24 1942


Uimhir 24 de 1942.


ACHT AOISLIÚNTAS, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AOISLIÚNTAS, 1834 GO 1936. [9adh Mí na Nodlag, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936) .

(2) Gach abairt a húsáidtear san Acht so agus dá gceaptar brí áirithe le hAcht 1936 chun crícheanna Achta 1936, tá léi san Acht so an bhrí ceaptar di amhlaidh.

Seirbhís Stát-Sheirbhíseach bunuithe i státsheirbhís Bhriotánach d'áireamh.

2. —(1) I gcás duine atá, ar dháta an Achta so do rith, ag fónamh i bpost bunuithe sa Stát-Sheirbhís agus ar tugadh deimhniú amach ina thaobh fé fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1923, no fé alt 9 no alt 12 d'Acht 1936, agus do fuair pinsean no aisce ar scur dó de bheith ar fostú i Stát-sheirbhís Bhriotánach, déanfar an tseirbhís ar deonadh an pinsean no an aisce sin ina taobh d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas sa mhéid a háirmheofaí í dá mba ná molfaí aon phinsean ná aisce ina taobh.

(2) I gcás a duine mbainfeadh fo-alt (1) den alt so leis dá mbeadh sé ag fónamh sa Stát-Sheirbhís ar dháta an Achta so do rith d'imeacht as an Stát-Sheirbhís roimh dháta an Achta so do rith agus é bheith, ar dháta a imeachta, ag fónamh i bpost bunuithe sa Stát-Sheirbhís, féadfar aon aoisliúntas do deonadh dó ar é d'imeacht do choigeartú no d'athrú amhail o dháta a imeachta fé is dá mbaineadh an fo-alt san roimhe seo leis ar an dáta san.

Seirbhís bhunuithe chongantóirí teicniúla áirithe sa tSuirbhéireacht Ordonáis.

3. —(1) I gcás—

(a) deimhniú do thabhairt amach fé fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1923 i dtaobh dhuine atá ag fónamh ar dháta an Achta so do rith i bpost nea-mbunuithe mar chongantóir theicniúil sa tSuirbhéireacht Ordonáis, agus

(b) an duine sin do bheith ar fostú roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, mar chongantóir shíbhialta nea-mbunuithe sa tSuirbhéireacht Ordonáis agus é d'fháil aisce ar scur dó de bheith ar fostú amhlaidh; agus

(c) cúig bliana déag no níos mó do bheith sa tréimhse dar tosach an dáta ar ar fostuíodh an duine sin amhlaidh mar chongantóir shíbhialta nea-mbunuithe agus dar chríoch an dáta díreach roimh dháta an Achta so do rith;

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas, sé sin le rá:—

(i) is tuigthe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a raibh cúig bliana déag caithte o thosach na tréimhse sin, an duine sin do bheith ceaptha chun puist bhunuithe sa Stát-Sheirbhís, agus

(ii) chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas, féadfar seirbhís an duine sin d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe amhail o dháta seacht mbliana go leith roimh an dáta ar a raibh na cúig bliana déag san caithte.

(2) I gcás—

(a) deimhniú do thabhairt amach fé fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1923 i dtaobh dhuine do bhí ag fónamh i bpost neambunuithe mar chongantóir theicniúil sa tSuirbhéireacht Ordonáis, ach d'imigh as an bpost san roimh dháta an Achta so do rith, agus

(b) an duine sin do bheith ar fostú roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, mar chongantóir shíbhialta nea-mbunuithe sa tSuirbhéireacht Ordonáis agus é d'fháil aisce ar scur dó de bheith ar fostú amhlaidh, agus

(c) cúig bliana déag no níos mó do bheith sa tréimhse dar thosach an dáta ar ar fostuíodh an duine sin amhlaidh mar chongantóir shíbhialta agus dar chríoch an dáta díreach roimh an dáta ar ar imigh an duine sin as a phost mar chongantóir theicniúil nea-mbunuithe sa tSuirbhéireacht Ordonáis,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas, sé sin le rá:—

(i) más beo don duine sin an dháta an Achta so do rith, is tuigthe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a raibh cúig bliana déag caithte o tosach na tréimhse sin, é bheith ceaptha chun puist bhunuithe sa Stát-Sheirbhís, agus

(ii) chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas, féadfar seirbhís an duine sin d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe amhail o dháta seacht mbliana go leith roimh an dáta ar a raibh na cúig bliana déag san caithte.

