13 1940


Uimhir 13 de 1940.


ACHT UM INSTITIÚID ARD-LÉIGHINN, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN INSTITIÚIDE ARD-LÉIGHINN, A BHEIDH CÓ-DHÉANTA DE SCOIL LÉIGHINN CHEILTIGH AGUS DE SCOIL FISICE TEOIRICIÚLA, DO BHUNÚ AGUS DO CHOTHABHÁIL I mBAILE ÁTHA CLIATH, CHUN A ÚDARÚ SCOILEANNA DO BHRAINSÍ EILE LÉIGHINN DO CHUR LEIS AN INSTITIÚID SIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [19adh Meitheamh, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais;

cialluíonn an abairt “an Institiúid” Institiúid Ard-Léighinn Bhaile Atha Cliath a bunuítear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “Có-Scoil” scoil is cuid den Institiúid agus a bheidh bunuithe fén Acht so le hordú bunúcháin;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na hInstitiúide;

nuair a húsáidtear an focal “scoil” sa chó-fhocal “Có-Scoil”, no maidir le Có-Scoileanna i gcoitinne, foluíonn sé aon chólucht no cóghléasadh bheidh oiriúnuithe chun árd-staidéar i sanbhrainse eolais do chur chun cinn agus chun taighde sa bhrainse eolais sin do dhéanamh, agus a bheidh inniúil chuige sin.

An Institiúid do bhunú.

2. —(1) Bunuítear leis seo institiúid árd-léighinn, ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Institiúid Ard-Léighinn Bhaile Atha Cliath no (i mBéarla) the Dublin Institute for Advanced Studies, chun na bhfeidhmeanna ceaptar di leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Institiúid ina cólucht corparuithe go síorchomharbas agus fós go gcó-shéala agus go gcomhacht chun lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe agus chun talamh do shealbhú agus do chur de láimh, agus féadfar an cólucht do lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe.

(3) Is i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath a bheidh an Institiúid suidhte.

Feidhmeanna na hInstitiúide.

3. —(1) Isiad feidhmeanna na hInstitiúide ná saoráidí do chur ar fáil chun árd-staidéar i san-bhrainsí eolais do chur chun cinn agus chun taighde sna brainsí eolais sin do dhéanamh, agus chun toradh árd-staidéir agus taighde, pé aca fé choimirce na hInstitiúide no eile bheidh san ar siúl, d'fhoillsiú.

(2) Na saoráidí luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, is tré Chó-Scoileanna le haghaidh san-bhrainsí deifriúla eolais a cuirfear iad ar fáil.

Có-Scoileanna do bhunú agus do dhí-bhunú.

4. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an Riaghaltas, san am chéanna no i ndiaidh a chéile, fén Acht so—

(a) Có-Scoil dá ngairmfear Scoil an Léighinn Cheiltigh no (i mBéarla) the School of Celtic Studies, agus

(b) Có-Scoil dá ngairmfear Scoil na Fisice Teoiriciúla no (i mBéarla) the School of Theoretical Physics.

(2) Pé uair a chífear don Riaghaltas gurb é leas na puiblíochta Có-Scoil (seachas na Có-Scoileanna luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) do bhunú, chun árd-staidéar i sanbhrainse áirithe eolais do chur chun cinn agus chun taighde sa bhrainse eolais sin do dhéanamh, agus a bheidh gach Tigh den Oireachtas tar éis a aontú, tré rún, leis an gCó-Scoil sin do bhunú, féadfaidh an Riaghaltas Có-Scoil do bhunú fén Acht so chun na gcrícheanna san.

(3) Pé uair a chífear don Riaghaltas gurb é leas na puiblíochta Có-Scoil (seachas na Có-Scoileanna luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so) do dhí-bhunú agus a bheidh gach Tigh den Oireachtas tar éis a aontú, tré rún, leis an dí-bhunú san, dí-bhunóidh an Riaghaltas an Chó-Scoil sin fén Acht so.

Feidhmeanna agus dualgaisí na gCó-Scoileanna.

5. —(1) Isiad feidhmeanna agus dualgaisí Scoil an Léighinn Cheiltigh ná léigheann Ceilteach do chur ar aghaidh go generálta, agus, go sonnrách, ach gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin—

(a) abhar atá i láimhscríbhinní Gaedhilge atá ann fós do scrúdú agus d'eagrú agus d'fhoillsiú;

(b) staidéar do dhéanamh ar ghramadach agus ar fhoclóireacht agus ar fhiollaíocht na Sean-Ghaedhilge, agus na Meán-Ghaedhilge, agus na Nua-Ghaedhilge;

(c) foghraíocht beo-chanúintí na Gaedhilge do scrúdú agus an Ghaedhilg mar a labhartar í do chur ar breacadh;

(d) log-ainmneacha na hÉireann do bhailiú agus staidéar do dhéanamh ortha;

(e) staidéar do dhéanamh ar stair shóisialta na hÉireann agus fós ar gach brainse de stair na hÉireann gur gá eolas ar an nGaedhilg chun lorgaireachta ina taobh;

