14 1942


Uimhir 14 de 1942.


ACHT AIRGEADAIS, 1942.

[An tionntódh Oifigeamhail.]

ACHT D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH DIÚITÉTHE ÁIRITHE IONCUIM DÚITHCHE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[7adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus forcháin in aghaidh na bliana 1942-43.

1. —(1) Eileofar cáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942, do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt.

(2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942, ar ioncum aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncuim o gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, a héileofar amhlaidh í.

(3) I gcás ioncum iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaidhtear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942, do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt alos an oiread den ioncum san agus is ionchurtha fé de bhuadh fo-ailt (1) den alt san 5 ar n-a mhodhnú agus ar n-a chur i mbaint tré na forálacha ina dhiaidh seo den alt so.

(4) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile do bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1942, i dtaobh cánach ioncuim agus forchánach (le n-a n-áirmhítear forcháin bhreise), beidh éifeacht aca uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na forchánach (le n-a n-áirmhítear forcháin bhreise) a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942.

(5) Le linn Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , do bheith á cur i mbaint (de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus fé réir na modhnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an abairt “an 6adh lá d'Abrán, 1942,” in ionad na habairte “an 6adh lá d'Abrán, 1941,” gach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5adh lá d'Abrán, 1943,” in ionad na habairte “an 5adh lá d'Abrán, 1942,” agus cuirfear an focal “sé” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5adh lá d'Abrán, 1942,” in ionad na habairte “an 5adh lá d'Abrán, 1941”.

Na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do leasú.

2. —Cuirtear an Riail seo leanas leis na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II den Sceideal D a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, sé sin le rá:—

“19.—(1) Nuair a bheidh áireamh á dhéanamh chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim ar bhrabús no gnóthachan trádála a mbeidh scurtha dhi, déanfar aon stoc trádála ba leis an trádáil tráth an scurtha do luacháil do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás aon stuic thrádála den tsórt san—

(i) a díolfar le duine no a haistreofar ar chomaoin luachmhair chun duine a mbeidh trádáil ar siúl aige no bheidh chun trádáil do bheith ar siúl aige sa Stát, agus

(ii) a bhféadfaidh an duine sin a chostas air le linn an díola no an aistrithe sin d'asbhaint mar chaiteachas nuair a bheidh áireamh á dhéanamh, chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim, ar bhrabús no gnóthachan na trádála san a bheidh ar siúl no chun bheith ar siúl aige,

is tuigthe gurb é is luach don stoc trádála san ná an praghas a híocfar air tráth an díola san no luach na comaoine do bhéarfar air tráth an aistrithe sin, do réir mar a bheidh;

(b) i gcás aon stuic thrádála eile den tsórt san is tuigthe gurb é is luach dó ná an méid do gheobhfaí air dá ndíoltaí ar an margadh puiblí é tráth na trádála do scur.

(2) Sa Riail seo—

cialluíonn an abairt “stoc trádála” maoin d'aon chineál, pé aca is maoin réalta no maoin phearsanta í, is—

(a) maoin de shórt a díoltar i ngnáth-chúrsa na trádála a n-úsáidtear an abairt ina taobh no díolfaí amhlaidh dá mba abuithe dhi no dá mbeadh a déanamh no a hullmhú críochnuithe, no

(b) abhair de shórt a húsáidtear chun maoin do dhéanamh no d'ullmhú de shórt a díoltar i ngnáth-chúrsa na trádála san,

léireofar tagairtí do thrádáil do bheith scurtha no do scur mar thagairtí ná baineann le haon chás ina raibh an trádáil sin ar siúl ag pearsain aonair agus ina scuirfear di de dhruim a bháis (pé aca bheidh no ná beidh an trádáil sin ar siúl ag duine eile tar éis an bháis sin) ach léireofar iad mar thagairtí bhaineann le gach cás eile ina mbeidh scurtha de thrádáil no inar tuigthe, de bhuadh Rialach II de na Rialacha so (ar n-a leasú le halt 13 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 )), a bheith scurtha dhi maidir le cáin d'áireamh.”

Liúntas alos caiteachais ar carraí áirithe do tháirgeadh.

3. —(1) Ní bhaineann an t-alt so ach amháin le hearraí ná raibh á dtáirgeadh i gcúrsa tráchtála sa Stát sa dá mhí dhéag dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, agus ná beadh a dtáirgeadh sa Stát (pé aca chun a dtomhalta cois baile no chun a n-easportálta é) ina thráchtáil shochrach aon tráth i rith an dá mhí dhéag san, agus déanfar an abairt “earra le n-a mbaineann an t-alt so” do léiriú dá réir sin san alt so.

(2) San alt so léireofar tagairtí do choinníollacha eacnamaíochta nea-ghnáthacha, maidir le hearra le n-a mbaineann an t-alt so, mar thagairtí chialluíonn gurb amhlaidh atá, mar gheall ar thosca dar bun no dar cúis an phráinn náisiúnta atá ann fé láthair (ar a n-áirmhítear tosca mhairfidh tar éis deireadh do bheith leis an bpráinn sin),—

(a) go bhfuil an earra san ag teastáil go géar sa Stát chun riaradh do riachtanas éigin de chuid an phobail agus nach féidir leor-chaindíochta dhi d'iomportáil chun riaradh don riachtanas san no d'eile nach féidir í iomportáil ar aon chor, agus

(b) go bhfuil táirgeadh na hearra san sa Stát chun a tomhalta cois baile ina thráchtáil shochrach faid is ann do na tosca san ach go scuirfe sé de bheith ina thráchtáil shochrach nuair nach ann a thuille do na tosca san.

(3) I gcás duine—

(a) dá iarraidh do réir an ailt seo ar na Coimisinéirí Ioncuim liúntas speisialta fén alt so do thabhairt dó alos aon bhliana cáinmheasa áirithe, agus

(b) dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur úsáid sé sa bhliain sin foirgintí do thóg no do fuair sé no gléasra no inneallra do chuir sé isteach tar éis an 31adh lá de Lúnasa, 1939, d'aon-aidhm chun earra le n-a mbaineann an t-alt so do tháirgeadh i bhfuirm trádála no gnótha, agus gur d'aon-aidhm chun a tomhalta sa Stát do táirgeadh an earra san amhlaidh, agus

(c) dá chur ina luighe freisin ar na Coimisinéirí Ioncuim go raibh coinníollacha eacnamaíochta nea-ghnáthacha ann maidir leis an earra san i rith na bliana san,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim a chur fé ndear pé liúntas speisialta is dóigh leo is cóir do thabhairt maidir leis na foirgintí sin no leis an ngléasra no an inneallra san ón gcáinmheas a bheidh déanta ar an duine sin in aghaidh na bliana san maidir le brabús a thrádála no a ghnótha ag táirgeadh na hearra san amhlaidh.

(4) Féadfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncuim ar liúntas speisialta fén alt so maidir leis an mbliain cháinmheasa dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1941, no aon bhliain cháinmheasa roimhe sin do dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith agus féadfar iarratas den tsórt san maidir le haon bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin do dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana san.

(5) I gcás liúntas speisialta do thabhairt fé na forálacha san roimhe seo den alt so, cuirfear an liúntas san in éifeacht tré aisíoc no ar shlí éigin eile.

