8 1944


Uimhir 8 de 1944.


ACHT BUNREACHTA (FÍORÚ ACHUINGE), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT D'ORDÚ NA SLÍ INA bhFÍORÓFAR SIGHNITHE LE hACHUINGE TAIRGFEAR DON UACHTARÁN FÉ AIRTEAGAL 27 DEN BHUNREACHT.

[20adh Márta, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Sighnithe comhaltaí de Dháil Éireann d'fhíorú.

1. — Gach sighniú chuirfidh comhalta de Dháil Éireann le hachuinge tairgfear don Uachtarán fé Airteagal 27 den Bhunreacht fíorófar é—

(a) le deimhniú, i pé fuirm aca so leanas is oiriúnach, arna shighniú ag Cléireach Dháil Éireann, no ag Fo-Chléireach Dháil Éireann, agus é arna scríobhadh ar an achuinge le taobh no díreach fé bhun an tsighnithe no na sighnithe lena mbainfidh, sé sin le rá:—

(i) i gcás gan an deimhniú do bhaint ach le haon tsighniú amháin:—

“Deimhním leis seo gurb é sighniú A. B., comhalta de Dháil Éireann, an sighniú atá lena thaobh so (no thuas).

.......................................................

Cléireach (no Fo-Chléireach)

Dháil Éireann.”

(ii) i gcás an deimhniú do bhaint le dhá shighniú no níos mó:—

“Deimhním leis seo gurb iad sighnithe fé seach A. B., C. D., E. F., etc., ar comhalta de Dháil Éireann gach duine fé leith aca, na.................. sighnithe atá lena thaobh so (no thuas).

.......................................................

Cléireach (no Fo-Chléireach)

Dháil Éireann.”

no

(b) le deimhniú sa bhfuirm seo leanas arna shighniú ag Breitheamh den Chúirt Dúithche no ag Coimisinéir Mionn, no ag oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná Ceannphort, agus é arna scríobhadh ar an achuinge le taobh no díreach fé bhun an tsighnithe lena mbainfidh, sé sin le rá:—

“Deimhním leis seo gurb é sighniú A. B., duine ar a bhfuil aithne phearsanta agam agus atá, feadh m'eolais agus mo thuairime, ina chomhalta de Dháil Éireann, an sighniú atá lena thaobh so (no thuas).

.......................................................

Breitheamh den Chúirt Dúithche (no Coimisinéir Mionn no.......... den Ghárda Síochána).”

Sighnithe comhaltaí de Sheanad Éireann d'fhíorú.

2. — Gach sighniú chuirfidh comhalta de Sheanad Éireann le hachuinge tairgfear don Uachtarán fé Airteagal 27 den Bhunreacht fíorófar é—

(a) le deimhniú, i pé fuirm aca so leanas is oiriúnach, arna shighniú ag Cléireach Sheanad Éireann, no ag Fo-Chléireach Sheanad Éireann, agus é arna scríobhadh ar an achuinge le taobh no díreach fé bhun an tsighnithe no na sighnithe lena mbainfidh, sé sin le rá:—

(i) i gcás gan an deimhniú do bhaint ach le haon tsighniú amháin:—

“Deimhním leis seo gurb é sighniú A. B., comhalta de Sheanad Éireann, an sighniú atá lena thaobh so (no thuas).

.......................................................

Cléireach (no Fo-Chléireach) Sheanad Éireann.”

(ii) i gcás an deimhniú do bhaint le dhá shighniú no níos mó:—

“Deimhním leis seo gurb iad sighnithe fé seach A. B., C. D., E. F., etc., ar comhalta de Sheanad Éireann gach duine fé leith aca, na.................. sighnithe atá lena thaobh so (no thuas).

.......................................................

Cléireach (no Fo-Chléireach) Sheanad Éireann.”

no

(b) le deimhniú sa bhfuirm seo leanas arna shighniú ag Breitheamh den Chúirt Dúithche no ag Coimisinéir Mionn, no ag oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná Ceannphort, agus é arna scríobhadh ar an achuinge le taobh no díreach fé bhun an tsighnithe lena mbainfidh, sé sin le rá:—

“Deimhním leis seo gurb é sighniú A. B., duine ar a bhfuil aithne phearsanta agam agus atá, feadh m'eolais agus mo thuairime, ina chomhalta de Sheanad Éireann, an sighniú atá lena thaobh so (no thuas).

.......................................................

Breitheamh den Chúirt Dúithche (no Coimisinéir Mionn no.......... den Ghárda Síochána).”

Fíorú do ghlacadh ina leor-fhianaise.

3. — Aon uair a tairgfear achuinge don Uachtarán fé Airteagal 27 den Bhunreacht is dleathach don Uachtarán glacadh le fíorú, bheidh déanta ar shighniú léi do réir pé ailt aca san roimhe seo bhaineann leis an gcás, ina leor-fhianaise gurb é an sighniú san sighniú an duine a dtabharfa sé le tuigsint gurb é a shighniú é agus go bhfuil an duine sin ina chomhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann (do réir mar bheidh).

Ciontaí agus pionóis.

4. —(1) Gach duine dhéanfaidh éinní aca so leanas beidh sé ciontach i gcleacht cuirpthe do réir bhrí Coda I den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , sé sin le rá:—

(a) a bhéarfaidh le tuigsint go bréagach, trína shighniú do chur le hachuinge tairgfear don Uachtarán fé Airteagal 27 den Bhunreacht, é bheith ina chomhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann, no

(b) a chuirfidh le haon achuinge den tsórt san sighniú bhéarfaidh le tuigsint gurb é sighniú duine seachas é féin é, no

(c) a dhéanfaidh, i ndeimhniú bheidh ag gabháil le haon achuinge den tsórt san, de bhun an Achta so, ráiteas is eol dó bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) a dhéanfaidh, maidir le sighniú aon achuinge, éinní do bheadh, dá ndéantaí é maidir le vótáil i dtoghchán chomhalta de Dháil Éireann, ina bhreabaireacht mar a mínítear san sa Chuid sin I den Acht san no ina imirt chomhachta mhí-chuíosach mar a mínítear san amhlaidh.

(2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanfar an abairt “achuinge tairgfear don Uachtarán fé Airteagal 27 den Bhunreacht” do léiriú agus beidh éifeacht aici mar abairt a fholuíonn scríbhinn a bheidh le tairgsint, no bheidh ullmhuithe d'fhonn í thairgsint, don Uachtarán mar achuinge fén Airteagal san (pé aca déanfar an scríbhinn sin do thairgsint amhlaidh ina dhiaidh sin no ná déanfar), agus, dá réir sin, má dhéanann duine ar bith, i dtaobh no i leith aon scríbhne den tsórt san, aon ghníomh do bhéarfadh, dá ndéantaí é i dtaobh no i leith achuinge arna tairgsint mar adubhradh, é bheith ciontach (de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo) i gcleacht cuirpthe do réir bhrí Coda I den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , beidh an duine sin ciontach i gcleacht cuirpthe do réir bhrí na Coda san I adubhradh.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 6 (d'éamais fo-ailt (2) dhe) den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , maidir le duine bheidh ciontach i gcionta atá, de bhuadh an ailt seo, ina chleacht chuirpthe do réir bhrí an Achta san amhail mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le duine bheadh ciontach i gcionta is cleacht cuirpthe de bhuadh ailt 1 den Acht san.

Gearr-theideal.

5. — Féadfar an tAcht Bunreachta (Fíorú Achuinge), 1944 , do ghairm den Acht so.