(f) oibreacha i dtaobh aon abhair dá luaidhtear i mír ar bith aca san roimhe seo den fho-alt so, maraon le hoibreacha eile is deallrathach do bhéarfadh gur coitinne bheadh eolas ar na teangthacha Ceilteacha agus ar litríochta na dteangan san agus ar chúlradh chultúrtha agus shóisialta na síbhialtachta Ceiltighe, d'ullmhú agus do mholadh don Chomhairle chun a bhfoillsithe;

(g) mic léighinn árd-chúrsa d'oiliúint i modhanna taighde in aon abhar aca san;

(h) semináir agus cóchomhairlí agus léigheachta, maidir leis na teangthacha Ceilteacha agus le litríochta na dteangan san agus, go sonnrách, maidir le cursaí ina mbeadh suim ag lucht déanta staidéir ar an nGaedhilg agus ar a litríocht, do bhunú;

(i) saoráidí, chun árd-staidéar agus taighde do dhéanamh i léigheann Ceilteach, do chur ar fáil d'ollamhain agus do léigheachtaithe ollscoile bheidh ar saoire o n-a ndualgaisí acadamhúla;

(j) a chur mar chúram ar scoláirí inniúla, pé aca bheidh baint aca leis an Institiúid no ná beidh, a ghabháil de láimh oibreacha ar léigheann Cheilteach do scríobhadh no d'eagrú, agus san ar luach saothair no dá éamuis;

(k) cabhrú le taighde i léigheann Ceilteach i dtíortha eile agus malairtiú do dhéanamh maidir le mic léighinn árd-chúrsa sa léigheann san anso agus sna tíortha san;

(l) na feidhmeanna agus na dualgaisí eile sin, maidir le léigheann Ceilteach, a chinnfidh Bord Rialúcháin na Scoile o am go ham.

(2) Isiad feidhmeanna agus dualgaisí Scoil na Fisice Teoiriciúla ná—

(a) prinsiobail mhatamaiticeacha na feallsúnachta nádúrtha do scrúdú agus na prinsiobail sin do chur i bhfeidhm ar an ngrúpa fisiceach agus ceimiceach de sna heolaíochta agus ar an ngeoifisic agus ar an domhaneolaíocht;

(b) mic léighinn árd-chúrsa d'oiliúint i modhanna taighde bhunúil sa ghrúpa san de sna heolaíochta agus sa ngeoifisic agus sa domhan-eolaíocht;

(c) saoráidí, chun árd-staidéar agus taighde do dhéanamh sa bhfisic theoiriciúil, do chur ar fáil d'ollamhain agus do léigheachtaithe ollscoile bheidh ar saoire o n-a ndualgaisí acadamhúla;

(d) seimináir agus cóchomhairlí agus léigheachta, maidir le cúrsaí bhaineann leis an bhfisic theoiriciúil agus atá ar fhoirimeall an eolais, do bhunú;

(e) tuarasgabhála ar eolas nua i réim na fisice teoiriciúla, agus go sonnrách tuarasgabhála ar eolas nua den tsórt san do gheobhfar de thoradh obair eolaíochta na Scoile, d'ullmhú agus do mholadh don Chomhairle chun a bhfoillsithe;

(f) a chur mar chúram ar scoláirí inniúla, pé aca bheidh baint aca leis an Institiúid no ná beidh, a ghabháil de láimh oibreacha ar an bhfisic theoiriciúil do scríobhadh no d'eagrú, agus san ar luach saothair no dá éamais;

(g) na feidhmeanna agus na dualgaisí eile sin, maidir leis an bhfisic theoiriciúil, a chinnfidh Bord Rialúcháin na Scoile o am go ham.

(3) Gach Có-Scoil a bheidh ann, seachas Scoil an Léighinn Cheiltigh agus Scoil na Fisice Teoiriciúla, beidh na feidhmeanna san aice agus na dualgaisí sin uirthe ceapfar di, leis an ordú bunúcháin a bhainfidh léi, no le hordú ag leasú an orduithe sin.

An modh chun Có-Scoileanna do bhunú agus do dhí-bhunú.

6. —(1) Is le hOrdú (dá ngairmtear ordú bunúcháin san Acht so) ar n-a dhéanamh ag an Riaghaltas, agus é do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an gcéanna, a bunófar gach Có-Scoil fé leith.

(2) Déanfar ordú bunúcháin fé leith alos gach Có-Scoile fé leith.

(3) Féadfaidh an Riaghaltas, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Bord Rialúcháin Chó-Scoile, an t-ordú bunúcháin le n-ar bunuíodh an scoil sin do leasú le hordú, agus féadfaid aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so do leasú le hordú ar n-a dhéanamh tar éis dóibh dul i gcomhairle amhlaidh.

(4) Is le hordú (dá ngairmtear ordú dí-bhunúcháin san Acht so) ar n-a dhéanamh ag an Riaghaltas a dí-bhunófar Có-Scoil is dleathach do dhí-bhunú fén Acht so.

(5) Féadfaidh na forálacha san uile do bheith in ordú díbhunúcháin a chífear don Riaghaltas do bheith riachtanach no ceart agus a ghabhas le dí-bhunú na Có-Scoile le n-a mbainfidh an t-ordú san no leanas as an dí-bhunú san.

(6) Gach ordú dhéanfaidh an Riaghaltas fé aon fho-alt den alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Orduithe bunúcháin.

