1 1940


Uimhir 1 de 1940.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN ACHTA COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , DO LEASÚ D'FHONN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH. [5adh Eanar, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Leasuítear leis seo mír (k) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na lúíbíní “(seachas saoránaigh dúthchais Eireannacha)” atá anois ann do scriosadh amach as.

(2) Leasuítear leis seo mír (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na lúíbíní “(seachas saoránaigh dúthchais Eireannacha)” atá anois ann do scriosadh amach as.

(3) Is i dteannta agus fé réir na leasuithe deintear leis an alt so ar mhíreanna (k) agus (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht a léireofar an tAcht san agus a bheidh éifeacht aige.

Ré an Achta so.

3. —Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.

Gearr-theideal agus có-luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.