30 1940


Uimhir 30 de 1940.


ACHT NA gCOLÁISTÍ OLLSCOILE, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS AN RIAGHALTAIS FAIDIÚ DO DHÉANAMH LE hORDÚ AR THÉARMAÍ OIFIGE BALL DE CHÓLUCHTA RIALUITHE CHOLÁISTE NA hOLLSCOILE, BAILE ÁTHA CLIATH, CHOLÁISTE NA hOLLSCOILE, CORCAIGH, AGUS CHOLÁISTE NA hOLLSCOILE, GAILLIMH. [30adh Deire Fómhair, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “coláiste le n-a mbaineann an tAcht so” aon cheann de sna coláistí seo leanas, sé sin le rá, Coláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh;

foluíonn an abairt “téarma oifige” téarma oifige ar n-a fhaidiú de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh no orduithe ar n-a ndéanamh fén Acht so.

Téarma oifige d'fhaidiú.

2. —(1) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, téarma oifige na mball a bheidh, ar dháta an orduithe sin, in oifig mar bhaill de Chólucht Rialuithe aon choláiste le n-a mbaineann an tAcht so do bheith faidithe go dtí dáta luadhfar agus nach déanaighe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a dtiocfadh deireadh an téarma oifige sin mara mbeadh an t-ordú san, agus, leis sin agus d'ainneoin éinní atá in aon achtachán (ar a n-áirmhítear aon chairt a bhaineann leis an gcoláiste sin agus aon reacht den chéanna), beidh téarma oifige na mball san faidithe go dtí an dáta luadhfar amhlaidh.

(2) Ní déanfar aon ordú fén alt so ach amháin ar iarratas an Chóluchta Rialuithe gur le n-a bhaill a bhainfeadh an t-ordú san.

(3) Má fágtar gan déanamh, roimh dháta orduithe ar n-a dhéanamh fén alt so maidir le baill Chóluchta Rialuithe choláiste le n-a mbaineann an tAcht so, éinní áirithe, i dtaobh baill d'ainmniú agus do cheapadh agus do thoghadh ba ghá d'ainmniú agus do cheapadh agus do thoghadh mara mbeadh an t-ordú san, a bheidh orduithe le reachta an choláiste sin a dhéanamh, is tuigthe é bheith ceart an ní sin d'fhágaint gan déanamh.

Orduithe do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

3. —Gach ordú déanfar fén Acht so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar Acht na gColáistí Ollscoile, 1940 , do ghairm den Acht so.