11 1940


Uimhir 11 de 1940.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA) (Uimh. 2), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1940, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [7adh Meitheamh, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus có-luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Folóidh an abairt “na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1940” an tAcht so chun críche cóluadhachainte.

Mínithe agus léiriú.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , ar n-a leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1940;

cialluíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta” na Fórsaí maraon leis an gCúltaca;

cialluíonn an abairt “long Stáit” long no árthach ar únaeracht ag an Stát no i seirbhís an Stáit.

(2) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, tá, san Acht so, le gach abairt agus focal a húsáidtear ann, agus dá dtugtar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

Fostú ar longa Stáit.

3. —Pé uair a bheidh oifigeach no saighdiúir ar rolla aon luinge Stáit, no á thréineáil no á aclú ar aon luing Stáit, is tuigthe, chun crícheanna an Achta so, é bheith ar fostú ar an luing Stáit sin, agus déanfar an abairt “ar fostú ar luing Stáit” agus abairtí gaolmhara do léiriú dá réir sin.

Tréimhse phráinne.

4. —(1) Féadfaidh an Riaghaltas, pé uair a mheasfaid é bheith cóir do réir chúrsaí an cháis iad dá dhéanamh san, a dhearbhú, le hordú fén bhfo-alt so, staid phráinne do bheith ann.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh, agus leis sin scuirfidh an t-ordú san is déanaighe luaidhtear de bheith i bhfeidhm.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas ordú fé fho-alt (1) den alt so, á dhearbhú staid phráinne do bheith ann, is tuigthe, chun críche an Achta so, tréimhse phráinne do bheith ann, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, agus déanfar an abairt “tréimhse phráinne” do léiriú dá réir sin san Acht so.

(4) Gach ordú déanfar fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, agus foillseofar é san Iris Oifigiúil, chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Feidhm do bheith ag na hAchtanna agus ag an Acht so lasmuich.

5. —Baineann na hAchtanna agus an tAcht so leis na daoine uile is daoine fé dhlí mhíleata, pé aca laistigh no lasmuich den líomatáiste inar infheidhmithe d'Achtanna an Oireachtais do sna daoine sin de thurus an huaire, agus bainid freisin leis na daoine uile fé dhlí mhíleata bheidh, de thurus na huaire, ar bord aon luinge.

Seirbhís chogúil.

6. —(1) Is tuigthe, chun crícheanna na nAchtanna agus an Achta so, duine fé dhlí mhíleata do bheith ar seirbhís chogúil—

(a) ar feadh aon tréimhse bheidh ordú, ar n-a dhéanamh ag an Riaghaltas fé fho-alt (2) den alt so, i bhfeidhm, no

(b) pé uair a bheidh sé ceangailte le fórsa, no ina chuid d'fhórsa, bheidh ag déanamh oibríocht in aghaidh namhad, no

(c) pé uair a bheidh sé ag déanamh oibríocht míleata in áit a bheidh ar seilbh, ar fad no nach mór ar fad, ag namhaid,

agus déanfar an abairt “ar seirbhís chogúil”, nuair a húsáidtear í sna hAchtanna no san Acht so i dtaobh duine fé dhlí mhíleata, do léiriú dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas, pé uair agus chó minic agus a mheasfaid é bheith cóir do réir chúrsaí an cháis iad dá dhéanamh san, a dhearbhú, le hordú fén bhfo-alt so, na Fórsaí Cosanta do bheith ar seirbhís chogúil.

(3) Féadfaidh an Riaghaltas tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (2) den alt so do cheiliúradh.

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh aon Aire Stáit chun an Achta so do riaradh.

Athghairm.

8. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CUID II.

Comhachta Speisialta Maidir le Cosaint.

Caibidil I.

Comhachta maidir le gnóthais iompair.

Mínithe chun crícheanna Caibidle I de Chuid II.

9. —Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “gnóthas iompair” gnóthas aon chuideachtan loingseoireachta no bóthair iarainn no trambhealaigh no canáile, no gnóthas aon duine ag á mbíonn bóthar-sheirbhís do phaisnéirí, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), ar siúl, no gnóthas aon duine ag á mbíonn iompar earraí ceannaíochta de bhóthar, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), ar siúl, agus foluíonn an abairt sin aon stáisiúin no foirgintí no oibreacha no cóiríocht is le haon ghnóthas den tsórt san no is gá chun an chéanna d'oibriú;

cialluíonn an focal “gléasra” innill, stoc rothlaidh, feithiclí agus báid, agus fós gach ní is gá chun gnóthas iompair d'oibriú sa cheart agus ná fuil foluithe i míniú na habairte “gnóthas iompair”.

Gnóthais iompair do thabhairt tosaíochta do thrácht mhíleata le linn tréimhse práinne.

10. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le linn tréimhse práinne, a chur mar cheangal ar ghnóthas iompair, le hordú ar n-a dhíriú chun únaerí an ghnóthais iompair sin, an trácht san, do sna Fórsaí Cosanta, luadhfar san ordú san do ghlacadh agus do tharchur i dtosach ar aon trácht eile, agus déanfaidh únaerí an ghnóthais iompair sin do réir an orduithe sin agus, chuige sin, cuirfid glacadh agus tarchur gach tráchta eile ag an ngóthas iompair sin ar fiunraoi sa mhéid gur gá san.

(2) Má dhiúltuíonn no má fhaillíonn únaer gnóthais iompair, no aon duine ar fostú ag gnóthas iompair, ceanglas aon orduithe fén alt so do chólíonadh no má fhágann sé an ceanglas san gan chólíonadh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(3) Féadfaidh ar tAire na nithe sin do dhéanamh (ar a n-áirmhítear éigean d'imirt) a mheasfaidh is gá chun a áirithiú go gcuirfear aon ordú áirithe fén alt so in éifeacht.

(4) Beidh deireadh le feidhm orduithe fén alt so i gcionn mí tar éis an dáta bheidh air, ach féadfar ordú den tsórt san d'athnuachaint.

(5) Íocfaidh an tAire mar chúiteamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húnaer aon ghnóthais iompair ar a gceanglófar trácht do ghlacadh agus do tharchur fén alt so, an luach saothair sin ar a gcó-aontófar le toiliú an Aire Airgeadais no, cheal có-aontuithe, ar a gcinnfear do réir forálacha déanfar le reacht.

Gléasra gnóthas iompair d'oiriúnú.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus leis an Aire Soláthairtí, a chur mar cheangal tráth ar bith, le hordú ar n-a dhíriú chun únaerí aon ghnóthais iompair áirithe, go ndéanfaí na hoiriúnuithe sin a luadhfar san ordú san ar ghléasra an ghnóthais sin fé cheann na haimsire sin a luadhfar.

(2) Féadfaidh na hoiriúnuithe luadhfar in ordú fén alt so bheith ina n-oiriúnuithe a chuirfeadh le haon pháirt no páirteanna d'fheiste is cuid de ghléasra ghnóthais iompair no mhalairteodh í no iad ar pháirt no ar pháirteanna eile no bhainfeadh an céanna as an bhfeiste, ach ní bheid de shaghas a chuirfeadh isteach ar an gcrích chun ar príomh-cheapadh an fheiste.

(3) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear duine údaruithe sa bhfo-alt so) go n-údarás ón Aire chuige sin dul isteach gach tráth réasúnta in áitreabh gnóthais iompair agus gléasra an ghnóthais sin d'iniúchadh, pé aca bheidh ordú déanta an uair sin fén alt so i dtaobh an ghnóthais iompair sin no ná beidh, agus duine ar bith a choiscfidh duine údaruithe no chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an bhfo-alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Má dhiúltuíonn no má fhaillíonn únaerí gnóthais iompair go mbeidh ordú déanta ina thaobh fén alt so ceanglais an orduithe sin do chólíonadh, no má fhágaid na ceanglais sin gan chólíonadh, beidh na húnaerí sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur ortha.

(5) I gcás aon oiriúnuithe do dhéanamh, de bhun orduithe fén alt so, i ngléasra gnóthais iompair, íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húnaerí an ghnóthais iompair sin, mar chúiteamh alos an chostais a bheidh curtha suas aca ag déanamh na n-oiriúnuithe sin, an méid sin ar a gcó-aontófar le toiliú an Aire Airgeadais no, cheal có-aontuithe, ar a gcinnfear do réir forálacha déanfar le reacht.

Caibidil II.

Coinnmheadh le linn tréimhse práinne.

Coinnmheadh i gcás práinne.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, o am go ham agus am ar bith, na rialacháin sin do dhéanamh is oiriúnach leis—

(a) chun a chur mar cheangal ar shealbhairí áitreabh lóistín, agus fós freastal agus bia, do chur ar fáil, le linn tréimhse práinne, do bhaill de sna Fórsaí Cosanta;

(b) chun a chur mar cheangal ar shealbhairí áitreabh agus cíos-eachlann stáblaíocht agus farae do chur ar fáil, le linn tréimhse práinne, do chapaill de chuid na bhFórsaí Cosanta;

(c) chun a chur mar cheangal ar shealbhairí áitreabh agus garáistí garáistíocht do chur ar fáil, le linn tréimhse práinne, d'fheithiclí inneall-ghluaiste de chuid na bhFórsaí Cosanta;

(d) chun na comhachta agus na húdaráis sin chun na rialachán do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú, is ceart dar leis an Aire, do thabhairt do sna daoine sin is ceart dar leis an Aire;

(e) chun a shocrú, le ceadú an Aire Airgeadais, cadiad na scálaí gur dá réir a híocfar as aon lóistín, freastal, bia, stáblaíocht, farae agus garáistíocht a cuirfear ar fáil amhlaidh;

(f) chun socrú do dhéanamh i dtaobh ní no ruda ar bith a gheobhaidh leis na nithe roimhráite;

(g) chun a fhoráil aon bhriseadh no sárú ar rialachán ar bith den tsórt san do bheith ina chionta is intrialta ar an slí achmair, agus chun na bpionós do cheapadh fhéadfaidh cúirteanna dlighinse achmaire a ghearradh ar dhaoine ciontófar in aon chionta den tsórt san.