(3) Bainfidh forálacha fo-ailt (2) den alt so le duine lena mbainfidís dá mbeadh seirbhís leanúnach tugtha aige sa tSuirbhéireacht Ordonáis ón dáta ar ar tugadh deimhniú amach ina thaobh fé fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1923 go dtí an dáta ar ar imigh sé, agus féadfar aon tréimhsí ar fhónuigh sé ar a bhfeadh sa tSuirbhéireacht Ordonáis o dháta an deimhnithe sin go dtí an dáta ar ar imigh sé d'áireamh mar aon tréimhse leanúnach amháin seirbhíse chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas.

Pinsean etc. do choigeartú no d'athrú, agus seirbhís d'athchinneadh i gcásanna áirithe.

4. —(1) I gcás ina ndéanfar, de bhuadh ailt 2 no ailt 3 den Acht so, pinsean no moladh eile do dheonadh fé na hAchtanna Aoisliúntas do dhuine ar bith do fuair pinsean no aisce ar scur dó de bheith ar fostú i stát-sheirbhís Bhriotánach is amhlaidh a déanfar an deonadh fé réir pé eoigeartuithe no aisíoca no asbhainte is oiriúnach leis an Aire maidir leis an bpinsean no an aisce do fuair an duine sin ar scur dó de bheith ar fostú amhlaidh.

(2) Má rinneadh seirbhís duine do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas fé aon fhoráil reachtúil no ar shlí eile, féadfar a sheirbhís d'athchinneadh chun na gcrícheanna san ag féachaint d'fhorálacha ailt 2 no ailt 3 den Acht so, agus, má déantar no má rinneadh aon aoisliúntas, aisce no sochar eile do dheonadh dhó fé na hAchtanna Aoisliúntas, féadfar é choigeartú no é athrú dá réir sin go n-éifeacht ón dáta ar ar imigh sé as a phost.

Aoisliúntais dhaoine d'fhónuigh sa tSeirbhís Mheteoraíochta.

5. —I gcás duine do bheith ag fónamh i nDearclainn Oileáin Dairbhre i bpost bunuithe sa tseirbhís Mheteoraíochta Bhriotánach ar an dáta ar ar haistríodh an Dearclann san chun Rialtas Shaorstát Éireann agus é aistriú ina dhiaidh sin go díreach chun puist sa Stát-Sheirbhís, féadfar a thuigsint, chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas, seirbhís an duine sin i stát-sheirbhís Bhriotánach do bheith ina seirbhís sa Stát-Sheirbhís, agus féadfar aon aoisliúntas, aisce no sochar eile arna dheonadh-dhó fé na hAchtanna Aoisliúntas. d'áireamh dá réir sin, ach san fé réir pé coigeartuithe no athruithe (más ann) is iomchuibhe sa chás.

Alt 8 d'Acht 1936 do leasú.

6. —I gcás duine ar bith—

(a) do bhí do réir na gcoinníollacha ba ghá chun an tAire do thabhairt amach deimhnithe fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1936, ach nár tugadh aon deimhniú amach ina thaobh fén alt san, agus

(b) d'imigh as a phost ar scór aoise tar éis dáta Achta 1936 do rith ach roimh dháta an Achta so do rith, agus

(c) ar deonadh dó go heisreachtúil moladh aoisliúntais ba chóionann leis an moladh a mbeadh sé i dteideal chuige dá dtugtaí deimhniú den tsórt san amach,

is tuigthe deimhniú fén alt san 8 do bheith tugtha amach go cuibhe ina thaobh.

Síntiúis i leith fiachais i dtaobh aoisliúntas.

7. —(1) I gcás inar gá do réir reachta no eile éileamh no íocaíocht do dhéanamh alos costas seirbhísí arna dtabhairt ag údarás Stáit, is tuigthe gur cuid de na costais sin pé muirir a chinnfidh an tAire is ceart, i dtaobh aoisliúntas no aiscí no sochar eile fé na hAchtanna Aoisliúntas do dhaoine no alos daoine ar fostú ar fad no go leathrannach ag tabhairt na seirbhísí sin.

(2) Is údarás Stáit chun crícheanna an ailt seo gach n-aon aca so leanas:—

(a) Aire Stáit,

(b) na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,

(c) aon chólucht a chinnfidh an tAire is údarás Stáit chun crícheanna an ailt seo.

An tAire do thabhairt breithe ar nithe bheidh fé aighneas.

8. —Bhéarfaidh an tAire breith ar gach amhras, ceist no aighneas eireoidh fén Acht so agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean ar an gcéanna.

Costais.

9. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais go léir féna raghfar chun an tAcht so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus luadh.

10. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas, 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1942, do ghairm de na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1936, agus den Acht so le chéile.