioncaim.

(2) I gcás éilitheora do bheadh, mura mbeadh an t-alt so, i dteideal fé alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le haon achtachán iaraimseartha asbhaint de sheasca punt do lomháil dó i leith aon linbh ina bheathaidh agus fé bhun sé bliana déag d'aois i dtosach bliana cáinmheasa, laghdófar an asbhaint sin i leith aon linbh den tsórt san de bhreis ar bheirt leanbh den tsórt san go dtí ocht bpuint cheathrachad in aghaidh na bliana dar thosach an 6ú lá dAbrán, 1944, agus go dtí trí puint cheathrachad in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1945, no aon bhliana ina dhiaidh sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt so maidir le héilitheoir a bheidh, toisc a bheith air comhnaí lasmuich den Stát mar gheall ar thosca a chéirde nó a ghairme nó a fhostaíochta, gan bheith ina chomhnaí in aon réigiún ar aon dáta (is dáta cáilitheach maidir le haon tréimhse íoca don réigiún san) sa bhliain cháinmheasa lena mbainfidh a éileamh.

(4) San Alt so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1944” an t Acht Liúntaisí Leanbhaí, 1944 (Uimh. 2 de 1944) ;

tá leis na habairtí “an dáta cáilitheach”, “tréimhse íoca” agus “réigiún” na bríonna atá leo in Acht 1944.

Alt 22 den Finance Act, 1920, do leasú.

5. —Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 22 (a bhaineann le hasbhaint alos gaol cleithiúnach) den Finance Act, 1920, fé is dá gcuirtí na focail “a person (being a son or daughter of the claimant)” in ionad na bhfocal “a daughter”.

Alt 3 den Acht Airgeadais, 1925, do leasú.

6. —Déantar leis seo alt 3 (a bhaineann le saoirse do phinsin agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgeadais, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , do leasú tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 4 den Acht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) ) san alt san 3, sé sin le rá—

“(2) Ar na pinsin chréachta agus mhí-chumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, beidh agus is tuigthe go raibh riamh gach pinsean créachta agus mí-chumais arna dheonadh fé na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1943, agus fós gach aisce alos créacht nó mí-chumas arna deonadh amhlaidh, agus léireofar an t-alt san 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”

Saoirse i leith brabúis áirithe as scuab-ghill arna mbunú ag Cumann Croise Deirge na hÉireann.

7. —(1) Bhéarfar saoirse ó cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith brabúis aon scuab-ghill arna chur ar siúl fé Acht 1933 ag Cumann Croise Deirge na hÉireann, do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, ion-cháinmheasta fé Chás I den Sceideal san ar Chumann Croise Deirge na hÉireann nó ar an gCoiste scuab-ghill arna cheapadh de bhun Achta 1933, chun críche an scuab-ghill sin, ag Cumann Croise Deirge na hÉireann.

(2) San alt so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1933” Acht na nÓspidéal Poiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933) , arna leasú le hAcht na nÓspidéal Poiblí (Leasú) (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 29 de 1939) ;

tá leis an bhfocal “scuab-gheall” an bhrí do bheirtear dó le halt 1 dAcht 1933.

(3) Is tuigthe an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá dAbrán, 1939, agus éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Liúntais éigeandála i leith innealra nó gléasra áirithe.

8. —(1) I gcás—

(a) duine dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) go bhfuair sé innealra nó gléasra i rith na tréimhse ceaptha d'aon-aidhm chun deacrachta do réiteach a bhaineann le hé do sheoladh trádála is ionchurtha fé cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus

(ii) gur tosca thagann nó éiríonn as an éigeandáil náisiúnta atá ann fé láthair (ar a n-áirítear tosca mhairfidh tar éis deireadh do bheith leis an éigeandáil sin) is aon-chúis leis na deacrachta san, agus

(iii) gur deallrathach go scoirfidh an duine sin, sara mbeidh an tréimhse cheaptha caite, den innealra nó den ghléasra san d'úsáid chun an trádáil sin do sheoladh, agus

(b) an duine sin dá iarraidh, do réir an ailt seo, ar na Coimisinéirí Ioncuim liúntas do thabhairt dó fén alt so maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san in aghaidh aon bhliana cáinmheasa bheidh i bpáirt nó go hiomlán laistigh den tréimhse cheaptha, agus

(c) an duine sin dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncaim an t-innealra nó an gléasra san do bheith ar seilbh aige feadh na bliana cáinmheasa lena mbainfidh an t-iarratas san,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur fé ndear pé liúntas (dá ngairmtear liúntas éigeandála san alt so) a mheasfaid is cóir do dhéanamh, trí aisíoc nó ar shlí eile, maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san as an gcáinmheas a bheidh déanta air in aghaidh na bliana cáinmheasa lena mbainfidh an t-iarratas maidir le brabús na trádála san.