(2) Bhéarfar íocaíochta, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhaoine chuirfidh lóistín, freastal, bia, stáblaíocht agus garáistíocht ar fáil de bhun rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, agus beidh na híocaíochta san do réir na scálaí bheidh ceaptha leis na rialacháin sin.

(3) I gcás aon chomhachta no dualgaisí do bhronnadh no d'fhorchur ar bhaill den Ghárda Síochána le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, no i gcás rialacháin den tsórt san dá fhoráil go nglacfar comhairle le haon bhall áirithe den Ghárda Síochána nuair a bheidh socrú ar bith maidir le coinnmheadh á dhéanamh, beidh déanamh na rialachán san a bhainfidh amhlaidh leis an nGárda Síochána fé réir an Aire Dlighidh agus Cirt d'aontú leo.

(4) Beidh feidhm dlí ag gach rialachán a déanfar fén alt so.

(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar d'éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

(6) D'ainneoin na hathghairme deintear leis an Acht so ar alt 173 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le coinnmheadh i gcásanna práinne), leanfaidh an t-alt san i bhfeidhm go dtí go mbeidh na céad rialacháin fén alt so déanta agus tagtha i bhfeidhm.

CUID III.

Foralacha i dtaobh Ceannas agus Codheanamh agus Coghleasadh na bhForsai Cosanta.

Ceannas míleata.

13. —(1) Fé réir forálacha na nAchtanna agus an Achta so, beidh ceannas míleata na bhFórsaí Cosanta agus gach comhacht fheidhmiúcháin agus riaracháin maidir leis na Fórsaí Cosanta, le na n-áirmhítear an chomhacht chun ceannas agus údarás do leigint chun gníomhthóra, infheidhmithe ag an Riaghaltas tríd an Aire, fé stiúradh an Uachtaráin agus eisean ag gníomhú ar chomhairle an Riaghaltais.

(2) Féadfaidh an leigint ceannais agus údaráis chun gníomhthóra—

(a) do bhaint le haon ní no nithe aca so leanas—

(i) aon eagras trúpaí,

(ii) líomatáiste geógrafach,

(iii) long Stáit; agus

(b) do bheith fé réir na n-eisceacht agus na dteorann san is oiriúnach leis an údarás leiginte,

agus féadfaidh an tAire, chun críche fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt so, an Stát do roinnt ina líomatáistí míleata mar is oiriúnach leis.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin, i dtaobh oifigeach, do dhéanamh maidir leis na daoine a hoirdneofar ina n-oifigigh go gceannas míleata ar na Fórsaí Cosanta no ar aon chuid den chéanna no ar dhuine ar bith a bheidh ionta, agus maidir leis an modh ina mbeidh an ceannas san le feidhmiú.

(4) Féadfar iniúchadh na bhFórsaí Cosanta no iniúchadh aon choda áirithe dhíobh do dhílsiú, fé réir an Achta so, san oifigeach san no sna hoifigigh sin a cheapfaidh an Riaghaltas.

An Cúltaca do roinnt ina dhreamanna.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, an Cúltaca Oifigeach agus an Cúltaca Fear do roinnt ina ndreamanna mar is oiriúnach leis agus an teideal tuairisceach san is oiriúnach leis do cheapadh d'aon dream den tsórt san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

An Cúltaca Oifigeach.

15. —(1) Isiad a bheidh sa Chúltaca Oifigeach ná—

(a) daoine atá coimisiúnta, ar dháta an Achta so do rith, mar oifigigh sa Chúltaca Oifigeach agus a bheidh ina n-oifigigh sa Chúltaca Oifigeach de thurus na huaire, agus

(b) daoine ceapfar, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, ina n-oifigigh sa Chúltaca Oifigeach agus a bheidh ina n-oifigigh sa Chúltaca Oifigeach de thurus na huaire.

(2) Féadfar oifigigh den Chúltaca Oifigeach d'fhostú le haghaidh seirbhíse i dteanta aonaid ar bith, no do cheangal le haonad ar bith, de sna Fórsaí no den Chúltaca.

An Cúltaca Fear.

16. —Isiad a bheidh sa Chúltaca Fear ná—

(a) daoine do liostáladh le haghaidh seirbhíse sna Fórsaí agus do haistríodh, roimh an Acht so do rith, chun an Chúltaca de bhun Caibidle V de Chuid II den Phríomh-Acht agus a bheidh ina bhfir den Chúltaca de thurus na huaire,

(b) daoine do liostáladh roimh an Acht so do rith, no liostálfar dá éis sin, le haghaidh seirbhíse sna Fórsaí agus a haistreofar, tar éis an Achta so do rith, chun an Chúltaca de bhun Caibidle V de Chuid II den Phríomh-Acht,

(c) daoine go ndéanfar, de bhun Caibidle II de Chuid IV den Acht so, iad do liostáil le haghaidh seirbhíse sa Chúltaca Fear go lom díreach agus a bheidh ina bhfir den Chúltaca de thurus na huaire.

Céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí Cosanta.

17. —(1) Isiad na céimeanna atá leagtha amach sa dara colún den Táible ghabhann leis seo bheidh ina ngrádanna de chéim míleata choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta agus beidh grád ar bith de chéim míleata choimisiúnta, atá leagtha amach sa dara colún san roimh ghrád ar bith eile de chéim míleata choimisiúnta, ina ghrád is uachtaraighe ná an grád eile sin.

(2) Isiad na céimeanna atá leagtha amach sa tríú colún den Táible ghabhann leis seo bheidh ina ngrádanna de chéim muiridhe choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta agus beidh grád ar bith de chéim muiridhe choimisiúnta, atá leagtha amach sa tríú colún san roimh ghrád ar bith eile de chéim muiridhe choimisiúnta, ina ghrád is uachtaraighe ná an grád eile sin.

(3) Chun crícheanna aon achtacháin (is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas), le n-a n-áirmhítear an tAcht so, is tuigthe gach céim muiridhe choimisiúnta luaidhtear sa tríú colún den Táible ghabhann leis seo do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim míleata choimisiúnta a luaidhtear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán den tsórt san do chéim míleata choimisiúnta atá ar có-réir le céim muiridhe choimisiúnta do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don chéim muiridhe choimisiúnta san.

TAIBLE DE CHEIMEANNA COIMISIUNTA.

Uimh. Thag.

Céimeanna Míleata

Céimeanna Muiridhe

(1)

(2)

(3)

1

Geinearál no (i mBéarla) General.

--

2

Lefteanant-Gheinearál no (i mBéarla) Lieutenant-General.

--

3

Maor-Gheinearál no (i mBéarla) Major-General.

Fo-Aimiréal no (i mBéarla) Commodore.

4

Coronal no (i mBéarla) Colonel.

Captaen no (i mBéarla) Captain.

5

Maor no (i mBéarla) Major.

Ceannasaí no (i mBéarla) Commander.

6

Ceannphort no (i mBéarla) Commandant.

Lefteanant-Cheannasaí no (i mBéarla) Lieutenant-Commander.

7

Captaen no (i mBéarla) Captain.

Lefteanant no (i mBéarla) Lieutenant.

8

Lefteanant no (i mBéarla) Lieutenant.

Fo-Lefteanant no (i mBéarla) Sub-Lieutenant.

9

Dara Lefteanant no (i mBéarla) Second-Lieutenant.

Meirgire no (i mBéarla) Ensign.

Céimeanna agus aicmí neachoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta.

18. —(1) Isiad na céimeanna atá leagtha amach sa dara colún den Táible ghabhann leis seo bheidh ina ngrádanna de chéim míleata nea-choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta agus beidh grád ar bith de chéim míleata nea-choimisiúnta, atá leagtha amach sa dara colún san roimh ghrád ar bith eile de chéim míleata neachoimisiúnta, ina ghrád is uachtaraighe ná an grád eile sin.

(2) Isí an chéim atá leagtha amach sa tríú colún den Táible ghabhann leis seo bheidh ina grád de chéim muiridhe neachoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus beidh sí níos uachtaraighe ná aon ghrád d'aicme nea-choimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible sin.

(3) Isiad na haicmí atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo bheidh ina ngrádanna d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta agus beidh grád ar bith d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta, atá leagtha amach sa cheathrú colún san roimh ghrád ar bith eile d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta, ina ghrád is uachtaraighe ná an grád eile sin.

(4) Chun crícheanna na nAchtanna—

(a) is tuigthe an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim míleata san Maor-Sháirsint, agus déanfar tagairtí sna hAchtanna don chéim sin Maor-Sháirsint do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don chéim sin Oifigeach Barántais;

(b) is tuigthe gach aicme mhuiridhe luaidhtear sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim míleata a luaidhtear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí sna hAchtanna do ghrád de chéim míleata neachoimisiúnta atá ar có-réir le grád d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don ghrád san d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta.

(5) Féadfaidh an tAire a ordú le hordú, maidir le haon Chór no Seirbhís na cuid de Chór no de Sheirbhís, nach céim a luaidhtear sa dara colún den Táible ghabhann leis seo bheidh ag sealbhóir céime míleata nea-choimisiúnta sa chéanna, ach an chéim eile chó-ionann san a luadhfar san ordú san, agus i gcás den tsórt san déanfar, maidir leis an gCór no an Seirbhís sin no leis an gcuid sin de Chór no de Sheirbhís, tagairtí sna hAchtanna, do chéim a luaidhtear sa dara colún san, do léiriú mar thagairtí do dhuine ag á mbeidh an chéim chó-ionann a luadhfar san ordú san.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, aon ghrád d'aicme mhuiridhe luaidhtear sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo do roinnt ina dhreamanna mar is oiriúnach leis, agus féadfaidh an tuairisc shonnruithe sin is ceart dar leis do cheapadh le haghaidh gach dreama fé leith aca san, agus féadfaidh aon ordú den tsórt san do cheiliúradh no do leasú tráth ar bith.

