22 1942


Uimhir 22 de 1942.


ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO BHUNÚ BAINC CHUN BHEITH INA PHRIOMH-ÚDARÁS SA STÁT I gCÚRSAÍ AIRGID REATHA, DO DHÍOCHUR CHOIMISIÚN AN AIRGID REATHA AGUS D'AISTRIÚ A CHOMHACHT AGUS A DHUALGAS (GO nATHRUITHE ÁIRITHE) CHUN AN BHAINC SIN, DO BHRONNADH COMHACHT AGUS DUALGAS IOMDHA EILE AR AN mBANC SAN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NITHE EILE BHAINEAS LE BANCAERACHT, AIRGEAD REATHA, MONAÍOCHT AGUS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS GO SONNRÁCH LE hAGHAIDH NÓTAÍ BAINC CÓDHLÚITE DO DHIOBHADH I nDIAIDH A CHÉILE. [4adh Mí na Samhna, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal, có-luadh, agus léiriú.

1. —(1) Féadfar Acht an Bhainc Cheannais, 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Cheannais, 1927 go 1942, do ghairm de na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930, agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930.

(4) I ngach áit ina bhfuil an abairt “an tAcht so” san Acht Airgid Reatha léireofar í, agus beidh éifeacht aici, mar abairt fholuíonn an t Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 (Uimh. 30 de 1930) , agus an tAcht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn an abairt “an tAcht Airgid Reatha” an t Acht Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927) , arna oiriúnú de bharr an Bunreacht d'achtú;

cialluíonn an abairt “an Coimisiún” Coimisiún an Airgid Reatha;

cialluíonn an abairt “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann arna bhunú leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Stiúrthóirí an Bhainc;

cialluíonn an focal “Gobharnóir” Gobharnóir an Bhainc;

ní fholuíonn an abairt “Stiúrthóir ar an mBanc” an Gobharnóir;

cialluíonn an focal “Stiúrthóir” Stiúrthóir ar an mBanc (lasmuich de chás ina n-iarrann an có-théacs a mhalairt);

cialluíonn an abairt “Stiúrthóir seirbhíse” Stiúrthóir i mbuantseirbhís an Stáit;

cialluíonn an abairt “bancaer ceadúnuithe” sealbhóir ceadúnais bhancaera arna eisiúint dó fén Acht so agus é i bhfeidhm de thurus na huaire;

tá leis na habairtí “nóta dlí-thairgthe”, “nóta bainc códhlúite”, “ciste na nótaí dlí-thairgthe”, “cúl-chiste na nótaí”, agus “an ciste generálta” na bríonna céanna atá leo fé seach san Acht Airgid Reatha.

An lá ceaptha.

3. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Athghairm.

4. —(1) Na hailt uile agus fé seach den Acht Airgid Reatha luaidhtear sa chéad cholún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa dara colún, agus amhail ar an dáta agus ón dáta luaidhtear sa tríú colún, den Chuid sin den Sceideal san os coinne luadh an ailt sin sa chéad cholún san.

(2) Na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún, agus amhail ar na dátaí agus o na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún, den Chuid sin den Sceideal san.

CUID II.

Banc Ceannais na hÉireann do Bhunu agus Coimisiun an Airgid Reatha do Dhiochur.

An Banc do bhunú.

5. —(1) Déanfar, an lá ceaptha, agus déantar leis seo cólucht do bhunú do réir an Achta so ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Banc Ceannais na hÉireann no, sa Bhéarla, The Central Bank of Ireland, chun na feidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Banc ina chólucht chorpruithe agus síor-chomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaidh dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis féna ainm chorpruithe agus féadfaidh talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

(3) Déanfar an Banc do sheoladh agus do bhainistighe do réir an Achta so ag Bord Stiúrthóirí bheidh códhéanta de—

(a) Gobharnóir, agus

(b) triúr Stiúrthóirí ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht so Stiúrthóirí bancaerachta, agus

(c) an uimhir sin de Stiúrthóirí eile (nach mó ná cúigear agus gan thar dhá Stiúrthóir sheirbhíse ortha uair ar bith) a chinnfidh an tAire o am go ham.

(4) Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí feidhmeanna, comhachta agus dualgais an Bhainc d'fheidhmiú agus do chólíonadh don Bhanc agus in ainm an Bhainc.

(5) Is dleathach don Bhord gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh le rialacháin a dhéanfaidh an Bord, sé sin le rá:—

(a) a údarú go mbunófaí coistí den Bhord ar a mbeadh ball no baill den Bhord ina n-aonar no in éineacht le hoifigeach no oifigigh don Bhanc;

(b) nós imeachta aon choiste bunófar amhlaidh do rialáil agus a fheidhmeanna agus a chomhachta agus a dhualgais do leagadh amach;

(c) feidhmiú agus cólíonadh aon cheann no cinn d'fheidhmeanna, comhachta agus dualgais an Bhainc no an Bhuird do thairmleigean chun aon choiste den tsórt san;

(d) feidhmiú agus cólíonadh aon cheann no cinn d'fheidhmeanna, comhachta agus dualgais an Bhainc no an Bhuird do thairmleigean chun an Ghobharnóra (agus an Leas-Ghobharnóir d'áireamh) no chun aon Stiúrthóra no chun aon bheirt no níos mó de bhaill an Bhuird no chun aon oifigigh no oifigeach don Bhanc;

(e) coinníollacha no teoranta no srianta do chur le haon choiste no daoine no duine den tsórt san d'fheidhmiú agus do chólíonadh na bhfeidhmeanna, na gcomhacht agus na ndualgas a tairmleigfear chuca no chuige fén bhfo-alt so;

(f) a shocrú go ndéanfaidh an Bord, i gcásanna oiriúnacha, athmheas ar chomhairlí cinnfear no nithe déanfar ag aon choiste no daoine no duine den tsórt san agus iad no é ag feidhmiú no ag cólíonadh aon fheidhme no comhachta no dualgais a tairmleigfear chuca no chuige fén bhfo-alt so.

(6) Ní bhainfidh alt 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), leis an mBanc.

Feidhm agus dualgas generálta an Bhainc.

6. —(1) Mar bhreis agus gan docharú ar na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgais a bheidh dílsithe le dlí sa Choimisiún díreach roimh an lá ceaptha agus ar na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgais a bhronnann no chuireann an tAcht so go sonnrach ar an mBanc, beidh d'fheidhm agus de dhualgas ghenerálta ag an mBanc na nithe sin do dhéanamh (laistigh de theorainn na gcomhacht a bheidh dílsithe ann le dlí de thurus na huaire) a mheasfaidh an Bord o am go ham do bheith oiriúnach agus ionhmolta chun sláine an airgid reatha do chaomhnadh agus chun a áirithiú gurb é leas an phobail i gcoitinne is príomh-chuspóir buan ina mbaineann le hurlámhas creidiúnais.

(2) Féadfaidh an tAire, ar na hócáidí sin a mheasfaidh is ceart, a iarraidh ar an nGobharnóir thar ceann an Bhuird no ar an mBord comhairle do ghlacadh leis i dtaobh an Banc d'fheidhmiú agus do chólíonadh na feidhme agus an dualgais ghenerálta cuirtear ar an mBanc leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus géillfidh an Bord do gach iarratas den tsórt san.

Comhachta sonnracha áirithe don Bhanc.

7. —(1) Is dleathach don Bhanc gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh, chun crícheanna no tré bhíthin an chiste ghenerálta, ar na hócaidí agus sa mhéid a mheasfaidh an Bord is ceart, sé sin le rá:—

(a) mona no buillcon óir no airgid, no aon airgead reatha coigríche, do cheannach no do dhíol;

(b) taiscí (ná beidh ús iníoctha ortha) do ghlacadh o Aire Stáit no o aon údarás puiblí no o aon Bhanc Cópháirteach, no o aon bhanc no foras creidiúnais eile dhéanann a ghnó i bpáirt no go hiomlán sa Stát;

(c) cuntais d'oscailt i dtíortha eile no gníomhú mar ghníomhaire no taiscidhe no cófhreagróir d'aon Bhanc a dhéanann gnó sa Stát no lasmuich dhe;

(d) scaireanna in aon bhanc eadarnáisiúnta bheidh códhéanta ar fad no go furmhór de bhancanna is príomh-údarás airgid reatha ina dtíortha féin fé seach do thógáil, do shealbhú, no do chur de láimh le toil an Aire;

(e) athlascainiú do dhéanamh ar bhillí stát-chiste agus ar bhillí údarás áitiúla bheidh faomhtha no lascainithe no formhuinithe roimhe sin ag Banc Cópháirteach no aon bhanc no foras creidiúnais eile dhéanann a ghnó i bpáirt no go hiomlán sa Stát agus a aibeoidh i gceann dhá mhí dhéag ar a dhéanaighe óna ndáta;

(f) athlascainiú do dhéanamh ar bhillí malairte is dóich leis an mBord is billí tráchtála den chéad-scoth agus a aibeoidh, i gcás billí bheidh tarraingthe chun crícheanna talmhaíochta no bunuithe ar eallach stuic, i gcionn dhá mhí dhéag ar a dhéanaighe (gan laetheanta iardaighe d'áireamh) óna ndáta no, in aon chás eile, i gcionn sé mí ar a dhéanaighe (gan laetheanta iardaighe d'áireamh) óna ndáta;

(g) an ráta no na rátaí minimum ar a n-athlascaineoidh an Banc billí stát-chiste no billí údarás áitiúla no billí malairte den tsórt a luaidhtear i gceachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so do cheapadh agus d'fhoillsiú o am go ham;

(h) urrúis is leis an Stát no bheidh urruithe ag an Stát agus a bheidh fógartha chun a suibscríobhtha no a dtairgthe ag an bpuiblíocht roimh an mBanc dá gceannach agus a bheidh á luadh go hoifigiúil ar Bhúrsa Bhaile Atha Cliath agus ar Bhúrsa Chorcaighe no urrúis is le Rialtas, no bheidh urruithe ag Rialtas, aon tíre eile do cheannach no do shealbhú no do dhíol;

(i) urrúis do cheannach no do shealbhú no do dhíol is le haon údarás puiblí agus a mbeidh údaruithe le dlí cistí iontaobhais do shuncáil ionta agus a bheidh fógartha chun a suibscríobhtha no a dtairgthe ag an bpuiblíocht roimh an mBanc dá gceannach agus a bheidh á luadh go hoifigiúil ar Bhúrsa Bhaile Atha Cliath agus ar Bhúrsa Chorcaighe;

(j) iasachtaí no réimhíocanna do thabhairt do bhainc agus d'fhorais chreidiúnais eile (a dhéanann a ngnó i bpáirt no go hiomlán sa Stát) ar urrús billí malairte den tsórt a gcomhachtuítear anso roimhe seo don Bhanc iad d'athlascainiú no ar urrús urrúsanna den tsórt a gcomhachtuítear anso roimhe seo don Bhanc iad do cheannach no ar urrús mona óir no builleoin óir no scríbhinní bhaineann le loingsiú no stóráil mona óir no builleoin óir;

(k) cláir d'urrúis an Stáit do choimeád;

(l) cláir d'aon stoc a bheidh eisithe ag aon údarás puiblí do choimeád don údarás san no thar a gceann;

(m) na cuntais ar imréitíocht aon bhancaerí do choimeád;

(2) Is údarás puiblí chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so gach cólucht aca so leanas, agus léireofar an abairt “údarás puiblí” agus beidh éifeacht aici dá réir sin sa bhfo-alt san, sé sin le rá:—

(a) coimisiún, bord, no cólucht eile (corpruithe no neachorpruithe) ar a mbeidh curtha le dlí feidhmeanna rialtais no riaradh puiblí d'fheidhmiú ar fuaid an Stáit no aon tseirbhís phuiblí (agus soláthar creidiúnais d'áireamh ach gan iompar d'áireamh) do riaradh ar fuaid an Stáit, agus

(b) bárdas, comhairle, coiste, no cólucht eile (corpruithe no nea-chorpruithe) ar a mbeidh curtha le dlí feidhmeanna rialtais áitiúil d'fheidhmiú laistigh de líomatáiste sonnruithe sa Stát no feidhmeanna riaracháin phuiblí no seirbhíse puiblí (seachas iompar) de chineál áitiúil d'fheidhmiú.

Comhachta áirithe eile don Bhanc.

8. —Is dleathach don Bhanc gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh ar na hócáidí agus sa mhéid a mheasfaidh an Bord is ceart, sé sin le rá:—

(a) socrú do dhéanamh chun data bhaineann le fadhbanna mona agus creidiúnais do bhailiú agus do scrúdú agus abhar colasmhar ina dtaobh d'fhoillsiú;

(b) teangmháil do bhunú agus do chothabháil, go díreach no go nea-dhíreach, idir iad féin agus na húdaráis airgid a bheidh bunuithe i dtíortha eile;

(c) gach ní do dhéanamh a chabhróidh no ghabhfaidh le feidhmiú no cólíonadh, no leanfaidh as feidhmiú no cólíonadh, aon chomhachta no dualgais dá gcuirtear no dá mbronntar ar an mBanc leis an alt so no le haon alt eile den Acht so no dá mbronnfar no dá gcuirfear ar an mBanc o am go ham le dlí.

Caipital an Bhainc.

9. —(1) Isé is caipital don Bhanc dachad míle punt agus íocfaidh an tAire ceithre mhíle fichead punt de sin leis an mBane an lá ceaptha no chó luath agus is féidir ina dhiaidh sin agus íocfaidh an tAire an chuid eile dhe leis an mBanc an tráth no na tráthanna ar a gcó-áontóidh an Bord agus an tAire.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc gach airgid is iníoctha ag an Aire leis an mBanc fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

(3) Nuair a bheidh an ceithre mhíle fichead punt íoctha ag an Aire leis an mBanc de bhun an bhforálacha san roimhe seo den alt so, aisíocfaidh an Banc láithreach le gach banc is Banc Scairshealbhach díreach roimh an lá ceaptha gach suim d'íoc an banc san leis an gCoimisiún de bhun ailt 64 den Acht Airgid Reatha maraon leis an díbhinn oiriúnach ar gach suim den tsórt san in aghaidh na tréimhse ón dáta deiridh go dtí n-ar híocadh díbhinn uirthi go dtí dáta an aisíoctha san.

(4) Leasuítear leis seo fo-alt (4) d'alt 63 den Acht Airgid Reatha tré na focail “a bheidh íoctha ag Bainc Scair-shealbhacha de thurus na huaire ar cuntas a bhfiachais chaipitiúla” do scriosadh as agus na focail “de chaipital an Bhainc a bheidh íoctha de thurus na huaire” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh.

Séala an Bhainc.

10. —(1) Soláthróidh an Banc séala dhó féin an lá ceaptha no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin.

(2) Is amhlaidh a fíorófar séala an Bhainc le sighniú an Ghobharnóra no Stiúrthóra go n-údarás chuige sin ón mBord agus le contra-shighniú rúnaidhe an Bhainc no oifigigh eile don Bhanc go n-údarás chuige sin ón mBord.

(3) Gach scríbhinn uirchiallfaidh bheith déanta no eisithe ag an mBanc agus bheith séaluithe le séala an Bhainc arna fhíorú sa tslí foráltar leis an alt so glacfar i bhfianaise í agus, gan cruthúnas ar shighniú no ar údarás éinne a n-uirchiallfaidh an scríbhinn sin í bheith sighnithe no contra-shighnithe aige, is tuigthe, no go gcruthófar a mhalairt, gurb é an Banc do rinne no d'eisigh í.

(4) Go dtí go mbeidh séala soláthruithe dhó féin ag an mBanc de bhun an ailt seo, is tuigthe gurb é séala an Choimisiúin séala an Bhainc agus is dleathach don Bhanc séala an Choimisiúin d'úsáid dá réir sin.

(5) Nuair a bheidh séala soláthruithe dhó féin ag an mBanc de bhun an ailt seo, bhéarfaidh an Bord séala an Choimisiúin do bhriseadh no d'agh-lot i riocht nach féidir é úsáid.

Tagairtí don Choimisiún san Acht Airgid Reatha, 1927 , do léiriú.

11. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus fé réir na n-athghairm agus na leasuithe déantar leis an Acht so beidh éifeacht ag na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930, i dteanta agus fé réir an athruithe go ndéanfar gach luadh no tagairt don Chathaoirleach do léiriú mar luadh no mar thagairt don Ghobharnóir agus gach luadh no tagairt don Choimisiún do léiriú mar luadh no mar thagairt don Bhanc, ach go déanfar aon luadh no tagairt den tsórt san a thagrann go follas, no as ar tuigthe go riachtanach go dtagrann sé, do bhaill an Choimisiúin do léiriú mar luadh no mar thagairt don Bhord.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin féadfaidh nóta dlí-thairgthe bheith do réir pé fuirme, tuise, agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí d'orduigh no ordóidh an Coimisiún (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé fho-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid Reatha (arna mhodhnú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so) roimh an lá ceaptha no do réir pé fuirme, tuise, agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí ordóidh an Banc fén bhfo-alt san (2) den alt san 45 (arna mhodhnú mar adubhradh) an lá ceaptha no dá éis sin.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin féadfaidh nóta bainc códhlúite bheith do réir pé fuirme, tuise agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí d'orduigh no ordóidh an Coimisiún (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé fho-alt (3) d'alt 51 den Acht Airgid Reatha (arna mhodhnú leis an gcéad fho-alt den alt so) roimh an lá ceaptha no do réir pé fuirme, tuise agus deara agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipéar agus uimhrithe agus fíoruithe i pé slí ordóidh an Banc fén bhfo-alt san (3) den alt san 51 (arna mhodhnú mar adubhradh) an lá ceaptha no dá éis sin.

Na Bainc Chópháirteacha.

12. —(1) Beidh i gcópháirtíocht leis an mBanc na bainc eile sin a luaidhtear no dá bhforáltar san alt so agus Bainc Chópháirteacha bhéarfar ar na bainc sin agus a gairmtear díobh san Acht so.

(2) Na hocht mbainc a hainmnítear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so tiocfaid chun bheith agus beid ina mBainc Chópháirteacha an lá ceaptha.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 42 agus 43 den Acht Airgid Reatha maidir leis na Bainc Chópháirteacha i dteanta agus fé réir na n-athruithe go gcuirfear na habairtí “an Bord”, “Bainc Chópháirteacha”, agus “Banc Cópháirteach” fé seach in ionad na n-abairtí fé seach “an Coimisiún”, “Bainc Scair-shealbhacha”, agus “Banc Scairshealbhach” i ngach áit ina bhfuil na habairtí deiridh sin fé seach sna hailt sin 42 agus 43.

(4) Gach luadh no tagairt a déantar do na Bainc Scair-shealbhacha (san uatha no san iolra) san Acht Airgid Reatha (lasmuich d'ailt 42 agus 43) léireofar é agus beidh éifeacht aige an lá ceaptha agus dá éis mar luadh no mar thagairt do na Bainc Chópháirteacha (san uatha no san iolra fé mar is gá sa chás).

(5) Leasuítear leis seo fo-alt (4) d'alt 5 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ( Uimh. 30 de 1930 ), tríd an bhfocal “Scair-shealbhach” do scriosadh as.

Glacadh le banc ina Bhanc Chópháirteach.

13. —(1) Féadfaidh banc ar bith trath ar bith, an lá ceaptha no dá éis, a iarraidh ar an Aire glacadh leis ina Bhanc Chópháirteach agus féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, an t-iarratas san do dheonadh no do dhiúltú do réir mar is rogha leis féin.

(2) Aon uair a dheonfaidh an tAire iarratas fén alt so o bhanc á iarraidh go nglacfaí leis ina Bhanc Chópháirteach tiocfaidh an banc san chun bheith agus beidh, amhail ar dháta agus o dháta deonta an iarratais sin, ina Bhanc Chópháirteach chun crícheanna an Achta so agus an Achta Airgid Reatha arna thonasc, arna mhodhnú, no arna leasú leis an Acht so.

(3) Feadfaidh an tAire a cheangal ar bhanc iarrfaidh air fén alt so glacadh leis ina Bhanc Chópháirteach pé faisnéis i dtaobh a ghnótha do thabhairt don Aire agus leigcan don Ghobharnóir, no do bhuan-oifigeach don Bhanc go n-údarás speisialta chuige sin i scríbhinn ón Aire, pé iniúchadh do dhéanamh ar a leabhair a chífear don Aire do bheith riachtanach chun é do bhreithniú an iarratais sin go cuibhe.

Banc do scur ó bheith ina Bhanc Chópháirteach.

14. —(1) Tráth ar bith an lá ceaptha no dá éis féadfaidh au tAire, as a chomhairle féin, aon Bhanc Cópháirteach do scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach agus san (tar éis dul i gcomhairle leis an mBord) ar aon fhoras dá n-údaruítear go follas leis an Acht Airgid Reatha arna oiriúnú leis an Acht so no (le toiliú an Bhuird) ar aon fhoras eile chífear don Aire is leor.

(2) Tráth ar bith an lá ceaptha no dá éis féadfaidh aon Bhanc Cópháirteach a iarraidh ar an Aire é scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach agus, aon uair a dhéanfaidh Banc Cópháirteach iarratas den tsórt san, scuirfidh an tAire an banc san láithreach o bheith ina Bhanc Chópháirteach.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire fén alt so Banc Cópháirteach do scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach stadfaidh an banc san láithreach de bheith ina Bhanc Chópháirteach, ach ní chuirfidh an scur san cosc le glacadh leis an mbanc san ina dhiaidh sin fén Acht so ina Bhanc Chópháirteach ná ní shaorfaidh an banc san óna bheith air méid gach nóta bainc chódhlúite bheidh amuich leis am an scuir sin d'íoc ar an nóta san do thíolacadh go cuibhe ná óna bheith air íocaíochta do dhéanamh ar nótaí bainc códhlúite bheidh amuich leis roimh an scur san no ina dhiaidh.

(4) Lasmuich de chás ina scuirfear Banc Cópháirteach ar a iarratas féin, ní dhéanfaidh an tAire Banc Cópháirteach do scur fén alt so o bheith ina Bhanc Chópháirteach gan caoi réasúnach do thabhairt don bhanc san ar éisteacht d'fháil.

(5) Ní vótálfaidh aon Stiúrthóir bancaerachta ar aon rún i dtaobh Banc Cópháirteach ar ar stiúrthóir é no ag á mbeidh sé ar fostú do scur.

An Coimisiún do scur.

15. —(1) Ar an lá ceaptha tiocfaidh an Coimisiún chun bheith, agus beidh sé, scurtha agus stadfaidh a bhaill de bheith i seilbh oifige ach ní chuirfidh san iad o bheith incheaptha mar Ghobharnóir no mar Stiúrthóir ar an mBanc.

(2) Ar na lá ceaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ciste na nótaí dlí-thairgthe, cúl-chiste na nótaí (más ann dó an uair sin), agus an ciste generálta mar a bheid fé seach díreach roimh an lá ceaptha agus gach suncáil, airgead, agus sócmhainn a bheidh sna cistí sin fé seach an uair sin agus fós gach maoin eile, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fionnraighe d'áireamh), a bheidh díreach roimh an lá ceaptha dílsithe sa Choimisiún no ar a sheilbh, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus gan aon leithliú ná sannadh ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Bhanc chun an estáit agus an téarma agus an leasa uile chun a rabhdar dílsithe sa Choimisiún díreach roimh an lá ceaptha;

(b) aon mhaoin a haistrítear chun an Bhainc leis an mír sin roimhe seo den fho-alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, curtha síos i leabhair aon bhainc laistigh de dhlighinse an Oireachtais in ainm an Choimisiúin no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan laistigh den dlighinse sin in ainm an Choimisiúin, aistreoidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san iad sna leabhair sin chun ainm an Bhainc arna iarraidh sin don Bhord an lá ceaptha no aon uair dá éis sin;

(c) i gcás aon mhaoin a haistrítear no adeirtear a haistrítear chun an Bhainc le mír (a) den fho-alt so do bheith, díreach roimh an lá ceaptha, lasmuich de dhlighinse an Oireachtais no curtha síos no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan lasmuich den dlighinse sin, isé dualgas an Bhuird gach ní is gá do dhéanamh chun a áirithiú go n-aistreofar únaeracht, dlíthiúil agus éifeachtach, na maoine sin chun an Bhainc;

(d) féadfaidh an Banc ina ainm féin dul chun dlí i dtaobh gach rud-ar-fionnraighe a haistrítear chun an Bhainc le mír (a) den fho-alt so no é bhaint amach no é fhoirfheidhmiú agus ní gá don Bhanc fógra do thabhairt don duine ar a mbeidh an rud-ar-fionnraighe sin ina cheangal i dtaobh an aistrithe déantar leis an mír sin;

(e) na fiacha agus na fiachais eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachais nea-shocruithe de dhruim tortanna no sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an gCoimisiún agus gan íoc aige no curtha suas agus gan glanadh aige, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachais ar an mBanc agus íocfaidh no glanfaidh an Banc iad agus féadfar iad do bhaint den Bhanc no iad d'fhoirfheidhmiú ina aghaidh dá réir sin;

(f) gach connradh, idir an Coimisiún agus aon duine eile, bheidh i bhfeidhm no ionfhoirfheidhmithe díreach roimh an lá ceaptha agus ná beidh cólíonta no feidhmithe ar fad, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar an lá ceaptha, ina chonnradh idir an Banc agus an duine eile sin agus beidh sé ionfhoirfheidhmithe ag an mBanc no ina aghaidh dá réir sin.

(3) Aisíocfaidh an tAire leis an mBanc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, méid na ndiúitéthe stampa uile íocfaidh an Banc (de bhun dlithe an Stáit no de bhun dlithe tíre eile) maidir le haon aistriú no leithliú maoine déanfar chun an t-aistriú déantar ar an maoin sin leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhoirlíonadh no chun lán-éifeacht do thabhairt dó.

(4) Gach duine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i bhfostaíocht an Choimisiúin i bhfeadhmannas ar bith tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar an lá ceaptha, aistrithe chun fostaíocht an Bhainc sa bhfeadhmannas céanna agus an tsealbhaíocht agus an luach saothair agus na coinníollacha seirbhíse céanna aige bhí aige i bhfostaíocht an Choimisiúin díreach roimh an lá ceaptha, agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh ag gach duine den tsórt san, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, na cirt agus na sochair chéanna (más ann) do bhí aige díreach roimh an lá ceaptha maidir le haoisliúntas agus cúiteamh i gcailliúint fostaíochta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach scéim a bheidh déanta ag an gCoimisiún fé fho-alt (4) d'alt 31 den Acht Airgid Reatha agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, leanfaidh i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis agus coimeádfaidh agus cólíonfaidh an Banc í dá réir sin;

(b) chun crícheanna gach scéime buanuítear leis an mír sin roimhe seo den fho-alt so agus gach scéime dhéanfaidh an Banc fén bhfo-alt san (4) d'alt 31 an lá ceaptha no dá éis, is tuigthe gur seirbhís i bhfostaíocht an Bhainc seirbhís i bhfostaíocht an Choimisiúin (lena n-áirmhítear seirbhís in aon fhostaíocht eile is tuigthe, do réir na scéime sin, do bheith ina seirbhís i bhfostaíocht an Choimisiúin) agus is tuigthe gurb aon tréimhse leanúnach amháin sheirbhíse i bhfostaíocht an Bhainc an tréimhse sheirbhíse (lena n-áirmhítear seirbhís is tuigthe do bheith ina seirbhís den tsórt san adubhradh) a bheidh tugtha ag duine ar bith i bhfostaíocht an Choimisiúin agus a chríochnóidh díreach roimh an lá ceaptha agus an tréimhse sheirbhíse bhéarfaidh an duine sin i bhfostaíocht an Bhainc agus a thosnóidh an lá ceaptha agus a leanfaidh dá éis.

Ceapacháin chun fuireann an Bhainc.

16. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, is tré chomórtas (a mbeidh triail cháilitheach no triail chomórtais sa Ghaedhilg mar chuid de), a stiúrfar do réir rialachán a dhéanfaidh an Bord, a ceapfar gach oifigeach no seirbhíseach den Bhanc fé fho-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid Reatha, agus féadfaidh an Bord, maidir le haon chomórtas den tsórt san, pé coinníollacha iontrála agus teoranta agus caomhanta d'fhorchur a mheasfaidh is ceart.

(2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so le ceapachán chun puist is dóich leis an mBord do bheith neamhoiriúnach chun ceapachán chuige do dhéanamh tré chomórtas.

Cóipcheart i nótaí eiseoidh an Banc.

17. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 12 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1929 ( Uimh. 13 de 1929 ), maidir le nótaí dlí-thairgthe agus nótaí bainc có-dhlúite fé seach eiseoidh an Banc fé mar atá agus chó hiomlán agus atá feidhm agus éifeacht aige maidir le nótaí dlí-thairgthe agus nótaí bainc có-dhlúite arna n-eisiúint ag an gCoimisiún ach amháin gur leis an mBanc, de bhuadh an ailt sin 12, an cóipcheart in aon nótaí den tsórt san eiseoidh an Banc.

Oiriúnú generálta ar thagairtí don Choimisiún.

18. —Gach luadh no tagairt don Choimisiún atá in aon achtachán (seachas na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930) a bheidh i bheidhm an lá ceaptha, léireofar é agus beidh éifeacht aige, an lá ceaptha agus dá éis mar luadh no mar thagairt don Bhanc.

CUID III.

Bord Stiurthoiri an Bhainc.

An Gobharnóir do cheapadh, a shealbhaíocht oifige, etc.

19. —(1) Ceapfar an Gobharnóir ag an Uachtarán ar chomhairle an Riaghaltais agus gheobha sé pé luach saothair agus liúntais agus beidh sé fé réir pé coinníollacha seirbhíse a chinnfidh an Bord o am go ham.

(2) Isé téarma oifige gach Gobharnóra (marab éag, eirghe as no cur as oifig no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó) seacht mbliana ón lá ceaptha i gcás an chéad Ghobharnóra no, i gcás gach Gobharnóra ina dhiaidh sin, ón am a bheidh sealbhaíocht oifige a réamhtheachtaidhe caithte le himeacht aimsire no scurtha roimhe sin ar chúis ar bith (fé mar a bheidh).

(3) Gobharnóir a raghaidh as oifig ar bheith caithte dá théarma oifige le himeacht aimsire, beidh sé ionathcheaptha.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach Gobharnóir, sé sin le rá:—

(a) beidh sé, ar feadh a théarma oifige, dí-cháilithe óna ainmniú no a thogha agus o shuidhe no o íocaíocht d'fháil mar chomhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann no mar Uachtarán;

(b) beidh sé, ar feadh a théarma oifige, neamh-iontoghtha mar stiúrthóir ar bhanc ar bith;

(c) más stiúrthóir ar bhanc ar bith é tráth a cheaptha scarfa sé leis an stiúrthóireacht san fé cheann deich lá tar éis a cheaptha agus mara ndéanaidh amhlaidh beidh sé dícháilithe i gceann an deich lá san o bheith i seilbh oifige an Ghobharnóra;

(d) má thárlann agus aon uair a thárlóidh go mbreithiúnófar ina fhéimhidhe é (sa Stát no in aon tír eile) no go ndéanfaidh socrú no réiteach lena chreidiúnaithe no go ndaorfaidh cúirt dlighinse inniúla é chun príosúntachta no pian-tseirbhíse, tiocfaidh chun bheith agus beidh, láithreach, dí-cháilithe o bheith i seilbh oifige an Ghobharnóra.

(5) Sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ní fholuíonn an abairt “banc ar bith” banc eadarnáisiúnta ar na chódhéanamh ar fad no go furmhór de bhainc is príomh-údarás airgid reatha ina dtíortha féin fé seach.

Toirmeasc ar an nGobharnóir do shealbhú scaireanna i mbanc.

20. —(1) Gach duine ceapfar ina Ghobharnóir déanfaidh fé cheann trí mí tar éis a cheaptha gach scair a bheidh aige in aon bhanc agus is leis no ina mbeidh leas aige chun tairbhe dhó féin am a cheaptha do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile, amuich is amach.

