19 1942


Uimhir 19 de 1942.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN FAIDIÚ DO DHÉANAMH, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , I bhFEIDHM AGUS CHUN AN ACHTA SAN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHUN NA CRÍCHE RÉAMHRÁITE. [29adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 , do ghairm den Acht so.

An Príomh-Acht.

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

An tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1941 , d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1941 (Uimh. 16 de 1941) .

CUID II.

An Priomh-acht do Bhuanu.

An Priomh-Acht do bhuanú.

4. —(1) Mara gcuirtear deireadh le n-a ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1943, agus raghaidh in éag ansan mara gcinnidh an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1943, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

CUID III.

An Priomh-acht do Leasu agus do Leathnu.

Mínithe i gCuid III.

5. —Sa Chuid seo den Acht so—

déanfar tagairtí don Phríomh-Acht do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don Phríomh-Acht ar n-a leasú le haon achtachán iar-aimseardha (le n-a n-áirmhítear an Chuid seo den Acht so) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “ordú Riaghaltais” ordú ar n-a dhéanamh ag an Riaghaltas (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) fén bPríomh-Acht;

cialluíonn an focal “fo-ionstruim” aon ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, scéim no ordachán i scríbhinn ar n-a dhéanamh no ar n-a thabhairt (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) i bhfeidhmiú comhacht ar n-a dtabhairt le hordú Riaghaltais.

Comhachta generálta an Riaghaltais fé alt 2 den Phríomh-Acht.

6. —(1) D'fhonn deireadh do chur le hamhrais achtuítear agus dearbhuítear leis seo ná déanfar éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht do léiriú mar ní a theorannuíonn na comhachta generálta do bheirtear don Riaghaltas le fo-alt (1) den alt san.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige amhail ar an 3adh lá de Mheán Fhómhair 1939, agus ón lá san amach.

Leasú cúl-ghabhálach ar orduithe Riaghaltais agus fo-ionstruimí.

7. —Féadfar leasú go n-éifeacht chúl-ghabhálach do dhéanamh ar ordú Riaghaltais no ar fho-ionstruim le hordú Riaghaltais no fo-ionstruim (do réir mar a bheidh), ach ní hinfheidhme an chomhacht san chun aon leasú do dhéanamh do bhéarfadh gur sárú dlí gníomhartha nár shárú dlí le linn a ndéanta.

Alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an dá fho-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (6), sé sin le rá:—

“(6) Gach duine is saoránach Éireannach, no chomhnuíonn de ghnáth sa Stát, agus a dhéanfaidh no ar tuigthe go ndearna sé, sa Stát no lasmuich de. cionta fén alt so agus gach duine nach saoránach Éireannach ná ná comhnuíonn de ghnáth sa Stát agus a dhéanfaidh no ar tuigthe go ndearna sé sa Stát cionta fén alt so—

(a) dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair,—

(i) i gcás an chionta do bheith ina chionta a mbeidh aon ordú, ar n-a dhéanamh de bhuadh an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, i bhfeidhm ina thaobh an tráth a déanfar an cionta, na pionóis do chur air a bheidh ceaptha leis an ordú san, agus

(ii) in aon chás eile, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air (agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta) no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) dlighfear ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar cúig mhíle punt do chur air (agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta) no, más rogha leis an gCúirt é, pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phian-tseirbhís no an phríosúntacht san le chéile.

(6a) Féadfaidh an Riaghaltas, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leo é, ní amháin aca so leanas do dhéanamh le hordú fé alt 2 den Acht so, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú gurb é pionós is inghearrtha alos cionta shonnruithe fén alt so, ar dhuine do chiontú ann ar an slí achmair, ná fíneáil nach lugha ná méid sonnruithe (ná raghaidh thar céad punt) agus nach mó ná cúig céad punt (agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta) no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach giorra ná sé mhí agus nach sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile;

(b) a dhearbhú gurb é pionós is inghearrtha alos cionta shonnruithe fén alt so, ar dhuine do chiontú ann ar an slí achmair, ná fíneáil de pé méid aca so leanas is lugha—

(i) cúig céad punt,

(ii) méid ar n-a áireamh fé threoir pé nithe luadhfar san ordú,

(agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta) no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach giorra ná sé mhí agus nach sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile”;

(b) tré na focail “no in ionad” do scriosadh as fo-alt (7);

(c) tré na focail agus an figiúir “a dlitear fé fho-alt (6) do chur ar an duine sin” do chur i bhfo-alt (7) in ionad na bhfocal “a foráltar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so”.

Pionós mar gheall ar leanúint d'orduithe áirithe d'fhagaint gan cólíonadh.

9. —(1) I gcás—

(a) duine do chiontú i gcionta fé alt 5 den Phríomh-Acht mar gheall ar mhainneachtain no faillighe no diúltú maidir le déanamh do réir forála bheidh in ordú Riaghaltais no i bhfo-ionstruim á cheangal air gníomh sonnruithe do dhéanamh laistigh de thréimhse shonnruithe no roimh dháta sonnruithe, agus

(b) an gníomh san d'fhanúint, tar éis dáta an chiontuithe sin, gan déanamh aige,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe sin a céad-luaidhtear, fhanfaidh an gníomh san gan déanamh aige no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

(2) Is cionta leanúnach cionta fén alt so agus dá réir sin féadfar imeachta nua do bhunú ina leith o am go ham.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (8) d'alt 5 den Phríomh-Acht maidir le cionta fén alt so fé mar atá feidhm aca maidir le cionta fén alt san 5.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le haon fhoráil in ordú Riaghaltais a bhainfidh le sealbhairí tailimh do shaothrú an tailimh sin.

Alt 6 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Leasuítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (1), sé sin le rá:—

“(1) Ar fháil cheada an Riaghaltais dó féadfaidh Aire, le hordú, aon chomhacht no dualgas a bheidh bronnta no forchurtha air do thairmleigean chun Aire eile no chun Rúnaidhe Páirliminte.”

Ré feidhme Coda III.

11. —Leanfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.

Có-luadh na nAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, agus Coda III.

12. —Féadfar na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 go 1942, do ghairm de na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, agus den Chuid seo den Acht so le chéile.