7. —Fé réir forálacha an Achta so beidh i ngach ordú bunúcháin na forálacha san is ceart dar leis an Riaghaltas, i dtaobh na Có-Scoile bunófar leis do rialáil agus do stiúradh, agus, go sonnrách, socrófar ann i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an ainm a bheidh ar an Scoil sin;

(b) feidhmeanna agus dualgaisí na Scoile sin maidir leis an san-bhrainse eolais gur ina taobh a bheidh an Scoil sin á bunú;

(c) an Scoil sin do bheith á bainistí ag Bord Rialúcháin ag á mbeidh comhacht chun obair na Scoile do sheoladh agus do rialú, agus chun scéimeanna staidéir agus taighde do cheapadh agus iad do chur i bhfeidhm no socrú dhéanamh chun iad a chur i bhfeidhm, agus chun na nithe eile sin do dhéanamh is gá chun na Scoile do stiúradh agus d'oibriú go héifeachtúil;

(d) an Bord Rialúcháin sin do chóiriú mar bhord gurb iad a bheidh air ná—

(i) cathaoirleach ar n-a cheapadh ag an Uachtarán ar chomhairle an Riaghaltais, agus

(ii) baill áirithe ar n-a gceapadh ar an slí chéanna, agus

(iii) Ollamhain Sinsearacha na Scoile;

(e) téarma oifige ball an Bhúird Rialúcháin sin, agus a gcur as oifig;

(f) fé réir forálacha an Achta so, Ollamhain Sinsearacha den Scoil do cheapadh agus do chur as oifig, agus a dtéarma oifige;

(g) ollamhain agus ollamhain chuarta agus congantóirí d'fhoirinn na Scoile sin, agus baill acadamhúla eile den fhoirinn sin, do cheapadh agus do chur as oifig, agus mic léighinn do leigint isteach agus do chur chun siúil;

(h) Stiúrthóir ar an Scoil sin do cheapadh as Ollamhain Sinsearacha na Scoile, agus comhachta agus dualgaisí agus tréimhse oifige an Stiúrthóra san;

(i) conus a bheidh idir an Scoil sin, agus a Bord Rialúcháin, ar thaobh agus an Institiúid ar an taobh eile, agus fós idir an Scoil sin, agus an Bord san, ar thaobh agus an tAire agus an Riaghaltas ar an taobh eile;

(j) Bord Rialúcháin na Scoile sin do thíolacadh tuarasgabhála bliantúla ar obair na Scoile.

Ollamhain Sinsearacha Chó-Scoile do cheapadh, etc.

8. —(1) Isé an tUachtarán a dhéanfaidh Ollamhain Sinsearacha Chó-Scoile do cheapadh agus do chur as oifig, agus is ar chomhairle an Riaghaltais a dhéanfaidh san.

(2) Is dleathach do Bhord Rialúcháin Chó-Scoile tairgsint do chur fé bhráid an Aire, tráth ar bith, á mholadh duine áirithe a hainmneofar do cheapadh chun bheith ina Ollamh Shinsearach den Scoil sin, no á mholadh Ollamh Sinsearach áirithe den Scoil do chur as oifig.

(3) Gach tairgsint a cuirfear fé bhráid an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, cuirfidh an tAire os cóir an Riaghaltais í agus breithneoidh an Riaghaltas an tairgsint sin.

(4) Is mar a chinnfidh an Riaghaltas o am go ham, go generálta no alos aon Ollamhan Shinsearaigh áirithe agus ar mholadh an Aire agus le haontú an Aire Airgeadais, a bheidh líon agus tuarastail agus sealbhaíocht oifige, agus coinníollacha eile seirbhíse, Ollamhan Sinsearach Có-Scoile.

(5) D'ainneoin éinní atá san alt so, ní déanfar an tuarastal gur air ná an tsealbhaíocht oifige gur dá réir ná na coinníollacha seirbhíse gur ortha bheidh Ollamh Sinsearach ceaptha d'atharú le linn a théarma oifige gan é do thoiliú chuige sin, agus ní déanfar aon Ollamh Sinsearach do chur as a oifig contrárdha do sna téarmaí ar ar ceapadh chun na hoifige sin é.

Comhairle na hInstitiúide.

9. —(1) Isiad Comhairle na hInstitiúide cólucht corparuithe na hInstitiúide.

(2) Beidh rialú generálta na hInstitiúide, maraon le riaradh a cúrsaí, dílsithe sa Chomhairle.

(3) Isiad a bheidh ar an gcéad Chomhairle ná cathaoirleach agus ceithre baill eile, agus iad uile ar n-a gceapadh ag an Uachtarán ar chomhairle an Riaghaltais, maraon leis na baill ex-officio den Chomhairle.

(4) Ceapfar an chéad Chomhairle chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, agus mairfidh go dtí go dtárlóidh an ní sin aca so leanas is déanaighe thárlóidh, agus beidh deireadh léi ansan, sé sin le rá:—

(a) bliain, o dháta an Achta so do rith, do bheith caithte, no

(b) an Taoiseach do thabhairt deimhnithe amach i scríbhinn fé n-a láimh á dheimhniú an dara Comhairle do bheith ceaptha go cuibhe.