(2) Má thárlann agus aon uair a thárlóidh aon scaireanna i mbanc do theacht chun an Ghobharnóra, no do dhílsiú ann, le huacht no le comharbas chun tairbhe dhó féin, déanfaidh fé cheann trí mí tar éis an céanna do theacht chuige no do dhílsiú ann amhlaidh an céanna no a leas ionta do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile, amuich is amach.

(3) Ní dhéanfaidh an Gobharnóir aon scaireanna i mbanc ar bith do cheannach ná do ghlacadh ná leas do ghlacadh ionta chun tairbhe dhó féin.

(4) Má dhéanann an Gobharnóir aon scaireanna i mbanc ar bith do choinneáil no do cheannach no do ghlacadh, no leas ionta do ghlacadh no do choimeád, contrárdha don alt so, tiocfaidh chun bheith agus beidh, láithreach, dí-cháilithe o bheith i seilbh oifige an Ghobharnóra.

(5) San alt so foluíonn an focal “banc” banc arna ionchorprú lasmuich den Stát chó maith le banc arna ionchorprú sa Stát, agus léireofar tagairtí do scaireanna i mbanc mar thagairtí fholuíonn stoc, scaireanna, bintiúirí, stoc bintiúra, bannaí no urrúis eile leis an mbanc san.

An Gobharnóir do chur as oifig.

21. —(1) Má thagann ar an nGobharnóir, de dheascaibh easláinte, éagcumas buan ná leigfidh dó a dhualgais Ghobharnóra do chólíonadh, féadfaidh an tUachtarán é chur as oifig ar chomhairle an Riaghaltais.

(2) Má iarrann an Bord ar an Uachtarán tré vóta aonghuthach na Stiúrthóirí uile an Gobharnóir do chur as oifig ar chúis a luadhfar, is dleathach don Uachtarán an Gobharnóir do chur as oifig ar chomhairle an Riaghaltais.

An Leas-Ghobharnóir.

22. —(1) Aon uair a bheidh an Gobharnóir éagcumasach go sealadach, toisc nea-láithreacht no easláinte no éinní eile, ar dhualgais a oifige do chólíonadh, féadfa sé éinne de na Stiúrthóirí do cheapadh chun gníomhú mar Leas-Ghobharnóir feadh ré an éagcumais sin agus, mara ndéanaidh amhlaidh, féadfaidh an Bord éinne de na Stiúrthóirí do cheapadh chun gníomhú mar adubhradh.

(2) Aon uair a thárlóidh folúntas sa Ghobharnóireacht féadfaidh an Bord éinne de na Stiúrthóirí do cheapadh chun gníomhú mar Leas-Ghobharnóir feadh ré an fholúntais sin, ach Stiúrthóir a ceapfar amhlaidh ní ghníomhóidh mar Leas-Ghobharnóir tar éis trí mhí do bheith caithte ón uair a thárla an folúntas ba chúis lena cheapadh.

(3) Le linn do Stiúrthóir a ceapfar fén alt so chun gníomhú mar Leas-Ghobharnóir bheith ag gníomhú amhlaidh, beidh aige agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh an chuid sin de chirt agus comhachta agus dualgais an Ghobharnóra a dhéanfaidh an Gobharnóir no, más é an Bord a cheapfaidh é, an Bord do thairmleigean chuige.

(4) Le linn do Stiúrthóir a ceapfar fén alt so chun gníomhú mar Leas-Ghobharnóir bheith ag gníomhú amhlaidh, íocfar leis pé luach saothair agus liúntais (más ann) a chinnfidh an Bord.

(5) Stiúrthóir a ceapfar fén alt so chun gníomhú mar Leas-Ghobharnóir ní scuirfidh de bhíthin an cheaptha san de bheith ina Stiúrthóir.

Na Stiúrthóirí do cheapadh, a luach saothair, etc.

23. —(1) Ceapfar na Stiúrthóirí ag an Aire.

(2) Ceapfar na Stiúrthóirí bancaerachta as painéal a hullmhófar chuige sin ag ionadaithe do na Bainc Chópháirteacha do réir an Achta so.

(3) Ní bhainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le Stiúrthóir.

(4) Gheobhaidh gach Stiúrthóir pé luach saothair agus liúntais agus beidh fé réir pé coinníollacha seirbhíse a chinnfidh an tAire o am go ham ag féachaint do na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ag na Bainc Chópháirteacha agus iad ag ceapadh luach saothair, liúntaisí, agus coinníollacha seirbhíse a stiúrthóirí.

(5) Ní foláir do gach Stiúrthóir bheith ina ghnáth-chomhnaidhe sa Stát agus ní hincheaptha mar Stiúrthóir duine ná beidh ina ghnáth-chomhnaidhe amhlaidh.

(6) Faid a bheidh Stiúrthóir i seilbh na hoifige sin beidh sé dícháilithe óna ainmniú no a thogha agus o shuidhe no o íocaíocht d'fháil mar chomhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann no mar Uachtarán.

(7) Faid a bheidh Stiúrthóir (seachas Stiúrthóir bancaerachta) i seilbh na hoifige sin beidh sé neamh-iontoghtha mar stiúrthóir ar bhanc ar bith agus, más stiúrthóir é ar bhanc ar bith tráth a cheaptha, scarfa sé leis an stiúrthóireacht san fé cheann deich lá tar éis a cheaptha agus, mara ndéanaidh amhlaidh, beidh sé dícháilithe i gceann an deich lá san o bheith i seilbh oifige Stiúrthóra.

Sealbhaíocht oifige na Stiúrthóirí.

24. —(1) Maidir leis na Céad-stiúrthóirí bancaerachta—

(a) beidh duine aca, a roghnófar tré chrannchur ar chéadchruinniú an Bhuird, i seilbh oifige, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go gceann dhá bhlian ón lá ceaptha, agus

(b) beidh duine eile aca, a roghnófar tré chrannchur ar chéadchruinniú an Bhuird freisin, i seilbh oifige, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go ceann ceithre mblian ón lá ceaptha.

(2) Maidir leis na Céad-stiúrthóirí nach Stiúrthóirí bancaerachta ná Stiúrthóirí seirbhíse—

(a) beidh duine aca, a roghnófar tré chrannchur ar chéad chruinniú an Bhuird, i seilbh oifige, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go ceann bliana ón lá ceaptha, agus

(b) beidh duine eile aca, a roghnófar tré chrannchur ar chéadchruinniú an Bhuird freisin, i seilbh oifige, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go ceann trí mblian ón lá ceaptha.

(3) Fé réir forálacha an dá fho-alt san roimhe seo den alt so, beidh gach Stiúrthóir (nach Stiúrthóir seirbhíse ná Stiúrthóir arna cheapadh chun foth-fholúntais) i seilbh oifige, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go ceann cúig mblian ón lá ceaptha no ón am a bheidh téarma oifige a réamh-theachtaidhe caithte le himeacht aimsire (pé aca is gá sa chás).

(4) Gach Stiúrthóir (seachas Stiúrthóir bancaerachta no Stiúrthóir seirbhíse) a ceapfar, tar éis na Céad-stiúrthóirí do bheith ceaptha, chun críche seachas chun folúntas imeasc na Stiúrthóirí (seachas mar adubhradh) do líonadh beidh sé i seilbh oifige go ceann cúig mblian ón lá gur amhail air agus uaidh a ceapfar é.

(5) Beidh gach Stiúrthóir seirbhíse i seilbh oifige faid is toil leis an Aire agus féadfaidh an tAire é chur as oifig aon uair.

(6) Duine ceapfar chun foth-fholúntas do líonadh in oifig Stiúrthóra (seachas oifig Stiúrthóra sheirbhíse), beidh sé i seílbh oifige go ceann a mbeidh fágtha den téarma do bheadh seilbh oifige ag an Stiúrthóir, ar tréna éag no a eirghe as no a theacht fé dhícháilíocht a tháinig an foth-fholúntas, mara mbeadh é d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht.

Stiúrthóirí do dhí-cháiliú.

25. —Má thárlann agus aon uair a thárlóidh do Stiúrthóir seachas Stiúrthóir seirbhíse —

(a) go dtiocfaidh tré easláinte fé éagcumas bhuan ná leigfidh dó a dhualgais mar Stiúrthóir den tsórt san do chólíonadh, no

(b) go mbreithiúnófar ina fhéimhidhe é (sa Stát no in aon tír eile) no go ndéanfaidh socrú no réiteach lena chreidiúnaithe, no

(c) go ndaorfaidh cúirt dlighinse inniúla é chun príosúntachta no pian-tseirbhíse, no

(d) go scuirfidh de bheith ina ghnáth-chomhnaidhe sa Stát, no

(e) go mbeidh as láthair o chruinnithe uile an Bhuird ar feadh tréimhse de shé mhí gan cead ón mBord,

tiocfaidh chun bheith agus beidh, láithreach, dí-cháilithe o bheith i seilbh oifige Stiúrthóra.

Painéal chun na Céadstiúrthóirí bancaerachta do cheapadh.

26. —(1) Tríocha lá ar a mhéid agus deich lá ar a laghad roimh an lá ceaptha, ceapfaidh an tAire am agus ionad (dá ngairmtear an t-am agus an t-ionad ceaptha san alt so) chun ionadaithe do na Bainc Chópháirteacha do chruinniú chun an painéal do thogha óna mbeidh na Céad-stiúrthóirí bancaerachta le ceapadh.

(2) Bhéarfaidh an tAire an t-am agus an t-ionad ceaptha do chur in iúl i scríbhinn do gach Banc Cópháirteach.

(3) Féadfaidh gach Banc Cópháirteach a thabhairt go dtiocfaidh ionadaidhe amháin, agus gan ach ionadaidhe amháin. arna ainmniú aca chuige sin, i láthair san am agus san ionad ceaptha, agus, na hionadaithe uile den tsórt san a thiocfaidh i láthair san am agus san ionad san, déanfaid, ansan no fé cheann trí lá ina dhiaidh sin, painéal do thogha, do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, de sheisear a bheidh incheaptha agus toilteanach ar ghníomhú mar Stiúrthóirí bancaerachta, agus cuirfid in iúl don Aire láithreach do réir na Rialacha san ainmneacha an tseisir a toghfar amhlaidh.

(4) Má toghtar painéal go cuibhe do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so ceapfar na Céad-stiúrthóirí bancaerachta as na daoine toghfar amhlaidh chun an phainéil sin.

(5) Mara ndéanaidh na hionadaithe sin do no Bainc Chópháirteacha thiocfaidh i láthair san am agus san ionad ceaptha an painéal san de sheisear do thogha do réir an ailt seo no mara dtagaidh aon ionadaithe do na Bainc Chópháirteacha i láthair san am agus san ionad ceaptha, is dleathach don Aire pé triúr daoine incheaptha a mheasfaidh is ceart do cheapadh ina gCéad-stiúrthóirí bancaerachta, ach san fé réir na sriantacht ná ceapfaidh an tAire fén bhfo-alt so duine ar bith nach Stiúrthóir ar Bhanc Chópháirteach más féidir agus sa mhéid gur féidir daoine oiriúnacha incheaptha, a bheidh toilteanach ar ghníomhú, d'fháil imeasc Stiúrthóirí na mBanc Cópháirteach uile agus fé seach, agus ar aon chuma ná ceapfar amhlaidh duine ar bith a bheidh i mbuantseirbhís an Stáit.

Painéal chun Stiúrthóirí bancaerachta seachas na Céadstiúrthóirí bancaerachta do cheapadh.

27. —(1) Tríocha lá ar a mhéid agus deich lá ar a laghad roimh théarma oifige Stiúrthóra bhancaerachta do bheith caithte tré imeacht aimsire agus fós chó luath agus a bheidh caothúil tar éis oifig Stiúrthóra bhancaerachta do theacht chun bheith folamh ar shlí seachas tré imeacht aimsire, bhéarfaidh an Bord fógra i scríbhinn do gach Banc Cópháirteach á rá go mbeidh no go bhfuil an folúntas san ann agus iarrfaidh sa bhfógra san ar an mBanc Cópháirteach san a thabhairt go dtiocfaidh ionadaidhe amháin, agus gan ach ionadaidhe amháin, i láthair in am agus in ionad (dá ngairmtear an t-am agus an t-ionad ceaptha san alt so) a cheapfaidh an Bord agus a luadhfar sa bhfógra san chun painéal de thriúr do thogha as a bhféadfar an folúntas san do líonadh.

(2) Aon uair a thárlóidh dhá fholúntas no trí imeasc na Stiúrthóirí bancaerachta le linn no timpeall an ama chéanna, féadfaidh an Bord, más caothúil leo é, fógra amháin agus gan ach fógra amháin do chur go dtí gach Banc Cópháirteach fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so i dtaobh na bhfolúntas uile den tsórt san agus nuair ná cuirfidh an Bord ach fógra amháin den tsórt san amach amhlaidh déarfaid sa bhfógra san go mbeidh ar na hionadaithe thiocfaidh i láthair san am agus san ionad ceaptha, má bhíonn dhá fholúntas den tsórt san agus gan ach san ann, painéal de chúigear do thogha no, má bhíonn trí folúntais den tsórt san ann, painéal de sheisear do thogha as a bhféadfar na folúntais sin do líonadh.

(3) Na hionadaithe uile agus fé seach do na Bainc Chópháirteacha (eadhon, ionadaidhe amháin ar a mhéid o gach Banc aca) a thiocfaidh i láthair san am agus san ionad ceaptha, déanfaid, ansan no fé cheann trí lá ina dhiaidh sin, painéal do thogha, do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, de dhaoine bheidh incheaptha agus toilteanach ar ghníomhú mar Stiúrthóir bhancaerachta agus cuirfid in iúl don Aire agus don Bhord láithreach ainmneacha na ndaoine a toghfar amhlaidh.

(4) An painéal a toghfar de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé, mara mbeidh ach folúntas amháin le líonadh, ina phainéal de thriúr no, má bhíonn dhá fholúntas agus gan níos mó ná san le líonadh, ina phainéal de chúigear no, má bhíonn trí folúntais le líonadh, ina phainéal de sheisear.

(5) Má toghtar painéal go cuibhe do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, líonfar an folúntas no na folúntais sin (pé aca ann no le bheith ann dóibh) as na daoine toghfar amhlaidh chun an phainéil sin.

(6) Mara ndéanaidh na hionadaithe sin do na Bainc Chópháirteacha a thiocfaidh i láthair san am agus san ionad ceaptha an painéal san do thogha do réir an ailt seo no mara dtagaidh aon ionadaithe do na Bainc Chópháirteacha i láthair san am agus san ionad ceaptha, is dleathach don Aire pé duine no daoine incheaptha a mheasfaidh is ceart do cheapadh chun an folúntas no na folúntais sin do líonadh, ach fé réir na sriantacht ná ceapfaidh an tAire fén bhfo-alt so duine ar bith nach stiúrthóir ar Bhanc Chópháirteach, más féidir duine oiriúnach incheaptha no más féidir agus sa mhéid gur féidir daoine oiriúnacha incheaptha, a bheidh toilteanach ar ghníomhú, d'fháil imeasc Stiúrthóirí na mBanc Cópháirteach uile agus fé seach, agus ar aon chuma ná ceapfar amhlaidh duine ar bith a bheidh i mbuan-tseirbhís an Stáit.

Fógraí i dtaobh folúntas agus i dtaobh Stiúrthóirí áirithe do cheapadh.

28. —(1) Ní bhaineann an t-alt so ach le Stiúrthóirí nach Stiúrthóirí bancaerachta ná Stiúrthóirí seirbhíse.

(2) Deich lá ar a laghad roimh théarma oifige Stiúrthóra lena mbaineann an t-alt so do bheith caithte tré imeacht aimsire cuirfidh an Bord in iúl don Aire go mbeidh an folúntas san ann.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis don Bhord eolas d'fháil i dtaobh oifig Stiúrthóra lena mbaineann an t-alt so do theacht chun bheith folamh ar shlí seachas tré imeacht aimsire, bhéarfaidh an Bord fógra don Aire i dtaobh an fholúntais sin.