(6) I gcás liúntais speisialta fén alt so do bheith tugtha do dhuine agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim deireadh do bheith le coinníollacha eacnamaíochta nea-ghnáthacha maidir leis an earra gur i dtaobh a táirgthe do tugadh na liúntais sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim na liúntais sin d'athbhreithniú.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh no de dhruim athbhreithnithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ar na liúntais speisialta fén alt so bheidh tugtha do dhuine ar bith, sé sin le rá:—

(a) chun críche an athbhreithnithe sin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim na méideanna so leanas do chur i gcomparáid, sé sin le rá:—

(i) an costas glan (mar a mínítear anso ina dhiaidh seo) do bhí ar an duine sin maidir leis na foirgintí no leis an ngléasra no an inneallra gur ina dtaobh do tugadh na liúntais speisialta san, agus

(ii) na liúntais iomlána (mar a mínítear anso ina dhiaidh seo) do tugadh don duine sin;

(b) chun crícheanna na comparáide sin, is tuigthe gurb é is méid don chostas ghlan san ná an méid a bheidh de bhreis ag an méid iarbhfír do chosain sé ar an duine sin na foirgintí sin do thógáil no d'fháil no an gléasra no an t-inneallra san do chur isteach ar an iomlán a dhéanfaidh—

(i) an tsuim no na suimeanna (más ann) do cuireadh ar fáil i bhfuirm chonganta airgid no deontais as cistí puiblí mar chabhair chun an céanna do thógáil no d'fháil no do chur isteach, agus

(ii) an méid is fiú, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, na foirgintí, an gléasra, no an t-inneallra san i gcás iad do dhíol le linn deireadh do bheith, no laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh do bheith, le coinníollacha eacnamaíochta nea-ghnáthacha maidir leis an earra gur chun a táirgthe do húsáideadh na forgintí, an gléasra no an t-inneallra san;

(c) is tuigthe gurb é is méid do na liúntais iomlána san ná an t-iomlán a dhéanfaidh na liúntais speisialta go léir do tugadh don duine sín fé na forálacha san roimhe seo den alt so agus na liúntais go léir do tugadh don duine sin maidir leis na foirgintí, no leis an inneallra no an gléasra san fé réim no de bhíthin an phrovíso ghabhann le mír (2) de Riail 5 no Riail 6 no Riail 7 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I no II de Sceideal D a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, in aghaidh na bliana cáinmheasa ina dtáinig deireadh leis na coinníollacha eacnamaíochta nea-ghnáthacha maidir leis an earra gur chun a táirgthe do húsáideadh na foirgintí, an gléasra, no an t-inneallra san agus in aghaidh aon bhliana cáinmheasa roimhe sin inar húsáideadh na foirgintí, an gléasra, no an t-inneallra san amhlaidh;

(d) más mó an costas glan san ná iomlán na liúntas san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim pé liúntas speisialta breise is dóigh leo is cóir do thabhairt tré aisíoc no ar shlí eile;

(e) más mó iomlán na liúntas san ná an costas glan san, féadfar na liúntais speisialta fén alt so do tugadh don duine sin d'athscrúdú agus féadfar pé cáinmheasa breise is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncuim is gá do dhéanamh ar an duine sin in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ar deonadh aon liúntas speisialta den tsórt san dó ina haghaidh.

Forálacha maidir le heasnaimh bhrabúis i mblianta cáinmheasa áirithe.

4. —(1) Más rud é, maidir leis an mbliain cháinmheasa dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, no aon bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin a mbeidh forcháin bhreise inéilithe ina haghaidh, go ndéanfar an brabús is ionáirmhithe ina chuid d'ioncum iomlán (ar n-a dhéanamh amach fé mar is gá chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), no an fho-ailt sin ar n-a chur i mbaint leis an mbliain cháinmheasa san) aon phearsan o thrádáil no gnó d'áireamh fé réim tréimhse áirithe (dá ngairmtear an tréimhse iomchuibhe san alt so) de dhá mhí dhéag no d'fhaid is lugha ná dhá mhí dhéag, déanfar aon chaillteanas a bhainfidh don phearsain sin maidir leis an trádáil no an gnó san agus is gá chun crícheanna an ailt seo do dhéanamh amach alos na bliana cáinmheasa san d'áireamh fé réim na tréimhse áirithe céanna san agus sa tslí chéanna ina n-áirmheofar an brabús san.

(2) Is tuigthe go raibh easnamh brabúis maidir le trádáil no gnó ar phearsain in aghaidh bliana cáinmheasa más rud é, i gcás na tréimhse iomchuibhe maidir leis an mbliain sin, gur lugha brabús an duine sin ón trádáil no ón ngnó san ná brabús caighdeánach na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san no go raibh caillteanas ar an bpearsain sin sa trádáil no sa ghnó san no ná dearna an phearsa san aon bhrabús den tsórt san agus ná raibh aon chaillteanas den tsórt san air.

(3) Má thárlann, maidir le haon bhliain cháinmheasa, easnamh brabúis do bheith ar phearsain maidir le trádáil no gnó, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, gurb é is méid don easnamh bhrabúis sin ná—

(a) má bhíonn an phearsa san tar éis brabús do dhéanamh ón trádáil no ón ngnó san in aghaidh na bliana san— an méid dar lugha an brabús san ná brabús caighdeánach na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san, no

(b) má bhíonn caillteanas tar éis a bheith ar an bpearsain sin ón trádáil no ón ngnó san in aghaidh na bliana san— iomlán méide an chaillteanais sin agus brabúis chaighdeánaigh sin na pearsan san, no

(c) má bhíonn an phearsa san gan aon bhrabús do dhéanamh ná aon chaillteanas do bheith air ón trádáil no ón ngnó san in aghaidh na bliana san—méid brabúis chaighdeánaigh sin na pearsan san.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach easnamh brabúis a bheidh ar phearsain maidir le trádáil no gnó, sé sin le rá:—

(a) aon uair a bheidh aon easnamh brabúis den tsórt san ar an bpearsain sin in aon bhliain cháinmheasa a mbeidh forcháin bhreise inéilithe ina haghaidh, úsáidfear an t-easnamh brabúis sin, faid a ragha sé, chun laghdú do dhéanamh ar an mbreis a bhí no bheidh ag brabús na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san ar a bhrabús caighdeánach ón trádáil no ón ngnó san sa chéad bhliain cháinmheasa (pé aca caithte dhi no le teacht) a raibh no a mbeidh forcháin bhreise inéilithe ina haghaidh agus ar thárla no a dtárlóidh an bhreis sin inti no, i gcás an t-easnamh brabúis sin do bheith có-ionann leis an mbreis sin no níos mó ná í, chun na breise sin do mhúchadh agus, sa chás deiridh sin, déanfar pé méid (más ann) den easnamh bhrabúis sin ná beidh ag teastáil chun na breise sin do mhúchadh amhlaidh d'úsáid ar an gcuma gcéanna, sa chéad bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin a mbeidh forcháin bhreise inéilithe ina haghaidh agus inar mó brabús na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san ná a bhrabús caighdeánach, chun an bhreis a bheidh ag an mbrabús san ar an mbrabús caighdeánach san do laghdú no do mhúchadh agus mar sin de go dtí go mbeidh an t-easnamh brabúis sin ídithe dá chionn;

(b) aon uair a bheidh aon easnamh brabúis den tsórt san (dá ngairmtear an t-easnamh is luaithe sa mhír seo) ar an bpearsain sin in aon bhliain cháinmheasa a mbeidh forcháin bhreise inéilithe ina haghaidh agus a bheidh easnamh brabúis eile (dá ngairmtear an t-easnamh is déanaighe sa mhír seo) ar an bpearsain sin alos na trádála no an ghnótha chéanna i mbliain cháinmheasa ina dhiaidh sin a mbeidh forcháin bhreise inéilithe ina haghaidh agus, an tráth a thárlóidh an t-easnamh is déanaighe, ná beifear tar éis an t-easnamh is luaithe d'úsáid ar aon chor fén mír sin roimhe seo den fho-alt so no (má bítear tar éis é úsáid amhlaidh) ná beidh sé ídithe de chionn na húsáide sin, déanfar an t-easnamh is déanaighe d'adú (do réir mar is oiriunach) leis an easnamh is luaithe no le pé méid den easnamh is luaithe bheidh fanta tar éis na húsáide sin, agus déanfar an méid do gheobhfar de bharr an aduithe sin d'úsáid do réir na míre sin roimhe seo adubhradh fé is dá mb'easnamh brabúis aonair e;