TAIBLE DE CHEIMEANNA AGUS D'AICMI NEA-CHOIMISIUNTA.

Uimh. Thag.

Céimeanna Míleata

Céimeanna Muiridhe

Aicmí Muiridhe

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Maor-Sháirsint no (i mBéarla) Sergeant-Major.

Oifigeach Barántais no (i mBéarla) Warrant Officer.

--

2

Ceathrú - Sháirsint Catha no (i mBéarla) Battalion Quartermaster-Sergeant.

--

--

3

Sáirsint Complachta no (i mBéarla) Company-Sergeant.

--

Ard-Mhion-Oifigeach no (i mBéarla) Chief Petty Officer.

4

Ceathrú - Sháirsint Complachta no (i mBéarla) Company Quartermaster Sergeant.

--

--

5

Sáirsint no (i mBéarla) Sergeant.

--

Mion-Oifigeach no (i mBéarla) Petty Officer.

6

Ceannaire no (i mBéarla) Corporal.

--

Máirnéalach Ceannais no (i mBéarla) Leading Seaman.

7

Saighdiúir Singil no (i mBéarla) Private

--

Máirnéalach no (i mBéarla) Seaman.

CUID IV.

Foralacha maidir le hOifigigh agus Saighdiuiri, le Saighdiuiri do Liostail, agus le Seirbhis Mhileata.

Caibidil I.

Oifigigh agus Saighdiúirí.

An mionn do bhéarfaidh oifigigh.

19. —(1) Ar choimisiún sna Fórsaí do dheonadh dhó, bhéarfaidh gach oifigeach de sna Fórsaí mionn, no déanfaidh dearbhú, sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so no neachtar aca sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(2) Ar choimisiún sa Chúltaca Oifigeach do dheonadh dhó, bhéarfaidh gach oifigeach den Chúltaca Oifigeach mionn, no déanfaidh dearbhú, sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so no neachtar aca sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(3) Bhéarfar an mionn no déanfar an dearbhú luaidhtear sa dá fho-alt deiridh sin roimhe seo fé cheann na haimsire sin ordóidh an tAire agus i bhfianaise oifigigh (pearsa dá n-údaruítear leis seo daoine do chur fén mionn san) ar n-a ainmniú ag an Aire chuige sin.

(4) I gcás duine ar bith bheidh ceaptha chun céime coimisiúnta, agus ar a mbeidh sé de cheangal mionn do thabhairt no dearbhú do dhéanamh fé fho-alt (1) no fo-alt (2) den alt so, do dhiúltú no d'fhailliú maidir leis an gceangal san do chólíonadh fé cheann na haimsire agus sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so, is tuigthe é do thairgsint é d'eirghe as a choimisiún agus is tuigthe go mbeidh glactha leis an eirghe as san i gcionn na haimsire bheidh orduithe ag an Aire fén bhfo-alt san (3).

Oifigigh den Chúltaca do thabairt suas a a gcoimisiún.

20. —(1) Déanfaidh oifigeach den Chúltaca Oifigeach, ag á mbeidh céim áirithe, a choimisiún do thabhairt suas ar é do shroichint na haoise is aois orduithe, maidir le hoifigigh den Chúltaca Oifigeach den chéim sin, chun na n-oifigeach san do thabhairt suas a gcoimisiún.

(2) Féadfaidh an tUachtarán, agus é ag gníomhú ar chomhairle an Riaghaltais, a ordú go ndéanfaidh aon oifigeach áirithe den Chúltaca Oifigeach a choimisiún do thabhairt suas, i gcás an t-oifigeach san do bheith ar díth sláinte, agus má horduítear amhlaidh déanfaidh an t-oifigeach san a choimisiún do thabhairt suas.

(3) I gcás oifigeach do thabhairt suas a choimisiúin fé fho-alt (2) den alt so is amhail ar an dáta san agus ón dáta san a cheapfaidh an tUachtarán, agus é ag gníomhú ar chomhairle an Riaghaltais, a bheidh éifeacht ag an tabhairt suas san.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh an ní dá ngairmtear ní orduithe i bhfo-alt (1) den alt so, agus isé chialluíonn an abairt “aois orduithe” sa bhfo-alt san ná aois ar n-a hordú leis na rialacháin sin.

An mionn do bhéarfaidh saighdiúirí.

21. —(1) Athghairmtear leis seo alt 11 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 ( Uimh. 41 de 1937 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo gur sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no neachtar aca sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san, a bheidh an mionn a bheidh le tabhairt no an dearbhú bheidh le déanamh, de bhun ailt 21 den Phríomh-Acht, ag duine bheidh á liostáil sna Fórsaí fé Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

(2) Beidh ar gach duine bheidh á liostáil sna Fórsaí fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so mionn do thabhairt, no dearbhú do dhéanamh, sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no neachtar aca sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(3) Beidh ar gach duine bheidh á liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so mionn do thabhairt, no dearbhú do dhéanamh, sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so no neachtar aca sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(4) Bhéarfar an mionn no déanfar an dearbhú luaidhtear sa dá fho-alt deiridh sin roimhe seo i bhfianaise Breithimh den Chúirt Dúithche no Feadhmannaigh Shíochána no i bhfianaise aon oifigigh de sna Fórsaí (pearsa dá n-údaruítear leis seo daoine do chur fén mionn san) ar n-a ainmniú ag an Aire chuige sin.

(5) An mionn do bhéarfar, no an dearbhú déanfar, de bhun fo-ailt (2) no fo-ailt (3) den alt so ag duine bheidh á liostáil fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so sna Fórsaí no sa Chúltaca, cuirfidh mar cheangal ar an duine sin fónamh, do réir téarmaí a fhostaíochta agus brí an mhionna no an dearbhuithe sin, go dtí go scuirfear go dleathach é.

Caibidil II.

Daoine do liostáil sna Fórsaí le haghaidh tréimhse práinne agus daoine do liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach.

Feidhm Chaibidle II de Chuid IV.

22. —(1) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so maidir le duine ar bith do liostáladh, roimh dháta an Achta so do rith, no liostálfar, ar an dáta san no dá éis sin, sna Fórsaí fé Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht, agus ní déanfar rud ar bith atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so do léiriú mar rud a dheineann deifir d'oibriú na Caibidle sin V.

(2) Ní bheidh feidhm ag éinní i gCaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht maidir le duine ar bith a liostálfar fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so.

Míniú chun crícheanna Caibidle II de Chuid IV.

23. —Sna forálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “liostáil” liostáil fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, agus déanfar na focail “liostálfar” agus “liostálta” do léiriú dá réir sin.

Daoine do liostáil sna Fórsaí le haghaidh tréimhse práinne.

Daoine do liostáil sna Fórsaí le haghaidh tréimhse práinne.

24. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, féadfar duine (le n-a n-áirmhítear mion-aoiseach) do liostáil i rith tréimhse práinne chun fónamh, le haghaidh na tréimhse práinne sin, mar shaighdiúir de sna Fórsaí i seirbhís airm.

Daoine do liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach agus tréimhse na seirbhíse.

Teora le téarma na liostála bunaidh sa Chúltaca Fear.

25. —(1) Féadfar duine (le n-a n-áirmhítear mion-aoiseach) do liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach chun é d'fhónamh mar fhear sa Chúltaca Fear ar feadh tréimhse dhá bhliain déag no aon tréimhse is giorra ná san a cheapfaidh an tAire o am go ham, ach ní níos sia ná san, agus isé gairmtear, sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, den tréimhse gur chun fónaimh ar a feadh a liostálfar duine sa Chúltaca Fear ná téarma liostála bunaidh an duine sin.

(2) I gcás duine fé bhun ocht mbliana déag d'aois do liostáil sa Chúltaca Fear, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú gur ón lá bheidh an duine sin ocht mbliana déag d'aois a déanfar téarma a liostála bunaidh d'áireamh, agus in aon chás den tsórt san déanfar téarma liostála bunaidh an duine sin d'áireamh dá réir sin.

Téarma na liostála bunaidh sa Chúltaca Fear d'fhaidiú.

26. —Fear den Chúltaca Fear a bheidh liostála sa Chúltaca Fear go lom díreach agus gur giorra ná dhá bhliain déag téarma a liostála bunaidh féadfaidh, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh d'fhaidiú i dtreo go mbeidh dhá bhliain déag no aon tréimhse is giorra ná san sa téarma san.

Imeachta le haghaidh liostála agus liostálaithe do theistiú.

Rialacháin liostála.

27. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear rialacháin liostála sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so) do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) na daoine ag á mbeidh údarás chun liostálaithe do liostáil le haghaidh na bhFórsaí agus an Chúltaca Fear;

(b) an tslí ina liostálfar liostálaithe;

(c) na fuirmeacha a húsáidfear chun liostála;

(d) ní ar bith eile maidir le himeachta le haghaidh liostála.

(2) Forálfar le rialacháin liostála go ndéanfaidh duine bheidh á liostáil sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear páipéar teistiúcháin sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire do chólánú agus go sighneoidh an duine sin an páipéar teistiúcháin sin agus go bhfíorófar a shighniú.

Modh liostála.

28. —Déanfar gach duine bheidh á liostáil sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear do liostáil do réir rialachán liostála.

An ní thiocfaidh as liostálaí do shighniú teistiúcháin, agus do thabhairt mionna no do dhéanamh dearbhuithe.