(4) Aon uair a cheapfaidh an tAire duine chun bheith ina Stiúrthóir lena mbaineann an t-alt so, cuirfe sé fé ndear fógra do thabhairt láithreach don Bhord i dtaobh an ceapadh san do bheith déanta agus i dtaobh ainm agus sonnraí eile an duine bheidh ceaptha.

(5) Aon uair a thárlóidh do Stiúrthóir lena mbaineann an t-alt so scur ar aon tslí de bheith i seilbh oifige mar Stiúrthóir den tsórt san agus go gcinnfidh an tAire uimhir na Stiúrthóirí sin do laghdú agus, chuige sin, gan an folúntas a thiocfaidh den scur san do líonadh, is tuigthe chun crícheanna an Achta so (lasmuich den alt so) gan folúntas imeasc ballra an Bhuird do theacht den scur san.

(6) Aon uair a chinnfidh an tAire, d'fhonn uimhir na Stiúrthóirí lena mbaineann an t-alt so do laghdú, gan folúntas a bheidh tagtha imeasc na Stiúrthóirí sin do líonadh, bhéarfaidh an cinneadh sin do chur in iúl don Bhord.

Toirmeasc ar Stiúrthóirí áirithe do shealbhú scaireanna i mbanc.

29. —(1) Baineann an t-alt so le gach Stiúrthóir nach Stiúrthóir bancaerachta.

(2) Déanfaidh Stiúrthóir lena mbaineann an t-alt so gach scair a bheidh aige in aon bhanc agus is leis no ina mbeidh leas aige chun tairbhe dhó féin am a cheaptha do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile, amuich is amach, fé cheann trí mí tar éis a cheaptha.

(3) Má thárlann agus aon uair a thárlóidh aon scaireanna i mbanc do theacht chun Stiúrthóra lena mbaineann an t-alt so, no do dhílsiú ann, le huacht no le comharbhas chun tairbhe dhó féin, déanfaidh, fé cheann trí mí tar éis an céanna do theacht chuige no do dhílsiú ann amhlaidh, an céanna no a leas ionta do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile, amuich is amach.

(4) Ní dhéanfaidh Stiúrthóir lena mbaineann an t-alt so aon scaireanna in aon bhanc do cheannach ná do ghlacadh ná leas do ghlacadh ionta chun tairbhe dhó féin.

(5) Má dhéanann Stiúrthóir lena mbaineann an t-alt so aon scaireanna i mbanc ar bith do choinneáil no do cheannach no do ghlacadh, no leas ionta do ghlacadh no do choimeád, contrárdha don alt so, tiocfaidh chun bheith agus beidh, láithreach, dí-cháilithe o bheith i seilbh oifige Stiúrthóra.

(6) San alt so foluíonn an focal “banc” banc arna ionchorprú lasmuich den Stát chó maith le banc arna ionchorprú sa Stát, agus léireofar tagairtí do scaireanna i mbanc mar thagairtí fholuíonn stoc, scaireanna, bintiúirí, stoc bintiúra, bannaí, no urrúis eile leis an mbanc san.

Mar oibreoidh dí-cháiliú an Ghobharnóra no Stiúrthóra.

30. —(1) Dí-cháiliú ar bith a bhainfidh don Ghobharnóir no do Stiúrthóir fé aon fhoráil den Acht so ní oibreoidh chun é chur as oifig go dtí go rithfidh an Bord rún á dhearbhú é bheith dí-cháilithe ar chúis a luadhfar ón oifig sin aige do shealbhú.

(2) Ní vótálfaidh aon bhall den Bhord ar rún fén alt so i dtaobh é féin do dhí-cháiliú.

Mionn sicréideachta le tabhairt ag an nGobharnóir, na Stiúrthóirí agus na hoifigigh.

31. —(1) Déanfaidh an Gobharnóir agus gach Stiúrthóir agus fós gach oifigeach don Bhanc, díreach tar éis a cheaptha agus roimh thosnú dhó ar ghníomhú mar Ghobharnóir no Stiúrthóir no mar oifigeach den tsórt san, mionn sa bhfuirm seo leanas do thabhairt agus do shighniú i láthair Feadhmannaigh Shíochána:—

“Bheirim-se,.........................................., mo mhionn go solamanta ná nochtfad faisnéis ar bith a bhainfidh le gnó no breacacháin no leabhair aon bhainc agus a thiocfaidh ar m'eolas. de bhuadh mé bheith im Ghobharnóir no im Stiúrthóir no im oifigeach do Bhanc Ceannais na hÉireann, ach amháin do pé daoine bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú reachtanna rialálta an Bhainc sin agus i gcás ina mbeidh sé riachtanach an céanna do nochtadh dhóibh chun crícheanna aon reachta den tsórt san.”

(2) Gach duine bheidh ceaptha ina Ghobharnóir no ina Stiúrthóir no is oifigeach no bheidh ceaptha ina oifigeach don Bhanc agus a ghníomhóidh mar Ghobharnóir no Stiúrthóir no mar oifigeach den tsórt san (fé mar a bheidh) roimh an mionn is gá do réir an ailt seo do thabhairt, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(3) Gach oifigeach don Choimisiún a thiocfaidh ar an lá ceaptha chun bheith ina oifigeach don Bhanc de bhuadh an Achta so, bhéarfaidh an mionn is gá do réir an ailt seo an lá ceaptha no chó luath agus is caothúil ina dhiaidh sin, agus má bheireann an mionn san amhlaidh is tuigthe é do chólíonadh an ailt seo agus ní dlighfear aon phionós do chur air toisc gníomhú mar oifigeach don Bhanc roimh an mionn san do thabhairt.

Nós imeachta an Bhuird.

32. —(1) Féadfaidh an Bord, le rialacha no eile fé mar is oiriúnach leis, a nós imeachta féin do rialáil.

(2) Ceathrar ball den Bhord agus iad i láthair i bpearsain is cuorum ag cruinniú den Bhord.

(3) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntais do bheith ina bhallra.

(4) Ar chruinniú ar bith den Bhord féadfaidh an Gobharnóir, má bhíonn có-ionannas vótaí ann, vóta breise no réitigh do chaitheamh.

Cúiteamh agus aoisliúntas don Chathaoirleach, do na Coimisinéirí, don Ghobharnóir agus do na Stiúrthóirí.

33. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, aon uair roimh an lá ceaptha, scéim do dhéanamh, le ceadú an Aire, ag socrú i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an Banc do dheonadh cúitimh i gcailliúint oifige don té is Cathaoirleach ar an gCoimisiún díreach roimh an lá ceaptha, mara gceaptar an duine sin ina Ghobharnóir ámhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, agus

(b) an Banc do dheonadh cúitimh i gcailliúint oifige d'aon duine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina bhall den Choimisiún i seilbh oifige ar shlí seachas faid is toil leis an Aire agus ná tiocfaidh chun bheith ina Stiúrthóir i seilbh oifige amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, agus

(c) an Banc do dheonadh aoisliúntais no aisce do gach Gobharnóir no chun tairbhe do gach Gobharnóir a scuirfidh de bheith i seilbh oifige ar shlí seachas tréna dhícháiliú, agus

(d) an Banc do dheonadh aoisliúntais no aisce do gach duine no chun tairbhe do gach duine is Stiúrthóir (seachas Stiúrthóir seirbhíse) a bhéarfaidh a chuid ama go léir do na dualgais a bheidh air mar Stiúrthóir den tsórt san agus a scuirfidh de bheith i seilbh oifige ar shlí seachas tréna dhí-cháiliú.

(2) Mara ndéanaidh an Coimisiún fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so scéim den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, is dleathach don Bhord scéim den tsórt san do dhéanamh an lá ceaptha no aon uair ina dhiaidh le ceadú an Aire.

(3) Cuirfidh an Banc in éifeacht an scéim a déanfar fé na forálacha san roimhe seo den alt so.

(4) Féadfar le scéim a déanfar fén alt so a shocrú go bhféadfaidh Gobharnóir do bhí i seilbh oifige mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún an tréimhse sheirbhíse thug sé mar Chathaoirleach den tsórt san do chur, chun crícheanna na scéime sin, lena thréimhse sheirbhíse mar Ghobharnóir agus an dá thréimhse sin d'áireamh mar aon tréimhse leanúnach amháin sheirbhíse mar Ghobharnóir.

CUID IV.

Notai Bainc Codhluite do Dhiobhadh.

Mínithe maidir leis an gCuid seo den Acht so.

34. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “leathbhliain” tréimhse de shé mhí dar críoch an 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhómhair, agus cialluíonn an abairt “Banc Cópháirteach” ceann de na hocht mbainc a hainmnítear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ní bhaineann le haon Bhanc eile.

(2) Na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht so do nótaí bainc códhlúite amuich le Banc Cópháirteach léireofar iad mar thagairtí thagrann do na nótaí bainc códhlúite uile, agus fholuíonn na nótaí bainc códhlúite uile, bheidh, an tráth lena mbaineann an tagairt sin, eisithe ag an gCoimisiún no ag an mBanc don Bhanc Chópháirteach san agus ná beidh glactha ag an gCoimisiún ná ag an mBanc chun iad do tharraing siar.

Teora leis an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich.

35. —(1) An méid maximum i nótaí bainc códhlúite is cead do bheith amuich le haon Bhanc Cópháirteach áirithe luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so—

(a) aon lá i rith na tréimhse dar tosach an lá tar éis dáta an Achta so do rith agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1944, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa tríú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san;

(b) aon lá i rith na tréimhse de thrí bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1947, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san;

(c) aon lá i rith na tréimhse de thrí bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1950, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa chúigiú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san;

(d) aon lá i rith na tréimhse de thrí bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa séú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san.

(2) Déanfaidh an Coimisiún roimh an lá ceaptha, agus déanfaidh an Banc an lá ceaptha agus dá éis sin, pé nithe, le srianadh eisiúna no eile, is oiriúnach leis chun a áirithiú nach mó an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich le Banc Cópháirteach aon lá i rith tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ná an méid maximum a luaidhtear sa bhfo-alt san maidir leis an mBanc Cópháirteach san don tréimhse sin.

(3) Ní eiseoidh an Banc aon nótaí bainc códhlúite d'aon Bhanc Cópháirteach tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953.

(4) Ní dleathach d'aon Bhanc Cópháirteach aon nótaí bainc códhlúite arb é an banc freagarthach é ina dtaobh d'íoc amach tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, agus, má dhéanann aon Bhanc Cópháirteach aon nóta bainc códhlúite d'íoc amach contrárdha don fho-alt so, dlighfidh an Banc Cópháirteach san suim is có-ionann leis an deichiú cuid de mhéid an nóta san d'íoc leis an mBanc.

(5) Scuirfidh fo-alt (3) d'alt 58 den Acht Airgid Reatha d'éifeacht do bheith aige amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1954, agus ón lá san amach, agus gach rialachán a bheidh déanta agus gach ordachán a bheidh tugtha fén bhfo-alt san agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá san scuirfid mar an gcéanna d'éifeacht do bheith aca.

(6) Ní eiseoidh an Coimisiún ná an Banc aon nótaí bainc códhlúite do bhanc ar bith nach ceann de na hocht mbainc a hainmnítear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(7) Aon uair a thiocfaidh aon chónascadh, eadarscaradh, aistriú, no athrú eile imeasc ná n-ocht mbanc a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, is dleathach don Bhord, le toiliú an Aire, pé coigeartú (más ann) is dóich leis an mBord is gá no is inmhianta de bhíthin an chónasctha, an eadarscartha, an aistrithe, no an athruithe eile sin do dhéanamh ar gach méid no aon mhéid no méideanna dá luaidhtear sa tríú, sa cheathrú, sa chúigiú agus sa séú colún fé seach den Tríú Sceideal san.

Toc alos nótaí bainc códhlúite bheidh amuich tar éis a n-eisiúint do stad.

36. —(1) Íocfaidh gach Banc Cópháirteach leis an mBanc, tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, agus roimh an 1adh lá d'Eanar, 1957, suim is có-ionann leis an méid (más ann) i nótaí bainc códhlúite a bheidh amuich leis an mBanc Cópháirteach san ar dháta an íoca san.

(2) Gach suim íocfaidh Banc Cópháirteach leis an mBanc do réir fo-ailt (1) den alt so cuirfidh an Banc i gcreidiúint do chúl-chiste an airgid reatha é.

(3) Nuair íocfaidh Banc Cópháirteach leis an mBanc do réir fo-ailt (1) den alt so an tsuim is gá don Bhanc Chópháirteach san do réir an fho-ailt sin d'íoc amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an mBanc Cópháirteach san, sé sin le rá:—

(a) ní dhlighfidh an Banc Cópháirteach san feasta íoc do dhéanamh i méid aon nóta bhainc chódhlúite bheidh amuich leis an mBanc Cópháirteach san ar dháta an íoca san ná aon íocaíocht d'íoc ar nótaí bainc códhlúite in aghaidh aon tréimhse i ndiaidh dáta déanta an íoca san leis an mBanc;

(b) bhéarfaidh an Banc suas don Bhanc Chópháirteach san na hurrúis uile bheidh, ar dháta déanta an íoca san leis an mBanc, ar seilbh ag an mBanc ón mBanc Cópháirteach san alos nótaí bainc códhlúite;

(c) na nótaí bainc códhlúite uile bheidh amuich leis an mBanc Cópháirteach san ar an dáta san, beid iníoctha ag an mBanc arna dtíolacadh ina phríomh-oifig i mBaile Atha Cliath agus is as cúl-chiste an airgid reatha a bheid iníoctha amhlaidh.

Na Bainc Chópháirteacha do dhéanamh íocaíocht ar nótaí bainc códhlúite.

37. —(1) Íocfaidh gach Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún no leis an mBanc (mar is gá sa chás), in aghaidh gach leath-bhliana chríochnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) in aghaidh na leath-bhliana (más ann) a mbeidh cuid di roimh dháta agus ar dháta an Achta so do rith agus cuid di i ndiaidh an dáta san no a thosnóidh ar an dáta san—

(i) i leith na coda den leath-bhliain sin dar críoch dáta an Achta so do rith no arb í an dáta san í, suim a háirmheofar do réir fo-ailt (1) (lasmuich de mhír (e) dhe) d'alt 65 den Acht Airgid Reatha, agus

(ii) i leith na coda den leath-bhliain sin a thiocfaidh tar éis dáta an Achta so do rith, suim a háirmheofar do réir pé ráta, nach mó ná dó go leith fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham ar an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich (suas go dtí an méid maximum a húdaruítear leis an Acht so do bheith amuich amhlaidh) o lá go lá leis an mBanc Cópháirteach san i rith na coda san den leath-bhliain sin;

(b) in aghaidh gach leath-bhliana thosnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, suim a háirmheofar do réir pé ráta, nach mó ná dó go leith fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham ar an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich (suas go dtí an méid maximum a húdaruítear leis an Acht so do bheith amuich amhlaidh) o lá go lá leis an mBanc Cópháirteach san i rith na leath-bhliana san;

(c) in aghaidh gach leath-bhliana chríochnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, suim a háirmheofar do réir pé ráta, nach mó ná trí fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham ar an méid (más ann) i nótaí bainc códhlúite a bheidh amuich tar éis an dáta san o lá go lá leis an mBanc Cópháirteach san i rith na leath-bhliana san de bhreis ar an méid a húdaruítear leis an Acht so do bheith amuich amhlaidh;

(d) in aghaidh gach leath-bhliana chríochnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, pé cion de na costais féna raghaidh an Coimisiún no an Banc i rith na leath-bhliana san chun nótaí bainc códhlúite do chur ar fáil a hordófar le rialacháin a bheidh déanta ag an gCoimisiún no ag an mBanc agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) I gceann gach leath-bhliana déanfar amach ag an gCoimisiún no ag an mBanc (mar is gá sa chás), maidir le gach Banc Cópháirteach, méid na n-íocaíocht ar nótaí bainc códhlúite is iníoctha fén alt so ag an mBanc san in aghaidh na leath-bhliana san agus cuirfidh go dtí gach Banc Cópháirteach deimhniú ina luadhfar an méid sin a bheidh déanta amach amhlaidh maidir leis agus conus do rinneadh suas an méid sin, agus íocfaidh gach Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún no leis an mBanc (mar is gá sa chás), fé cheann ceithre lá déag tar éis aon deimhniú den tsórt san d'fháil, an méid adéarfar sa deimhniú san do bheith iníoctha aige.