(5) Fé réir na bhforálacha den alt so bhaineann leis an gcéad Chomhairle, isiad a bheidh ar an gComhairle ná ball amháin (eadhon, an cathaoirleach) ar n-a cheapadh ag an Uachtarán ar chomhairle an Riaghaltais, maraon leis na baill ex-officio den Chomhairle agus le dhá bhall o gach Có-Scoil fé leith a bheidh bunuithe de thurus na huaire.

(6) Isiad a cheapfaidh na baill a bheidh ar an gComhairle o Chó-Scoil ná Bord Rialúcháin na Có-Scoile sin agus is as a mbaill féin a cheapfaid iad.

(7) Ní foláir i gcomhnaí duine amháin ar a laighead de sna baill den Chomhairle o aon Chó-Scoil áirithe do bheith ina dhuine gur de bhuadh a cheaptha, agus nach de bhuadh é bheith ina Ollamh Shinsearach, is ball de Bhord Rialúcháin na Có-Scoile sin é.

(8) Na baill den Chomhairle bheidh le ceapadh i gcionn gach tréimhse de chúig bliana, déanfar iad do cheapadh agus a gceapadh do chólánú roimh an 30adh lá san de Mheitheamh ar a mbeidh deireadh le téarmaí oifige a réimhtheachtaithe.

Baill ex-officio na Comhairle.

10. —Na daoine bheidh, de thurus na huaire, i seilbh na n-oifigí seo leanas, eadhon:—

(a) oifig Uachtaráin an Choláiste Ollscoile, Baile Atha Cliath,

(b) oifig Phrofaist Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, agus

(c) oifig Uachtaráin Acadaimh Ríoga na hÉireann,

beid ina mbaill ex-officio den Chomhairle, agus isé chialluíonn an abairt “na baill ex-officio den Chomhairle” san Acht so ná na daoine sin.

Sealbhaíocht oifige ball den Chomhairle.

11. —(1) Mara n-éagaidh, no mara n-eirghidh as oifig, no mara gcuirtear é as oifig, roimhe sin, beidh gach ball den chéad Chomhairle (seachas baill di ceapfar chun foth-fholúntas) i seilbh oifige go dtí an dáta ceaptar le halt 9 den Acht so chun deireadh do bheith leis an gcéad Chomhairle, ach beidh sé ionathcheaptha.

(2) Mara n-éagaidh, no mara n-eirghidh as oifig, no mara gcuirtear é as oifig, roimhe sin, beidh gach ball den Chomhairle (seachas baill den chéad Chomhairle agus baill a ceapfar chun foth-fholúntas) i seilbh oifige ón dáta ceaptar, le halt 9 den Acht so, chun deireadh do beith leis an gcéad Chomhairle go dtí an 30adh lá de Mheitheamh, 1945, no ón gcéad 30adh lá de Mheitheamh, tar éis é cheapadh, go ceann cúig mblian ón dáta san (do réir mar is gá sa chás) agus beidh sé ion-athcheaptha i ngach cás.

(3) Pé uair a thárlóidh do bhall den Chomhairle, a bheidh ceaptha ag an Uachtarán, go n-éagfaidh no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfear as oifig é, déanfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, duine do cheapadh chun an fhothfholúntais a bheidh ann dá dhruim sin.

(4) Pé uair a thárlóidh do bhall den Chomhairle, a bheidh ceaptha ag Bord Rialúcháin Chó-Scoile, go n-éagfaidh no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfear as oifig é, ceapfaidh an Bord Rialúcháin sin duine dá mbaill féin chun an fhoth-fholúntais a bheidh ann dá dhruim sin.

(5) Mara n-éagaidh, no mara n-eirghidh as oifig, no mara gcuirtear é as oifig, roimhe sin, beidh gach duine ceapfar chun fothfholúntais i mballraíocht na Comhairle i seilbh oifige ar feadh a mbeidh gan caitheamh den tréimhse do bheadh an ball, gur tré n-a éag no tré n-a eirghe as oifig no tré n-a chur as oifig (do réir mar a bheidh) do thárla an foth-fholúntas san, i seilbh oifige dá mba ná héagfadh no ná heireodh sé as oifig no ná cuirfí é as oifig agus imeoidh as oifig ansan, ach beidh sé ion-athcheaptha.

(6) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le baill ex-officio den Chomhairle.

Baill den Chomhairle d'eirghe as oifig.

12. —(1) Féadfaidh aon bhall den Chomhairle (seachas ball ex-officio den Chomhairle) eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san, tráth ar bith, tré leitir ar n-a cur—

(a) i gcás baill a bheidh ceaptha ag an Uachtarán, go dtí an Taoiseach chun í chur fé bhráid an Uachtaráin,

(b) in aon chás eile, go dtí Bord Rialúcháin na Có-Scoile do cheap é.

(2) Déanfaidh ball den Chomhairle bheidh ag eirghe as oifig fén alt so cóip den leitir tré n-a mbeidh ag eirghe as oifig do chur go dtí an Chomhairle, agus raghaidh a eirghe as oifig in éifeacht o thosach an chéad chruinnithe den Chomhairle bheidh ann, i gcás ball a bheidh ceaptha ag an Uachtarán, tar éis mí do bheith caithte ón uair do gheobhaidh an Chomhairle fógra ón Taoiseach á rá gur glacadh leis an eirghe as oifig sin no, in aon chás eile, ón uair do gheobhaidh an Chomhairle an chóip sin.