(c) beidh feidhm ag an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, gus na modhnuithe uirthi is gá, aon uair a thárlóidh, i gcás le n-a mbaineann an mhír sin, dhá easnamh bhrabúis no níos mó do bheith ar an bpearsain sin alos na trádála no an ghnótha chéanna sara mbeifear tar éis easnamh brabúis is luaithe d'úsáid fé mhír (a) den fho-alt so no sara mbeidh an t-easnamh brabúis is luaithe sin (má bítear tar éis é úsáid amhlaidh) ídithe de chionn na húsáide sin;

(d) nuair a beifear á chinneadh, chun crícheanna míre (a) den fho-alt so, cadé an bhliain cháinmheasa is céad bhliain cháinmheasa ina raibh no ina mbeidh breis ag brabús na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san ar a bhrabús chaighdeánach ón trádáil no ón ngnó san, ní tabharfar áird ar na méideanna so leanas, sé sin le rá, an méid de bhrabús uile (más ann) na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san do múchadh, tráth ar bith roimh an gcinneadh sin do dhéanamh fé na forálacha san roimhe seo den fho-alt so agus na méideanna uile (más ann) dá ndearnadh, tráth ar bith roimh an gcinneadh sin do dhéanamh, brabús na pearsan san ón trádáil no ón ngnó san do laghdú fé na forálacha san roimhe seo adubhradh.

(5) Aon fhaoiseamh a dtiocfaidh pearsa chun bheith i dteideal chuige de bhuadh an ailt seo bhéarfar é tré aisíoc no ar shlí eile.

(6) An méid sin de na forálacha atá i bhfeidhm chun crícheanna forchánach a bhaineann le hathchomhaire beidh feidhm agus éifeacht aca, gus na modhnuithe ortha is gá, maidir le húsáid easnamh brabúis fén alt so (le n-a n-áirmhítear méid aon easnaimh bhrabúis den tsórt san) sa tslí ina mbainid le cáinmheasa chun forchánach.

Alt 9 den Acht Airgid, 1929 , do leasú.

5. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 9 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), éinne is ionchurtha fé cháin ioncuim alos brabúis no gnóthachain o aon chéird, gairm no slí bheatha do bunuíodh no ar ar tosnuíodh laistigh den bhliain díreach roimh an mbliain roimh an mbliain cháinmheasa beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire chánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana cáinmheasa, go laghdófaí an cáinmheas an méid (más ann) a bheidh ag suim iomlán na gcáinmheas fé seach don bhliain cháinmheasa agus don bhliain roimh an mbliain sin de bhreis ar mhéid iomlán brabúis agus gnóthachain an dá bhlian san.

Alt 17 den Acht Airgid, 1929 , do leasú.

6. —Déanfar fo-alt (5) d'alt 17 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige fá is dá gcuirtí an proviso so leanas le mír (b) den fho-alt san i dteannta an phroviso atá inti cheana féin, sé sin le rá:—

“agus, fós, más sa bhliain roimh an mbliain roimh an mbliain cháinmhéasa bhí an duine i seilbh na hoifige no na fostaíochta no a tháinig sé i dteideal na blianachta, an phinsin no an dualgais mar an gceád uair beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire chánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana cáinmheasa, go gcuirfí fé cháin é do réir méid an tsochair oifige in aghaidh na bliana cáinmheasa.”

Alt 10 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú.

7. —I gcás go ndéanfar, fé alt 10 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), méid áirithe do thabhairt ar aghaidh alos caillteanais agus go ndéanfar é asbhaint as an mbrabús no é chur i gcoinnibh an bhrabúis ar maidir leis is ionchurtha duine fé fhorcháin bhreise in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, ach nach féidir, toisc an méid sin do bheith níos mó ná an brabús san, ach cuid den méid sin d'asbhaint no do chur i gcoinnibh amhlaidh, déanfar oiread a bheidh ag an méid sin de bhreis ar an mbrabús san do thabhairt ar aghaidh tuilleadh agus, chó fada is ragha sé, é d'asbhaint as an mbrabús, no do chur i gcoinnibh an bhrabúis, ar maidir leis is ionchurtha an duine sin fé fhorcháin bhreise in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942, agus, mara nglanaidh an asbhaint no an cur-i-gcoinnibh sin is déanaighe luaidhtear an chuid den méid sin do bhéarfar ar aghaidh tuilleadh amhlaidh, déanfar iarmhéid forsheasta an mhéid sin do thabhairt ar aghaidh arís agus, chó-fada is ragha sé, é d'asbhaint as an mbrabús, no do chur i gcoinnibh an bhrabúis, ar maidir leis is ionchurtha an duine sin fé fhorcháin bhreise (más ann) in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, agus mar sin de go dtí go mbeidh iomlán na n-asbhaintí sin no na gcur-i-gcoinnibh sin, fé alt san 10 agus fén alt so, có-ionann leis an méid sin a bheidh tugtha ar aghaidh fén alt san 10.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Alt 21 den Acht Airgid, 1935 , do leasú.

8. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an príomh-alt” alt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ),

cialluíonn an abairt “an t-alt leasuitheach” alt 18 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ).

(2) Aon uair a déanfar sompla den íle hídrocarbóin a bheidh ar mhótar-fheithicil no inti do thógaint fé fho-alt (13) den phríomh-alt, féadfaidh aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncuim no ball den Ghárda Síochána (pé aca is é no nach é an duine do thóg an sompla san é), nuair a bheidh an sompla san á thógaint no aon tráth ina dhiaidh sin, an t-únaer cláruithe no éinne d'únaerí cláruithe na feithicle sin no, i gcás nach pearsa no pearsain an t-únaer cláruithe sin, aon stiúrthóir, bainisteoir no príomh-oifigeach don únaer sin do cheistniú i dtaobh na híle hídrocarbóin sin agus féadfaidh a cheangal ar an únaer sin no ar an duine eile sin adubhradh a innsint cá huair agus cá háit agus cé uaidh ar ceannuíodh no a bhfuarthas ar shlí eile an íle sin agus cé aca do rinneadh ceachtar de na diúitéthe forchuirter leis an bpríomh-alt d'íoc, no aon locáiste fén alt so do lomháil, maidir leis an íle sin agus, má abrann an t-únaer sin no an duine eile sin adubhradh gur híocadh ceachtar de na diúitéthe sin maidir leis an íle sin, féadfaidh an t-oifigeach no an ball san a cheangal ar an únaer no ar an duine eile sin cruthúnas do thabhairt gur híocadh an diúité sin agus nár lomháladh aon locáiste diúité maidir leis an íle sin.

(3) Aon uair a cheistneoidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncuim no ball den Ghárda Síochána duine ar bith fé fho-alt (13) den phríomh-alt no fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, bhéarfaidh an duine sin don oifigeach san no don bhall san an t-eolas san agus an cruthú san go léir iarrfaidh an t-oifigeach no an ball san air fén bhfo-alt san (13) no fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo (do réir mar a bheidh) a bheidh ar seilbh no ar fáil aige agus, má fhaillíonn no má dhiúltann sé déanamh amhlaidh no má bheireann uaidh aon eolas den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fé fho-alt (12) den phríomh-alt ar n-a leasú leis an alt leasuitheach agus dlighfear dá réir sin an pionós a ceaptar leis an bhfo-alt san (12), ar n-a leasú amhlaidh, do chur air.

