8 1940


Uimhir 8 de 1940.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN FAOISIMH LEATHRANNAIGH Ó RÁTAÍ DO THABHAIRT MAIDIR LE hÁITEANNA COMHNAITHE ÁIRITHE NUA NO FAIRSINGITHE NO FEABHSUITHE.

[2adh Bealtaine, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála; cialluíonn an focal “luacháil” luacháil fé sna hAchtanna Luachála; cialluíonn an abairt “liost luachála athscrúduithe” liost luachála ar n-a athscrúdú fé sna hAchtanna Luachála;

cialluíonn an abairt “an tréimhse orduithe” an tréimhse dar tosach an ladh lá de Dheireadh Fómhair, 1939, agus dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942;

ní fholuíonn an abairt “áit chomhnaithe”—

(a) aon iostán ar n-a thógaint fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1937;

(b) aon tigh ar n-a thógaint fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, ar n-a leasú le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

(c) aon tigh go bhfuil no go mbeidh deontas deonta ina thaobh fé Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1939; ná

(d) aon tigh le n-a ngabhann faoiseamh ar bith o rátaí ar n-a thabhairt de bhuadh Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1939;

ach, lasmuich de sna heisceachtaí sin roimhráite, cialluíonn an focal san aon fhoirgint no cuid d'fhoirgint ar n-a déanamh agus ar n-a ceapadh chun teaghlach ar leithligh do chomhnuighe inti agus dar páirt aon chóiríocht do sheirbhísigh, no aon tigh gluaisteáin no tigh gáirdín no fo-fhoirgint eile, ar n-a dhéanamh agus ar n-a cheapadh i dtreo go mbeadh sé oiriúnach chun é úsáid i dteanta na foirginte sin no na coda san d'fhoirgint agus chun crícheanna an chéanna.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) i gcás áit chomhnaithe d'fhairsingiú no d'fheabhsú agus gan an fairsingiú no an feabhsú san do bheith ar fad ná go leathrannach ina fhairsingiú no ina fheabhsú bhreisíonn no fheabhsuíonn taithneamhachtaí na háite comhnaithe sin mar chomhnaidhe do theaghlach ar leithligh, no dheineann ar shlí eile an áit chomhnaithe sin níos oiriúnaighe mar chomhnaidhe den tsórt san, is tuigthe gan an tAcht so do bhaint leis an bhfairsingiú no leis an bhfeabhsú san, agus

(b) i gcás áit chomhnaithe d'fhairsingiú no d'fheabhsú agus an fairsingiú no an feabhsú san do bheith go leathrannach ina fhairsingiú no ina fheabhsú bhreisíonn no fheabhsuíonn taithneamhachtaí na háite comhnaithe sin mar chomhnaidhe do theaghlach ar leithligh, no dheineann ar shlí eile an áit chomhnaithe sin níos oiriúnaighe mar chomhnaidhe den tsórt san, is tuigthe gan an tAcht so do bhaint ach leis an oiread san den fhairsingiú no den fheabhsú san a bhreisíonn no fheabhsuíonn na taithneamhachtaí sin, no dheineann ar shlí eile an áit chomhnaithe sin níos oiriúnaighe mar adubhradh,

agus is dá réir sin a déanfar na focail “fairsingiú” agus “feabhsú” do léiriú san Acht so.

Faoiseamb o rátaí.

2. —(1) I gcás tógáil no fairsingiú no feabhsú aon áite comhnaithe do chríochnú sa tréimhse orduithe agus luacháil an tionóntacháin dar páirt an áit chomhnaithe sin do mhéadú ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim an tógáil no an fairsingiú no an feabhsú san do bheith déanta agus dá dhruim sin amháin, luacháil an tionóntacháin sin d'ath-scrúdú, is tuigthe luacháil athscrúduithe an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe, chun crícheanna rátúcháin, suim is có-ionann le dhá dtrian an mhéaduithe sin.

(2) I gcás tógáil no fairsingiú no feabhsú aon áite comhnaithe do chríochnú sa tréimhse orduithe agus luacháil an tionóntacháin dar páirt an áit chomhnaithe sin do mhéadú ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim an tógáil no an fairsingiú no an feabhsú san do bheith déanta agus de dhruim nithe eile fós, luacháil an tionóntacháin sin d'athscrúdú, is tuigthe luacháil athscrúduithe an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe, chun crícheanna rátúcháin, suim is có-ionann le dhá dtrian den oiread san den mhéadú san is ionchurtha i leith na tógála no an fhairsingithe no an fheabhsuithe sin.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “crícheanna rátúcháin” na crícheanna so leanas (agus iad san amháin), sé sin le rá, crícheanna aon ráta do mheas agus do ghearradh is ráta ar n-a chruinniú ag údarás áitiúil chun seirbhíse na céad bhliana airgeadais áitiúla dar tosach dáta ar n-a theacht tar éis tógáil no fairsingiú no feabhsú na háite comhnaithe bheidh i gceist do bheith críochnuithe no chun seirbhíse aon bhliana de sna ceithre bliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin, ach san fé réir na dteorann sáruitheach so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás athscrúdú generálta, ar n-a dhéanamh ar an luacháil sa líomatáiste ina mbeidh an áit chomhnaithe bheidh i gceist, do theacht in éifeacht in aon bhliain de sna ceithre bliana airgeadais áitiúla san, déanfar an bhliain airgeadais áitiúil sin agus na blianta airgeadais áitiúla (más aon bhliain é) ina dhiaidh sin aca san do dhúnadh amach as na ceithre bliana airgeadais áitiúla san, agus

(b) i gcás an áit chomhnaithe bheidh i gceist do bheith á húsáid, ar fad no go furmhór, chun aon chríche ach amháin mar chomhnaidhe do theaghlach ar leithligh, tráth ar bith sa bhliain airgeadais áitiúil díreach roimh na ceithre bliana airgeadais áitiúla san no sa chéad bhliain no sa dara bliain no sa tríú bliain de sna ceithre bliana airgeadais áitiúla san, déanfar an chéad bhliain airgeadais áitiúil i ndiaidh bliana na húsáide sin agus na blianta airgeadais áitiúla (más aon bhliain é) ina dhiaidh sin aca san do dhúnadh amach as na ceithre bliana airgeadais áitiúla san.