(3) Ball den Chomhairle bheidh tar éis a chur in úil fén alt so é bheith ag eirghe as oifig, féadfaidh, tráth ar bith roimh an eirghe as oifig sin do dhul in éifeacht fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, an t-eirghe as oifig sin do tharraing siar fé mar do chuir sé in úil é, le n-a n-áirmhítear cóip den tarraing siar san do chur go dtí an Chomhairle.

Baill den Chomhairle do chur as oifig.

13. —(1) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, aon bhall den Chomhairle bheidh ceaptha aige do chur as oifig tráth ar bith.

(2) Is dleathach do Bhord Rialúcháin Chó-Scoile aon bhall den Chomhairle bheidh ceaptha ag an mBord Rialúcháin sin do chur as oifig, le toiliú an Aire, tráth ar bith.

Cruinnithe agus nós imeachta na Comhairle.

14. —(1) Beidh ag an gComhairle na cruinnithe sin agus an méid sin cruinnithe is gá, agus san na tráthanna is gá, chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh.

(2) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle do shocrú le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannas vótanna, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach na Comhairle, no ag cathaoirleach an chruinnithe sin i gcás gan cathaoirleach na Comhairle do bheith i láthair.

(3) Isé is quorum do chruinniú den Chomhairle ná uimhir a bheidh aon thar an uimhir iomláin de Chó-Scoileanna bheidh ann de thurus na huaire.

(4) Is dleathach don Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith ina mballraíocht.

(5) Déanfaidh an Chomhairle, fé réir forálacha an Achta so, tráthanna a gcruinnithe agus modh gairmthe na mball chucha, maraon leis an nós imeachta bheidh le leanúint agus leis an ngnó bheidh le déanamh ag na cruinnithe sin, do rialáil le buan-orduithe no eile.

Có-shéala na hInstitiúide.

15. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith cuirfidh an Chomhairle có-shéala don Institiúid ar fáil, agus coinneoid an có-shéala san ina seilbh.

(2) Nuair a greamófar séala na hInstitiúide de scríbhinn ar bith, deimhneofar a dhílse le sighniú chathaoirleach na Comhairle no sighniú baill éigin eile dhi go n-údarás aige chuige sin ón gComhairle, maraon le contra-shighniú an Chlárathóra no contrashighniú oifigigh éigin eile den Institiúid go n-údarás aige chuige sin ón gComhairle.

(3) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird ar shéala na hInstitiúide i gcúrsaí breithiúnais agus, gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint í bheith séaluithe le séala na hInstitiúide ar n-a dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo, is tuigthe, mara gcruthuítear a mhalairt, í shéalú amhlaidh go cuibhe agus go dleathach agus, cheal an chruthnuithe sin, glacfar i bhfianaise í gan a thuilleadh cruthúnais agus, go sonnrách, gan crúthúnas ar aon tsighniú (le n-a n-áirmhítear contra-shighniú) a bheidh ar an scríbhinn sin ag deimhniú na dílse sin agus gan cruthúnas ar oifig ná ar údarás an duine go dtabharfaidh an sighniú san le tuigsint gurb é a shighniú é.

Aruis agus cóiríocht.

16. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle socrú do dhéanamh o am go ham, fé mar is gá, chun foirgintí oiriúnacha do thógáil no d'fháil (tré cheannach no ar léas no ar shlí eile) agus do chothabháil mar áruis don Institiúid agus do sna Có-Scoileanna uile agus fé seach agus fós chun cóiríocht oiriúnach do thabhairt sna foirgintí sin d'fhoirinn na hInstitiúide agus do gach foirinn Chó-Scoile.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle an troscán agus na feistisí agus an trealamh san uile, agus na nithe eile sin uile, do chur ar fáil is gá o am go ham chun na hInstitiúide agus na gCó-Scoileanna uile agus fé seach do bhainistí agus do stiúradh go héifeachtúil do réir an Achta so.

(3) Nuair a bheidh an Chomhairle ag cólíonadh na ndualgas a cuirtear ortha le fo-alt (1) den alt so ní dhéanfaid socrú chun foirgint ar bith do thógáil ná d'fháil gan ceadú an Aire, ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais, do bheith faighte aca.

(4) Aon fhoirgintí gheobhaidh no thógfaidh an Chomhairle fén alt so agus ná beidh ag teastáil chun crícheanna na hInstitiúide ná aon Chó-Scoile, is dleathach don Chomhairle iad do chur ar léas chun an ndaoine sin, agus go ceann an téarma san agus ar na coinníollacha san, a chinnfidh an Chomhairle le ceadú an Airc ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais, no iad do dhíol, no iad do chur de láimh ar shlí eile, ach an ceadú san ar n-a thabhairt leis an aontú san do bheith faighte ag an gComhairle.

(5) Is dleathach íoc do dhéanamh leis an Institiúid o am go ham, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i ndeontaisí de sna méideanna san a mheasfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith riachtanach chun an chostais chaipitiúil, no aon chuid den chostas chaipitiúil, do ghlanadh a bhainfidh le foirgint ar bith do thógáil no d'fháil fén alt so no le foirgint ar bith den tsórt san d'oiriúnú do ghnóthaí na hInstitiúide no aon Chó-Scoile áirithe.

An Clárathóir.