(4) Má thárlann, in aon imeachta i gcoinnibh únaer mótarfheithicle chun pionós do bhaint amach fé fho-alt (12) den phríomh-alt ar n-a leasú leis an alt leasuitheach, gurb é cionta a mbeidh an pionós san á éileamh maidir leis ná íle hídrocarbóin d'úsáid sa mhótar-fheithicil sin contrárdha do mhír (a) d'fho-alt (8) den phríomh-alt agus go gcruthófar gur húsáideadh íle hídrocarbóin le haghaidh dóghacháin in inneall na mótar-fheithicle sin, is tuigthe (mara gcruthuítear no go dtí go gcruthófar a mhalairt) go ndearnadh an íle hídrocarbóin do húsáideadh amhlaidh d'úsáid amhlaidh contrárdha don mhír sin (a) agus gurb é únaer sin na mótar-fheithicle sin d'úsáid contrárdha amhlaidh í.

(5) In aon imeachta chun pionós do bhaint amach fé fho-alt (12) den phríomh-alt ar n-a leasú leis an alt leasuitheach, féadfar an pionós san d'éileamh mar phionós fén dlí bhaineann le custuim no, d'eile, mar phionós fén dlí bhaineann le mál agus, má déantar an duine, ar a n-éileofar amhlaidh an pionós san, do chiontú i gcionta fén bhfo-alt san (12) ar n-a leasú amhlaidh, déanfaidh an Chúirt an pionós a ceaptar leis an bhfo-alt san ar n-a leasú amhlaidh do ghearradh mar phionós chustum no mar phionós mháil do réir mar isé an diúité custum no an diúité máil a forchuirtear leis an bpríomh-alt is ionchurtha ar an íle hídrocarbóin ar ina taobh do rinneadh an cionta san agus, mara léirítear chun sástacha na Cúirte cé aca de na diúitéthe sin dob ionchurtha ar an íle hídrocarbóin sin is tuigthe don Chúirt gurb é an diúité custum san an diúité dob ionchurtha ar an íle hídrocarbóin sin agus gearrfaidh an pionós a ceaptar leis an bhfo-alt san ar n-a leasú amhlaidh mar phionós chustum.

(6) Athghairmtear leis seo mír (c) den alt leasuitheach agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh an príomh-alt leasuithe agus go leasuítear leis seo é tríd an míniú ar an bhfocal “mótarfheithicil” do bhí i bhfo-alt (15) de sarar hachtuíodh an t-alt leasuitheach do scriosadh as an bhfo-alt san agus tríd an míniú so leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad an mhínithe sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“cialluíonn an focal ‘mótar-fheithicil’ feithicil inneallghluaiste bhíonn ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun í úsáid ar bhóithre, ach ní fholuíonn tarraingire bhíonn ceaptha agus déanta chun é úsáid chun crícheanna talmhaíochta”.

(7) Déanfar an príomh-alt, an t-alt leasuitheach, agus an t-alt so do léigheamh agus do léiriú le chéile.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Faoiseamh o dhiúitéthe báis áirithe i gcás básanna ar fórsaí armtha coigríche is cúis leo.

9. —(1) Ní bhaineann an t-alt so ach le díobhála don duine (ar n-a dtárlachtaint roimh an Acht so do rith no dá éis) a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim iad do bheith do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an díobháil do thárlachtaint tar éis an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus roimh dheireadh na práinne atá ann fé láthair, agus

(b) gan an Stát do bheith páirteach in aon chogadh nuair do thárla an díobháil, agus

(c) gur laistigh den Stát no dá uiscí teorann do thárla an díobháil, agus

(d) gur gníomh do rinne forsaí armtha tíre eile ba chúis, díreach no nea-dhíreach, leis an díobháil sin, pé aca d'aon ghnó no de thionóisc do rinneadh an gníomh san agus pé aca laistigh no lasmuich den Stát no dá uiscí teorann no den aerbhrat forluighteach do rinneadh an gníomh san féin.

(2) Ní bhaineann an t-alt so ach le diúitéthe báis (ar n-a míniú in alt 13 den Finance Act, 1894, chun crícheanna an ailt sin) is inghearrtha maidir le maoin aistreoidh ar éag dhuine chun aon duine aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) bean chéile no fear céile an duine mhairbh,

(b) dír-shinnsear no dír-shliocht an duine mhairbh,

(c) driotháracha agus driféaracha an duine mhairbh,

(d) sliocht driotháracha agus driféaracha an duine mhairbh.

(3) Aon uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur éag duine (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) de dheascaibh díobhála le n-a mbaineann an t-alt só agus do thárla dhó laistigh de dhá mhí déag sarar éag sé agus dá dheascaibh sin amháin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an méid a luaidhtear i pé mír aca so leanas a bhainfidh leis an gcás do mhaitheamh no, i gcás diúité bheidh íoctha cheana, d'aisíoc maidir leis na diúitéthe báis le n-a mbaineann an t-alt so agus is inghearrtha ar bhás an duine sin, sé sin le rá:—

(a) maran mó ná cúig mhíle punt, chun crícheanna diúité estáit, luach na maoine ar ina taobh is inghearrtha na diúitéthe báis sin, na diúitéthe báis sin go léir, no

(b) más mó ná cúig mhíle punt, chun crícheanna diúité estáit, luach na maoine ar ina taobh is inghearrtha na diúitéthe báis sin—

(i) na diúitéthe báis sin go léir sa mhéid is inghearrtha iad maidir leis an gcéad chúig mhíle punt den luach san, agus

(ii) pé méid a bheidh de bhreis ag iarmhéid na ndiúitéthe báis sin ar an suim do shroichfeadh, dá dtiomsuíodh sí fé ús iolruithe do réir trí fén gcéad sa bhliain (go staid leath-bhliantúla) o dháta báis an duine mhairbh sin, suim do bheadh, i ndeireadh tréimhse gnáth-shúilíochta saoil duine in aois an duine mhairbh sin tráth a bháis (ar n-a háireamh do réir na dtáiblí báis ar a dtugtar “The Tables of Mortality of Government Life Annuitants, 1912”), cóionann le hiarmhéid sin na ndiúitéthe báis sin.

(4) Má thárlann i gcás aon bháis gur lugha an faoiseamh do bheirtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le diúitéthe báis le n-a mbaineann an t-alt so ná maitheamh no aisíoc na ndiúitéthe báis sin go léir, cionroinnfear an faoiseamh san ar na daoine uile agus fé seach, a dhlighfidh na diúitéthe báis sin d'íoc, go rátúil do réir na suimeanna dhlighfidís fé seach d'íoc alos na ndiúitéthe báis sin mara mbeadh an faoiseamh san.

(5) I gcás inar gá do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so faoiseamh do thabhairt maidir le diúitéthe báis le n-a mbaineann an t-alt so agus is inghearrtha i leith báis duine, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más lugha de thairbhe an faoiseamh san, sa mhéid go mbaineann sé le diúité estáit, do na daoine ag á mbeidh teideal chuige fé na forálacha san roimhe seo adubhradh ná an faoiseamh maidir le diúité estáit i leith an bháis sin do bhéarfaí do na daoine sin le halt 15 den Finance Act, 1914, is fén alt san 15 agus ní fén alt so do bhéarfar faoiseamh maidir leis an diúité estáit sin do na daoine sin;

(b) fé réir forálacha na míre sin roimhe seo den fho-alt so, ní déanfar an faoiseamh maidir le diúité estáit do bheirtear leis an alt san 15 do thabhairt in aon chás ina dtabharfar faoiseamh maidir le diúité estáit fé na forálacha san roimhe seo den alt so.

