9 1940


Uimhir 9 de 1940.


ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN COIMISIÚN NA nOISPIDÉAL DO BHUNÚ BÓRÓDHANNA DAR CÚRAM EOLAS D'FHÁIL AGUS DO THABHAIRT AR AN gCÓIRÍOCHT IS IONFHÁLTA IN OISPIDÉIL ÁIRITHE, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN GEARÁN ÁIRITHE I dTAOBH NA nOISPIDÉAL SAN D'INIÚCHADH, CHUN ACHT NA hOISPIDÉAL PUIBLÍ, 1933, DO LEASÚ AGUS CHUN FEIDHMIÚ COMHACHT ÁIRITHE LUAIDHTEAR SAN ACHT SAN DO LEATHNÚ, CHUN ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ (LEASÚ), 1939 , D'ATHGHAIRM, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [17adh Bealtaine, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —Déanfar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, agus an tAcht so do léiriú i dteanta a chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt go gcuirtear brí áirithe leis, le haon Acht aca san no ann, tá leis san Acht so an bhrí cuirtear leis amhlaidh.

Búródhanna do bhunú.

2. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, is dleathach do Choimisiún na nOispidéal, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin, búró do bhunú agus do chothabháil, maidir le haon dá óspidéal no níos mó, is búró a dhéanfaidh níos usa daoine, dar gá cóireáil óspidéil, do leigint isteach in óspidéal éigin aca san agus ina bhféadfar faisnéis do thabhairt do dhochtúirí leighis, agus do dhaoine eile le na mbainfidh, ar an gcóiríocht a bheidh ar fáil o am go ham sna hóspidéil sin.

(2) I gcás búró, maidir le haon óspidéil, do bhunú fén alt so ní déanfar óspidéal ar bith, nár tugadh aon deontas dó as Ciste Iontaobhais na nOispidéal tar éis an Achta so do rith, d'áireamh imeasc na n-óspidéal san, mara dtoilighidh cólucht rialúcháin an óspidéil sin le n-a áireamh amhlaidh.

(3) Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairlitheach, ar n-a mbunú alos an bhúró san fén Acht so, is dleathach do Choimisiún na nOispidéal, ach ceadú an Aire do bheith aca chuige sin, a ordú le rialacháin conus a stiúrfar aon bhúró, ar n-a bhunú fén alt so, agus is ceaduithe, chun crícheanna na rialachán san, a luadh ionta cadiad dualgaisí cóluchta rialúcháin aon óspidéal a bheidh i gceist, no dualgaisí aon duine bheidh páirteach i mbainistí aon cheann de sna hóspidéil a bheidh i gceist, maidir le hothair do leigint isteach sa chéanna agus maidir le faisnéis, ar an gcóiríocht a bheidh ar fáil sna hóispidéil no san óspidéal san, do thabhairt i gcionn réithe có-fhaid agus ar n-a iarraidh sin.

(4) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Coistí búró.

3. —(1) I gcás búró do bhunú fén Acht so maidir le dhá óspidéal no níos mó—

(a) déanfar, de bhuadh na míre seo, coiste comhairlitheach do bhunú alos an bhúró san;

(b) beidh an coiste sin có-dhéanta d'uimhir de bhaill a bheidh có-ionann le huimhir na n-óspidéal san;

(c) déanfaidh gach ceann fé leith de chóluchtaí rialúcháin na n-óspidéal san o am go ham, do réir mar a bheidh gá leis sin, duine do cheapadh chun bheith ina bhall den choiste sin agus, fós, an ceapadh san do chur in úil do Choimisiún na nOispidéal;

(d) pé uair is gá do chólucht rialúcháin aon óspidéil aca san ball den choiste sin do cheapadh, is ceaduithe do Choimisiún na nOispidéal a iarraidh ar an gcólucht rialúcháin sin, tré fhógra i scríbhinn, an ceapadh san do dhéanamh agus, i gcás an cólucht rialúcháin sin do thabhairt faillighe sa cheapadh san do dhéanamh agus in é chur in úil do Choimisiún na nOispidéal agus iad do leanúint den fhaillighe sin go ceann ceithre lá déag tar éis dáta an fhógra san do thabhairt, cuirfidh Coimisiún na nOispidéal an fhaillighe sin in úil don Aire agus ceapfaidh an tAire an duine sin is oiriúnach leis chun bheith ina bhall den choiste sin agus, an duine cheapfaidh an tAire amhlaidh, is tuigthe chun crícheanna an fho-ailt seo gurb é an cólucht rialúcháin sin do cheap é.

(2) Isiad feidhmeanna bheidh ag gach coiste bunófar fén alt so ná éifeachtúlacht an bhúró gur ina thaobh a bheidh an coiste sin bunuithe do chur chun cinn i gcoitinne agus féachaint chuige go mbeidh gach cabhair, maidir leis an mbúró san do stiúradh, á fháil o sna hóspidéil a bheidh i gceist.

(3) Ceapfaidh an tAire na téarmaí bhainfidh le sealbhaíocht oifige na mball d'aon choiste bunófar fén alt so.