(3) Beidh gach suim is iníoctha ag Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún fén alt so ionbhainte ag an gCoimisiún no ag an mBanc (fé mar a bheidh) den Bhanc Chópháirteach san mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla, agus má bhíonn aon tsuim den tsórt san gan íoc ag Banc Cópháirteach fé cheann na haimsire luaidhtear san alt so chun a híoctha beidh san ina fhoras ar a bhféadfar an Banc san do scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach.

(4) Deimhniú fé shéala an Choimisiúin no an Bhainc, á rá cadé an méid is iníoctha ar aon ócáid áirithe ag Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún no leis an mBanc fén alt so agus go bhfuil an méid sin no cuid áirithe dhe dlighte agus gan íoc, beidh sé, in aon imeachta bhunóidh an Coimisiún no an Banc chun an méid sin do bhaint amach, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe déarfar amhlaidh sa deimhniú san.

Diúité stampa alos nótaí bainc códhlúite.

38. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 49 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), arna leasú le halt 15 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir leis an leath-bhliain (más ann) a mbeidh cuid di roimh dháta agus ar dháta an Achta so do rith agus cuid di i ndiaidh an dáta san no a thosnóidh ar an dáta san fé is dá mba leath-bhliain an chuid den leath-bhliain sin dar críoch an dáta san no arb í an dáta san í, agus an t-alt san 49 arna leasú amhlaidh beidh sé, de bhun a athghairmthe leis an Acht so, gan feidhm ná éifeacht aige maidir leis an gcuid den leath-bhliain sin a thiocfaidh i ndiaidh an dáta san.

Nótaí seanbhanc eisiúna.

39. —(1) I gcás gach Bainc Chópháirtigh ba bhanc eisiúna le linn an Achta Airgid Reatha do rith, is tuigthe chun crícheanna na Coda so den Acht so gan an méid, den chion de nótaí luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 60 den Acht so, a bheidh de thurus na huaire gan fuascailt de bhun an ailt sin do bheith, maidir le haon lá tar éis dáta an Achta so do rith, ina nótaí bainc códhlúite amuich leis an mBanc Cópháirteach san.

(2) Amhail ar an lá tar éis dáta an Achta so do rith agus as san amach, isé is ráta ceart fén gcéad sa bhliain chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 66 den Acht Airgid Reatha ná pé ráta, nach mó ná dó go leith fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire o am go ham.

Comhacht do bhainc eisiúna chun nótaí áirithe do dhíscríobhadh.

40. —(1) Más gá, chun na híocaíochta d'áireamh a bheidh le déanamh fé alt 66 den Acht Airgid Reatha ag Banc Cópháirteach ba bhanc eisiúna ar dháta an Achta san do rith, féachaint don mhéid iomlán, arna dhéanamh amach ag an gCoimisiún, do bhí amuich i nótaí leis an mBanc Cópháirteach san (agus nótaí i dtileanna no i mboghtaí an Bhainc Chópháirtigh sin d'áireamh) díreach roimh an lá ceaptha luaidhtear in alt 60 den Acht Airgid Reatha, féadfaidh an Banc Cópháirteach san, chun na críche sin agus le ceadú an Aire, dí-scríobhadh do dhéanamh o am go ham, as an méid iomlán san arna dhéanamh amach amhlaidh, ar mhéid nach mó ná méid an oiread, de na nótaí sin leis an mBanc Cópháirteach san a bheidh amuich fós tráth an dí-scríobhtha san, a mheasfaidh an Banc Cópháirteach san nach dócha a tíolacfar choíche don Bhanc Chópháirteach san chun a n-íoctha.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha a mheasfaidh is ceart, ag féachaint do chúrsaí an cháis, do chur ag gabháil le haon cheadú bhéarfaidh chun dí-scríobhadh do dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus féadfaidh go sonnrach a cheangal ar an mBanc Cópháirteach a dhéanfaidh an dí-scríobhadh sin cion áirithe den mhéid a dí-scríobhfar amhlaidh d'íoc leis an mBanc chun a churtha le cúl-chiste an airgid reatha ach san fé réir na teorann ná raghaidh méid an cheana áirithe sin thar méid an cheana do bhain le Saorstát Éireann arna shocrú ag an gCoimisiún fé fho-alt (4) d'alt 60 den Acht Airgid Reatha maidir leis na nótaí sin leis an mBanc Cópháirteach san do bhí amuich díreach roimh an lá ceaptha luaidhtear sa bhfo-alt san.

(3) Gach dí-scríobhadh dhéanfaidh Banc Cópháirteach fén alt so beidh éifeacht aige amhail ar an dáta agus ón dáta ar a gceadóidh an tAire é.

(4) Aon uair a bheidh méid dí-scríobhtha ag Banc Cópháirteach fén alt so, féachfar go cuibhe don dí-scríobhadh sin le linn bheith ag áireamh méid aon íocaíochta fé alt 66 den Acht Airgid Reatha, arna leasú leis an Acht so, is iníoctha ag an mBanc Cópháirteach san in aghaidh tréimhse bheidh i bpáirt no go hiomlán i ndiaidh an dáta gur amhail air agus uaidh a bheidh éifeacht ag an díscríobhadh sin.

(5) Ní oibreoidh aon dí-scríobhadh, dhéanfaidh Banc Cópháirteach fén alt so, chun an Banc Cópháirteach san do shaoradh óna bheith air aon chuid áirithe dá nótaí d'íoc.

CUID V.

Earlaisi o Bhancaeri.

Léiriú ar thagairtí do dhuine dá thabhairt le tuigsint gur bancaer é.

41. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, is tuigthe (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt eile den alt so) duine dá thabhairt le tuigsint gur bancaer é—

(a) más rud é, i gcás é bheith ina chuideachtain no ina chólucht chorpruithe eile bheidh ag seoladh gnótha ar bith, go mbeidh ina chuid d'ainm an chóluchta san aon cheann de na focail “bank”, “banker”, no “banking” no aon fhocal is malairt leagain ar aon fhocal aca san no is díorthú uaidh, no

(b) más rud é, i gcás gur pearsa é, go mbeidh sé ag seoladh gnótha ar bith fé ainm no teideal (seachas a ainm féin gan éinní curtha léi) dar cuid aon cueann de na focail “bank”, “banker”, no “banking” no aon mhalairt leagain ar aon fhocal aca san no aon díorthú uaidh, no

(c) más rud é, i gcás é bheith ina pháirtnéireacht no ina chólucht nea-chorpruithe eile bheidh ag seoladh gnótha ar bith, go mbeidh ina chuid den ainm féna mbeidh an cólucht san ag seoladh an ghnótha san (ainm nach ionann, i gcás páirtnéireachta, agus ainm no ainmneacha duine no níos mó de na páirtnéirí gan éinní curtha léi no leo) aon cheann de na focail “bank”, “banker”, no “banking” no aon fhocal is malairt leagain ar aon fhocal aca san no is díorthú uaidh, no

(d) i gcás ar bith, más rud é, tré aon cheann de na focail “bank”, “banker”, no “banking” no aon mhalairt leagain ar na focail sin no díorthú uatha no aon abairt is analach dóibh d'úsáid i bhfógrán no ciorcalán no cárta gnótha no scríbhinn eile, go dtabharfa sé le tuigsint no le fios é bheith ag déanamh oibrithe bancaerachta le daoine den phuiblíocht no dhóibh no thar a gceann no é bheith toilteanach san do dhéanamh.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní tuigthe aon bhanc aca so leanas, sé sin le rá, an Banc, Banc Taisce Oifig an Phuist, agus banc taisce iontaobhais arna dheimhniú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fén Trustee Savings Banks Act, 1863, dá thabhairt le tuigsint gur bancaer é do réir bhrí no chun crícheanna na Coda so den Acht so.

A bheith d'oblagáid éarlais do léisteáil san Ard-Chúirt.

42. —(1) I rith na tréimhse de thrí bliana dar tosach an chéad 1adh lá d'Eanar tar éis dáta an Achta so do rith ní dleathach do dhuine ar bith a thabhairt le tuigsint gur bancaer é mara mbeidh lóisteálta agus á coimeád ar lóisteáil aige san Ard-Chúirt do réir na Coda so den Acht so suim deich míle punt no, i gcás duine lena mbainfidh ordú fé fho-alt (3) den alt so, an tsuim a luadhfar san ordú san.

(2) Tar éis deireadh na tréimhse de thrí bliana luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ní dleathach do dhuine ar bith a thabhairt le tuigsint gur bancaer é mara mbeidh lóisteálta agus á coimeád ar lóisteáil aige san Ard-Chúirt do réir na Coda so den Acht so suim fiche míle punt no, i gcás duine lena mbainfidh ordú fé fho-alt (3) den alt so, an tsuim a luadhfar san ordú san.

(3) Más deimhin leis an Aire é bheith cóir de bhíthin tosca speisialta, féadfaidh, le hordú, a cheadú do dhuine bheireann le tuigsint gur bancaer é suim is lugha ná an tsuim a luaidhtear i bhfo-alt (1) no i bhfo-alt (2) den alt so (pé ceann aca bhaineann leis an gcás) ach nach lugha ná cúig mhíle punt do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil san Ard-Chúirt do réir na Coda so den Acht so.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú fén alt so do chúlghairm no do leasú.

(5) Gach duine bhéarfaidh le tuigsint contrárdha don alt so gur bancaer é, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear,

(a) ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig céad punt do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint fhichead in aghaidh gach lae leanfar den chionta, no

(b) ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(6) Má dhéanann cuideachta no cólucht corpruithe eile cionta fén alt so, ansan, gach stiúrthóir agus gach oifigeach de chuid na cuideachtan no an chóluchta san údaróidh no a cheadóidh go toiliúil an cionta, beidh sé sin freisin ciontach sa chionta agus ar a chiontú ann dlighfear an pionós a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do chur air.

(7) Má dhéanann páirtnéireacht no cólucht nea-chorpruithe eile cionta fén alt so, beidh gach ball den pháirtnéireacht no den chólucht san ciontach sa chionta agus ar a chiontú ann dlighfear an pionós a luaidhtear i bhfo-alt (5) den alt so do chur air mara gcruthuighe ná raibh eolas aige agus ná féadfaidh sé, do réir réasúin, eolas do bheith aige ar an sárú san.

Forálacha generálta i dtaobh éarlaisí fén gCuid seo den Acht so.

43. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le héarlaisí lóisteálfar san Ard-Chúirt de bhun na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) beidh gach éarlais den tsórt san fé urláimh na hArd-Chúirte agus is le privité Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais a lóisteálfar í;

(b) déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais na fuirmeacha is gá chuige do thabhairt amach in aisce, arna n-iarraidh, do dhuine ar bith a bheidh chun aon éarlais den tsórt san do lóisteáil no chun cur léi;

(c) in ionad í lóisteáil ar fad in airgead féadfar aon éarlais den tsórt san do lóisteáil i bpáírt no go hiomlán tré urrúis do lóisteáil a bheidh údaruithe le rialacha cúirte chun airgead fé urláimh na hArd-Chúirte do shuncáil ionta;

(d) i gcás aon éarlais den tsórt san do bheith lóisteálta no á coimeád i bpáirt no go hiomlán in airgead, déanfar, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaidhe, an t-airgead san no cuid áirithe dhe do shuncáil sna hurúis sin, a bheidh údaruithe mar adubhradh, a luadhfaidh an lóisteálaidhe;

(e) aon uair a lóisteálfar aon éarlais den tsórt san cuirfidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais in iúl don Aire í bheidh lóisteálta, cad is ainm don té do lóisteáil í agus cá mhéid í, agus aon uair a cuirfear le haon éarlais den tsórt san cuirfidh an Cuntasóir sin in iúl don Aire láithreach gur cuireadh léi agus cá mhéid do cuireadh léi;

(f) íocfar leis an lóisteálaidhe an t-ioncum a thiocfaidh as na hurrúis dá mbeidh aon éarlais den tsórt san có-dhéanta i bpáirt no go hiomlán;

(g) gach ceann no aon cheann no cinn de na hurrúis dá mbeidh aon éarlais den tsórt san có-dhéanta i bpáirt no go hiomlán déanfar, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaidhe, iad d'athrú in urrúis eile bheidh údaruithe mar adubhradh agus a luadhfaidh an lóisteálaidhe no iad d'iompódh in airgead;

(h) féadfaidh lóisteálaidhe aon éarlaise den tsórt san no a leachtálaidhe, a ionadaidhe pearsanta, a shannaidhe, no comharba teidil eile dhó a iarraidh aon uair, do réir rialacha cúirte, go dtabharfaí thar n-ais an éarlais sin no pé méid di ná beidh íoctha amach de bhun orduithe ón Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so;

(i) má hiarrtar go cuibhe amhlaidh éarlais do thabhairt thar n-ais, déanfar, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so, an éarlais sin no pé méid di ná beidh íoctha amach mar adubhradh do thabhairt thar n-ais do réir an iarratais sin fé cheann sé mí tar éis an t-iarratas san d'fháil;

(j) aon uair a déanfar aon éarlais den tsórt san no an méid sin di adubhradh do thabhairt thar n-ais de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, cuirfidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais in iúl don Aire láithreach gur tugadh thar n-ais amhlaidh é.

(2) Ar an dara lá d'Eanar gach bliana tar éis na céad bhliana i ndiaidh na bliana ina rithfear an tAcht so déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais amach, maidir le gach éarlais a bheidh á cothabháil san Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so agus a bheidh có-dhéanta i bpáirt no go hiomlán d'urrúis, cad is luach margaidh reatha iomlán do na hurrúis a bheidh san éarlais sin agus cuirfidh láithreach fógra i scríbhinn leis an bpost chun lóisteálaidhe na héarlaise sin á luadh cadé méid an luacha mhargaidh reatha iomláin sin arna dhéanamh amach amhlaidh agus cadé méid an airgid (más ann) a bheidh san éarlais sin, agus á luadh fós cé aca tá lán-tsuim (dá ngairmtear an méid iarbhfír sa bhfo-alt so) an luacha mhargaidh reatha iomláin agus an airgid sin (más ann) níos mó no níos lugha ná méid na héarlaise, no có-ionann le méid na héarlaise, is gá do réir na Coda so den Acht so (méid dá ngairmtear an méid ceart sa bhfo-alt so) agus, más mó no más lugha méid iarbhfír na héarlaise ná a méid ceart, cad is méid don bhreis no don easnamh (fé mar a bheidh), agus nuair a cuirfear an fógra san amach amhlaidh beidh éifeacht ag an gcuid (más ann) de na forálacha so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más mó an méid iarbhfír ná an méid ceart agus go n-iarrfaidh an lóisteálaidhe, an chéad 2adh lá d'Fheabhra tar éis dáta an fhógra san do phostáil no roimh an lá san, go dtabharfaí thar n-ais dó an bhreis no cuid áirithe den bhreis a bheidh ag an méid iarbhfír ar an méid ceart, bhéarfar thar n-ais láithreach don lóisteálaidhe suim is có-ionann leis an mbreis sin no leis an gcuid áirithe sin di (lugha-de costas aon díolacháin urrús is gá);

(b) más lugha an méid iarbhfír ná an méid ceart, féadfaidh an lóisteálaidhe méid is có-ionann leis an méid a bheidh an méid iarbhfír fé bhun an mhéid chirt do lóisteáil san Ard-Chúirt (mar bhreis leis an éarlais sin) in airgead no in urrúis a bheidh údaruithe le rialacha cúirte chun airgead fé urláimh na hArd-Chúirte do shuncáil ionta no go leathrannach in airgead agus go leathrannach in urrúis den tsórt san;

(c) má thárlann, i gcás lena mbaineann an mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, go lóisteálfaidh an lóisteálaidhe an éarlais bhreise a húdaruítear leis an mír sin an chéad 2adh lá d'Fheabhra tar éis dáta an fhógra san do phostáil no roimh an lá san, is tuigthe an lóisteálaidhe do chothabháil na héarlaise ar an méid ceart ach má thárlann, in aon chás den tsórt san, ná lóisteálfaidh an lóisteálaidhe an éarlais bhreise sin an 2adh lá d'Fheabhra san no roimhe cuirfidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an méid sin in iúl don Aire.