(2) Féadfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar liúntas éigeandála in aghaidh aon bhliana cáinmheasa dar chríoch an 5ú lá dAbrán, 1944, nó roimhe sin do dhéanamh fé cheann dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith agus féadfar iarratas den tsórt chéanna do dhéanamh in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ina dhiaidh sin fé cheann dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana san.

(3) Má thárlann, roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, go ndíolfar innealra nó gléasra a mbeidh liúntais éigeandála tugtha do dhuine ar bith ina thaobh nó go scoirfidh an duine sin de bheith á úsáid chun an trádáil do sheoladh chun a bhfuarthas é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais éigeandála san d'athbhreithniú—

(a) i gcás an t-innealra nó an gléasra san do dhíol amhlaidh, tar éis an díola, nó

(b) i gcás gan an t-innealra nó an gléasra san do dhíol amhlaidh ach go scoirfear de bheith á úsáid amhlaidh, tar éis an tréimhse cheaptha do bheith caite.

(4) Beidh éifeacht ag na forála so leanas i dtaobh nó de dhruim athbhreithnithe fé fho-alt (3) den alt so ar na liúntais éigeandála bheidh tugtha do dhuine ar bith, sé sin le rá:—

(a) chun críche an athbhreithnithe sin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na méideanna so leanas do chur i gcomparáid, sé sin le rá:—

(i) an costas glan (mar a mínítear anso ina dhiaidh seo sa bhfo-alt so) do bhí ar an duine sin maidir leis an innealra nó leis an ngléasra ar ina thaobh do tugadh na liúntais éigeandála san, agus

(ii) iomlán na liúntas (mar a mínítear anso ina dhiaidh seo sa bhfo-alt so) do tugadh don duine sin;

(b) chun críoch na comparáide sin, is tuigthe gurb é is méid don chostas ghlan san ná an méid a bheidh de bhreis ag an méid iarbhfír do chosain sé ar an duine sin an t-innealra nó an gléasra san do chur isteach ar an iomlán a dhéanfaidh—

(i) an tsuim nó na suimeanna (más ann) do cuireadh ar fáil i bhfoirm chúnaimh airgid nó deontais as cistí poiblí mar chabhair chun an t-innealra nó an gléasra san do chur isteach, agus

(ii) má díoltar an t-innealra nó an gléasra san roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, an méid ar ar díoladh an t-innealra nó an gléasra san nó, mara ndíoltar an t-innealra nó an gléasra san roimh dheireadh na tréimhse ceaptha ach go scoirfear, roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, de bheith á úsáid chun an trádáil do sheoladh chun a bhfuarthas é, an méid dob fhiú, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, an t-innealra nó an gléasra i gcás é do dhíol ag deireadh na tréimhse ceaptha;

(c) chun críoch na comparáide sin, is tuigthe gurb é is méid d'iomlán na liúntas san ná an t-iomlán a dhéanfaidh—

(i) na liúntais éigeandála uile do tugadh don duine sin maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san, agus

(ii) na liúntais uile do tugadh don duine sin maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san, fé réim nó de bhíthin Rialach 6 nó Rialach 7 de na Rialacha bhaineann le Cáis I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó ailt 3 den Acht Airgeadais, 1942 , ( Uimh. 14 de 1942 ) in aghaidh na bliana cáinmheasa ar lena linn a raghaidh an tréimhse cheaptha in éag agus in aghaidh aon bhliana cáinmheasa roimhe sin a raibh an t-innealra nó an gléasra san ina sheilbh nó, má díoltar an t-innealra nó an gléasra san roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, in aghaidh na bliana cáinmheasa inar díoladh an céanna agus in aghaidh aon bhliana roimhe sin a raibh an t-innealra nó an gléasra san ar seilbh aige;

(d) más mó an costas glan san ná iomlán na liúntas san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé liúntas éigeandála eile is dóigh leo is cóir do thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile;

(e) más mó iomlán na liúntas san ná an costas glan san, féadfar na liúntais éigeandála do tugadh don duine sin d'athbhreithniú agus féadfar pé cáinmheasa breise is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá do dhéanamh ar an duine sin in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ar deonadh aon liúntas éigeandála dhó ina haghaidh.