(4) Cuirfidh Coimisiún na nOispidéal áit tionóil ar fáil do choiste ar bith a bunófar fén alt so agus déanfaid aon tsocrú eile is gá dar leo chun an choiste sin do chólíonadh a bhfeidhmeanna sa cheart.

Gearáin.

4. —(1) Má dheineann Coimisiún na nOispidéal, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairlitheach oiriúnach, a ghearán leis an Aire gur diúltuíodh do dhuine ar bith áirithe do leigint isteach ina othar chomhnaithe in aon óspidéal 'na mbeidh búró bunuithe ina thaobh fén Acht so, no gur thárla moill mhíréasúnta maidir le cóireáil do chur ar dhuine ar bith dob othar comhnaithe in aon óspidéal den tsórt san, is dleathach don Aire, as a dhíscréid féin, fiosrúchán do chur á dhéanamh i dtaobh an ghearáin sin, más ceart san dar leis, agus feadfaidh duine do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh.

(2) Is dleathach don duine ceapfar chun fiosrúchán do dhéanamh fén alt so—

(a) fínnéithe do ghairm chun teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san,

(b) fínnéithe bheidh i láthair ag an bhfiosrúchán san do cheistniú fé mhionn, agus údaruítear dó leis seo daoine do chur fé mhionn, agus

(c) i gcás é do mheas aon scríbhinn a bheidh fé chúram no fé urláimh aon fhínné aca san do bheith riachtanach chun crícheanna an fhiosrúcháin sin, a cheangal ar an bhfínné sin an scríbhinn sin do thabhairt ar áird.

(3) Beidh na saoirsí agus na príbhléidí céanna ag duine is fínné ag fiosrúchán fén alt so do bheadh aige dá mba i láthair na hArd-Chúirte do bheadh sé ina fhínné.

(4) Má dheineann duine ar bith—

(a) ar é ghairm go cuibhe chun teacht i láthair ina fhínné ag fiosrúchán fen alt so, faillighe do thabhairt, go toiliúil no gan fáth réasúnta, i dteacht i láthair, no

(b) ar é bheith i láthair ina fhínné ag an bhfiosrúchán san, diúltú do mhionn do thabhairt, no do scríbhinn do thabhairt ar áird, no do cheist do fhreagairt, nuair iarrfaidh neach déanta an fhiosrúcháin sin air san do dhéanamh,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(5) Deimhneoidh an tAire cadé méid a chostaisí maidir le fiosrúchán fén alt so, agus déanfar an méid a deimhneofar amhlaidh d'íoc leis an Aire amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal agus déanfaidh an tAire an céanna d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Alt 12 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , do leasú.

5. —Déanfar alt 12 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), do léiriú, maidir le gach scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén Acht san tar éis an Achta so do rith, agus beidh éifeacht aige, maidir leis an gcéanna, fé is dá ndeintí—

(a) na focail seo leanas do chur le mir (a) d'fho-alt (2) den alt san i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá, “no thar an bpercentáiste sin, fé n-a bhun san, den airgead san, a chinnfidh an tAire Dlighidh agus Cirt agus é ag ceadú na scéime don scuab-gheall san”, agus

(b) na focail seo leanas do scriosadh as mír (b) d'fho-alt (2) den alt san, sé sin le rá, “agus ní ragha sí thar seacht per cent. den airgead san do gheobhfar as ticéadaí no dhíol sa scuab-gheall san.”

Alt 14 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , do leasú.

6. —Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 14 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), fé is dá ndeintí na focail “no do ghcibheann congnamh uatha san” do scriosadh as.

Feidhmiú comhacht áirithe do leathnú.

7. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an fo-alt príomhdha” fo-alt (6) d'alt 14 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), ar n-a leasú leis an alt deiridh sin roimhe seo.

(2) Chun dualgaisí an Aire agus dualgaisí Choimisiún na nOispidéal fé Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, agus fén Acht sa do chólíonadh, is ceaduithe d'oifigeach ar bith don Aire go n-údarás cuibhe aige chuige sin ón Aire, no d'oifigeach ar bith do Choimisiún na nOispidéal go n-údarás cuibhe aige chuige sin o Choimisiún na nOispidéal, gach comhacht no aon chomhacht dá luaidhtear sa bhfo-alt phríomhdha d'fheidhmiú.

(3) Má dheineann duine ar bith, maidir le haon chomhacht dá luaidhtear sa bhfo-alt phríomhdha d'fheidhmiú de bhuadh an ailt seo no an fho-ailt phríomhdha, an feidhmiú san do bhac, no má chuireann isteach air, go toiliúil, no má thugann faillighe in aon fhaisnéis do thabhairt uaidh a bheidh ar a chur aige, agus a hiarrfar air de bhuadh an ailt seo no an fho-ailt phríomhdha do thabhairt uaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Athghairm.

8. —Athghairmtear leis seo Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1939 (Uimh. 15 de 1939) .

Gearr-theideal agus có-luadh.

9. —(1) Féadfar Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1940, do ghairm d'Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, agus den Acht so le chéile.