29. —Gach duine bheidh á liostáil sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear is tuigthe, ar é do shighniú an pháipéir theistiúcháin agus ar é do thabhairt an mhionna no do dhéanamh an dearbhuithe is gá do réir an Achta so do thabhairt no do dhéanamh, é bheith liostálta mar shaighdiúir de sna Fórsaí no mar fhear den Chúltaca Fear (do réir mar a bheidh) agus isé is dáta teistithe an duine sin, chun crícheanna na Caibidle seo den Chuid seo den Acht so, ná an dáta ar a sighneoidh an páipéar teistiúcháin sin agus ar a dtabharfaidh no ar a ndéanfaidh an mionn no an dearbhú san.

Saighdiúirí do cheapadh chun Córacha agus chun Seirbhísí.

Liostálaithe do liostáil le haghaidh seirbhíse generálta agus iad do cheapadh chun Córacha agus chun Seirbhísí.

30. —(1) Féadfar, de bhun aon rialachán generálta no speisialta bheidh déanta ag an Aire agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, liostálaithe do liostáil le haghaidh seirbhíse i gCór no i Seirbhís áirithe, ach sa mhéid ná beidh a mhalairt forálta i rialacháin den tsórt san (más ann dóibh) is le haghaidh seirbhíse generálta liostálfar liostálaithe.

(2) Déanfaidh an t-údarás míleata orduithe, chó luath agus is féidir é, liostálaí do cheapadh chun Cóir áirithe no chun Seirbhíse áirithe i gcás é bheith liostálta le haghaidh seirbhíse sa Chór no sa tSeirbhís sin, no chun Cóir no chun Seirbhíse éigin i gcás é bheith liostálta le haghaidh seirbhíse generálta.

Saighdiúirí de sna Fórsaí do scaoileadh ar a seirbhís do bheith críochnuithe.

Saighdiúirí de sna Fórsaí do scaoileadh.

31. —Déanfar gach saighdiúir de sna Fórsaí bheidh liostálta le haghaidh tréimhse práinne do scaoileadh chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis bheith caithte don tréimhse sin.

Saighdiúir de sna Fórsaí scaoilfear d'iompar in aisce.

32. —I gcás saighdiúir de sna Fórsaí do scaoileadh, beidh sé i dteideal é iompar in aisce o áit a scaoilte go dtí an áit adeir a pháipéar teistiúcháin dob áit chomhnuithe dhó nuair do teistíodh é no go dtí áit ar bith eile ar a gcinnfidh, agus é á scaoileadh, dul chun comhnuithe ann, maran costasaighe é iompar go dtí an áit eile sin.

Fir den Chúltaca Fear do scaoileadh ar a seirbhís do bheith críochnuithe.

Seirbhís fear den Chúltaca Fear d'áireamh.

33. —Is tuigthe, maidir le seirbhís aon fhir áirithe den Chúltaca Fear d'áireamh chun crícheanna a scaoilte, an tseirbhís sin do thosnú ar dháta a theistithe.

Fear den Chúltaca Fear do scaoileadh ar a sheirbhís do bheith críochnuithe.

34. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar gach fear den Chúltaca Fear do scaoileadh chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis bheith críochnuithe do théarma a liostála bunaidh no d'aon fhaidiú a bheidh déanta fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so ar an téarma san.

(2) I gcás an Cúltaca do bheith glaoidhte amach ar buan-tseirbhís, fé alt 221 den Phríomh-Acht, an tráth bheadh fear den Chúltaca Fear i dteideal a scaoilte de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, féadfar, má bhíonn an fear san glaoidhte amach ar buantseirbhís an tráth san, an fear san do choinneáil, agus a sheirbhís mar fhear den Chúltaca Fear d'fhaidiú, go ceann na tréimhse sin nach sia ná dhá mhí dhéag ordóidh an t-údarás míleata orduithe, agus scaoilfear an saighdiúir sin chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis bheith caithte don tréimhse sin no tar éis an trátha san, roimh bheith caithte dhi, a chinnfidh an t-údarás míleata orduithe.

(3) I gcás fear den Chúltaca Fear do scaoileadh fén alt so, beidh sé i dteideal é iompar in aisce o áit a scaoilte go dtí an áit adeir a pháipéar teistiúcháin dob áit chomhnuithe dhó nuair do teistíodh é no go dtí áit ar bith eile ar a gcinnfidh, agus é á scaoileadh, dul chun comhnuithe ann, maran costasaighe é iompar go dtí an áit eile sin.

Forálacha generálta i dtaobh saighdiúirí agus fir do scaoileadh.

Ordacháin um scaoileadh.

35. —I gcás inar gá do réir na Caibidle seo den Chuid seo den Acht so saighdiúir de sna Fórsaí no fear den Chúltaca Fear do scaoileadh, ordóidh an t-údarás míleata orduithe an saighdiúir no an fear san do scaoileadh.

Forálacha i dtaobh saighdiúirí agus fir do scaoileadh.

36. —(1) Ní déanfar saighdiúir de sna Fórsaí ná fear den Chúltaca Fear do scaoileadh ach amháin—

(a) de bhun ordacháin ar n-a thabhairt ag an Riaghaltas, ag gníomhú tríd an Aire dhóibh, fé alt 12 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 ( Uimh. 41 de 1937 ), no

(b) de bhun ordacháin ón údarás míleata orduithe, ar n-a thabhairt fén alt deiridh sin roimhe seo, no

(c) de bhun daortha arm-chúirte.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh na slí ina scaoilfear, agus i dtaobh na ndaoine scaoilfidh, saighdiúirí de sna Fórsaí no fir den Chúltaca Fear a ordóidh an Riaghaltas fé alt 12 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 , ag gníomhú tríd an Aire dhóibh, a scaoileadh, no a ordóidh an t-údarás míleata orduithe fén alt deiridh sin roimhe seo a scaoileadh, no a dhaorfaidh arm-chúirt chun a scaoilte agus, go dtí go ndéanfar duine is saighdiúir de sna Fórsaí no is fear den Chúltaca Fear do scaoileadh do réir na rialachán san, fanfaidh an duine sin, fé réir na nAchtanna agus an Achta so, ina shaighdiúir de sna Fórsaí no ina fhear den Chúltaca Fear (do réir mar a bheidh).

Deimhniú um scaoileadh.

37. —Pé uair a déanfar saighdiúir de sna Fórsaí no fear den Chúltaca Fear do scaoileadh fé alt 12 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 ( Uimh. 41 de 1937 ), no fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, déanfar deimhniú um scaoileadh, agus é sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin i dtaobh an duine sin ann ordóidh an tAire, do thabhairt don duine sin no, más fear den Chúltaca Fear an duine sin, do thabhairt dó no é chur chuige fé sheoladh a áite comhnuithe cláruithe deiridh.

Forálacha Ilghnéitheacha.

Pionós do bheith ag gabháil le liostálaithe do thabhairt freagraí bréagacha uatha.

38. —(1) I gcás duine do thabhairt freagra bhréagaigh go feasach ar cheist ar bith a bheidh ina pháipéar teistiúcháin agus a chuirfidh an duine 'na dtíocfa sé ina láthair chun é theistiú do réir rialachán liostála chuige, no cuirfear chuige le hordachán an duine sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí do chur air.

(2) Má dheineann duine cionta fén alt so agus go dteisteofar é mar shaighdiúir de sna Fórsaí no mar fhear den Chúltaca, dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh os cóir cúirte dlighinse achmaire mar gheall ar an gcionta, no é thriail os cóir arm-chúirte sa chionta, do réir mar is rogha leis an údarás míleata orduithe.

Feidhm ailt 162 den Phríomh-Acht.

39. —Déanfar na tagairtí atá in alt 162 den Phríomh-Acht do sna Fórsaí do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don Chúltaca Fear.

An t-údarás is údarás míleata orduithe chun crícheanna Coda II de Chaibidil IV.

40. —Isé cialluíonn an abairt “an t-údarás míleata orduithe”, i ngach áit ina bhfuil sí in alt ar bith atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ná an t-údarás san a bheidh orduithe, chun críche an ailt sin, le rialacháin (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh) ar n-a ndéanamh ag an Aire.

Caibidil III.

Baill de sna Fórsaí Cosanta do chur ar seirbhís mhíleata.

Baill de sna Fórsaí Cosanta do chur ar seirbhís mhíleata.

41. —(1) Beidh gach ball de sna Fórsaí Cosanta ionchurtha ar seirbhís mhíleata in áit ar bith sa líomatáiste le n-a mbaineann Achtanna an Oireachtais.

(2) Beidh gach ball de sna Fórsaí Cosanta bheidh ag fónamh mar bhall d'fhuirinn luinge ar bord luinge Stáit ionchurtha ar seirbhís mhíleata laistigh d'uiscí teorann agus lasmuich d'uiscí teorann an Stáit.

Forálacha breise i dtaobh cúltacairí liostálfar go díreach.

42. —(1) Beidh cúltacaire liostálfar go díreach ionchurtha ar seirbhís i dteanta aonaid ar bith, no ionchurtha le haonad ar bith, de sna Fórsaí no den Chúltaca.

(2) Ní bhainfidh na forálacha so leanas den Phríomh-Acht le cúltacairí liostálfar go díreach, sé sin le rá, fo-alt (4) d'alt 221 agus alt 223.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “cúltacaire liostálfar go díreach” duine liostálfar go díreach mar fhear den Chúltaca Fear fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so.

CUID V.

Smacht.

Caibidil I.

An Dlí Míleata do bhaint le daoine sa bhreis.

Alt 208 den Phríomh-Acht do leasú.