(6) An faoiseamh do bheirtear le fo-alt (3) den alt so maidir le haon bhás áirithe is faoiseamh é, sa mhéid go mbaineann sé le diúité estáit, in ionad, agus ní i dteannta, aon fhaoisimh do bheirtear maidir leis an mbás san le halt 26 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), no le haon alt (seachas an t-alt so) den Chuid seo den Acht so.

(7) I gcás—

(a) faoiseamh do bheith tugtha fé na forálacha san roimhe seo den alt so maidir le diúité estáit is inéilithe maidir le haon mhaoin d'aistrigh ar bhás duine (dá ngairmtear an bás is luaithe sa bhfo-alt so), agus

(b) diúité estáit do theacht chun bheith inéilithe maidir leis an maoin sin no aon chuid di d'aistrigh ar bhás duine (dá ngairmtear an bás is déanaighe sa bhfo-alt so) do thárla tar éis an bháis is luaithe, agus

(c) a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é bhí sa bhás is déanaighe ná bás duine chun ar aistrigh an mhaoin sin no chuid di ar an mbás is luaithe do thárlachtaint, agus

(d) a chur ina luighe freisin ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é dob aon-trúig leis an mbás is déanaighe díobháil le n-a mbaineann an t-alt so agus do thárla laistigh de dhá mhí dhéag roimh an mbás san,

ansan agus sa chás san, déanfar, d'ainneoin éinní atá sna forálacha san roimhe seo den alt so, na diúitéthe báis go léir (ar n-a míniú in alt 13 den Finance Act, 1894, chun crícheanna an ailt sin) is inghearrtha i leith an bháis is déanaighe maidir le pé méid (pé aca an t-iomlán no cuid é) den mhaoin sin aistreoidh ar an mbás san do mhaitheamh no, i gcás diúité bheidh íoctha cheana, d'aisíoc, agus ní déanfar an méid sin adubhradh den mhaoin sin do chó-shuimiú le haon mhaoin eile aistréoidh ar an mbás is déanaighe chun a chinneadh cadé ráta ar dá réir is inéilithe diúité estáit i leith an bháis sin.

Asbhaint as diúité estáit i gcásanna áirithe.

10. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag no éagfaidh an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndéantar, fé fhorálacha ailt 64 den achtachán atá i bhfeidhm anois sa Bhreatain Mhóir agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act, 1940, no fé fhorálacha ailt 46 den achtachán atá i bhfeidhm anois sa Bhreatain Mhóir agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act, 1941 aon fhaoiseamh o dhiúité estáit is iníoctha sa Bhreatain Mhóir i Jeith bás an duine sin do thabhairt maidir le maoin sa Bhreatain Mhóir d'aistrigh no aistreoidh ar an mbás san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteannta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, a lomháil go n-asbhainfear as an diúité estáit a bheidh fé n-a gcúram agus a mbainistighe agus is iníoctha i leith an bháis sin agus maidir leis an maoin sin an méid céanna dob ionasbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (b) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag no éagfaidh an ladh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndéantar, fé fhorálacha ailt 7 den-achtachán atá i bhfeidhm anois i dTuaisceart Éireann agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act (Northern Ireland), 1940, no fé fhorálacha ailt 4 den achtachán atá i bhfeidhm anois i dTuaisceart Éireann agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act (Northern Ireland), 1941, aon fhaoiseamh o dhiúité estáit is iníoctha i dTuaisceart Éireann i leith bás an duine sin do thabhairt maidir le maoin i dTuaisceart Éireann d'aistrigh no aistreoidh ar an mbás san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteannta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (d) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, a lomháil go n-asbhainfear as an diúité estáit a bheidh fé n-a gcúram agus a mbainistighe agus is iníoctha i leith an bháis sin agus maidir leis an maoin sin an méid céanna dob ionasbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (d) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so.

Alt 26 den Acht Airgeadais, 1940 , do leasú.

11. —Léireofar fo-alt (2) d'alt 26 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá mbeadh an abairt “mír (d)” in ionad na habairte “mír (b)” gach áit ina bhfuil an abairt sin is déanaighe sa bhfo-alt san.

CUID IV.

Cain Bhrabuis Chorparaide.

Forálacha maidir le cuideachtana áirithe thosnuigh ar ghnó fé bhun dhá bhlian roimh an 31adh Lúnasa, 1939.

12. —(1) Aon chuideachta do thosnuigh ar a dtrádáil no a ngnó os cionn bliana ach fé bhun dhá bhlian roimh an 31adh lá de Lúnasa, 1939. agus ná raibh ann ina dtaobh aon bhliain trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa 1939 féadfaid, tré iarratas i scríbhinn do chur chun na gCoimisinéirí Ioncuim, a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim a chinneadh cadé brabús na cuideachtan san in aghaidh na tréimhse de dhá mhí déag dar thosach an dáta ar ar thosnuigh an chuideachta san ar a dtrádáil no a ngnó.

(2) Aon uair a chuirfidh cuideachta iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun na gCoimisinéirí Ioncuim, bhéarfaidh an chuideachta san do na Coimisinéirí Ioncuim pé cuntais agus sonnraí agus eolas iarrfaid ortha chun go bhféadfaid déanamh do réir an iarratais sin, agus air sin, más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur féidir dóibh meastachán cóir do dhéanamh, as na cuntais agus na sonnraí agus an t-eolas a bheidh tugtha amhlaidh ag an gcuideachtain sin, ar bhrabús na cuideachtan san in aghaidh na tréimhse de dhá mhí dhéag dar thosach an lá thosnuigh an chuideachta san ar a dtrádáil no a ngnó, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim cadé brabús na cuideachtan san in aghaidh na tréimhse sin de dhá mhí déag agus déanfaid an cinneadh sin agus a mhéid do chur in úil i scríbhinn don chuideachtain sin.

(3) I gcás ina mbeidh cinnte ag na Coimisinéirí Ioncuim, fé na forálacha san roimhe seo den alt so, cadé brabús cuideachtan in aghaidh na tréimhse de dhá mhí dhéag a luaidhtear sna forálacha san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas d'ainneoín éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 38 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), sé sin le rá:—

(a) isé brabús caighdeánach na cuideachtan san chun crícheanna Coda V den Acht san ná méid brabúis na cuideachtan san ar n-a chinneadh amhlaidh no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(b) bainfidh mír (d) d'fho-alt (1) den alt san 38 agus fo-alt (2) den alt san leis an gcuideachtain sin fé is dá mbaineadh ceann de na míreanna (a), (b), agus (c) den fho-alt san (1) leis an gcuideachtain sin agus gur dá réir sin a háirmheofaí brabús caighdeánach na cuideachtan san.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh no thosnóidh i ndiaidh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus fós maidir leis an gcuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1941, de thréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis.

Brabús caighdeánach cuideachtan do tháinig i gcomharbas gnótha chuideachtan eile.