(3) Féadfar le rialacha cúirte socrú do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh gan ordú ón Ard-Chúirt, sé sin le rá:—

(a) éarlaisí do lóisteáil fén gCuid seo den Acht so agus breiseanna do chur le héarlaisí den tsórt san;

(b) airgead a bheidh in aon éarlais den tsórt san do shuncáil;

(c) an t-ioncum a thiocfaidh as urrúis a bheidh in éarlais lóisteálaidhe d'íoc leis an lóisteálaidhe sin;

(d) gach ceann no aon cheann no cinn de na hurrúis a bheidh in aon éarlais den tsórt san d'athrú;

(e) aon éarlais den tsórt san no aon chuid d'aon éarlais den tsórt san do thabhairt thar n-ais don lóisteálaidhe fén alt so.

Earlais do lóisteáil thar ceann cuideachtan roimh a corprú.

44. —I gcás a bheith beartuithe cuideachta do chorprú fé na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, fé ainm ina mbeidh aon cheann de na focail “bank”, “banker”, no “banking”, no aon fhocal is malairt leagain ar aon fhocal aca san no is díorthú uaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is dleathach éarlais do lóisteáil san Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so thar ceann agus in ainm na cuideachtan beartuithe sin d'ainneoin gan an chuideachta san do bheith corpruithe;

(b) féadfar ordú fé fho-alt (3) d'alt 42 den Acht so do dhéanamh i dtaobh méid na héarlaise sin d'ainneoin gan an chuideachta san do bheith corpruithe;

(c) ní thabharfaidh cláruitheoir na gcuideachtan deimhniú corpruithe i dtaobh na cuideachtan beartuithe sin mara ndéantar ná go dtí go ndéanfar an éarlais sin do lóisteáil amhlaidh thar ceann agus in ainm na cuideachtan beartuithe sin;

(d) nuair a bheidh an chuideachta bheartuithe sin corpruithe go cuibhe fé na hAchtanna san, is tuigthe chun gach críche an éarlais sin do bheith lóisteálta ag an gcuideachtain sin.

Fiacha d'íoc as éarlais.

45. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairmtear an creidiúnaidhe san alt so) breithiúntas no ordú no aithne i gcúirt ar bith in aghaidh duine (dá ngairmtear an lóisteálaidhe san alt so) a mbeidh éarlais lóisteálta agus á cothabháil aige san Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so, á cheangal go n-íocfaí suim airgid chun glanta fiachais (leachtáluithe no nea-leachtáluithe) a bheidh curtha suas ag an lóisteálaidhe i gcúrsa no i dtaobh an ghnótha bheidh á sheoladh aige féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann san do bheith ceart arna iarraidh sin don chreidiúnaidhe ar shlí achmair, a ordú an tsuim airgid sin agus na costais (más ann) is iníoctha ag an lóisteálaidhe leis an gcreidiúnaidhe fén mbreithiúntas, fén ordú, no fén aithne sin, agus fós (má mheasann an Ard-Chúirt san do bheith ceart) costais an chreidiúnaidhe i dtaobh an iarratais sin, d'íoc leis an gcreidiúnaidhe as an éarlais sin a bheidh á cothabháil amhlaidh ag an lóisteálaidhe.

(2) Aon uair a déanfar, de bhun orduithe ón Ard-Chúirt arna dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, airgead ar bith d'íoc as éarlais san Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais in iúl don Aire láithreach an t-íoc san do bheith déanta;

(b) déanfaidh an Cuntasóir sin amach cadé méid an iarmhéide den éarlais sin a bheidh fanta tar éis an íoca san aisti agus, más lugha an t-iarmhéid sin ná méid ceart na héarlaise sin fén gCuid seo den Acht so, cuirfidh an Cuntasóir sin chun an lóisteálaidhe leis an bpost fógra i scríbhinn á rá gur lugha an t-iarmhéid sin ná an méid ceart agus fós ag luadh an méid (dá ngairmtear an t-easnamh san sa bhfo-alt so) a bheidh in easnamh ar an iarmhéid sin amhlaidh;

(c) chun méid an iarmhéide sin do dhéanamh amach amhlaidh, luachálfar na hurrúis uile (más ann) san éarlais sin ar a luachanna margaidh reatha fé seach;

(d) nuair a bheidh fógra den tsórt san adubhradh curtha ag an gCuntasóir sin chun an lóisteálaidhe, féadfaidh an lóisteálaidhe méid is có-ionann leis an easnamh san do lóisteáil san Ard-Chúirt (mar bhreis leis an éarlais sin) in airgead, no in urrúis a bheidh údaruithe le rialacha cúirte chun airgead fé urláimh na hArd-Chúirte do shuncáil ionta, no go leathrannach in airgead agus go leathrannach in urrúis den tsórt san, agus má lóisteálann an lóisteálaidhe an méid sin amhlaidh fé cheann ceithre lá déag ar a mhéid tar éis dáta an fhógra san do phostáil is tuigthe é do chothabháil na héarlaise sin ar an méid is gá do réir na Coda so den Acht so.

CUID VI.

Ceadunais Bhancaeri agus Dualgais Bhancaeri Ceadunuithe.

Feidhm na Coda so den Acht so.

46. —Ní bhaineann an Chuid seo den Acht so leis an mBanc ná le Banc Taisce Oifig an Phuist ná le haon bhanc taisce iontaobhais arna dheimhniú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fén Trustee Savings Banks Act, 1863.

Ceadúnais bhancaerí.

47. —(1) San alt so, cialluíonn an abairt “gnó bancaerachta” gnó arb é atá ann, ar fad no go leathrannach, ná taiscí do ghlacadh is iníoctha ar a n-éileamh no ar fhógra nach sia ná seacht lá, ach má ghlacann trádálaidhe taiscí o dhaoine ar fostú aige ina ghnó trádála no má ghlacann trádálaidhe, i ngnáth-chúrsa a ghnótha thrádála, taiscí o dhaoine is custaiméirí sa ghnó thrádála san no má ghlacann trádálaidhe an dá shaghas san taiscí, ní leor san ann féin chun gnó bancaerachta chun crícheanna an ailt seo do dhéanamh de ghnó thrádála an trádálaidhe sin.

(2) Ní dhéanfaidh duine ar bith (seachas banc ná baineann an Chuid seo den Acht so leis) an chéad 1adh lá d'Eanar tar éis dáta an Achta so do rith ná d'éis an lae sin gnó bancaerachta do sheoladh ná a thabhairt le tuigsint ná le fios é bheith ag seoladh aon ghnótha is gnó bancaerachta do réir bhrí an ailt seo mara mbeidh ceadúnas bancaera aige tugadh amach dó fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(3) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas bancaera san Acht so) d'iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim agus d'fháil uatha, á údarú dhó gnó bancaerachta do sheoladh o dháta tabhartha amach an cheadúnais sin go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin no, i gcás ceadúnais a bhéarfar amach mar athnuachaint ar cheadúnas ná beidh imithe in éag, ón gcéad 1adh lá d'Eanar tar éis dáta tabhartha amach an cheadúnais a bhéarfar amach amhlaidh go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin.

(4) Is sa bhfuirm a hordófar le rialacháin a déanfar fén alt so a bheidh gach ceadúnas bancaera agus gach iarratas ar cheadúnas bhancaera agus má bhíonn diúité stampa iníoctha do réir dlí ar an gceadúnas san beidh méid an diúité sin ag gabháil leis an iarratas san agus beidh íoc an diúité sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

(5) Más mian le sealbhóir ceadúnais bhancaera (dá ngairmtear sean-cheadúnas sa bhfo-alt so) ceadúnas bancaera (dá ngairmtear ceadúnas athnuachana sa bhfo-alt so) d'fháil mar athnuachaint ar an sean-cheadúnas san féadfaidh an ceadúnas athnuachana san d'iarraidh fén alt so roimh an sean-cheadúnas san do dhul in éag ach ní níos luaithe ná mí roimhe sin.

(6) Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim chun an Bhainc i mí Eanair gach bliana liost ina mbeidh ainm agus seoladh gach duine dar tugadh amach fén alt so, roimh dháta curtha amach an liosta san, ceadúnas bancaera bheidh le dul in éag an 31adh lá de Mhí Nodlag na bliana san agus fós, aon uair a bhéarfar amach fén alt so, ar dháta curtha amach an liosta san no dá éis, ceadúnas bancaera bheidh le dul in éag amhlaidh, cuirfid in iúl don Bhanc láithreach an ceadúnas san do bheith tugtha amach agus ainm agus seoladh an duine dar tugadh amach é.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh ag ordú fuirmeacha le haghaidh ceadúnaisí bancaera agus iarrataisí ortha agus an nós imeachta i gcoitinne maidir le hiarratais ar cheadúnais bhancaera agus lena dtabhairt sin amach.

(8) Gach duine dhéanfaidh, contrárdha don alt so, gnó bancaerachta do sheoladh no a thabhairt le tuigsint no le fios é bheith ag seoladh aon ghnótha is gnó bancaerachta do réir bhrí an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae leanfar den tsárú san.

Bancaeri ceadúnuithe d'fhoillsiú ráitisí airgeadais.

48. —(1) San alt so cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá d'Eanar.

(2) Ar an gcéad ladh lá d'Eanar tar éis dáta an Achta so do rith agus i ndiaidh an lae sin beidh alt 108 den Companies (Consolidation) Act, 1908 (alt a bhaineann le cuideachtana áirithe d'fhoillsiú ráitis airgeadais áirithe) gan feidhm ná éifeacht maidir le bancaer ceadúnuithe.

(3) Déanfaidh gach bancaer ceadúnuithe, mara saoraidh an tAire fén alt so é,—

(a) ráiteas (sa bhfuirm is gá do réir an ailt seo) i dtaobh an ghnótha bhancaerachta bhíonn á sheoladh aige do phostáil suas agus do choimeád postálta suas i gcomhnaidhe in áit fheiceálach i ngach oifig, brainse, no áit eile ina mbíonn gnó bancaerachta á sheoladh aige agus fós, i gcás cuideachtan teoranta bheidh corpruithe sa Stát, in oifig chláruithe na cuideachtan, agus

(b) cóip den ráiteas deireannach den tsórt san do thabhairt, arna iarraidh sin air, do gach duine dá chreidiúnaithe agus, i gcás cuideachtan teoranta, do gach ball den chuideachtain ar shuim nach mó ná roul d'íoc aisti.

(4) Féadfaidh an tAire aon uair, má mheasann san do bheith ceart, saoirse o fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt do bhancaer cheadúnuithe do bhí, díreach roimh dháta an Achta so do rith, ag seoladh gnótha bhancaerachta sa Stát agus ná raibh an uair sin ina chuideachtain lenar bhain alt 108 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

(5) An ráiteas a cheanglann an t-alt so ar bhancaer cheadúnuithe do phostáil suas beidh sé, i gcás Bainc Chópháirtigh, i bhfuirm cóipe den chuntas chothromaíochta is déanaighe aige agus, i ngach gcás eile, sa bhfuirm ordóidh an tAire no, go dtí go n-ordóidh sé an fhuirm sin, sa bhfuirm chéanna, chó fada agus is féidir, ina mbeidh cuntais chothromaíochta na mBancanna Cópháirteacha.

(6) Gach bancaer ceadúnuithe sháróidh an t-alt so (le gníomh no le faillighe) beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air agus ina theannta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(7) I gcás bancaer ceadúnuithe is cuideachta theoranta do dhéanamh cionta fén alt so, beidh gach stiúrthóir agus gach bainisteoir don chuideachtain sin údaróidh no cheadóidh an cionta go toiliúil ciontach sa chionta freisin agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an pionós a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do chur air.

Bancaeri ceadúnuithe d'fhoillsiú cuntas cothromaíochta.

49. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) á cheangal ar bhancaerí ceadúnuithe cuntais chothromaíochta d'ullmhú agus d'fhollsiú sna trátha agus i gceann na n-eatramh a luadhfar sna rialacháin sin;

(b) ag ordú na fuirme ina n-ullmhófar cuntais chothromaíochta bancaerí ceadúnuithe.

(2) Féadfaidh rialacháin a déanfar fén alt so ceanglais deifriúla d'ordú maidir le bancaerí ceadúnuithe deifriúla.

(3) Cólíonfaidh gach bancaer ceadúnuithe ar gach slí gacli rialachán a déanfar fén alt so agus a bhainfidh leis, agus má fhágann aon bhancaer ceadúnuithe aon rialachán den tsórt san gan cólíonadh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air.

Comhacht chun a cheangal ar bhancaerí ceadúnuithe éarlais do lóisteáil i gcásanna áirithe.

50. —(1) Má chítear don Bhord aon uair, le haontú an Aire, é bheith oiriúnach san do dhéanamh, is dleathach don Bhord rialacháin da dhéanamh, le toiliú an Aire, á cheangal ar gach bancaer ceadúnuithe éarlais (ná tuillfidh ús) de mhéid áirithe no arna háireamh ar shlí áirithe do lóisteáil leis an mBanc aon uair a thárlóidh, tar éis dáta áirithe, na sócmhainní ar seilbh aige sa Stát do thuitim fé bhun cionúireachta áirithe i gcompráid lena fhiachais sa Stát, agus an éarlais sin do chothabháil faid a bheidh na sócmhainní sin fé bhun na cionúireachta áirithe sin.

(2) Féadfaidh rialacháin a déanfar fén alt so ceanglais deifriúla d'ordú maidir le bancaerí ceadúnuithe deifriúla.

(3) Má bhíonn agus aon uair a bheidh rialacháin i bhfeidhm a bheidh déanta ag an mBord fén alt so, beidh de dhualgas ar gach bancaer ceadúnuithe an chuid sin de na rialacháin sin a bhainfidh leis do chólíonadh agus má theipeann ar aon bhancaer ceadúnuithe (tré ghníomh no tré fhaillighe) san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air in aghaidh gach lae leanfar den teip sin.

Comhachta maidir le réiteachta bancaerí ceadúnuithe.

51. —(1) Má chítear don Bhord aon uair, le haontú an Aire, é bheith oiriúnach san do dhéanamh, is dleathach don Bhord rialacháin do dhéanamh, le toiliú an Aire, á cheangal ar gach bancaer ceadúnuithe a réiteachta uile no aicme áirithe no aicmí áirithe dhíobh (arna míniú sna rialacháin) do shocrú le seiceanna tarraingeofar fé mar a luadhfar sna rialacháin ar an mBanc no ar ghníomhaire bheidh ceaptha ag an mBanc chuige sin agus á cheangal ar gach bancaer ceadúnuithe, d'fhonn na réiteachta san do shocrú amhlaidh, pé iarmhéidí is gá chuige sin do lóisteáil agus do chothabháil leis an mBanc.

(2) Má chítear don Bhord aon uair, le haontú an Aire, é bheith oiriúnach san do dhéanamh, is dleathach don Bhord rialacháin do dhéanamh, le toiliú an Aire, á cheangal ar gach bancaer ceadúnuithe go lóisteálfadh sé leis an mBanc chun a réitithe gach seic, bille, nóta, no ionstruim iontráchta eile (is iníoctha lasmuich den Stát agus a lóisteálfar chun a réitithe in oifig sa Stát leis an mbancaer sin) ordóidh an Bord chuige sin leis na rialacháin sin no fútha.

(3) Má bhíonn agus aon uair a bheidh rialacháin i bhfeidhm a bheidh déanta ag an mBord fé aon fho-alt aca san roimhe seo den alt so, beidh de dhualgas ar gach bancaer ceadúnuithe na rialacháin sin do chólíonadh agus má theipeann ar aon bhancaer ceadúnuithe (tré ghníomh na tré fhaillighe) san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air in aghaidh gach lae leanfar den teip sin.