43. —Déanfar alt 208 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le daoine fé dhlí mhíleata mar oifigigh) do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an mhír seo leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(3) Fé réir aon eisceachta generálta no áirithe ar n-a déanamh ag an Aire (agus is ar an té adeir go mbaineann an eisceacht san leis a bheidh san a chruthú) gach duine (nach duine fé dhlí mhíleata ar shlí eile) a bheidh, fé orduithe generálta no áirithe ón Aire, ag gabháil, i bhfeadhmannas oifigiúil is có-ionann le feadhmannas oifigigh, le haon trúpaí bheidh ar seirbhís chogúil in áit ar bith.”

Alt 209 den Phríomh-Acht do leasú.

44. —Déanfar alt 209 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le daoine fé dhlí mhíleata mar shaighdiúirí) do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an mhír seo leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(3) Fé réir aon eisceachta generálta no áirithe ar n-a déanamh ag an Aire (agus is ar an té adeir go mbaineann an eisceacht san leis a bheidh san a chruthú) na daoine uile (nach daoine fé dhlí mhíleata ar shlí eile) a bheidh ag obair do sna Fórsaí no don Chúltaca no d'aon chuid díobh san le linn don chéanna bheith ar seirbhís chogúil no bheidh i seirbhís an chéanna, no ag gabháil leis an gcéanna, le n-a linn sin.”

Caibidil II.

Ciontaí sa bhreis in aghaidh an Dlí Mhíleata.

Ciontaí in aghaidh an dlí mhíleata.

45. —(1) Gach duine fé dhlí mhíleata dhéanfaidh cionta ar bith dá luaidhtear sa tríú colún den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht so dlighfear, ar arm-chúirt dá chiontú, an pionós atá leagtha amach sa cheathrú colún den Sceideal san, os cionne luadh an chionta san, no an pionós san níos lugha ná san, a luaidhtear in alt 70 den Phríomh-Acht, do chur air.

(2) Is tuigthe gach cionta luaidhtear sa tríú colún den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith ina chionta luaidhtear sa Phríomh-Acht, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an bPríomh-Acht dá réir sin.

Alt 80 den Phríomh-Acht do bhaint le ciontaí áirithe.

46. —Is tuigthe, chun crícheanna alt 81, 82, 85, 86 agus 86A den Phríomh-Acht, na ciontaí luaidhtear sa tríú colún den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, os coinne na n-uimhreach tagartha 6, 7, 8, 12, 13 agus 16, do bheith ar na ciontaí luaidhtear in alt 80 den Phríomh-Acht, agus beidh éifeacht ag na hailt sin 81, 82, 85, 86 agus 86A dá réir sin.

Alt 82 den Phríomh-Acht do leasú.

47. —An tagairt do choinneáil i mbearraic atá in alt 82 den Phríomh-Acht (alt a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht ag alt 22 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 ( Uimh. 38 de 1924 ), agus a bhaineann le pionóis is cead d'oifigeach ceannais a ghearradh, ar an slí achmair, ar shaighdiúir shingil déanfar, maidir le saighdiúir singil no máirnéalach ag obair ar luing Stáit, í léiriú mar thagairt a fholuíonn tagairt do stop do chur le saoire ar tír.

Alt 86A den Phríomh-Acht do leasú.

48. —An tagairt do choinneáil i mbearraic atá in alt 86A den Phríomh-Acht (alt a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht ag alt 27 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 (Uimh. 38 de 1924) , agus a bhaineann le fo-oifigeach do dheighleáil ar an slí achmair le cúis a bheidh i gcoinnibh saighdiúra shingil déanfar, maidir le saighdiúir singil no máirnéalach ag obair ar luing Stáit, í léiriú mar thagairt fholuíonn tagairt do stop do chur le saoire ar tír.

Caibidil III.

Cúiseanna i gcoinnibh Oifigeach do scrúdú.

Cúiseanna i gcoinnibh Oifigeach.

49. —(1) Isé dhéanfaidh cúis i gcoinnibh dhuine bheidh fé dhlí mhíleata mar oifigeach do scrúdú, sa chéad dul síos, ná oifigeach ceannais an duine sin no, i gcás an tAidiútant Generálta dá ordú san, an t-oifigeach eile sin a cheapfaidh an tAidiútant Generálta chuige sin.

(2) An t-oifigeach a bheidh ag scrúdú cúise fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh—

(a) i gcás céim Cheannphuirt no aon chéim is aoirde ná san do bheith ag an oifigeach cúisithe—

(i) an chúis do chaitheamh amach, no

(ii) a thabhairt go dtriailfear an t-oifigeach cúisithe ag arm-chúirt;

(b) i gcás ar bith eile—

(i) an chúis do chaitheamh amach, no

(ii) a thabhairt go dtriailfear an t-oifigeach cúisithe ag oifigeach údaruithe, no

(iii) a thabhairt go dtriailfear an t-oifigeach cúisithe ag arm-chúirt.

(3) I gcás oifigeach cúisithe do chur á thriail ag oifigeach údaruithe déanfaidh an t-oifigeach údaruithe sin, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo—

(a) an chúis do chaitheamh amach; no

(b) pionós amháin aca so leanas do ghearradh, eadhon:—

(i) fíneáil ná raghaidh thar cúig púint,

(ii) dian-imdheargadh,

(iii) imdheargadh; no

(c) an t-oifigeach cúisithe do chur siar chun a thrialta ag armchúirt.

(4) Déanfar, i gcúis go mbeidh sé de chomhacht ag oifigeach údaruithe deighleáil léi go hachmair fén alt so, an fhianaise i gcoinnibh an duine chúisithe do ghlacadh fé mhionn i gcás an duine sin dá éileamh san agus, i ngach cás den tsórt san, beidh ar gach fínné an mionn céanna do thabhairt no an dearbhú sollamanta céanna do dhéanamh is gá d'fhinné do thabhairt no do dhéanamh i láthair arm-chúirte agus, chuige sin, féadfaidh oifigeach údaruithe daoine do chur fé mhionn agus dearbhú sollamanta do ghlacadh o dhaoine.

(5) I gcás oifigeach údaruithe do chur oifigigh siar chun a thrialta ag arm-chúirt, déanfaidh an t-oifigeach do scrúduigh an chúis sa chéad dul síos a thabhairt go gcuirfear an t-oifigeach a bheidh curtha siar amhlaidh á thriail ag arm-chúirt.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag luadh na n-oifigeach a bheidh ina n-oifigigh údaruithe chun crícheanna an ailt seo, agus beidh gach oifigeach a luadhfar amhlaidh ina oifigeach údaruithe chun na gcrícheanna san.

CUID VI.

Foralacha Ilghneitheacha.

Alt 29 den Phríomh-Acht do leasú.

50. —(1) Deintear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht do leasú tríd an mhír seo leanas do chur leis, sé sin le rá:—

“(e) árthaighe armtha puiblí agus fo-árthaighe ina gcóir san, chun cosanta an Stáit agus uiscí teorann an Stáit, do dhéanamh, d'fháil, do ghléasadh, do chothabháil agus do choimisiúnú.”

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Alt 31 den Phríomh-Acht do leasú.

51. —Déanfar alt 31 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le rialacháin do dhéanamh) do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an mhír seo leanas do chur isteach ann i ndiaidh míre (i), sé sin le rá:—

“(ii) na dathanna, na bratacha no na meirgí is ceart d'úsáid, no bheidh le húsáid, maidir le hárthaighe armtha puiblí agus le fo-árthaighe ina gcóir san.”

Alt 120 den Phríomh-Acht do leasú.

52. —Déanfar fo-alt (3) d'alt 120 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le saighdiúir d'admháil go ndearna sé tréigean no liostáil chalaoiseach) do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an focal “generálta” do scriosadh as an bhfo-alt san.

Alt 123 den Phríomh-Acht do leasú.

53. —Déanfar alt 123 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann leis an modh ina ndéanfaidh saighdiúir gearán) do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an focal “generálta” do scriosadh as an alt san.

Daoine go bhíuiltear i amhras gur tréigtheoirí no nea-láithrithe iad do ghabháil.

54. —(1) I gcás cúis réasúnta do bheith ag oifigeach no ag saighdiúir no ag ball den Ghárda Síochána chun bheith in amhras gur tréigtheoir no nea-láithridhe gan cead o sna Fórsaí Cosanta aon duine áirithe, féadfaidh, gan barántas, an duine sin do ghabháil agus do thabhairt go dtí stáisiún leis an nGárda Síochána.

(2) I gcás—

(a) duine do thabhairt go dtí stáisiún leis an nGárda Síochána fé fho-alt (1) den alt so, no

(b) duine dá thabhairt féin suas do bhall den Ghárda Síochána ag stáisiún leis an nGárda Síochána agus dá rá gur tréigtheoir no nea-láithridhe gan cead o sna Fórsaí Cosanta é,

cuirfear an duine sin fé choinnéail sa stáisiún san agus, leis sin, déanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche no Feadhmannach Síochána an cás do scrúdú chó luath agus is féidir é agus, má chítear dó-san gur tréigtheoir no nea-láithridhe gan cead o sna Fórsaí Cosanta an duine sin, cuirfidh fé ndeár an duine sin do thabhairt le coinneáil don lucht airm, ach, mara bhfeictear san dó, ordóidh an duine sin do scaoileadh.

Nithe agus scríbhinní áirithe do bheith ina bhfianaise.

55. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le fianaise in imeachta fé sna hAchtanna agus fén Acht so, pé aca i láthair cúirte síbhialta no i láthair arm-chúirte do sna himeachta san, sé sin le rá:—

(a) beidh aon chó-aontú no teistiú, no aon fhuirm no scríbhinn eile, do bhéarfaidh le tuigsint duine ar bith dá shighniú le linn an duine sin do bheith á theistiú mar shaighdiúir in aon chuid de sna Fórsaí Cosanta, ina fhianaise go dtug an duine sin uaidh, mar fhreagra ar na ceisteanna sa bhfuirm no sa scríbhinn sin, na freagraí adeirtear sa chéanna do thug sé uaidh;

(b) féadfar liostáil duine ar bith sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear do chruthú tré fhínné fé mhionn do thabhairt cóipe ar áird de theistiú no de chó-aontú an duine sin do bhéarfaidh le tuigsint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag an oifigeach ag á mbeidh coimeád an teistithe no an chó-aontuithe bhunaidh sin, gan a chruthú gurb í láimhscríbhneoireacht an oifigigh sin atá leis an deimhniú ná go bhfuil an scríbhinn bhunaidh sin ar choimeád aige;

(c) i gcás leitir no tuairisceán no scríbhinn eile, i dtaobh seirbhíse duine ar bith in aon chuid de sna Fórsaí Cosanta no i dtaobh duine ar bith do scaoileadh as an gcéanna, dá thabhairt le tuigsint í bheith sighnithe ag an Aire no thar a cheann no ag oifigeach ceannais no thar ceann oifigigh cheannais aon choda de sna Fórsaí Cosanta go bhfeicfear gur bhain an duine sin léi no go n-abróidh an duine sin go mbaineann no gur bhain sé léi, beidh san ina fhianaise ar na fíora iomchuibhe bheidh sa leitir no as tuairisceán no sa scríbhinn eile sin;

(d) beidh Liost Fórsaí Cosanta no Iris Fórsaí Cosanta, ar n-a chló-bhualadh fé mhaoirseacht no fé údarás Oifig an tSoláthair agus ar n-a fhoillsiú ag an Oifig sin, ina fhianaise ar staid agus ar chéim na n-oifigeach a bheidh luaidhte ann, agus ar aon cheapachán a bheidh ag na hoifigigh sin, agus fós ar an gCór no ar an gcath no ar an gCór no ar an Seirbhís le n-a mbainfidh na hoifigigh sin;

(e) i gcás ní do chur ar breacadh i gceann de sna leabhair reisiminte de bhun na nAchtanna no de bhun aon rialachán ar n-a ndéanamh fútha san no neachtar aca de bhun diúité mhíleata, agus an breacachán san do thabhairt le tuigsint é bheith sighnithe ag an oifigeach ceannais no ag an oifigeach gurb é a dhualgas an ní sin do chur ar breacadh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) beidh an breacachán san ina fhianaise ar na fíora bheidh luaidhte ann, agus

(ii) beidh cóip, de bhreacachán a bheidh in aon leabhar reisiminte, ina fianaise ar an mbreacachán san má thugann sí le tuigsint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag an oifigeach ag á mbeidh coimeád an leabhair sin:

(f) is tuigthe aon bharántas no ordú ar n-a dhéanamh fé sna hAchtanna ag údarás míleata do bheith ina fhianaise ar na nithe a horduítear leis na hAchtanna no dá mbun a luadh ann, agus beidh cóip ar bith den bharántas no den ordú san do bhéarfaidh le tuigsint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis, ag an oifigeach adéarfar inti do bheith údaruithe ag an Aire chun í dheimhniú, ionghlactha mar fhianaise;

(g) i gcás na himeachta do bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra (dá ngairmtear an duine cúisithe sa mhír seo) go mbeifear á chur ina leith gur tréigtheoir no nea-láithridhe gan cead é, agus an duine cúisithe do bheith ina dhuine do gabhadh ag ball den Ghárda Síochána no ag oifigeach no saighdiúir ar bith no do thug é féin suas d'oifigeach no d'aon chuid de sna Fórsaí Cosanta, beidh deimhniú do bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe ag an mball den Ghárda Síochána no ag an oifigeach no ag an saighdiúir do rinne an ghabháil, no é bheith sighnithe ag an oifigeach dar thug an duine cúisithe é féin suas no ag oifigeach ceannais na coda de sna Fórsaí Cosanta dar thug an duine cúisithe é féin suas, agus ina luadhfar an ghabháil no an tabhairt suas san do bheith déanta agus dáta agus am agus áit a déanta, agus ina n-inneosfar cé aca bhí an duine cúisithe do thug é féin suas amhlaidh fé éide le linn é do ghabháil no é dá thabhairt féin suas no ná raibh, beidh san ina fhianaise ar na nithe luadhfar agus a hinneosfar amhlaidh;

(h) i gcás na himeachta do bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra go mbeifear á chur ina leith gur tréigtheoir no nea-láithridhe gan cead é, agus an t-oifigeach no an saighdiúir do bheith ina dhuine do thug é féin suas do bhall ar bith den Ghárda Síochána, beidh deimhniú do bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe ag an mball san no ag an duine do rinne, le linn dó bheith i bhfeighil stáisiúin leis an Gárda Síochána, an t-oifigeach no an saighdiúir sin do thabhairt le coinneáil don lucht airm, agus ina luadhfar an tabhairt suas san do bheith déanta agus dáta agus am agus áit a déanta, agus ina n-inneosfar cé aca bhí an t-oifigeach no an saighdiúir do thug é féin suas amhlaidh fé éide le linn é dá thabhairt féin suas no ná raibh, beidh san ina fhianaise ar na nithe luadhfar agus a hinneosfar amhlaidh;

(i) i gcás na himeachta do bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra (dá ngairmtear an duine cúisithe sa mhír seo) go mbeifear á chur ina leith gur tréigtheoir no nea-láithridhe gan cead é, agus an duine cúisithe do bheith ina dhuine do gabhadh ag ball den Ghárda Síochána no ag oifigeach no ag saighdiúir agus do tugadh go dtí stáisiún leis an nGárda Síochána no ina dhuine do thug é féin suas do bhall den Ghárda Síochána ag stáisiún leis an nGárda Síochána, beidh deimhniú do bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe ag an mball den Ghárda Síochána do bhí i bhfeighil an stáisiúin sin le linn an duine cúisithe do thabhairt le coinneáil don lucht airm, agus ina luadhfar an ghabháil no an tabhairt suas do bheith déanta agus dáta agus am agus áit a déanta, agus ina n-inneosfar cé aca bhí an duine cúisithe fé éide le linn é do ghabháil no é dá thabhairt féin suas no ná raibh, beidh san ina fhianaise ar na nithe luadhfar agus a hinneosfar amhlaidh.

Gan forálacha áirithe den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , do bhaint le hoifigigh ná le saighdiúirí ar feadh tréimhse práinne.

56. —Ní bhainfidh na forálacha so leanas den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , le haon oifigeach ná saighdiúir ar feadh tréimhse práinne, tráth ar bith a bheidh sé ar diúité, sé sin le rá, ailt 22 agus 49, fo-alt (2) d'alt 149, fo-alt (5) d'alt 159, agus ailt 164 agus 166.

Cúltacairí glaodhadh amach ar buantseirbhís agus saighdiúirí liostáladh sna Fórsaí chun fónaimh ar feadh tréimhse práinne do thógaint thar n-ais ag obair agus forálacha eile ina dtaobh san.

57. —(1) I gcás—

(a)  (i) duine is cúltacaire do ghlaodhach amach ar buantseirbhís roimh an Acht so do rith no dá éis sin, no

(ii) duine do liostáil sna Fórsaí, agus

(b) an duine sin (dá ngairmtear an sean-fhostaidhe sa bhfo-alt so) do bheith, tráth a ghlaoidhte amach ar buantseirbhís amhlaidh no a liostála amhlaidh (pé aca é) ar fostú ag duine eile (dá ngairmtear an seanfhostóir sa bhfo-alt so) seachas Aire Stáit no cólucht reachtúil agus an cólucht san freagarthach d'Aire Stáit,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(c) beidh sé de dhualgas ar an sean-fhostóir an seanfhostaidhe do thógaint thar n-ais, ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nach lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é liostáil amhlaidh;

(d) mara ndeinidh an sean-fhostóir an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais amhlaidh, beidh an sean-fhostóir ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil na raghaidh thar caoga punt do chur air;

(e) má gheibhtear an sean-fhostóir ciontach sa chionta san, féadfaidh an chúirt a gheobhaidh ciontach amhlaidh é a ordú dhó, freisin, pé méid (nach mó ná sé oiread na suime do bheadh, dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é liostáil amhlaidh (pé aca é) agus go mbeadh sé i bhfostaíocht an tsean-fhostóra ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, iníoctha leis mar luach saothair míosúil ag an sean-fhostóir am an chríochnuithe sin), is oiriúnach leis an gcúirt, d'íoc leis an sean-fhostaidhe;

(f) má cúisítear an sean-fhostóir i gcionta fén bhfo-alt so alos an tsean-fhostaidhe, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an sean-fhostóir dá chruthú—

(i) ná dearna an sean-fhostaidhe, fé cheann mí tar éis a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, a iarraidh ar an sean-fhostóir é thógaint thar n-ais, no

(ii) go ndearna an sean-fhostaidhe, gan leath-scéal réasúnta do bheith aige chuige sin, faillighe do thabhairt, tar éis don tsean-fhostóir a thairgsint dó é thógaint thar n-ais, i dteacht ag obair san am agus san áit a chuir an sean-fhostóir in úil dó, no

(iii) gur thárla, toisc atharú (seachas duine éigin eile d'fhostú in ionad an tsean-fhostaidhe) do bheith tagtha ar chúrsaí an cháis—

(I) nárbh fhéidir do réir réasúin an seanfhostaidhe do thógaint thar n-ais, no

(II) nárbh fhéidir an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nár lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amh laidh no é liostáil amhlaidh, agus gur thairg an sean-fhostóir é thógaint thar n-ais sa bhfostaíocht is oiriúnaighe agus fé sna coinníollacha is oiriúnaighe dob' fhéidir do réir réasúin.