13. —(1) I gcás—

(a) cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta chomharbais san alt so) do theacht i gcomharbas na trádála no an ghnótha go léir do bhí, díreach roimh an teacht i gcomharbas san, ar siúl ag cuideachtain eile (dá ngairmtear an chuideachta réamhtheachtach san alt so), agus

(b) an chuideachta chomharbais d'ionchorprú chun na trádála no an ghnótha do bhí ar siúl amhlaidh ag an gcuideachtain réamhtheachtach d'fháil agus do ghlacadh amhlaidh, agus

(c) an trádáil no an gnó do bhí ar siúl ag an gcuideachtain réamhtheachtach do bheith ar siúl ag an gcuideachtain chomharbais tar éis an teacht i gcomharbas san, agus

(d) gan trí bliana trádála as a chéile ar chríochnuigh an bhliain deiridh díobh an 31adh lá de Lúnasa, 1939, do bheith ag an gcuideachtain chomharbais,

féadfar, ar iarratas ón gcuideachtain chomharbais, an brabús so leanas d'áireamh mar bhrabús leis an gcuideachtain chomharbais d'fhonn brabús caighdeánach na cuideachtan san d'áireamh, sé sin le rá, an brabús do rinneadh in aon bhliain trádála no blianta trádála agus fhéadfaí thabhairt i gcuntas, d'fhonn brabús caighdéanach na cuideachtan réamhtheachtaighe d'fhionnachtain, dá mba ná tárlódh an comharbas san agus go leanfadh an chuideachta réamhtheachtach den trádáil no an gnó san do bheith ar siúl aca agus go dtiocfaidís chun bheith ionchurtha fé cháin bhrabúis chorparáide bhreise maidir le brabús an ghnótha san.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus ina dtabharfar éifeacht don iarratas san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le brabús na cuideachtan comharbais d'eirigh in aon tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta d'fhionnachtain chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ag alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), ar n-a leasú leis an Acht so;

(b) más cuideachta go leas urlámhach ag á stiúrthóirí inti an chuideachta chomharbais, ní raghaidh méid iomlán na n-asbhaintí is ion-lomhálta alos luach saothair na stiúrthóirí thar méid iomlán na n-asbhaintí lomhálfar alos luach saothair na stiúrthóirí nuair a bheidh brabús caighdeánach na cuideachtan comharbais á fhionnachtain;

(c) déanfar, i gcás inar gá san, méid aon asbhainte mar gheall ar chaitheamh no athnuachaintí no seandú aon inneallra no gléasra do fuair an chuideachta chomharbais ón gcuideachtain réamhtheachtach do laghdú i slí áiritheoidh nach mó an asbhaint sin ná an asbhaint do lomhálfaí alos an inneallra no an ghléasra san dá mbeifí á fhionnachtain, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, cadé brabús na cuideachtan réamhtheachtaighe dá leanadh an chuideachta san de bheith ag gabháil, i rith na tréimhse cuntasaíochta iomchuibhe no aon choda dhi, don trádáil no don ghnó luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo adubhradh agus go gcoinneoidís an t-inneallra agus an gléasra san chun crícheanna na trádála no an ghnótha san a mbeifí ag gabháil dó amhlaidh.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar tosach an ladh lá d'Eanar, 1941, no dáta dá éis sin agus maidir leis an gcuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, d'aon tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941.

Forálacha maidir le heasnaimh bhrabúis i dtréimhsí cuntasaíochta áirithe.

14. —(1) Chun crícheanna an ailt seo is tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir gach tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dáta dá éis sin, agus fós an chuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, de thréimhse chuntasaíochta do thosnuigh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis, agus déanfar an abairt “tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir” do léiriú dá réir sin san alt so.

(2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe easnamh brabúis do bheith ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir i gcás brabús na cuideachtan san, in aghaidh na tréimhse sin, ar n-a áireamh chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, do bheith níos lugha ná brabús caighdeánach na cuideachtan san no caillteanas do bheith ar an gcuideachtain sin sa tréimhse sin no gan an chuideachta san do dhéanamh brabúis ná caillteanas do bheith ortha sa tréimhse sin, agus déanfar tagairtí san alt so d'easnamh brabúis do léiriú dá réir sin.

(3) I gcás easnamh brabúis do bheith ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, gurb é is méid don easnamh bhrabúis sin ná—

(a) má bhíonn an chuideachta san tar éis brabús do dhéanamh sa tréimhse sin—an méid dar lugha an brabús san ná brabús caighdeánach na cuideachtan san, no

(b) má bhíonn caillteanas tar éis a bheith ar an gcuideachtain sin sa tréimhse sin—iomlán méide an chaillteanais sin agus brabúis chaighdeánaigh na cuideachtan san, no

(c) má bhíonn an chuideachta san gan aon bhrabús do dhéanamh ná aon chaillteanas do bheith ortha sa tréimhse sin—méid brabúis chaighdeánaigh na cuideachtan san.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach easnamh brabúis a bheidh ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir, sé sin le rá:—

(a) aon uair a bheidh easnamh brabúis ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir, úsáidfear an t-easnamh brabúis sin, faid a ragha sé, chun laghdú do dhéanamh ar an méid iomlán de bhrabús na cuideachtan san dob ionehurtha fé cháin bhrabúis chorparáide bhreise i ngach ceann roimhe sin (má b'ann) de thréimhsí cuntasaíochta ionmhuirir na cuideachtan san no, maran lugha an t-easnamh brabúis sin ná an méid iomlán san, chun an méid sin do mhúchadh, agus i gcás ná déanfar, toisc an t-easnamh brabúis sin do bheith níos mó ná an méid iomlán san, an t-easnamh brabúis sin d'ídiú de chionn na húsáide sin no i gcás nach féidir, toisc gan aon tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir do bheith ann roimhe sin maidir leis an gcuideachtain sin, an t-easnamh brabúis sin d'úsáid amhlaidh ar aon chor, déanfar an t-easnamh brabúis sin no an méid sin de bheidh fanta tar éis na húsáide sin (do réir mar a bheidh) do thabhairt ar aghaidh agus déanfar, sa chéad tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir eile de chuid na cuideachtan san ina mbeidh brabús is ionchurtha fé cháin bhrabúis chorparáide bhreise ag an gcuideachtain sin, é d'úsáid, faid a ragha sé, chun an bhrabúis sin do laghdú no (más féidir) do mhúchadh agus, mara mbeidh an t-easnamh brabúis sin ídithe dá chionn san leanfar den tabhairt-ar-aghaidh agus de na próiseasaí eile sin go dtí go mbeidh an t-easnamh brabúis sin ídithe dá chionn;

(b) aon uair a bheidh easnamh brabúis (dá ngairmtear an t-easnamh is luaithe sa mhír seo) ar an gcuideachtain sin i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir agus a bheidh easnamh brabúis eile (dá ngairmtear an t-easnamh is déanaighe sa mhír seo) ar an gcuideachtain sin i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir ina dhiaidh sin agus, an tráth a thárlóidh an t-easnamh is déanaighe, ná beifear tar éis an t-easnamh is luaithe d'úsáid fén mír sin roimhe seo den fho-alt so no (má bítear tar éis é úsáid amhlaidh) ná beidh sé ídithe de chionn na húsáide sin, déanfar an t-easnamh is déanaighe d'adú (do réir mar is oiriúnach) leis an easnamh is luaithe no le pé méid den easnamh is luaithe bheidh fanta tar éis na húsáide sin agus déanfar an méid do gheobhfar de bharr an aduithe sin d'úsáid do réir na míre sin roimhe seo adubhradh fé is dá mb'easnamh brabúis aonair é;

(c) beidh feidhm ag an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, gus na modhnuithe uirthi is gá, aon uair a thárlóidh, i gcás le n-a mbaineann an mhír sin, dhá easnamh bhrabúis no níos mó do bheith ar an gcuideachtain sin sara mbeifear tar éis easnamh brabúis is luaithe d'úsáid fé mhír (a) den fho-alt so no sara mbeidh an t-easnamh brabúis is luaithe sin (má bítear tar éis é úsáid amhlaidh) ídithe de chionn na húsáide sin;

(d) déanfar na méideanna so leanas do dhúnadh amach o áireamh an mhéid iomláin a luaidhtear i mír (a) den fho-alt so, sé sin le rá, an méid de bhrabús uile (más ann) na cuideachtan san do múchadh, tráth ar bith roimh an áireamh san do dhéanamh, fé na forálacha san roimhe seo den fho-alt so agus na méideanna uile (más ann) dá ndearnadh, tráth ar bith roimh an áireamh san do dhéanamh, brabús na cuideachtan san do laghdú fé na forálacha san roimhe seo adubhradh.