(5) Más rud é, tar éis an tréimhse cheaptha do bheith caite, go leanfaidh innealra nó gléasra ar tugadh liúntais éigeandála ina leith do dhuine ar bith de bheith á úsáid ag an duine sin chun an trádáil do sheoladh chun a bhfuarthas é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais éigeandála san d'athbhreithniú agus féadfaid pé cáinmheasa breise do dhéanamh is gá chun na liúntais éigeandála san do chúlghairm.

(6) San alt so, ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse thosnaigh ar dháta an Achta Cumhachta Práinne, 1939 ( Uimh. 28 de 1939 ), do rith, agus a chríochnóidh dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta san do dhul in éag.

Ceanntair Cháinmheasa Sceidil D agus Sceidil E.

9. —(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchta Cánach Ioncaim, déanfar cáinmheasa chun cánach ioncaim fé Sceidil D agus E i leith pé ceanntar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham.

(2) Beidh feidhm ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis dáta an Achta so do rith maidir le cáin is inéilithe in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, pé aca thosnaigh sí roimh dháta an Achta so do rith nó thosnóidh dá éis.

Tuarascála ar chás ríofa dfhoillsiú.

10. —I gcás an Árd-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach do thabhairt éisteachta (pé aca roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis sin é) in camera, de bhun fo-ailt (9) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , do chás ríofa fé na hachtacháin a luaitear sa bhfo-alt san, ní chuirfidh san cosc le tuarascáil ar na himeachta os cóir na hÁrd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí nó ar na breithe a bhéarfaidh an céanna dfhoillsiú sna dlí-thuarascála arna bhfoillsiú ag Comhairle Chorpraithe na hÉireann um Dhlí-Thuairisciú nó in aon dlí-thuarascála aitheanta eile nó in aon tuarascála arna gclóbhualadh le cead na Comhairle Corpraithe sin, ach ní nochtfar in aon tuarascáil den tsórt san ainm an duine arb í a ionmhuirearacht chun cánach is abhar don chás.

CUID II.

Cáin Bhrabúis Chorparáide.

Míniú sa Chuid seo den Acht so.

11. —Sa Chuid seo den Acht so, ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iaraimseartha.

Brí na habairte “luach saothair” maidir le stiúrthóir.

12. —Chun deireadh do chur le hamhrais achtaítear agus dearbhaítear leis seo go léireofar an abairt “luach saothair”, nuair a húsáitear í i dtaobh stiúrthóra cuideachtan in aon achtachán a bhaineann le cáin bhrabúis chorparáide (ar a n-áirítear cáin bhrabúis chorparáide bhreise), mar abairt a chiallaíonn agus a chiallaigh riamh gach luach saothair, i bhfoirm táillí nó tuarastail nó bónais nó coimisiúin nó eile, is iníoctha nó dob iníoctha ag cuideachtain le duine i leith tréimhse ina mbeidh no ina raibh sé ina stiúrthóir ar an gcuideachtain sin, pé aca bheidh nó bhí an luach saothair sin iníoctha leis i gcáil stiúrthóra ar an gcuideachtain sin agus sa cháil sin amháin dó, nó i gcáil éigin eile agus sa cháil sin amháin dó, nó go leathrannach i gcáil stiúrthóra den tsórt san dó agus go leathrannach i gcáil éigin eile dhó.

Forála i dtaobh asbhaintí i gcóir luach saothair stiúrthóirí maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise.

13. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir lena fhionnachtain, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, cadé an brabús do rinneadh in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta chríochnóidh tar éis an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943, ag cuideachtain go leas urlámhach ag á stiúrthóirí inti, sé sin le rá:—

(a) i gcás cuideachtan ar brabús bliana trádála a brabús caighdeánach, ní raghaidh méid na hasbhainte maidir le luach saothair iomlán na stiúrthóirí uile (dá ngairmtear an asbhaint iomlán sa bhfo-alt so) a lomhálfar thar an asbhaint iomlán a lomháladh nuair a bhí áireamh á dhéanamh, fé na hachtacháin a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le cáin bhrabúis chorparáide, ar bhrabús na cuideachtan don bhliain trádála sin;

(b) i gcás cuideachtan arb é an caighdeán ionaid nó suim dhá mhíle agus cúig céad punt a brabús caighdeánach agus ag á raibh bliain amháin agus gan ach bliain amháin trádála (is bliain trádála a chríochnaigh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939) nó ag á raibh dhá bhliain agus gan ach dhá bhliain trádála as a chéile ar chríochnaigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, nó ag á raibh trí cinn nó níos mó de bhlianta trádála as a chéile ar chríochnaigh an ceann deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, ní raghaidh an asbhaint iomlán a lomhálfar thar an asbhaint iomlán a lomháladh nuair a bhí áireamh á dhéanamh, fé na hachtacháin sin, ar bhrabús na uideachtan—

(i) má bhí aon bhliain amháin agus gan ach aon bhliain amháin trádála den tsórt san ann, in aghaidh na bliana san, nó

(ii) má bhí dhá bhliain agus gan ach dhá bhliain trádála den tsórt san as a chéile ann, in aghaidh pé bliana trádála dhíobh san ar lomháladh amhlaidh an asbhaint iomlán is mó ina haghaidh, nó

(iii) má bhí trí bliana agus gan ach trí bliana trádála den tsórt san as a chéile ann, in aghaidh pé bliana trádála dhíobh san ar lomháladh amhlaidh an asbhaint iomlán is mó ina haghaidh, nó

(iv) má bhí ceithre cinn nó níos mó de bhlianta trádála den tsórt san as a chéile ann, in aghaidh pé ceann de na trí bliana trádála deiridh sin ar lomháladh amhlaidh an asbhaint iomlán is mó ina haghaidh;

(c) i gcás cuideachtan arb é an caighdeán ionaid nó suim dhá mhíle agus cúig céad punt a brabús caighdeánach agus ná raibh aon bhliain trádála aici chríochnaigh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, ní raghaidh an asbhaint iomlán a lomhálfar thar suim is ionann agus trí fén gcéad de chaipital lán-íoctha eisithe na cuideachtan maran rud é, i gcás gur cúig mhíle dhéag punt ar a laghad an caipital lán-íoctha eisithe, go n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, agus sa chás san is é asbhaint iomlán a lomhálfar ná an méid a luafar san ordú;

(d) na tagairtí atá i mír (b) den fho-alt so do bhrabús cuideachtan in aghaidh bliana trádála déanfar, i gcás caillteanas do bheith ar an gcuideachtain in aghaidh na bliana trádála san, iad do léiriú mar thagairtí do chaillteanas na cuideachtan in aghaidh na bliana trádála san agus déanfar an caillteanas san d'áireamh sa tslí inar gá do réir dlí brabús d'áireamh chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú;

(e) nuair a beifear ag feidhmiú forál na míreanna san roimhe seo den fho-alt so maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise do cháinmheas i leith tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta is giorra ná dhá mhí dhéag, déanfar an méid uasta is ceadaithe d'asbhaint fé na forála san maidir leis an asbhaint iomlán do laghdú go dtí suim a mbeidh idir í agus an méid uasta luaitear i pé foráil aca san a bhainfidh leis an gcás an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta san no an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta agus dhá mhí dhéag;

(f) má thárlann, i gcás cuideachtan a raibh aon bhliain amháin trádála nó níos mó aici, go raibh duine is stiúrthóir dar ghá a chuid aimsire iomlán go substainteach do thabhairt do sheirbhís na cuideachtan i bhfeadhmanas bainistí nó teicniúil gan bheith ina stiúrthóir i rith na bliana trádála ar dá réir a háireofar an asbhaint iomlán fé mhír (a) no mír (b) den fho-alt so ach go raibh sé i rith na bliana trádála san ar fostú ag an gcuideachtain, ansan, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo é, an asbhaint iomlán do mhéadú pé méid (nach mó ná an luach saothair do híocadh leis an duine sin in aghaidh na bliana trádála san) a mheasfaid is ceart;