17. —(1) Ceapfaidh an Chomhairle oifigeach den Institiúid ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, an Clárathóir.

(2) Isé an Clárathóir príomh-oifigeach feidhmiúcháin na hInstitiúide agus cólíonfa sé na dualgaisí sin a ceaptar dó leis an Acht so agus fós iad san a cheapfaidh an Chomhairle dhó.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an gClárathóir gníomhú—

(a) mar rúnaidhe don Chomhairle, agus

(b) mar chuntasóir don Institiúid, agus

(c) mar chlárathóir do gach Có-Scoil fé leith, agus

(d) mar rúnaidhe do Bhord Rialúcháin gach Scoile fé leith aca san.

(4) Íocfar leis an gClárathóir an luach saothair sin, agus sealbhóidh sé oifig do réir na sealbhaíochta san agus ar na coinníollacha san, a chinnfidh an Chomhairle le ceadú an Aire ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais.

(5) Duine ar bith bheidh i seilbh oifige na Clárathóireachta, ní dleathach dó, faid a bheidh an oifig sin aige, bheith i seilbh aon oifige ná puist eile, acadamhúil no neamh-acadamhúil, san Institiúid ná in aon Chó-Scoil.

(6) Ní ceapfar duine ar bith chun bheith ina Chlárathóir fén alt so ná cuirfidh ina luighe ar an gComhairle gur féidir leis an Ghaedhilg do labhairt agus do scríobhadh i slí go bhféadfaidh a dhualgaisí oifigiúla do dhéanamh sa teangain sin.

Oifigigh agus seirbhísigh na hInstitiúide.

18. —(1) Ceapfaidh an Chomhairle na hoifigigh agus na seirbhísigh sin, agus an méid sin aca, don Institiúid, agus na hoifigigh cléireachais sin agus na hoifigigh neamh-acadamhúla eile sin agus na seirbhísigh sin, agus an méid sin aca, do gach ceann fé leith de sna Có-Scoileanna, is ceart dar leo, ach san fé réir cheadú an Aire, ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais, maidir le líon na n-oifigeach agus na seirbhíseach san.

(2) Gach oifigeach agus seirbhíseach a ceapfar fén alt so, íocfaidh an Chomhairle leo an luach saothair sin, agus sealbhóid oifig do réir na sealbhaíochta san agus ar na coinníollacha san, a chinnfidh an Chomhairle le ceadú an Aire ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais.

(3) Ní ceapfar duine ar bith chun bheith ina oifigeach ná ina sheirbhíseach fén alt so ná cuirfidh ina luighe ar an gComhairle gur féidir leis an Ghaedhilg do labhairt agus do scríobhadh i slí go bhféadfaidh a dhualgaisí oifigiúla do dhéanamh sa teangain sin.

Aois-liúntaisí.

19. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle scéim d'ullmhú agus do chur fé bhráid an Aire, chó luath tar éis an Achta so do rith agus a bheidh caoi ann chuige sin, is scéim chun deontaisí no aiscí no liúntaisí eile do dheonadh, ar a ndul as oifig, do sna hOllamhain Sinsearacha san agus do sna buan-bhaill lán-aimsire sin d'fhuirinn acadamhúil na gCó-Scoileanna uile agus fé seach, agus do sna buan-oifigigh lán-aimsire sin den Institiúid, a chinnfidh an Chomhairle le ceadú an Aire ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais.

(2) Aon scéim a cuirfear fé bhráid an Aire fén alt so, agus a cheadóidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais, cuirfidh an Chomhairle i bhfeidhm í do réir a téarmaí.

(3) Is dleathach don Chomhairle aon scéim fén alt so do leasú tráth ar bith le ceadú an Aire ar n-a thabhairt le haontú an Airc Airgeadais.

(4) An scéim a cuirfear fé bhráid an Aire agus a ceadófar fén alt so, ceapfar léi an tráth a raghaidh agus na coinníollacha ar a raghaidh na daoine uile as oifig le n-a mbeidh pinsin no aiscí no liúntaisí (ar a ndul as oifig) iníoctha fén scéim, agus is dleathach tráthanna agus coinníollacha deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh alos aicmí deifriúla de sna daoine sin.

(5) Má eiríonn aon aighneas i dtaobh ceart duine ar bith chun aon phinsin no aisce no liúntais is iníoctha de bhun scéime fén alt so, no i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an t-aighneas san fé bhráid an Aire agus cuirfidh seisean fé bhreith an Aire Airgeadais é agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

(6) Gach scéim a cuirfear fé bhráid an Aire agus a ceadófar fén alt so, leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ceaduithe amhlaidh, agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis na scéime sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur na scéime sin ar nea-mbrí, beidh an scéim sin curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén scéim sin.

Daoine do cheapadh chun fuirinne acadamhúla Có-Scoile agus do chur den chéanna.

20. —(1) Gach duine ceapfar chun puist (seachas post Ollamhan Sinsearaigh) ar fhuirinn acadamhúil Chó-Scoile, isí an Chomhairle cheapfaidh é, agus is ar iarratas (le ceadú an Aire) o Bhord Rialúcháin na Có-Scoile sin a déanfar an ceapadh, agus ní dhéanfaidh an Chomhairle aon cheapadh den tsórt san ach amháin de dhruim agus do réir iarratais den tsórt san.