CUID VII.

Airgead Reatha Breige no Neamh-Udaruithe.

Míniú ar “nóta bainc” sa Chuid seo den Acht so.

52. —Sa Chuid seo den Acht so tá an bhrí chéanna leis an abairt “nóta bainc” atá leis an abairt “bank note” sa Forgery Act, 1913, arna leasú no arna leathnú leis an Acht Airgid Reatha agus leis an gCuid seo den Acht so.

An Forgery Act, 1913, do leathnú.

53. —(1) Is tuigthe gur nótaí bainc do réir bhrí an Forgery Act, 1913, nótaí airgid reatha arna n-eisiúint ag Rialtas tíre ar bith lasmuich den Stát no thar a gceann.

(2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so foluíonn an abairt “nóta airgid reatha” nótaí ar bith (pé ainm do bheirtear ortha) is dlíthairgsint i dtír a n-eisiúna.

Nótaí bainc, etc., a gabhfar fén Forgery Act, 1913, do chur de láimh.

54. —Aon uair a gabhfar go dleathach, fé bharántas arna dheonadh fé fho-alt (1) d'alt 16 (arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha) den Forgery Act, 1913, no ar aon tslí eile, aon nóta bainc fallsuithe no aon inneallra, úirlis, fearas, no abhar do húsáideadh no bheidh le húsáid chun nóta bainc d'fhallsú, déanfar an nóta bainc, an t-inneallra, an úirlis, an fearas, no an t-abhar san (do réir mar a bheidh) do thabhairt suas, le hordú ón gcúirt a thriailfidh duine ar bith i gcionta maidir leis no, mara dtriailtear aon duine amhlaidh, le hordú ón mbreitheamh den Chúirt Dúithche no le hordachán ón bhFeadhmannach Síochána (pé aca é) do dheon an barántas san, don Choimisiún no do dhuine bheidh údaruithe ag an gCoimisiún chun an céanna do ghlacadh no, más tar éis an lae cheaptha déanfar an t-ordú san, don Bhanc no do dhuine bheidh údaruithe ag an mBanc chun an céanna do ghlacadh.

Docaimint do dhéanamh, etc., uirchiallfaidh bheith ina nóta bainc no bheidh cosúil le nóta bainc.

55. —(1) Má dhéanann duine ar bith no má bheireann go ndéanfar, no má úsáideann chun críche ar bith, no má chúrsuíonn aon docaimint uirchiallfaidh bheith ina nóta bainc no ina cuid de nóta bhainc no bheidh cosúil in aon tslí le ceachtar aca san no bheidh chó cosúil sin le ceachtar aca san gur deallrathach go meallfaí duine léi, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.

(2) I gcás duine do chiontú i gcionta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, is dleathach don chúirt a chiontóidh é amhlaidh a ordú go dtabharfar suas don Choimisiún no, más tar éis an lac cheaptha déanfar an t-ordú san, don Bhanc an docaimint a ndearnadh an cionta san ina taobh agus gach cóip den docaimint sin agus gach pláta, bloc, díosla, agus ionstruim eile do húsáideadh no is féidir d'úsáid chun an docaimint sin do chlóbhualadh no do mhacsamhlú agus a bheidh i seilbh an duine ciontófar amhlaidh.

(3) I gcás duine ar bith, a mbeidh a ainm ar dhocaimint gur cionta fé fho-alt (1) den alt so a déanamh, dá dhiúltú, gan leathscéal dleathach, ainm agus seoladh an duine do chlóbhuail no do rinne ar shlí eile an docaimint sin do nochtadh do bhall den Ghárda Síochána ar an mball san dá cheangal air san do dhéanamh, beidh an duine sin a dhiúltóidh amhlaidh ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpuint do chur air.

(4) Má bhíonn ainm aon duine áirithe le feicsint ar dhocaimint a líomhnófar cionta fé fho-alt (1) den alt so air féin no ar aon duine eile ina taobh no ar aon docaimint eile do húsáideadh no do hiomdháileadh i ndáil leis an docaimint sin, beidh san, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise go ndearna an duine a mbeidh a ainm le feicsint amhlaidh an docaimint a ndéanfar an líomhnadh san ina taobh no gur chuir sé dá déanamh í.

Toirmeasc ar airgead neamhúdaruithe.

56. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ní chuirfidh ar fáil, ní eiseoidh ná ní ath-eiseoidh, ná ní thabharfaidh ná ní ghlacfaidh in íocaíocht aon docaimint (nach docaimint a heiscítear leis an alt so o oibriú an ailt seo) i scríbhinn (pé aca ar pháipéar no ar aon tsubstaint no abhar eile bheidh sí scríobhtha) a bheidh do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) an docaimint dá uirchialladh no dá rá í bheith, no í bheith iarbhfír, ionmhalartuithe ar shuim áirithe airgid dleathaigh ar an duine is sealbhóir uirthi de thurus na huaire dá tíolacadh do dhuine áirithe no d'aon bheirt daoine áirithe no níos mó, pé aca bheidh an duine no na daoine sin luaidhte sa docaimint no ná beidh agus pé aca bheidh an tíolacadh san fé réir srianta maidir le ham agus áit no ná beidh agus pé aca bheidh na srianta san (más ann) luaidhte sa docaimint no ná beidh, agus

(b) an docaimint do bheith ceaptha, no í dá uirchialladh no dá dheallrú í bheith ceaptha, chun cúrsú mar airgead no chun í d'úsáid chun ionad airgid dleathaigh do dhéanamh, pé aca i gcoitinne no chun críche áirithe no i líomatáiste áirithe é.

(2) Gach duine dhéanfaidh, a chuirfidh ar fáil, eiseoidh no athciseoidh, no bhéarfaidh no ghlacfaidh in íocaíocht aon docaimint contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so beidh sé cionfach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

(3) I gcás docaimint do bheith, no í dá uirchialladh no dá rá í bheith, déanta no curtha ar fáil no eisithe no ath-eisithe no tugtha no glactha in íocaíocht ag cumann, comhlachas, coiste, comhairle, no cólucht eile ná beidh corpruithe no thar ceann an chéanna, beidh gach ball den chólucht san ciontach i gcionta fén alt so agus inphionósuithe dá réir sin.

(4) Má cúisítear duine i gcionta fén alt so, is ar an duine cúiseofar amhlaidh a bheidh a chruthú, i dtaobh na docaiminte ar maidir léi líomhnófar a rinneadh an cionta, ná raibh sí ceaptha agus ná huirchiallann no ná deallruíonn sí bheith ceaptha chun cúrsú mar airgead no chun í d'úsáid chun ionad airgid dleathaigh do dhéanamh (pé aca i gcoitinne no chun críche áirithe no i líomatáiste áirithe é) agus, mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe go raibh an docaimint sin ceaptha (contrárdha don alt so) chun cúrsú mar airgead agus chun í d'úsáid chun ionad airgid dleathaigh do dhéanamh.

(5) Eiscítear na docaimintí uile seo leanas o oibriú an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) nótaí bainc;

(b) orduithe puist, orduithe airgid post-oifige, agus docaimintí eile arna n-eisiúint ag an Aire Puist agus Telegrafa;

(c) dreachta bainc, admhála taisce, agus docaimintí cile arna n-eisiúint ag banc ar bith;

(d) billí malairte nach iníoctha ar a dtíolacadh;

(e) nótaí geallúna ar shuim nach lugha ná cúig puint;

(f) seiceanna arna dtarraing ar bhancaer, ar a n-áirmhítear seiceanna arna dtarraing ag bancaer air féin;

(g) táilleáin—

(i) arna n-eisiúint no arna gcur ar fáil (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag club no comhlachas ar daoine atá díomhaoin de thurus na huaire iomlán no furmhór na mball. agus

(ii) ná cúrsuíonn ach imeasc ballra an chlub no an chomhlachais sin, agus

(iii) gur chuige amháin a n-eisiúint agus a gcur ar fáil amhlaidh agus gur chuige amháin a húsáidtear iad chun gur féidir earraí tháirgeann no seirbhísí dhéanann baill den chlub no den chomhlachas san do mhalairtiú idir baill den chlub no den chomhlachas san.

An Customs Consolidation Act, 1876, do leasú.

57. —(1) Leasuítear leis seo alt 17 den Customs Consolidation Act, 1876, tré no focail “British currency” do scriosadh amach agus na focail “currency which is for the time being legal tender in the State” do chur in ionad na bhfocal san.

(2) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh na nithe seo leanas curtha leis an Táible de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá san alt san, sé sin le rá:—

(a) fallsuithe ar nótaí dlí-thairgthe, agus

(b) fallsuithe ar nótaí bainc códhlúite.

CUID VIII.

Monaiocht.

An tAcht Coighneála, 1926 , do leasú.

58. —(1) Leasuítear leis seo mar leanas an tAcht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , maidir le monaí d'ainmníocht reulach no d'ainmníocht leathreulach agus, i gceachtar cás, dáta is déanaighe ná an bhliain 1941 ortha agus ní maidir le haon mhonaí eile, sé sin le rá:—

(a) déantar leis seo an focal “copra-niocal” do chur in ionad an fhocail “niocal” i bhfo-alt (1) d'alt 2, i bhfo-alt (2) d'alt 5, agus sa chéad cholún den Sceideal, agus léireofar na fo-ailt agus an Sceideal san agus beidh éifeacht aca dá réir sin maidir leis na monaí sin;

(b) déantar leis seo na focail “copra-niocal, có-dhéanta de 75 per cent. de chopar agus de 25 per cent. de niocal” do chur in ionad na bhfocal “niocal ar fad”, agus léireofar an Sceideal san agus fós alt 2 agus beidh éifeacht aca dá réir sin maidir leis na monaí sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 8 den Acht Coighneála, 1926 ( Uimh. 14 de 1926 ), maidir le monaí copra-niocail arna n-eisiúint fén Acht san sa tslí chéanna ina mbaineann le monaí niocail arna n-eisiúint amhlaidh, agus chuige sin déanfar na tagairtí atá in alt 1 den Coinage Offences Act, 1861, do mhonaí d'airgead bhán do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí do mhonaí copraniocail chó maith le monaí niocail.

(3) Leasuítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , tré na focail “Umha, có-dhéanta de 95½ per cent. de chopar, de 3 per cent. de stán, agus de 1½ per cent. de shionca” do scriosadh as an tríú colún de agus tré na focail “Miotal measctha, có-dhéanta de chopar, stán agus sionca” do chur in ionad na bhfocal san.

(4) Léighfear mar éinní amháin an t-alt so agus an tAcht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

An Gold and Silver (Export Control, etc.) Act, 1920, do leasú.

59. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 2 den Gold and Silver (Export Control, etc.), Act, 1920, arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha, maidir le monaí de niocal, de chopraniocal, d'umha, no de mhiotal eile no de mhiotail mheasctha fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le monaí d'ór no d'airgead bhán.

Monaí d'eisiúint fén Acht Coighneála, 1926 .

60. —(1) Na monaí uile eiseoidh an tAire fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , an lá ceaptha no dá éis, is tríd an mBanc eiseoidh an tAire iad agus déanfar sochar gach eisiúna monaí den tsórt san d'íoc isteach sa chiste ghenerálta agus do chur chun creidiúnais cúl-chiste an airgid reatha sa chiste sin.

(2) Na suimeanna uile is gá chun monaí do sholáthar fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , an lá ceaptha no dá éis no chun monaí do heisíodh aon uair fén Acht san d'fhuascailt an lá san no dá éis, íocfar as an gciste generálta iad agus féichiúnófar sa chiste sin iad ar chúl-chiste an airgid reatha.

(3) Na taiscí uile fé fho-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid Reatha bheidh sa chiste ghenerálta díreach roimh an lá ceaptha in ainm an Aire no in ainm an Choimisiúin thar ceann an Aire déanfar, an lá ceaptha, iad d'úsáid agus do chur de láimh mar leanas, sé sin le rá:—

(a) na réimhíoca uile as an bPrímh-Chiste chun crícheanna an Achta Coighneála, 1926 ( Uimh. 14 de 1926 ), a bheidh amuich díreach roimh an lá ceaptha, aisíocfar as na taiscí sin, iad;

(b) déanfar suim trí chéad míle punt do chur i leataoibh as na taiscí sin agus do bhreith chun cuntais fiunraíochta sa chiste ghenerálta agus íocfar í le Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) sna tráthchoda agus na tráthanna san ordóidh an tAire;

(c) béarfar an chuid eile de na taiscí sin chun creidiúnais cúl-chiste an airgid reatha.

Cóipcheart i monaí.

61. —(1) An cóipcheart sna monaí uile arna n-eisiúint (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , no fé Chuid II den Acht Airgid Reatha agus an cóipcheart san obair ealadhnach ag léiriú deara aon mhonaí den tsórt san, beid biothbhuan agus is leis an Aire iad agus, i gcás aon mhonaí den tsórt san do heisíodh roimh dháta an Achta so do rith, is tuigthe gur leis an Aire riamh iad.

(2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 155 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ( Uimh. 16 de 1927 ), is sárú ar an gcóipcheart in aon mhona den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so an mona san no aon chuid de do mhacsamhlú, gan toiliú an Aire, in aon obair liteardha no ealadhnach a foillseofar.

CUID IX.

Ilghneitheach.

Cúl-chiste na nótaí d'fhoirceannadh agus cúl-chiste an airgid reatha do bhunú.

62. —(1) Chó luath agus is féidir tar éis dáta an Achta so do rith agus, ar aon chuma, tráth nach déanaighe ná mí tar éis an dáta san, foirceannfar cúl-chiste na nótaí agus chuige sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bunófar sa chiste ghenerálta cuntas ar a dtabharfar cúlchiste an airgid reatha;

(b) aistreofar as sócmhainní cúl-chiste na nótaí chun ciste na nótaí dlí-thairgthe pé sócmhainní (nach mó ná dhá chéad míle punt a luach iomlán do réir na bpraghsanna margaidh tráth an aistrithe) a mheasfaidh an Coimisiún is ceart;

(c) na sócmhainní a haistreofar chun ciste na nótaí dlí thairgthe de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so úsáidfear iad chun laghdú, oiread agus a mheasfaidh an Coimisiún is ceart, do dhéanamh, i leabhair an chiste sin, ar na hainm-luachanna bheidh curtha síos sna leabhair sin do pé cuid de shócmhainní an chiste sin a mheasfaidh an Coimisiún is ceart;

(d) aistreofar chun an chiste ghenerálta sóchmhainní cúl-chiste na nótaí (lasmuich de na sócmhainní sin a haistreofar chun ciste na nótaí dlí-thairgthe fé na forálacha san roimhe seo den alt so) agus cuirfear a méid chun creidiúnais cúl-chiste an airgid reatha;

(e) na haistrithe is gá, do réir fo-ailt (7) d'alt 61 (arna leasú leis an Acht so) den Acht Airgid Reatha, do dhéanamh o chiste na nótaí dlí-thairgthe no chuige chun cúl-chiste na nótaí no uaidh, is amhlaidh a déanfar iad, o dháta cúl-chiste na nótaí d'fhoirceannadh de bhun an-ailt seo agus dá éis sin, o chiste na nótaí dlí-thairgthe no chuige chun cúl-chiste an airgid reatha sa chiste ghenerálta no uaidh.

(2) Más ar an lá ceaptha no dá éis sin a foirceannfar cúlchiste na nótaí de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, léireofar gach luadh sa bhfo-alt san ar an gCoimisiún, agus beidh éifeacht aige, mar luadh ar an mBord.

(3) Déantar leis seo alt 50 agus fo-alt (7) d'alt 58 den Acht Airgid Reatha do leasú, amhail ón dáta críochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí, tríd an abairt “cúl-chiste an airgid reatha” do chur in ionad na habairte “cúl-chiste na nótaí” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin san alt san 50 agus sa bhfo-alt san (7) fé seach.