(g) sa bhfo-alt so—

tá leis an bhfocal “caipital” an bhrí chéanna atá leis i bhfo-mhír (i) de mhír (c) dfho-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ),

folaíonn an focal “stiúrthóir” duine ar bith ar gnáth do stiúrthóirí cuideachtan gníomhú do réir a orduithe no a threoracha, ach ní fholaíonn stiúrthóir dar gá a chuid aimsire iomlán go substainteach do thabhairt do sheirbhís na cuideachtan i bhfeadhmanas bainistí nó teicniúil agus ná fuil ina únaer thairbheach ar, ná ábalta (go díreach nó trí mheán cuidéachtana eile nó trí aon tslí neamh-dhíreach eile) ar urláimh do dhéanamh ar, níos mó ná cúig fén gcéad de ghnáthstoc no gnáth-scaireanna na cuideachtan.

(2) Scoirfidh alt 43 dAcht 1941, arna leasú le halt 18 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), dfheidhm do bheith aige maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943.

Fo-chuideachtana.

14. —(1) I gcás cuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina cuideachtain chúnta ag cuideachtain ré-lá-ceaptha, is tuigthe, chun críoch an ailt seo, an chuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina fochuideachtain ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha.

(2) I gcás—

(a) cuideachta iar-lá-ceaptha (dá ngairmtear an dara cuideachta sa bhfo-alt so) do bheith ina cuideachtain chúnta ag cuideachtain iar-lá-ceaptha eile (dá ngairmtear an chéad chuideachta sa bhfo-alt so), agus

(b) gur tuigthe trí fho-alt (1) den alt so an chéad chuideachta do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-láceaptha,

is tuigthe, chun críoch an ailt seo, an dara cuideachta freisin do bheith ina fo-chuideachtain ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha.

(3) I gcás—

(a) gur tuigthe, trí fho-alt (1) den alt so, aon chuideachta amháin de thrí cinn nó níos mó de chuideachtana iarlá-ceaptha do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha, agus

(b) gach ceann de na cuideachtana iar-lá-ceaptha eile do bheith ina cuideachtain chúnta ag aon cheann áirithe de na cuideachtana iar-lá-ceaptha,

is tuigthe, chun críoch an ailt seo, gach ceann de na cuideachtana iar-lá-ceaptha eile do bheith freisin ina fo-chuideachtain ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha.

(4) I gcás gur tuigthe, de bhuaidh na bhforál san roimhe seo den alt so, cuideachta iar-lá-ceaptha do bheith, mara mbeadh an fo-alt so, ina fo-chuideachtain ag dhá chuideachtain ré-lá-ceaptha no níos mó, áireofar í mar fho-chuideachtain ag an aon cheann amháin sin de na cuideachtana ré-lá-ceaptha a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) I gcás gur tuigthe tríd an alt so cuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha, ansan, mara n-ordaí na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, beidh éifeacht, chun cáin bhrabúis chorparáide do mhuirearú, ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe gan an chuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina cuideachtain;

(b) is tuigthe i dtaobh na trádála nó an ghnótha nó an ghnóthais dá shamhail, ar a n-áirítear suncála do shealbhú, a bheidh á sheoladh ag an gcuideachtain iar-lá-ceaptha é bheith á sheoladh ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha;

(c) is tuigthe gurb iad sócmhainní na cuideachtan iar-lá-ceaptha sócmhainní na cuideachtan ré-lá-ceaptha.

(6) (a) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cuid de chaipital eisithe cuideachtan iar-lá-ceaptha is tuigthe tríd an alt so do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha go dtabharfadh sé, dá ndéanadh an chuideachta ré-lá-ceaptha an caipital san d'eisiúin mar chaipital dá cuid féin, an chuideachta ré-lá-ceaptha do bheith i dteideal go ndéanfaí asbhaint as a brabús fé alt 41 dAcht, 1941, nó go ndéanfaí aon mhéadú ar a caighdeán ionaid fé alt 39 dAcht, 1941, féadfaid, chun críoch na n-alt san, an chuid sin de chaipital eisithe na cuideachtan iar-lá-ceaptha d'áireamh mar chaipital arna eisiúin ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha.

(b) So bhfo-alt so tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “caipital” atá leis i bhfo-mhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ).