(5) D'fhonn a dhéanamh amach cé aca bhí no ná raibh easnamh brabúis ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir is lugha ná dhá mhí dhéag agus d'fhonn a áireamh cadé méid an easnaimh bhrabúis sin (má b'ann), is tuigthe gurb ionann brabús caighdeánach na cuideachtan san agus an tsuim a mbeidh idir í agus brabús caighdeánach na cuideachtan san, ar n-a áireamh fé Chuid V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , agus fén gCuid seo den Acht so, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir sin agus dhá mhí dhéag.

(6) Déanfar caillteanas cuideachtan i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir d'áireamh chun crícheanna an ailt seo sa tslí inar gá do réir dlí brabús d'áireamh chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú.

(7) Aon fhaoiseamh a dtiocfaidh cuideachta chun bheith i dteideal chuige de bhuadh an ailt seo bhéarfar é tré aisíoc no ar shlí eile.

(8) Beidh ag fo-alt (6) d'alt 56 den Finance Act, 1920. agus fós ag oiread d'fho-alt (7) den alt san, agus de na rialacháin ar n-a ndéanamh fé, a bhaineann le hathchomhairc, feidhm agus éifeacht, gus na modhnuithe ortha is gá, maidir le faoiseamh do thabhairt fén alt so (le n-a n-áirmhítear méid aon fhaoisimh den tsórt san) sa tslí ina mbainid le cáin bhrabúis chorparáide bhreisé do mheas.

Alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú.

15. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas isteach ann in ionad na míre (c) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(c) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus ina ionad san déanfar mír (a) den phrovíso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail ‘two thousand, five hundred pounds’ isteach ann in ionad na bhfocal ‘five hundred pounds’ gach áit ina bhfuil na focail sin is déanaighe luaidhtear sa mhír sin.”

Alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú.

16. —(1) Déanfar alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad an fho-ailt (2) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(2) Is tuigthe chun crícheanna an ailt seo gurb é is íocaíochta caighdeánacha cuideachtan alos díbhinní agus úis in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta ná an méid is gá chun an méid sin aca so leanas is mó do sholáthar, sé sin le rá:—

(a) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:—

(i) na díbhinní ar stoc no scaireanna tosaíochta íoctha na cuideachtan do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha na díbhinní sin, agus

(ii) díbhinní do réir sé fén gcéad sa bhliain ar ghnáthstoc no gnáth-scaireanna íoctha na cuideachtan, agus

(iii) ús ar bhintiúirí no ar stoc bhintiúra na cuideachtan (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhaine) do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha an t-ús san, no

(b) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:—

(i) díbhinní ar stoc no scaireanna tosaíochta íoctha na cuideachtan, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus

(ii) díbhinní ar ghnáth-stoc no gnáth-scaireanna íoctha na cuideachtan, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus

(iii) ús ar bhintiúirí no ar stoc bhintiúra na cuideachtan (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhaine), más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain.”

(2) Nuair a bheidh áireamh á dhéanamh, fé fho-alt (2) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), (ar n-a leasú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so), ar íocaíochta caighdeánacha alos díbhinní agus úis in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta cuideachtan eiseoidh caipital tar éis an 6adh lá de Bhealtaine, 1942, agus roimh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar an abairt “ráta socair”, gach áit ina bhfuil sí sa bhfo-alt san (2) (ar n-a leasú amhlaidh), do léiriú agus beidh éifeacht aicí maidir leis na díbhinní no leis an ús ar an gcaipital san a heiseofar amhlaidh no ar aon chuid den chaipital san—

(i) más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca sa leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús san (do réir mar a bheidh) no ráta seacht go leith fén gcéad sa bhliain, no

(ii) más ar an 1adh lá d'Eanar, 1934, no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca so leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús san (do réir mar a bheidh) no ráta naoi fén gcéad sa bhliain;

(b) mara ndéanaidh na Coimisinéirí Ioncuim mar gheall ar thosca speisialta a mhalairt d'ordú in aon chás áirithe, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-mhír aca so leanas is infheidhme sa chás, sé sin le rá:—

(i) másé an chéad eisiúint chaipitail ag an gcuideachtain sin an caipital san do heisíodh amhlaidh agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim an caipital san do bheith lán-ionaduithe ag sócmhainní tadhaill do bhí ar únaeracht ag an gcuideachtain sin an tráth do heisíodh an caipital san, déanfar an méid sin (pé aca cuid no an t-iomlán é) den chaipital san ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ionaduithe amhlaidh do dhúnadh amach agus d'asbhaint o chaipital na cuideachtan san chun na críche bhaineann le háireamh na n-íocaíocht caighdeánach san alos díbhinní agus úis agus, má bhíonn níos mó ná aon tsaghas amháin caipitail sa chaipital san, déanfar an méid den chaipital san a bheidh le dúnadh amach agús le hasbhaint mar adubhradh do chionroinnt go rátúil ar na saghsanna éagsúla den chaipital san, no

(ii) marab í an chéad eisiúint chaipitail ag an gcuideachtain sin an caipital do heisíodh amhlaidh agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim méadú do bheith tagtha, le linn an chaipitail sin do heisíodh amhlaidh d'éisiúint, ar shócmhainní tadhaill na cuideachtan san ar lán-choibhneas le méid an chaipitail sin, déanfar an méid sin (pé aca cuid no an t-iomlán é) den chaipital san do heisíodh amhlaidh agus ná fuil lán-ionaduithe ag an méadú san ar na sóchmainní tadhaill sin do dhúnadh amach agus d'asbhaint o chaipital na cuideachtan san chun na críche bhaineann le háireamh na n-íocaíocht caighdeánach san alos díbhinní agus úis agus, má bhíonn níos mó ná aon tsaghas amháin caipitail sa chaipital san do heisíodh amhlaidh, déanfar an méid den chaipital san a bheidh le dúnadh amach agus le hasbhaint mar adubhradh do chionroinnt go rátúil-ar na saghsanna éagsúla den chaipital san;

(c) sa bhfo-alt so—

(i) déanfar stoc no scaireanna tosaíochta, gnáth-stoc no gnáth-scaireanna agus bintiúirí no stoc bintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhainc) agus ní héinní eile d'áireamh mar chaipital, agus léireofar an focal “caipital” dá réir sin,

(ii) is tuigthe gurb é is méid aon chaipitail áirithe ná a mhéid ainmniúil,

(iii) is tuigthe gur saghas éagsúil caipitail stoc no scaireanna tosaíochta, gnáth-stoc no gnáth-scaireanna agus bintiúirí no stoc bintiúra (seachas mar adubhradh) fé seach.

Alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú.

