18 1939


Uimhir 18 de 1939.


ACHT AIRGEADAIS, 1939.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS IONCUIM DHÚITHCHE (MARAON LE MÁL) D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH AIRGEADAIS DO DHÉANAMH. [19adh Iúil, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1939-40.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, éileofar cáin ioncuim do réir cúig scillinge agus reul fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna (ar a n-áirmhítear méaduithe deintear leis an Acht so) gur dá réir atá sí á héileamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile, uile agus fé seach, a bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1939, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach agus fós na forálacha i dtaobh méaduithe ar na rátaí for-chánach atá san Acht so beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939.

For-cháin in aghaidh na bliana 1938-39.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá in alt 1 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an bhfor-cháin atá á héileamh in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, sé sin le rá:—

(a) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so isiad rátaí gur dá réir a héileofar an fhor-cháin sin ar ioncum aon phearsan is mó ná trí mhíle punt ach nach mó ná ocht míle punt ná na rátaí uile agus fé seach gur dá réir atá an fhor-cháin sin inéilithe de bhuadh an ailt sin 1 agus iad méaduithe, i gcás gach ráta fé leith acu san, deich per cent.;

(b) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so isiad rátaí gur dá réir a héileofar an fhor-cháin sin ar ioncum aon phearsan is mó ná ocht míle punt ná na rátaí uile agus fé seach gur dá réir atá an fhor-cháin sin inéilithe de bhuadh an ailt sin 1 agus iad méaduithe, i gcás gach ráta fé leith acu san, cúig déag per cent.

(2) I gcás aon phearsan le n-a mbaineann mír (a) den fho-alt san roimhe seo den alt so, ní raghaidh méid na for-chánach a héileofar air de bhuadh na míre sin (a) thar suim na méideanna so leanas, agus, más gá é, laigheadófar é go dtí an tsuim sin, sé sin le rá:—

(a) méid na for-chánach a dhlighfeadh sé d'íoc dá mbeadh a ioncum chó mór le trí mhíle punt gan bheith níos mó ná san, agus

(b) an méid atá de bhreis ag á ioncum ar thrí mhíle punt agus cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh ar an mbreis sin bainte dhe.

(3) I gcás aon phearsan le n-a mbaineann mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, ní raghaidh méid na for-chánach a héileofar air de bhuadh na míre sin (b) thar suim na méideanna so leanas, agus, más gá é, laigheadófar é go dtí an tsuim sin, sé sin le rá:—

(a) méid na for-chánach a dhlighfeadh sé d'íoc dá mbeadh a ioncum chó mór le hocht míle punt gan bheith níos mó ná san, agus

(b) an méid atá de bhreis ag á ioncum ar ocht míle punt agus cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh ar an mbreis sin bainte dhe.

(4) An méid is iníoctha de bhuadh aon cháinmheasta do rinneadh an 10adh lá de Bhealtaine, 1939, no roimhe sin, alos for-chánach in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, le n-a mbaineann aon fhoráil no forálacha acu san roimhe seo den alt so tuigfear, de bhuadh an ailt seo agus gan a thuilleadh, é bheith atharuithe i slí do bhéarfaidh éifeacht don cheann san no do sna cinn sin de sna forálacha san a bhaineann leis an gcás.

Liúntaisí pearsanta d'atharú.

3. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “two hundred and twenty pounds” do chur ann in ionad na bhfocal “two hundred and twenty-five pounds”, agus déanfar an fo-alt san (1) ar n-a leasú le fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “one hundred and twenty pounds” do chur in ionad na bhfocal “one hundred and twenty-five pounds”.

An liúntas in aghaidh ioncuim thuillte d'atharú.

4. —In ionad fo-ailt (1) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), achtuítear leis seo go ndéanfar an fhoráil seo leanas do chur in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920, agus déanfar Cuid II den Acht deiridh sin do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin, sé sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purpose of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the provisions of the Income Tax Acts of a sum equal to one-fifth of the amount of that income, but not exceeding, in the case of any individual, the sum of three hundred pounds.”

Saoirse alos brabús áirithe as scuab-ghill.