(7) Má thárlann, de dhruim na forála atá leagtha amach i bhfo-alt (5) den alt so do thonasc le cuideachtain ré-lá-ceaptha agus le haon chuideachtain iar-lá-ceaptha amháin agus gan ach aon chuideachta iar-lá-ceaptha amháin, go ndlífidh an chuideachta ré-lá-ceaptha cáin bhrabúis chorparáide d'íoc de mhéid is mó ná an méid a dhlífeadh d'íoc mura mbeadh san, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) dlífidh na cuideachtana san, in éineacht agus ar leithligh, an bhreis d'íoc;

(b) má íocann an chuideachta ré-lá-ceaptha an bhreis sin, féadfaidh an chuideachta ré-lá-ceaptha méid is cóionann leis an mbreis sin do bhaint den chuideachtain iar-lá-ceaptha.

(8) Má thárlann, de dhruim na forála atá leagtha amach i bhfo-alt (5) den alt so do thonasc le cuideachtain ré-lá-ceaptha agus le dhá chuideachtain iar-lá-ceaptha nó níos mó, go ndlífidh an chuideachta ré-lá-ceaptha cáin bhrabúis chorparáide d'íoc de mhéid is mó ná an méid do dhlífeadh mura mbeadh san, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) dlífidh an chuideachta ré-lá-ceaptha agus gach ceann de na cuideachtana iar-lá-ceaptha dlífid, in éineacht agus ar leithligh, an bhreis d'íoc;

(b) má íocann an chuideachta ré-lá-ceaptha an bhreis sin, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, ar an gcuideachtain ré-lá-ceaptha dá iarraidh orthu, an bhreis sin do chionroinnt (agus ní bheidh dul thar an gcionroinnt sin) idir na cuideachtana iar-lá-ceaptha i pé cionúireachta a mheasfaidh na Coimisinéirí Speisialta is ceart, agus, sa chás san, beidh an cion a cuirfear ar aon chuideachtain iar-lá-ceaptha áirithe ionbhainte den chuideachtain iar-lá-ceaptha san ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha.

(9) (a) Is tuigthe chun críoch an ailt seo cuideachta (dá ngairmtear an dara cuideachta sa mhír seo) do bheith ina cuideachtain chúnta ag cuideachtain eile (dá ngairmtear an chéad chuideachta sa mhír seo) i gcás—

(i) an dara cuideachta do chorprú tar éis na céad chuideachtan, agus

(ii) an chéad chuideachta do shealbhú níos mó ná caoga fén gcéad de ghnáth-chaipital eisithe lán-íoctha na dara cuideachtan.

(b) Chun críoch an fho-ailt seo—

(i) aon scaireanna le cuideachtain a bheidh ar seilbh ag ainmnithe nó scaireánaigh cuideachtan eile, is tuigthe iad do bheith ar seilbh ag an gcuideachtain eile sin,

(ii) is tuigthe stoc tosaíochta (seachas stoc tosaíochta ná gabhann cirt vótála leis ach i gcás díbhinní do bheith i riaráiste) lena ngabhann cirt vótála, no scaireanna tosaíochta (seachas scaireanna tosaíochta ná gabhann cirt vótála leo ach i gcás díbhinní do bheith i riaráiste) lena ngabhann cirt vótála, do bheith ina ghnáth-stoc nó ina ngnáth-scaireanna.

(10) San alt so—

ciallaíonn an abairt “cuideachta ré-lá-ceaptha” cuideachta arna corprú roimh an 7ú lá de Bhealtaine, 1941;

ciallaíonn an abairt “cuideachta iar-lá-ceaptha” cuideachta arna corprú an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó dá éis;

léireofar tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide mar thagairtí fholaíonn tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide bhreise.

(11) (a) Fé réir míre (b) den fho-alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag forála an ailt seo maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943.

(b) I gcás na forála atá leagtha amach i bhfo-alt (5) den alt so do bhaint le cuideachtain ré-lá-ceaptha agus le cuideachtain iar-lá-ceaptha, agus na cuideachtana san dá chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim gur mian leo feidhm agus éifeacht do bheith ag forála an ailt seo maidir leis na tréimhsí cuntasaíochta uile dar críoch dáta i ndiaidh dáta corpruithe na cuideachtan iar-lá-ceaptha, ansan, beidh feidhm agus éifeacht ag forála an ailt seo dá réir sin.