(2) Gach ball lán-aimsire inphinsin (seachas Ollamh Sinsearach) d'fhuirinn acadamhúil Chó-Scoile a cuirfear as oifig, isí an Chomhairle chuirfidh as oifig é, agus is ar iarratas (le ceadú an Aire) o Bhord Rialúcháin na Có-Scoile sin a déanfar an cur as oifig, agus ní dhéanfaidh an Chomhairle aon chur as oifig den tsórt san ach amháin de dhruim agus do réir iarratais den tsórt san.

(3) Pé uair iarrfaidh Bord Rialúcháin Chó-Scoile ar an gComhairle (le ceadú an Aire) duine a hainmneofar do cheapadh chun puist áirithe (seachas post Ollamhan Sinsearaigh) ar fhuirinn acadamhúil na Scoile sin, no ball lán-aimsire inphinsin áirithe (seachas Ollamh Sinsearach) den fhuirinn sin do chur as oifig, déanfaidh an Chomhairle an ceapadh no an cur as oifig sin (fé mar a bheidh) do réir an iarratais sin.

(4) Beidh líon agus luach saothair agus sealbhaíocht oifige agus coinníollacha fostaíochta ball fuirinne acadamhúla Có-Scoile (seachas na hOllamhain Sinsearacha) mar a chinnfidh Bord Rialúcháin na Scoile sin o am go ham le ceadú an Aire ar n-a thabhairt le haontú an Aire Airgeadais.

Teideal ag cathaoirleach na Comhairle bheith ag Cruinnithe Bord Rialúcháin.

21. —(1) Beidh cathaoirleach na Comhairle i dteideal bheith ag gach cruinniú de Bhord Rialúcháin Chó-Scoile agus páirt do ghabháil sna díospóireachtaí ag an gcruinniú san agus, chuige sin, gairmfear é go dtí gach cruinniú den tsórt san agus seolfar chuige an clár oibre agus na scríbhinní eile cuirfear amach maidir leis an gcruinniú san.

(2) I gcás cathaoirleach na Comhairle do bheith ag cruinniú de Bhord Rialúcháin Chó-Scoile de bhuadh an ailt seo, ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a socrófar ag an gcruinniú san le vóta na mball den Bhord Rialúcháin sin a bheidh ag an gcruinniú san.

Comhachta na Comhairle maidir le foillseacháin agus scoláireachtaí.

22. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle, ar Bhord Rialúcháin Chó-Scoile dá mholadh san, socrú do dhéanamh chun dréachta léighinn is tortha staidéir no taighde do rinneadh sa Chó-Scoil sin no fé n-a húdarás, no do rinneadh ar leithligh uaithi ach i dtaobh abhar le n-a mbainfidh feidhmeanna agus dualgaisí na Có-Scoile sin, d'fhoillsiú sa tslí luadhfar sa mholadh san agus ar chostas na Có-Scoile sin.

(2) Is dleathach don Chomhairle socrú do dhéanamh, más oiriúnach leo é, chun irisleabhair léigheanta no foillseacháin tréimhsiúla eile do chur amach, agus is dleathach dóibh socrú do dhéanamh chun aon dréachta léighinn den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur sna foillseacháin sin.

(3) Is dleathach don Chomhairle scoláireachtaí do chur ar fáil chun a sealbhuithe i gceann ar bith de sna Có-Scoileanna.

Rialacháin.

23. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle rialacháin do dhéanamh tré n-a ndéanfar socrú, fé réir forálacha an Achta so, chun na hInstitiúide do rialú go maith agus, fé réir an orduithe bhunúcháin oiriúnaigh agus an Achta so, chun gach Có-Scoil fé leith do rialú go maith.

(2) Ní bheidh éifeacht ag rialachán ar bith a déanfar fén alt so mara gceaduighidh ná go dtí go gceadóidh an tAire é.

(3) Ní déanfar rialachán ar bith fén alt so chun Có-Scoil do rialú go maith ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Bord Rialúcháin na Scoile sin.

Athchomhairc chun an Aire o Bhúird Rialúcháin Cho-Scoileanna.

24. —Má bhíonn Bord Rialúcháin Chó-Scoile mí-shásta le haon ghníomh a dhéanfaidh an Chomhairle no bheartóid a dhéanamh fén Acht so i dtaobh an Bhúird sin no na Scoile sin, no leis an gComhairle do dhiúltú d'aon ghníomh den tsórt san do dhéanamh fén Acht so, is dleathach don Bhord Rialúcháin sin athchomharc do dhéanamh chun an Aire, agus leis sin bhéarfaidh an tAire a bhreith (le haontú an Aire Airgeadais i gcás an t-athchomharc san do bhaint le cúrsaí airgeadais) ar an athchomharc san agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

An Stát do mhaoiniú na hInstitiúide agus na gCó-Scoileanna.

25. —(1) Sa bhliain airgeadais atá ann agus an tAcht so dá rith, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, íocfar leis an Institiúid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) deontas, den mhéid sin a chinnfidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais alos na bliana san, mar chabhair chun costaisí riartha na hInstitiúide agus na gCó-Scoileanna d'íoc, agus

(b) deontas, den mhéid sin a chinnfidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais i ngach bliain aca san, aios gach Có-Scoile fé leith a bheidh bunuithe de thurus na huaire.