(4) Déantar leis seo alt 4 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ( Uimh. 30 de 1930 ), do leasú, amhail ón dáta críochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí, tríd an abairt “cúl-chiste an airgid reatha” do chur in ionad na habairte “cúl-chiste na nótaí” i ngach áit ina bhfuil an abairt duiridh sin san alt san 4, agus tré na focail “inar ceaduithe de thurus na huaire sócmhainní de chuid chiste na nótaí dlí-thairgthe do choimeád” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 62 den Phríomh-Acht” san áit ina bhfuil na focail agus na figiúirí sin i bhfo-alt (1) den alt san 4.

Alt 61 den Acht Airgid Reatha do leasú.

63. —Leasuítear leis-seo alt 61 den Acht Airgid Reatha tré fho-alt (7) de do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(7) Chó luath agus is féidir é tar éis an lae dheiridh d'Fheabhra agus tar éis an 31adh lá de Lúnasa i ngach bliain, luachálfaidh an Coimisiún, ar luachanna nach mó ná na praghsanna margaidh reatha bhí ann an lá deiridh sin d'Fheabhra no an 31adh lá san de Lúnasa (pé aca é), sócmhainní caipitiúla ciste na nótaí dlí-thairgthe mar a bhíodar an lá deiridh sin d'Fheabhra no an 31adh lá san de Lúnasa (pé aca é) agus gheobhaid amach an méid glan (más ann) a bheidh na sócmhainní caipitiúla san, arna luacháil amhlaidh (lugha-de méid caipitiúil aon iasachta sealadaighe fuarthas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus a bheidh amuich an uair sin), os cionn no fé bhun an méid i nótaí dlí-thairgthe bhí amuich an lá deiridh sin d'Fheabhra no an 31adh lá san de Lúnasa (pé aca é), agus chó luath agus is féidir é tar éis an t-eolas san d'fháil amach aistreoid o chiste na nótaí dlí-thairgthe no chuige chun cúl-chiste na nótaí no uaidh (fé mar is gá sa chás) cothrom luacha aon bharrachais no easnaimh a bheidh ann (má bhíonn) de shócmhainní caipitiúla in aon cheann no cinn de na fuirmeacha inar ceaduithe de thurus na huaire sócmhainní de chuid chiste na nótaí dlí-thairgthe do choimeád.”

Alt 3 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 , do leasú.

64. —Leasuítear alt 3 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ( Uimh. 30 de 1930 ), leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré na focail “d'aon aonta” do scriosadh as an áit ina bhfuilid i bhfo-alt (1), agus

(b) tré na focail “d'aon aonta” do scriosadh as an áit ina bhfuilid i bhfo-alt (2), agus

(c) tré na focail “ar iarratas ón gCoimisiún nach iarratas d'aon aonta” do chur i bhfo-alt (3) i ndiaidh an fhocail “seo”, agus

(d) tré fho-alt nua mar leanas do chur isteach roimh fho-alt (4), sé sin le rá:—

“(3A) Gach ordú déanfar fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so ar iarratas d'aon aonta ón gCoimisiún leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do leagadh féna bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.”

Comhacht don Bhanc chun faisnéis d'fháil ar ghnóthaí cíoscheannaigh.

65. —(1) Is dleathach don Bhanc go bhfuigheadh sé—

(a) o aon duine dhéanann, mar thrádáil, earraí do dhíol ar na téarmaí ar a dtugtar cíos-cheannach de ghnáth no ar aon téarmaí eile féna mbíonn an praghas (i dteannta no d'éamais suime breise mar ús) iníoctha ina thráthchoda, no

(b) o aon duine dhéanann, mar ghnó, díol earraí ar aon cheann no cinn de na téarmaí luaidhtear sa mhír sin roimhe seo den alt so d'airgeadasú (le hiasacht, le hurraíocht, no le héinní eile),

gach faisnéis a mheasfaidh an Bord do bheith riachtanach no inmhianuithe ar an trádáil no ar an ngnó san (pé aca é) a dhéanann an duine sin, agus is dleathach don Bhanc, d'fhonn an fhaisnéis sin d'fháil, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon duine den tsort san á cheangal air an fhaisnéis sin (a sonnrófar sa bhfógra) do thabhairt i scríbhinn don Bhanc fé cheann aimsire áirithe nach giorra ná ceithre lá déag tar éis an fógra do shéirbheáil no d'eile go tréimhsiúil i gceann eatramh nach giorra ná trí mhí.

(2) Beidh de dhualgas ar gach duine ar a seirbheálfaidh an Banc fógra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanamh do réir an fhógra san fé cheann na haimsire no ar na hócáidí tréimhsiúla (fé mar a bheidh) a luadhfar sa bhfógra san, agus má theipeann air déanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó na fiche punt do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den teip sin.

(3) Féadfar fógra sheirbheálfaidh an Banc ar aon duine fén alt so do sheirbheáil amhlaidh tréna chur leis an bpost réimhíoctha agus é dírithe chun an duine sin ina áit ghnótha no, má bhíonn níos mó ná aon áit amháin den tsórt san aige, san áit a chífear don Bhord is príomh-áit ghnótha dhó sa Stát no, más cuideachta theoranta arna corprú sa Stát an duine sin, in oifig chláruithe na cuideachtan san.

An Bills of Exchange Act, 1882, do leasú maidir le dreachta bancaera.

66. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “dreacht bancaera” dreacht is iníoctha arna éileamh san agus é arna tharraing ag banc no thar a cheann air féin, pé aca i bpríomh-oifig an Bhainc sin no in oifig éigin eile leis bheidh sé iníoctha.

(2) Bainfidh ailt 76 go 82 (a bhaineann le seiceanna crosálta) den Bills of Exchange Act, 1882, arna leasú leis an Bills of Exchange (Crossed Cheques) Act, 1906, le dreacht bancaera fé is dá mba sheic an dreacht san.

Banc-thaisce do bheith dleathach mar shuncáil iontaobhais.

67. —Mara dtoirmeasctar san air go soiléir leis an ionstruim (má ann) lenar cruthuíodh an t-iontaobhas, féadfaidh iontaobhaidhe, i dteannta aon tslí eile suncála bheidh údaruithe de thurus na huaire le dlí no leis an ionstruim sin (más ann), aon chistí iontaobhais ar a láimh (pé aca bheidh na cistí sin suncálta an uair sin no ná beid) do shuncáil tré na cistí sin do chur i gcuntas taisce ús-bheirtheach i mBanc Cópháirteach no i mBanc ina mbeidh leas urlámhach ag Banc Cópháirteach.

Alt 22 den Bankers (Ireland) Act, 1845, do leasú.

68. —Ar an Acht so do rith ní bheidh éifeacht a thuilleadh ag an méid sin d'alt 22 den Bankers (Ireland) Act, 1845, (arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha) a cheanglann ar na Coimisinéirí Ioncuim tuairisceáin a bhéarfar dóibh fén alt san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

AN CHEAD SCEIDEAL

Actachain a hAthghairmtear.

Cuid I.

Ailt den Acht Airgid Reatha a hathghairmtear i bpáirt no go hiomlán.

An tAlt a hAthghairmtear

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

Ailt I4 go 28

Iomlán gach ailt.

An lá ceaptha.

Alt 30.

An t-alt iomlán.

An lá ceaptha.

Ailt 32 go 34.

Iomlán gach ailt.

An lá ceaptha.

Alt 38.

Fo-ailt (2) agus (3).

An lá ceaptha.

Ailt 39 agus 44.

Iomlán gach ailt.

Dáta an Achta so do rith.

Ailt 40 agus 4I.

Iomlán gach ailt.

An lá ceaptha.

Alt 47.

Na focail “no do chúlchiste na nótaí” sna háiteanna ina bhfuil na focail sin i bhfo-ailt (4), (5) agus (6) fé seach.

An dáta ar a gcríochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí.

Ailt 53, 54 agus 55

Iomlán gach ailt.

An lá tar éis dáta an Achta so do rith.

Alt 62.

An t-alt iomlán.

An dáta ar a gcríochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí.

Alt 63.

I bhfo-alt (2), na focail “ná d'íoc isteach i gcúl-chiste na notaí” agus na focail “ná amach as cúl-chiste na nótaí.”

An dáta ar a gcríochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí.

Alt 63.

Fo-ailt (3) agus (6); i bhfo-alt (7) na focail “no a mbeidh fágtha den bharrachas ioncuim sin tar éis dividenda d'íoc fén bhfo-alt san roimhe seo (pe'ca aca é)”.

An lá ceaptha.

Alt 64.

An t-alt iomlán.

An lá ceaptha.

Alt 65.

An t-alt iomlán.

An lá tar éis dáta an Achta so do rith.

Alt 66.

Fo-alt (2).

An lá tar éis dáta an Achta so do rith.

Cuid II.

Achtacháin eile a hathghairmtear.

Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

Uimh. 14 de 1926

An tAcht Coighneála, 1926 .

Alt. II.

An lá ceaptha.

Uimh. 30 de 1930 .

An tAcht Airgid Reatha (Leasú), 1930 .

I bhfo-alt (1) d'alt 3 na focail “no cúl-chiste na nótaí no an dá chiste sin” agus na focail “no leis an liost d'fhuirmeacha atá i bhfo-alt (2) d'alt 62 den Phríomh-Acht no leis an dá liost san” agus, i bhfo-alt (4) den alt san 3, na focail “no alt 62” agus na focail “no an dá alt san (do réir mar bheidh)”.

An dáta ar a gcríochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí.

Uimh. 20 de 1932 .

An tAcht Airgid, 1932 .

Alt 49.

An lá tar éis dáta an Achta so do rith.

Uimh. 18 de 1937 .

An tAcht Airgid, 1937 .

Alt 15.

An lá tar éis dáta an Achta so do rith.

AN DARA SCEIDEAL

Rialacha i dtaobh Paineil do Thogha chun Stiurthoiri Bancaerachta do Cheapadh.

Ralacha bhaineann le gach cás.

1.—Sa Sceideal so cialluíonn an focal “ionadaidhe” ionadaidhe do Bhanc Chópháirteach agus é ar chruinniú chun painéal do thogha, agus cialluíonn an focal “cruinniú” cruinniú d'ionadaithe chun painéal do thogha.

2.—Toghfaidh na hionadaithe duine aca féin ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus stiúrfaidh an cathaoirleach san na himeachta ag an gcruinniú ach ní bheidh aon dara vóta no vóta réitigh aige.

3.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis na Rialacha so, bhéarfar breith ar gach ceist eireoidh ag an gcruinniú le vóta móráireamh na n-ionadaithe.

4.—Féadfar an cruinniú do chur ar athló o am go ham ach ní cuirfear ar athló é go dtí am is déanaighe ná trí lá tar éis an ama ceapfar fén Acht so don chruinniú.

5.—Ar bheith críochnuithe don toghchán ullmhóidh an cathaoirleach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh ainmneacha na n-ionadaithe agus ainmneacha na mBanc d'ionadaíodar fé seach agus ainmneacha, seolta, agus tuairiscí na ndaoine sa phainéal do toghadh ag an gcruinniú, agus ansan sighneoidh an cathaoir leach agus trian ar a laghad de na hionadaithe eile an ráiteas san agus cuirfidh an cathaoirleach chun an Aire é do réir an Achta so.

Rialacha bhaineann le togha an phainéil le haghaidh na gCéadstiúrthóirí bancaerachta.

6.—Féadfaidh gach ionadaidhe sé iarrthóir agus ní níos mó d'ainmniú chun iad do thogha.

7.—Is de chuarta déanfar an toghchán agus ar gach cuairt beidh sé vóta ag gach ionadaidhe ach ní fhéadfaidh níos mó ná vóta amháin do thabhairt d'aon iarrthóir áirithe ar aon chuairt áirithe.

8.—Ar an gcéad chuairt, vótálfar ar na hiarrthóirí uile agus, fé réir Rialacha 11 agus 12 de na Rialacha so, aon iarrthóir a gheobhaidh ar an gcuairt sin uimhir de vótaí is mó ná leath uimhir na n-ionadaithe bheidh i láthair beidh sé toghtha agus leigfear ar lár an sé iarrthóir (no pé uimhir féna bhun san a cheapfaidh an cathaoirleach) is lugha gheobhaidh de vótaí.

9.—Ar an dara cuairt, vótálfar ar na hiarrthóirí uile ach amháin an méid a toghadh no leigeadh ar lár ar an gcéad chuairt agus, fé réir Rialacha 11 agus 12 de na Rialacha so, aon iarrthóir a gheobhaidh ar an gcuairt sin uimhir de vótaí is mó ná leath uimhir na n-ionadaithe bheidh i láthair beidh sé toghtha agus leigfear ar lár an sé iarrthóir (no pé uimhir féna bhun san a cheapfaidh an cathaoirleach) is lugha gheobhaidh de vótaí.

10.—Déanfar an tríú cuairt agus gach cuairt ina dhiaidh ar an gcuma gcéanna.

11.—Má thárlann ar aon chuairt, toisc có-ionannas vótaí idir na hiarrthóirí is lugha gheobhaidh de vótaí, nach féidir sé dhuine (no an uimhir féna bhun san a bheidh ceaptha ag an gcathaoirleach) de na hiarrthóirí do leigean ar lár, cinnfidh an cathaoirleach cá mhéad agus cé aca de na híarrthóirí bheidh le leigean ar lár ár an gcuairt sin.

12.—Má thárlann ar aon chuairt go bhfuighidh níos mó iarrthóirí ná mar is gá do thogha uimhir de vótaí is mó ná leath uimhir na n-ionadaithe bheidh i láthair, cinnfidh an cathaoirleach cá mhéad iarrthóir, más ann, a bheidh toghtha ar an gcuairt sin.

13.—Leanfar den toghchán no go mbeidh an lán-phainéal de shé dhuine toghtha.

Rialacha bhaineann le togha an phainéil le haghaidh Stiúrthóirí bancaerachta seachas na Céad-stiúrthóirí bancaerachta.

14.—I gcás ina mbeidh painéal de thriúr le togha, beidh feidhm agus éifeacht ag na Rialacha san roimhe seo Uimh. 6 go 13 (go huile) fé is dá gcuirtí síos anso arís iad ach an uimhir “trí” do chur in ionad na huimhreach “sé” i ngach áit ina luaidhtear an uimhir dheiridh sin sna Rialacha san.

15.—I gcás ina mbeidh painéal de chuigear le togha, beidh feidhm agus éifeacht ag na Rialacha san roimhe seo Uimh. 6 go 13 (go huile) fé is dá gcuirtí síos anso arís iad ach an uimhir “cúig” do chur in ionad na huimhreach “sé” i ngach áit ina luaidhtear an uimhir dheiridh sin sna Rialacha san.

16.—I gcás ina mbeidh painéal dé sheisear le togha, beidh feidhm agus éifeacht ag na Rialacha san roimhe seo Uimh. 6 go 13 (go huile) fé is dá gcuirtí síos anso arís iad gan athrú ortha.

AN TRIU SCEIDEAL.

An Meid Maximum i Notai Bainc Codhluite is Cead do Bheith Amuich leis na Bainc Chophairteacha fe seach.

An Meid Maximum i Notai Bainc Codhluite

Uimh. Thag.

Ainm an Bhainc Chópháirtigh

Sa tréimhse ón lá tar éis dáta an Achta so do rith go dtí an 3Iadh Mí na Nodlag, 1944

Sa tréimhse trí mblian dar críoch an 3Iadh Mí na Nodlag, 1947

Sa tréimhse trí mblian dar críoch an 3Iadh Mí na Nodlag, 1950

Sa tréimhse trí mblian dar críoch an 3Iadh Mí na Nodlag, 1953

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

1

Banc na hÉireann.

1,286,000

965,000

643,000

322,000

2

An Banc Ibernach, Teoranta.

550,000

413,000

275,000

138,000

3

Banc Mumhan agus Laighean, Teoranta.

900,000

675,000

450,000

225,000

4

An Banc Náisiúnta, Teoranta.

1,141,000

856,000

571,000

286,000

5

Banc an Tuaiscirt, Teoranta.

160,000

120,000

80,000

40,000

6

Banc Proibhinseach na hÉireann, Teoranta.

555,000

417,000

278,000

139,000

7

Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta.

273,000

205,000

137,000

69,000

8

Banc Uladh, Teoranta.

319,000

240,000

160,000

80,000