(4) Gan dochar do gheneráltacht na bhforálacha den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chuireann teora le brí na habairte “crícheanna rátúcháin” achtuítear leis seo go sonnrách go ndéanfar, d'ainneoin gur tuigthe fén alt so luacháil tionóntacháin (dá ngairmtear an lán-luacháil sa bhfo-alt so) do bheith laigheaduithe alos aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe, luach bliantúil an tionóntacháin sin chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim d'áireamh i gcomhnaidhe fé is dá mbeadh an lán-luacháil i bhfeidhm chun crícheanna rátaí dealbhais alos na bliana airgeadais áitiúla san.

(5) Beidh sé de dhualgas ar údarás áitiúil, sarar tuigthe dhóibh fén alt so luacháil tionóntacháin do bheith laigheaduithe chun ráta ar bith do mheas agus do ghearradh a chruinneoid chun seirbhise aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe go n-oibreodh an dúnadh amach a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (3) den alt so ina taobh, deimhin do dhéanamh de, sa mhéid gur féidir é do réir réasúin, nár húsáideadh an áit chomhnaithe bheidh i gceist i slí go dtabharfaí an dúnadh amach san i ngníomh alos na bliana airgeadais áitiúla san.

An Coimisinéir do chinneadh i dtaobh méaduithe luachála agus athchomharc i gcoinnibh a chinnte.

3. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an ailt deiridh sin roimhe seo, sé sin le rá:—

(a) cinnfidh an Coimisinéir, maidir le méadú ar bith ar luacháil tionóntacháin, cé aca ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim áit chomhnaithe is páirt den tionóntachán san do thógáil no d'fhairsingiú no d'fheabhsú (obair ar n-a críochnú sa tréimhse orduithe) agus dá dhruim sin amháin no dá dhruim sin agus de dhruim nithe eile fós, an luacháil sin d'athscrúdú, no nárbh eadh, do rinneadh an méadú san;

(b) i gcás an Coimisinéir dá chinneadh gur ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim áit chomhnaithe is páirt den tionóntachán san do thógáil no d'fhairsingiú no d'fheabhsú (obair ar n-a críochnú sa tréimhse orduithe) agus dá dhruim sin amháin, an luacháil sin d'athscrúdú do rinneadh an méadú san luadhfaidh an cinneadh sin ar an liost luachála athscrúduithe oiriúnach;

(c) i gcás an Coimisinéir dá chinneadh gur ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim áit chomhnaithe is páirt den tionóntachán san do thógáil no d'fhairsingiú no d'fheabhsú (obair ar n-a críochnú sa tréimhse orduithe) agus de dhruim nithe eile fós, an luacháil sin d'athscrúdú do rinneadh an méadú san, cinnfidh freisin cadé méid den mhéadú san is ionchurtha i leith na tógála no an fhairsingithe no an fheabhsuithe sin agus luadhfaidh an cinneadh deiridh sin ar an liost luachála athscrúduithe oiriúnach;

(d) i gcás gan aon luadh den tsórt san roimhráite do bheith ar an liost luachála athscrúduithe oiriúnach is tuigthe gur comhartha san ón gCoimisinéir go bhfuil sé tar éis a chinneadh nach ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim áit chomhnaithe is páirt den tionóntachán san do thógáil no d'fhairsingiú no d'fheabhsú (obair ar n-a críochnú sa tréimhse orduithe) agus dá dhruim sin amháin no dá dhruim sin agus de dhruim nithe eile fós, luacháil an tionóntacháin sin d'athscrúdú do rinneadh an méadú san;

(e) i gcás a chinneadh gur ar n-a iarraidh go ndéanfaí, de dhruim áit chomhnaithe is páirt den tionóntachán san do thógáil no d'fhairsingiú no d'fheabhsú (obair ar n-a críochnú sa tréimhse orduithe) agus dá dhruim sin amháin no dá dhruim sin agus de dhruim nithe eile fós, an luacháil sin d'athscrúdú do rinneadh an méadú san agus an Coimisinéir do cheapadh luachála ar leithligh, le linn no tar éis an mhéaduithe sin do dhéanamh, alos páirte den tionóntachán san ná raibh luachálta ar leithligh roimhe sin, is tuigthe gurbh é is luacháil don pháirt sin, díreach roimh an méadú san do dhéanamh, ná méid go mbeidh idir é agus an luacháil iomlán alos an tionóntacháin sin a bheidh i bhfeidhm an tráth san an cothrom san a chinnfidh an Coimisinéir, agus luadhfa sé sin an cinneadh sin ar an liost luachála athscrúduithe oiriúnach;

(f) is ceaduithe do dhuine ar bith ar a ngoillfidh cinneadh ar n-a dhéanamh ag an gCoimisinéir fén alt so athchomhare do dhéanamh i gcoinnibh an chinnte sin sa tslí chéanna inar ceaduithe, agus fé réir na dteorann gcéanna gur fé n-a réir is ceaduithe, do dhuine ar a ngoilleann luacháil tionóntacháin, mar a luaidhtear san sa liost luachála athscrúduithe oiriúnach, athchomharc do dhéanamh fé sna hAchtanna Luachála i gcoinnibh na luachála san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 , do ghairm den Acht so.