6 1944


Uimhir 6 de 1944.


ACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA IASCAIGH, 1939 . [16adh Márta, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so, cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) .

Alt 23 den Phríomh-Acht dá leasú.

2. — Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 23 den Phríomh-Acht trí na focail “bhradán no iasc eile” do chur in ionad na bhfocal “bhradán no breac”.

Alt 26 den Phríomh-Acht dá leasú.

3. —Beidh éifeacht ag an bPríomh-Acht fé is dá gcuirtí an t-alt so leanas in ionad ailt 26, sé sin le rá:—

“26.—(1) Einne úsáidfidh aol, spiúirse, no aon tsubstaint narcóideach, ghreamach no nimhiúil, no aon phléascán, chun iasc do dhíobháladh no do dhíthiú in aon abháinn, loch no inbhear, pé aca iascach puiblí no iascach príobháideach an céanna, no in aon chuid den fhairrge, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

(2) Einne dhéanfaidh—

(a) aon líon no cnáib do mhaothú in aon abhainn no loch, no

(b) aon aol no spiúirse do chaitheamh no d'fholmhú no do chur ag rith no ag gluaiseacht isteach in aon abhainn no loch,

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

(3) Einne dhéanfaidh aon abhar docharach no nimhiúil (seachas líon, cnáib, aol no spiúirse) do chaitheamh no d'fholmhú no do chur ag rith no ag gluaiseacht isteach in aon abhainn no loch, beidh sé, maran fé réim agus do réir ceadúnais a bheidh deonta ag an Aire fé fho-alt (4) den alt so dhéanfaidh é, ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

(4) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ceadúnais do dheonadh chun crícheanna fo-ailt (3) den alt so agus féadfaidh pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur ag gabháil le haon cheadúnas a dheonfa sé amhlaidh agus féadfaidh, tar éis dó dul i gcomhairle amhlaidh, aon cheadúnas den tsórt san do chúlghairm.”

Gearr-theideal agus có-luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1944, do ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1939, agus den Acht so le chéile.