(2) Déanfaidh an Chomhairle airgead a híocfar fé mhír (b) den fho-alt san roimhe seo den alt so leis an Institiúid, alos aon Chó-Scoile áirithe, do chur chun crícheanna na Scoile sin agus chun na gcrícheanna san amháin.

Comhacht chun táillí d'éileamh.

26. —(1) Beidh sé de chomhacht ag an Institiúid táillí, as mic léighinn do leigint isteach chun bheith páirteach in aon chúrsa árd-léighinn no taighde i gCó-Scoil, d'éileamh agus do ghlacadh agus do bhaint amach.

(2) Déanfaidh an Chomhairle méideanna na dtáillí, bheidh le héileamh fén alt so alos aon chúrsa, do cheapadh tar éis dóibh dul i gcomhairle le Bord Rialúcháin na Có-Scoile ina mbeidh an cúrsa san le déanamh.

(3) Déanfar na táillí a híocfar fén alt so alos aon chúrsa d'íoc leis an gComhairle, agus cuirfidh an Chomhairle iad chun crícheanna na Có-Scoile ina ndéanfar an cúrsa san.

Comhacht don Institiúid chun tabharthais do ghlacadh.

27. —(1) Is dleathach don Institiúid bronntanaisí i bhfuirm airgid no tailimh no maoine eile, chun Có-Scoileanna breise do chur ar bun no chun ollamhnachta no léigheachtóireachta no staidéarachta no scoláireachta do bhunú no chun foirgintí do thógáil no chun taighde do mhaoiniú no chun críche ar bith eile bhainfidh leis an Institiúid, do ghlacadh o dhuine ar bith ar na hiontaobhaisí agus na coinníollacha san, más ann dóibh, a luadhfaidh an bronntóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Institiúid aon bhronntanas áirithe má bhíonn na coinníollacha ar a mbeifí sásta é bhronnadh de shaghas a bheadh buiniscionn le feidhmeanna na hInstitiúide.

(3) Déanfar bronntanaisí ghlacfaidh an Institiúid fén alt so alos Có-Scoile áirithe do chur chun tairbhe don Scoil sin agus chuige sin amháin, agus déanfar gach bronntanas eile glacfar amhlaidh do chur chun críche do réir na scéime sin, ar n-a ceadú ag an Aire, a ullamhóidh an Chomhairle tar éis dóibh dul i gcomhairle le Bord Rialúcháin gach Có-Scoile fé leith.

(4) Gach bronntanas a ghlacfaidh an Institiúid fén alt so, isí an Chomhairle a gheobhaidh agus a chuirfidh chun críche é.

Airgeadas, cuntaisí, agus iniúchadh.

28. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle cúrsaí airgeadais na hInstitiúide agus cúrsaí airgeadais gach Có-Scoile do riaradh agus, chuige sin, déanfar an t-airgead uile bheidh iníoctha fén Acht so no ar shlí eile, leis an Institiúid no le haon Chó-Scoil áirithe, d'íoc leis an gComhairle agus ghcobhaidh an Chomhairle é, agus isí an Chomhairle íocfaidh gach suim a bheidh le n'íoc ag an Institiúid no ag Có-Scoil no thar ceann ceachtar aca.

(2) Coimeádfaidh an Chomhairle, i bhfuirm a bheidh ceaduithe ag an Aire le haontú an Aire Airgeadais, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar an airgead uile gheobhaid no chaithfid agus, go sonnrách, coimeádfaid, i bhfuirm a bheidh ceaduithe mar adubhradh, na cuntaisí speisialta san uile a ordóidh an tAire o am go ham uaidh féin no ar iarratas an Aire Airgeadais.

(3) Na cuntaisí bheidh á gcoimcád de bhun an ailt seo, cuirfidh an Chomhairle iad fé bhráid an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste in aghaidh na bliana, an tráth san ordóidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais, chun a n-iniúchta agus, nuair a bheidh na cuntaisí sin iniúchta amhlaidh, tíolacfar iad, maraon le tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste ortha, don Aire, agus cuirfidh seisean fé ndeár cóipeanna dhíobh do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Tuarasgabháil bhliantúil ón gComhairle.

29. —(1) Déanfaidh an Chomhairle, i ngach bliain airgeadais, tuarasgabháil, ar obair na hInstitiúide agus ar obair na gCó-Scoileanna in aghaidh na bliana airgeadais díreach roimhe sin, do thíolacadh don Aire chun í chur fé bhráid an Riaghaltais.

(2) Beidh ina cuid de gach tuarasgabháil, a chuirfidh an Chomhairle fé bhráid an Riaghaltais de bhun an ailt seo alos aon bhliana airgeadais áirithe, cóip de gach tuarasgabháil a bheidh tugtha ag Bord Rialúcháin Chó-Scoile don Chomhairle alos na bliana airgeadais sin de bhun an orduithe bhunúcháin a bhainfidh leis an Scoil sin.

(3) Gach tuarasgabhail a chuirfidh an Chomhairle fé bhráid an Riaghaltais de bhun an ailt seo, leagfaidh an Riaghaltas cóip di fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Costaisí.

30. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Gearr-theideal.

31. —Féadfar an tAcht um Institiúid Ard-Léighinn, 1940 , do ghairm den Acht so.