17. —(1) Déanfar alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad an fho-ailt (3) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(3) I bhfo-alt (1) den alt so, cialluíonn an abairt ‘íocaíochta caighdeánacha alos na heisiúna nua san’ an méid is gá chun pé méid aca so leanas is mó do sholáthar, sé sin le rá:—

(a) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:—

(i) na díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den stoc, no de na scaireanna, tosaíochta íoctha san do bhí san eisiúint nua san—do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha na díbhinní sin, agus

(ii) díbhinní do réir sé fén gcéad sa bhliain ar an méid sin (más aon mhéid é) den ghnáth-stoc, no de na gnáth-scaireanna, íoctha san do bhí san eisiúint nua san, agus

(iii) ús ar an méid sin (más aon mhéid é) de na bintiúirí no den stoc bhintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra do heisíodh le cur in ionad a gcó-mhéid sin de bhintiúirí no de stoc bhintiúra do heisíodh roimh dheireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939) do bhí san eisiúint nua san—do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha an t-ús san, no

(b) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:—

(i) díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den stoc, no de na scaireanna, tosaíochta íoctha san do bhí san eisiúint nua san, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus

(ii) díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den ghnáth-stoc, no de na gnáth-scaireanna, íoctha san do bhí san eisiúint nua san, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus

(iii) ús ar an méid sin (más aon mhéid é) de na bintiúirí no den stoc bhintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra do heisíodh le cur in ionad a gcó-mhéid sin de bhintiúirí no de stoc bhintiúra do heisíodh roimh dheireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939) do bhí san eisiúint nua san, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain.”

(2) Nuair a bheidh áireamh á dhéanamh, fé fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), (ar n-a leasú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so), ar na híocaíochta caighdeánacha alos stuic no scair-chaipitail no bintiúirí no stuic bhintiúra dá ugairmtear an eisiúint nua san alt san in aon tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta, déanfar an abairt “ráta socair”, gach áit ina bhfuil sí sa bhfo-alt san (3) (ar n-a leasú amhlaidh), do léiriú agus beidh éifeacht aici maidir le díbhinní no ús ar an méid sin (pé aca is cuid no an t-iomlán é) den eisiúint nua san do rinneadh tar éis an 6adh lá de Bhealtaine, 1942, agus roimh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta—

(a) más roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca so leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús (do réir mar a bheidh) ar ina leith a húsáidtear an abairt sin no ráta seacht go leith fén gcéad sa bhliain, no

(b) más ar an ladh lá d'Eanar, 1934, no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca so leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús (do réir mar a bheidh) ar ina leith a húsáidtear an abairt sin no ráta naoi fén gcéad sa bhliain.

Alt 43 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú.

18. —(1) Leasuítear leis seo alt 43 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), tríd an bhfo-mhír (ii) seo leanas do chur isteach i mír (a) de in ionad na fo-mhíre (ii) atá anois sa mhír sin, sé sin le rá:—

“(ii) méid an luach saothair do lomháladh nuair do bhí brabús caighdeánach na cuideachtan san á chinneadh no do lomhálfaí amhlaidh dá mbeadh gach tagairt do shuim dhá mhíle agus cúig céad punt scriosta, nuair do bhí an brabús caighdeánach san á chinneadh, as na forálacha sa Chuid seo den Acht so bhaineann le brabús caighdeánach do chinneadh;”.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht maidir le gach tréimhse chuntasaíochta chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1941, ag an leasú déantar ar an alt san 43 leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

Oibriú forálacha áirithe i gcás cáinmheasa dheiridh.

19. —I gcás foráil dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so do bhaint le tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh roimh dháta an Achta so do rith (pé aca a bhaineann no ná baineann freisin le tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta dar críoch an dáta san no dáta dá éis), féadfar éifeacht do thabhairt don fhoráil sin maidir le haon tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta den tsórt san do chríochnuigh roimh an dáta san d'ainneoin cáinmheas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta do bheith tagtha chun bheith ina cháinmheas dheiridh.

An Chuid seo den Acht so do léiriú.

20. —Léighfear agus léireofar le chéile an Chuid seo den Acht so agus Cuid V den Finance Act, 1920, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus, go sonnrach, léighfear agus léireofar le chéile í féin agus Cuid V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) .

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Diúité stampa ar cheadúnas bhancaera.

21. —(1) Déanfar diúité stampa de phunt d'éileamh agus d'íoc ar gach ceadúnas bancaera.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “ceadúnas bancaera” ceadúnas chun gnó bancaerachta do sheoladh ar n-a thabhairt amach ag na Coimisinéirí Ioncuim fé Acht ar n-a rith ag an Oireachtas sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1942.

Alt 29 den Acht Airgeadais, 1940 , do leasú.

22. —(1) Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo gur oibrigh an fheidhm a tugadh, tré alt 29 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), maidir le Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann, do na reachtanna agus na horduithe agus na rialacháin reachtúla luaidhtear san alt san chun a údarú airgead leis an mBanc san do shuncáil (pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) in aon cheann amháin no níos mó de na stuic, na cistí, agus na hurrúsanna atá orduithe le dlí, le linn an Achta so do rith, chun iarmhéideanna i gcreidiúnas do Chiste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) do shuncáil ionta.

(2) San alt so tá leis an abairt “Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann” an bhrí chéanna atá léi san alt san 29 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) .

Alt 31 den Acht Airgeadais, 1910, do leasú.

23. —(1) Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), do leasú agus do mhodhnú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) an scur a déantar ar alt 3 den Savings Banks Act, 1880, le mír (c) den fho-alt san (3) beidh feidhm aige agus is tuigthe feidhm do bheith riamh aige maidir leis an alt san sa mhéid go mbaineann sé le lóisteála do shuncáil agus sa mhéid sin amháin;

(b) déantar leis seo na comhachta do bheirtear don Aire Airgeadais le míreanna (e), (f), agus (g) den fho-alt san (3) d'aistriú chun an Aire Puist agus Telegrafa agus isé fheidhmeoidh feasta iad (fé réir na céad mhíre ina dhiaidh seo den fho-alt so), agus déanfar an abairt “an tAire” do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin gach áit ina bhfuil sí in aon mhír aca san;

(c) ní dhéanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa aon rialacháin fén mír sin (f) den fho-alt san (3) gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo maidir leis na reachtanna agus na horduithe, na rialacha, agus na rialacháin reachtúla uile agus fé seach i dtaobh bancanna taisce iontaobhais do bhí i bhfeidhm díreach roimh bhunú Shaorstáit Éireann gur leanadar de bheith i bhfeidhm ar an lá agus tar éis an lae do ceapadh fé alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 , chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt sin, ach san fé réir forálacha an ailt sin 31 ar n-a leasú leis an alt so.

(3) Féadfaidh an tAire Puist agus Telegrafa o am go ham le hordú, ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, pé oiriúnuithe agus modhnuithe do dhéanamh (pé aca tré adú no leigint-ar-lár no athrú é) ar na reachtanna agus na horduithe agus na rialacha agus na rialacháin reachtúla uile agus fé seach dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun na reachtanna, na horduithe, na rialacha, agus na rialacháin sin do riaradh go caothúil éifeachtúil no chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do thabhairt dóibh ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta agus ailt 31 (ar n-a leasú leis an alt so) den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , ach ní i slí a dhéanfaidh dochar ná deifir d'aon cháin no diúité is iníoctha leis an bPrímh-Chiste no chun tairbhe an Phrímh-Chiste.

(4) An tsaoirse o cháin do bheirtear le mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, do bhainc thaisce bheidh deimhnithe fén Savings Bank Act, 1863, bainfe sí le hús agus díbhinní o shuncálanna airgid i gcreidiúnas don chuntas speisialta ar n-a oscailt de bhun fo-ailt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), agus is tuigthe í do bhaint leo amhlaidh amhail ar an lá, agus ón lá, do ceapadh fén alt san 31 chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt sin.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

24. —D'fhonn airgead do sholáthar chun éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste, agus leis, an tráth no na trátha san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943, agus sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Deireadh do chur le cáinmheasa chun diúité bhrahúis bhreise.

25. —D'ainneoin éinní atá in aon achtachán dá bhfuil i bhfeidhm anois, ní déanfar aon cháinmheas ná cáinmheas breise chun diúité bhrabúis bhreise tar éis dáta an Achta so do rith.

Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe.

26. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

27. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteannta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteannta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1942, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.