Eadarbhearta d'intinn dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide do seachaint.

15. —(1) I gcás na Coimisinéirí Ioncaim do bheith ar an tuairim gurb é is príomh-chuspóir d'aon eadarbheart nó eadarbhearta do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith nó déanfar dá éis ná dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide do sheachaint nó do laghdú, féadfaid, más oiriúnach leo é, a ordú go ndéanfar pé coigeartuithe maidir le dliteanas, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943, i gcáin bhrabúis chorparáide a mheasfaid is cuibhe chun frithghníomhú i gcoinne na seachana nó an laghduithe, ar an dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide, do thiocfadh d'éamais na gcoigeartuithe sin den eadarbheart nó de na headarbhearta san.

(2) Gan dochar do gheneráltacht na gcumhacht do bheirtear le fo-alt (1) den alt so, sroichfidh na cumhachta do bheirtear leis an bhfo-alt san—

(a) cáin bhrabúis chorparáide do mhuirearú ar chuideachtana ná beadh aon cháin bhrabúis chorparáide nó oiread cánach brabúis chorparáide ionmhuirir orthu d'éamais na gcoigeartuithe,

(b) níos mó cánach brabúis chorparáide do mhuirearú ná mar bheadh ionmhuirir d'éamais na gcoigeartuithe.

(3) Féadfaidh aon chuideachta ar a ngoillfidh ordú ó na Coimisinéirí Ioncaim fén alt so achomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta pé acu ar an bhforas nárbh é ba phríomhchuspóir don eadarbheart nó do na headarbhearta san dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide do sheachaint nó do laghdú, nó ar an bhforas ná raibh sé ceart aon ordú do thabhairt nó go raibh na coigeartuithe a hordaíodh a dhéanamh neamh-chuibe, agus beidh feidhm, maidir le haon achomharc den tsórt san, ag na forála uile bhaineann le hachomharc i gcoinne cáinmheasta chun cánach brabúis chorparáide.

(4) Léireofar na tagairtí atá san alt so do cháin bhrabúis chorparáide mar thagairtí fholaíonn tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide bhreise.

Brabús caighdeánach cuideachtana nua áirithe.

16. —I gcás—

(a) cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta nua san alt so) dá iarraidh i scríbhinn ar na Coimisinéirí Ioncaim cionroinnt do dhéanamh fén alt so, agus

(b) an chuideachta nua dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) gur tar éis an 31ú lá de Lúnasa, 1939, do corpraíodh í agus chun trádáil nó gnó do sheoladh a bhí ar aon-ghné ach ná raibh chomh mór le trádáil nó gnó cuideachtan (dá ngairmtear an tsean-chuideachta san alt so) do scoireadh agus ag á raibh aon bhliain trádála amháin nó níos mó, agus

(ii) go mbíonn an trádáil nó an gnó san á sheoladh aici amhlaidh, agus

(iii) go bhfuil níos mó ná caoga fén gcéad de ghnáthchaipital eisithe na cuideachtan nua ar seilbh ag daoine a raibh seilbh acu san iomlán ar níos mó ná caoga fén gcéad de ghnáth-chaipital eisithe na seanchuideachtan, agus

(iv) go bhfuil cuid substainteach d'eagras na seanchuideachtan tógtha ar láimh ag an gcuideachtain nua, agus

(v) go ndearnadh an chuideachta nua do chorprú i gcionn mí ar a dhéana tar éis an tsean-chuideachta do scor, agus

(c) an chuideachta nua do thabhairt pé cuntas agus sonnraí agus eolais do na Coimisinéirí Ioncaim a theastóidh ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críoch an iarratais,

beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(1) cionroinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcuideachtain nua méid is comhionann le hoiread, de bhrabús na seanchuideachtan in aghaidh na bliana trádála ar fé threoir a brabúis a háireofaí brabús caighdeánach na seanchuideachtan dá mba ná scoirfí í, a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is iomchuibhe don trádáil nó don ghnó bheidh á sheoladh ag an gcuideachtain nua, agus

(2) an méid a cionroinnfear amhlaidh ar an gcuideachtain nua is é bheidh, más mian leis an gcuideachtain nua é, mar bhrabús caighdeánach ag an gcuideachtain nua in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dar críoch dáta tar éis an lú lá dEanar, 1941.