(2) Chun a áirithiú go ndéanfar coigeartú cóir ar chonnartha seirbhíse no príntíseachta bhí no bheidh i bhfeidhm idir fostóirí agus fostaithe le linn na bhfostaithe do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís no do liostáil, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála rialacháin do dhéanamh ag saoradh páirtithe na gconnradh san o n-a n-oblagáidí uile, no o aon chuid dá n-oblagáidí fé sna connartha san alos tréimhse seirbhíse míleata na bhfostaithe sin, agus féadfaidh, freisin, rialacháin do dhéanamh ag atharú na gconnradh san tríd an tréimhse sheirbhíse no phríntíseachta fén gcéanna d'fhaidiú tréimhse nach sin ná an tréimhse sin de sheirbhís mhíleata agus tré théarmaí na gconnradh san do chur in oiriúint d'aon fhaidiú den tsórt san.

(3) Déanfar, maidir le duine ar bith (dá ngairmtear an seanfhostaidhe sa bhfo-alt so) is cúltacaire agus a beifear tar éis a ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís no is pearsa nach cúltacaire agus a beifear tar éis a liostáil sna Fórsaí, tagairtí san alt so, don duine ag á raibh an sean-fhostaidhe ar fostú tráth a ghlaoidhte amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no tráth a liostála amhlaidh, do léiriú, alos éinní bheidh le déanamh tar éis tréimhse a sheirbhíse míleata do bheith caithte, mar thagairtí fholuíonn tagairtí do dhuine ar bith a bheidh, de thurus na huaire, i gcúram an ghnóthais no na seirbhíse ina raibh an sean-fhostaidhe ar fostú tráth a ghlaoidhte amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no tráth a liostála amhlaidh no i gcúram aon ghnóthais no seirbhíse le n-a mbeifear tar éis an chéanna do chó-nascadh no 'nar chuid de é dáta glaoidhte amach no liostála an tsean-fhostaidhe amhlaidh.

(4) Más deimhin leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gur gá cosc do chur le fostóirí do chur deireadh le fostaíocht a bhfostaithe ar scór a bheith ar na fostaithe sin, de bhuadh forálacha na nAchtanna no an Achta so, aon diúitéthe do dhéanamh no freagrachtaí do chólíonadh mar bhaill de sna Fórsaí Cosanta no gur gá socrú do dhéanamh chun ná féadfaí cólíonadh forálacha an ailt seo do sheachaint, féadfaidh rialacháin do dhéanamh chun na gcrícheanna san, agus féadfar socrú do dhéanamh leis na rialacháin sin chun pionós do bheith ag gabháil le n-a sárú, agus go sonnrách féadfar, leis na rialacháin sin, aon cheann d'fhorálacha fo-ailt (1) den alt so bhaineann le daoine gheobhfar ciontach i gciontaí fén bhfo-alt san do chur i mbaint, go n-atharuithe no dá n-éamuis, le daoine gheobhfar ciontach i sáruithe den tsórt san.

(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

(6) I gcás—

(a)  (i) duine is cúltacaire do ghlaodhach amach ar buantseirbhís roimh an Acht so do rith no dá éis sin, no

(ii) duine do liostáil sna Fórsaí, agus

(b) an duine sin (dá ngairmtear an sean-fhostaidhe sa bhfo-alt so) do bheith, tráth a ghlaoidhte amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no a liostála amhlaidh (pé aca é), ar fostú ag duine (dá ngairmtear an t-údarás sa bhfo-alt so) is Aire Stáit no cólucht reachtúil agus an cólucht san freagarthach d'Aire Stáit,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(c) tógfaidh an t-údarás an sean-fhostaidhe thar n-ais, ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nach lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é liostáil amhlaidh;

(d) ní bheidh feidhm ag mír (c) den fho-alt so maidir leis an sean-fhostaidhe—

(i) mara ndeinidh an sean-fhostaidhe, fé cheann mí tar éis a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, a iarraidh ar an údarás é thógaint thar n-ais, no

(ii) má dheineann an sean-fhostaidhe, gan chúis réasúnta do bheith aige chuige sin, faillighe do thabhairt, tar éis don údarás á thairgsint dó é thógaint thar n-ais, i dteacht ag obair san am agus san áit a chuir an t-údarás in úil dó, no

(iii) má thárlann toisc atharú (seachas duine éigin eile d'fhostú in ionad an tsean-fhostaidhe) do bheith tagtha ar chúrsaí an cháis—

(I) nach féidir do réir réasúin an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais, no

(II) nach féidir an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nach lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buantseirbhís amhlaidh no é liostáil amhlaidh, agus go dtairgfidh an t-údarás é thógaint thar n-ais sa bhfostaíocht is oiriúnaighe agus fé sna coinníollacha is oiriúnaighe is féidir do réir réasúin, no

(iv) mara ndearna an sean-fhostaidhe, i gcás é bheith ar fostú ag an údarás tráth a liostála sna Fórsaí no sa Chúltaca, cead chun liostála amhlaidh d'fháil ón údarás no o dhuine éigin ag gníomhú thar ceann an údaráis.

(7) San alt so—

cialluíonn an focal “cúltacaire” fear den Chúltaca;

cialluíonn an abairt “duine do ghlaodhach amach ar buantseirbhís”, maidir le cúltacaire, duine do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís de bhun ailt 221 den Phríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “duine do liostáil sna Fórsaí” duine do liostáil sna Fórsaí, fé Chaibidil II de Chuid IV den Acht so, le haghaidh tréimhse práinne, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

cialluíonn an abairt “ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe”—

(a) maidir le cúltacaire, ar an gcúltacaire sin do scaoileadh, den chéad uair tar éis an cúltacaire sin do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís, as bheith ar seirbhís mhíleata,

(b) maidir le duine do liostáladh sna Fórsaí, ar an duine sin do scaoileadh as na Fórsaí;

cialluíonn an abairt “tréimhse sheirbhíse míleata”—

(a) maidir le cúltacaire, an tréimhse o thráth an cúltacaire sin do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís go dtí tráth a sheirbhíse míleata do bheith críochnuithe den chéad uair tar éis an cúltacaire sin do ghlaodhach amach amhlaidh,

(b) maidir le duine do liostáladh sna Fórsaí, an tréimhse o thráth a liostála amhlaidh go dtí tráth a sheirbhíse míleata do bheith críochnuithe den chéad uair tar éis na liostála san.

Srian le liostáil do dhéanamh do Stáit eile.

58. —(1) Ní dleathach d'éinne—

(a) duine ar bith, sa líomatáiste le n-a mbaineann Achtanna an Oireachtais, do mhealladh chun aon choimisiún no fostaíocht do ghlacadh no chun toiliú chun an céanna do ghlacadh in aon tseirbhís mhíleata no chabhalaigh no aeir, ar n-a cothabháil ag Riaghaltas Stáit ar bith eile, ná a thabhairt ná a áiteamh ar an duine sin san do dhéanamh, ná

(b) aon fhógra no fógrán, i dtaobh pearsanra d'fháil d'aon tseirbhís mhíleata no chabhalaigh no aeir, ar n-a cothabháil ag Riaghaltas Stáit ar bith eile, do chlébhualadh sa líomatáiste le n-a mbaineann Achtanna an Oireachtas, ná a chur fé ndeár ná a thabhairt san do chlóbhualadh sa líomatáiste sin, ná

(c) aon fhógra no fógrán den tsórt san a luaidhtear i mír (b) den fho-alt so agus a clóbhuailfear sa líomatáiste sin d'fhoillsiú ná a chur fé ndeár ná a thabhairt é fhoillsiú sa líomatáiste sin.

(2) Gach duine dhéanfaidh ní ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no más rogha leis an gCúirt é príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) San alt so—

foluíonn an abairt “Riaghaltas Stáit ar bith eile” duine ar bith fheidhmíonn comhachta Riaghaltais no ghabhann air féin comhachta Riaghaltais d'fheidhmiú sa Stát san no os a chionn no in aon chuid de no os a cionn;

ní fholuíonn an abairt “seirbhís mhíleata no chabhalaigh no aeir” cumann cabhrach deontaighe ar n-a údarú go cuibhe chun crícheanna Airteagail 10 den Chonvensiún Eadarnáisiúnta, i dtaobh staid na ndaoine gonta agus na ndaoine breoite in airm ar an machaire d'fheabhsú, do sighníodh sa Gheinéibh an 27adh lá d'Iúl, 1929.

CEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 30 de 1923

Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 .

Ailt 2, 8, 9, 12, 26, 28, 35, 84, 173, 190 agus 196; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 213; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 214.

Uimh. 38 de 1924

Acht um Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924.

Ailt 6 agus 24.

Uimh. 4 de 1925

Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 .

Alt 5.

Uimh. 41 de 1937

Acht Fórsaí Cosanta., 1937.

Ailt 3, 6 agus 11.

DARA SCEIDEAL.

Fuirm an Mhionna do Bhearfaidh no an Dearbhuithe Dheanfaidh Oifigigh de sna Forsai.

CUID I.

Deinim-se, ....................................................................., a mhionnú ( a dhearbhú) go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im' oifigeach in Oglaigh na hÉireann, go gcóimhlíonfad na horduithe uile do bhéarfaidh m'oifigigh uachtaracha dhom do réir dlighidh agus ná ceanglód le có-ghléasadh ar bith ná ná bead im'bhall den chéanna ná ná taobhód leis tré scríbhinn gan cead cuibhe d'fháil chuige sin.

CUID II.

I, ........................................................................., do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am an officer in Oglaigh na hÉireann I will obey all orders issued to me by my superior officers according to law and I will not join or be a member of or subscribe to any organisation without due permission.

TRIU SCEIDEAL.

Fuirm an Mhionna do Bhearfaidh no an Dearbhuithe Dheanfaidh Oifigigh den Chultaca Oifigeach.

