11 1944


Uimhir 11 de 1944.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR CEATHRACHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A CÚIG CEATHRACHAD. [29adh Márta, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£1,025,388 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milleon Cúig Mhíle Fichead Trí Chéad agus Ocht bPuint Ochtód do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a ceathair ceathrachad.

£14,888,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1945.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Cheithre Milleon Déag Ocht gCéad agus Ocht Míle Ochtód Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a cúig ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £15,913,388 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná Cúig Mhilleon Déag Naoi gCéad agus Trí Mhíle Dhéag Trí Chéad agus Ocht bPuint Ochtód d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do réimhíoc leis an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fé pé ráta úis, agus fós fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas féna raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis arna dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1944 , do ghairm den Acht so.