Saoirsí áirithe do bhuanú.

17. —Na saoirsí ó cháin bhrabúis chorparáide a bheirtear le halt 33 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 32 de 1939 ), arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , agus le mír (b) dfho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus a buanaíodh go dtí an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943, le halt 44 dAcht, 1941, déanfar agus déantar leis seo iad do bhuanú go dtí an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1946.

An Chuid seo den Acht so do léiriú.

18. —Léighfear agus léireofar an Chuid seo den Acht so i dteannta Coda V den Finance Act, 1930, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iaraimseartha, agus, go sonnruch, léighfear agus léireofar í i dteannta Coda V dAcht 1941, Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942) , agus Coda III den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943) .

CUID III.

Ilghnéitheach agus Generálta.

Alt 34 den Acht Airgeadais, 1931, do leasú.

19. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 34 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach ann in ionad míre (b) den fho-alt san, sé sin le rá:—

“(b) in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an lú lá dAbrán, 1945, agus gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, pé suim, nach mó ná dachad míle punt, a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham.”

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

20. —Dfhonn airgead do sholáthar chun íoctha éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945, agus i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun a ordú sócmhainní cistí foirceanta d'aistriú chun Cúl-Chiste na gCairteacha Coigiltis.

21. —Ar aon chiste no cuntas dfhoirceannadh a ndlitear a shócmhainní d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste, féadfaidh an tAire Airgeadais a ordú go ndéanfar, sa mhéid is dóigh leis is ceart, na sócmhainní sin d'íoc le Cúl-Chiste na gCairteacha Coigiltis agus d'aistriú chun an chiste sin agus do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colla.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

22. —Cuirtear fé chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na diúitethe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

23. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt inti go soiléir, is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá dAbrán, 1944, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin do leasú de dhruim an ráta cathartha do chur in ionad an ráta dhealúis agus rátaí áirithe eile sna contae-bhuirg í agus i mbuirg Dhún Laoghaire.

Na hachtacháin atá le leasú

An leasú

An Income Tax Act, 1918: alt 187.

I bhfo-alt (1), cuirfear na focail “under the Valuation Acts” in ionad na bhfocal “for the purposes of poor rates”.

I bhfo-alt (2), cuirfear na focail “or the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rates”.

I bhfo-alt (6)—

(a) cuirfear na focail “or which is assessable to the municipal rate on a proportion only of the valuation under the Valuation Acts” i ndiaidh na bhfocal “poor rates”, agus

(b) cuirfear na focail “or is liable to be assessed in respect of that rent to the municipal rate on a proportion only of the valuation under the Valuation Acts” i ndiaidh na bhfocal “any poor rate”.

An Income Tax Act, 1918: alt 191.

I bhfo-alt (1), cuirfear na focail “or the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rates”.

An Income Tax Act, 1918: alt 192.

I bhfo-alt (1), cuirfear na focail “or the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rates”.

An Income Tax Act, 1918: alt 193.

I bhfo-alt (1), cuirfear na focail “under the Valuation Acts” in ionad na bhfocal “for the purposes of the poor rates”.

An Income Tax Act, 1918: alt 194.

I mír (a), cuirfear na focail “or of the proportion applicable to the relief of the poor of the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rates”.

I mír (b), cuirfear na focail “or of the proportion applicable to the relief of the poor of the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rate”.

An Income Tax Act, 1918: alt 201.

Cuirfear na focail “or of the proportion applicable to the relief of the poor of the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rates” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.

An Income Tax Act, 1918: alt 203.

Cuirfear na focail “or of the proportion applicable to the relief of the poor of the municipal rate” i ndiaidh na bhfocal “poor rates”.

An tAcht Airgeadais, 1923: alt 5.

I bhfo-alt (2), cuirfear na focail “under the Valuation Acts” in ionad na bhfocal “for the purposes of poor rates”.

An tAcht Airgeadais, 1930: alt 3.

I bhfo-alt (2), cuirfear na focail “no an ráta chathartha” i ndiaidh na bhfocal “ráta dhealúis”.

An tAcht Airgeadais, 1935: alt 3.

I bhfo-alt (7), cuirfear na focail “no an ráta chathartha” i ndiaidh na bhfocal “ráta dhealúis” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.