CUID I.

Deinim-se, ................................................................., a mhionnú ( a dhearbhú) go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im' Oifigeach sa Chúltaca Oifigeach, go gcóimhlíonfad na horduithe uile do bhéarfaidh m'oifigigh uachtaracha dhom do réir dlighidh agus ná ceanglód le cumann seicréideach ar bith ná ná bead im' bhall den chéanna ná ná taobhód leis tré scríbhinn.

CUID II.

I, ................................................................, do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am an officer in the Reserve of Officers I will obey all orders issued to me by my superior officers according to law and I will not join or be a member of or subscribe to any secret society.

CEATHRU SCEIDEAL.

Fuirm an Mhionna do Bhearfaidh no an Dearbhuithe Dheanfaidh Daoine Bheidh ag Liostail sna Forsai.

CUID I.

Deinim-se, ....................................................................., a mhionnú ( a dhearbhú) go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im' shaighdiúir in Oglaigh na hÉireann, go gcóimhlíonfad na horduithe uile do bhéarfaidh m'oifigigh uachtaracha dhom do réir dlighidh agus ná ceanglód le có-ghléasadh ar bith ná ná bead im' bhall den chéanna ná ná taobhód leis tré scríbhinn gan cead cuibhe d'fháil chuige sin.

CUID II.

I, ...................................................................., do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am a soldier in Oglaigh na hÉireann I will obey all orders issued to me by my superior officers according to law and I will not join or be a member of or subscribe to any organisation without due permission.

Cuigiu Sceideal.

Fuirm an Mhionna do Bhearfaidh no an Dearbhuithe Dheanfaidh Daoine Bheidh ag Liostail sa Chultaca Fear.

CUID I.

Deinim-se, ..................................................................., a mhionnú ( a dhearbhú) go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im' shaighdiúir sa Chúltaca Fear, go gcóimhlíonfad na horduithe uile do bhéarfaidh m'oifigigh uachtaracha dhom do réir dlighidh agus ná ceanglód le cumann seicréideach ar bith ná ná bead im' bhall den chéanna ná ná taobhód leis tré scríbhinn.

CUID II.

I, ................................................................., do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am a soldier of the Reserve of Men I will obey all orders issued to me by my superior officers according to law and I will not join or be a member of or subscribe to any secret society.

SEU SCEIDEAL.

Ciontai in Aghaidh an Dli Mhileata.

Cur Síos Generálta

Uimh. Thag.

Cionta

Pionós Maximum

(1)

(2)

(3)

(4)

Ciontaí, maidir leis an namhaid, le n-a ngeobhaidh pionós am bháis.

1

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit dá thabhairt, go fealltach no go náireach, an namhaid do ghabháil no do mhilleadh na luinge Stáit sin.

An Bás.

2

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do thabhairt aon chomhartha bhréagaigh mháirnéalachta, no d'atharú no do bhac aon chomhartha mháirnéalachta, go fealltach agus an duine sin ar seirbhís chogúil.

An Bás.

3

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit, agus dá n-ordóidh a oifigeach uachtarach no dá mbeidh orduithe ar shlí eile aon oibríocht chogaidh ar muir do dhéanamh, do staonadh, go fealltach no go náireach, o n-a shaindícheall do dhéanamh chun an orduithe sin do chur in éifeacht.

An Bás.

Ciontaí, maidir leis an namhaid, ná geobhaidh pionós an bháis leo.

4

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit dá thabhairt, go failligheach, an namhaid do ghabháil no do mhilleadh na luinge Stáit sin.

Pian-tseirbhís.

5

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit, agus dá n-ordóidh a oifigeach uachtarach no dá mbeidh orduithe ar shlí eile aon oibríocht chogaidh ar muir do dhéanamh, dostaonadh, go failligheach no tré theip eile, o n-a shain-dícheall do dhéanamh chun an orduithe sin do chur in éifeacht.

Pian-tseirbhís.

Ciontaí gur déine na pionóis a gheobhaidh leo le linn seirbhíse cogúla ná tráth a bith eile.

6

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit d'fhágaint a shuidhe faire no a phuist gan ordú o n-a oifigeach uachtarach no gan uanaíocht rialta do bheith déanta air.

I gcás an cionta do dhéanamh le linn seirbhíse cogúla— an bás. I gcás an cionta do dhéanamh tráth ar bith eile pian-tseirbhís.

7

An cionta san, saighdiúir a bheidh ar fostú ar luing Stáit agus a bheidh ag gníomhú mar fhairtheoir do bheith ina chodladh no ar meisce ina shuidhe faire no ag á phost, no d'fhágaint a shuidhe faire no a phost sara ndeintear uanaíocht rialta air.

I gcás an cionta do dhéanamh le linn seirbhíse cogúla..... an bás. I gcás an cionta do dhéanamh tráth ar bith eile-pian-tseirbhís.

8

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit d'atharú no do bhac comhartha mháirnéalachta gan údarás cuibhe.

I gcás an cionta do dhéanamh le linn seirbhíse cogúla— an bás. I gcás an cionta do dhéanamh tráth ar bith eile—pian-tseirbhís.

Faisnéis i dtaobh cosaintí do thabhairt no d'fháil go nondhleathach.

9

An cionta san, duine do thabhairt aon phleana, scríbhinne no faisnéise maidir le haon luing Stáit, duga Stáit, longlainn Stáit, dún, bataire, obair pháirce, daingean, no obair chosanta, no maidir le haon mhonarchain, do dhuine ar bith eile, no é do thabhairt aon fhaisnéise eile cabhalaighe no míleata do dhuine ar bith eile, ar shlí seachas i gcúrsa a dhualgais oifigiúil.

Pian-tseirbhís.

10

An cionta san, duine d'fháil aon phleana, acríbhinne no faisnéise maidir le haon luing Stáit, duga Stáit, longlainn Stáit, dún, bataire, no obair pháirce, no maidir le haon cheann de chosaintí an Stáit, no é d'fháil aon fhaisnéise eile cabhalaighe no míleata, go nea-dhleathach.

Pian-tseirbhís.

Nochtadh díobhálach.

11

An cionta san, nochtadh do dhéanamh, o bhéal no i scríbhinn no tré chomhartha no eile, gan údarás cuibhe, ar cad is líon no suidheamh d'aon fhórsaí míleata, no d'aon airmthaiscí no stóranna leis an gcéanna, no d'aon longa Stáit, no ar aon ullmhúcháin le haghaidh, no orduithe i dtaobh, oibríocht no gluaiseacht aon fhórsaí míleata no aon long Stáit tráth do bheir go dtáinig, agus is slí go dtáinig, díobháil don Stát de dheascaibh an nochttha sa: dar leis an gCúirt.

I gcás oifigigh—é bhriseadh fé aithis as an Seirbhís.

I gcás saighdiúra— príosúntacht.

Briseadh ceathrún.

12

An cionta san, saighdiúir a bheidh ar fostú ar luing Stáit d'fhágaint na luinge sin no a ionaid diúité go mí-cheart.

Coinneáil.

Faillighe do thabhairt i ndéanamh do réir orduithe.

13

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do thabhairt faillighe i ndéanamh do réir aon orduithe áirithe do bhéarfar dó maidir le ceannasaíocht agus riaradh na luinge sin.

I gcás oifigigh—é bhriseadh fé aithis as an Seirbhís. I gcás saighdiúra— príosúntacht.

Tréigean.

14

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do thréigean na luinge sin no do thabhairt fén luing sin do thréigean.

I gcás an cionta do dhéanamh le linn seirbhíse cogúla— an bás. I gcás an cionta do dhéan amh tráth ar bith eile—pian-tseirbhís.

15

An cionta san, cabhrú in aon tslí le duine ar bith, a bheidh fé dhlí mhíleata agus a bheidh ar fostú ar luing Stáit, chun an long san do thréigean.

I gcás an cionta do dhéanamh le linn seirbhíse cogúla— an bás. I gcás an cionta do dhéanamh tráth ar bith eile—pian-tseirbhís.

Bheith as láthair gan cead.

16

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do bheith as láthair, gan cead, ón luing sin no ón áit uirthi gurb é a dhualgas bheith ann.

I gcás oifigigh—é bhriseadh as an Seirbhís. I gcás saighdiúra—príos. úntacht.

Damáiste do longa, etc.

17

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do dhamáistiú no do mhilleadh no do chailliúint na luinge sin no é dá cur ar thalamh no i bpriacail, no é dá lomháil í do chailliúint no do chur ar thalamh no i bpriacail, go toiliúil no tré fhaillighe.

Pian-tseirbhís.

18

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do bheith ciontach in aon fhaillighe gur baolach dá deascaibh an long san do dhamáistiú no do mhilleadh no do chailliúint no í chur ar thalamh.

Pain-tseirbhís.

19

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do chur na luinge sin no aon abhair mháirnéalachta de láimh gan údarás dleathach.

Pian-tseirbhís.

20

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do sheoladh na luinge sin, go toiliúil no tré fhaillighe thoiliúil i slí do chuirfeadh éinne bheidh fé dhlí mhíleata in aon chontabhairt bháis.

Pian-tseirbhís.

21

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit dá thabhairt go toiliúil agus gan cúis chuibhe no go failligheach, le linn chog aidh, seilbh na luinge sin do ghabháil ag Stát neodrach no fé údarás Stáit neodraigh no an long san do mhilleadh i Stát neodrach.

Pian-tseirbhís.

Ciontaí maidir le neodracht.

22

An cionta san, duine bheidh ar fostú ar luing Stáit do dhéanamh gníomha ar bith gan údarás dleathach, le linn aimsire cogaidh 'na mbeidh an Stát neodrach ina thaobh, is gníomh is trúig baoil do neodracht an Stáit.

Pian-tseirbhís.