5. —(1) Bhéarfar saoirse o cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, alos brabús aon scuab-ghill ar n-a chur ar siúl fé Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933) , do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, ion-cháinmheasta fé Chás I den Sceideal san D ar bhunathóirí (do réir bhrí Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , adubhradh) an scuab-ghill sin no ar an gcoiste scuab-ghill ar n-a cheapadh do bhun an Achta san ag bunathóirí sin an scuab-ghill sin chun críche an scuab-ghill sin.

(2) San alt so, tá leis an bhfocal “scuab-gheall” an bhrí do bheirtear dó le halt 1 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), chun crícheanna an Achta san.

(3) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1933, agus éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Saoirse do liúntaisí áirithe fén Acht Arm-Phinsean, 1937.

6. —Liúntaisí is iníoctha fé alt 3 den Acht Arm-Phinsean, 1937 ( Uimh. 15 de 1937 ), beid, in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, saor o cháin ioncuim (le n-a n-áirmhítear forcháin) agus ní háirmheofar iad nuair a bheidh ioncum á dhéanamh amach chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

Cáinmheas ar bhrabúis áirithe gheibhtear as stail do choimeád.

7. —Má bhíonn duine ina shealbhaire ar thalamh go gcáinmheastar é i dtaobh a shealbhuithe fé Sceideal B den Income Tax Act, 1918, agus go mbeidh sé freisin ina únaer no ina pháirt-únaer ar stail a coimeádtar de ghnáth ar an talamh san, tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim, gur as sealbhú an tailimh sin a thagann na brabúis a gheibheann an duine sin as táillí gheibhtear no is ionfhálta as láracha le daoine eile d'fháil na staile sin ar an talamh san.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

8. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Chéad Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, le diúité luaidhtear sa Chéad Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

(4) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Chéad Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá:—pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(5) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha áirithe sa Chéad Sceideal san, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

(6) I gcás earra do bheith ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so ní tuigfear, chun aon chríche maidir leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so seachas crícheanna ailt 8 den Finance Act, 1919, gur in aon tír áirithe do rinneadh an earra san maran toradh saothair do rinneadh sa tír áirithe sin an cion san dá luach a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé alt 16 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), chun crícheanna an Achta san.

(7) San alt so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so cialluíonn an abairt “an Ríocht Aontuithe” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus foluíonn Inse Mara nIocht agus Oileán Manann.

Na rátaí diúité ar thobac d'atharú.

9. —(1) An diúité custum ar thobac a forchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), déanfar, maidir le tobac a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 20 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

(2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), déanfar, amhail ar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, agus dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCoda II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 20 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , maidir le tobac is ionchurtha fén diúité máil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II no i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (2) go (5) den alt san 19 do Choda I agus II fé seach den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , adubhradh, do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Choda II agus III fé seach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Na rátaí diúité ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil d'atharú.

10. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir deich bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear san alt san 1.

(2) An diúité máil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun críche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin mhinearáil do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir ocht bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear san alt san 1.

Na rátaí diúité ar íle híodrocarbóin d'atharú.

11. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir deich bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 21.

(2) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (2) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é do lomháil do réir deich bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear sa bhfo-alt san (2).

(3) An diúité máil a forchuirtear leis an alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun criche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir ocht bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt san 21.

(4) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (4) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus ar ar híocadh an diúité máil a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir ocht bpingne an galún, é do lomháil do réir ocht bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear sa bhfo-alt san (4).

Saoirse ón diúité ar scannáin chinematografacha.

12. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an diúité (eadhon, diúité ar scannáin chinematografacha áirithe) a forchuirtear le halt 17 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ar n-a leasú le halt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), sé sin le rá:—

(a) pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(i) scannán cinematografach díor-chló is ionchurtha fén diúité sin do bheith á iomportáil ag club no ag cumann no ag cóghléasadh eile no thar a gceann, agus

(ii) an cóghléasadh san do bheith á choimeád ar siúl ar fad no nach mór ar fad chun go ndéanfadh a bhaill stuidéar ar theicníc na scannán agus gan é bheith á choimeád ar siúl chun brabús do dhéanamh, agus

(iii) ná taisbeánfar an scannán san ach do bhaill den chóghléasadh san agus do dhaoine gheobhaidh cuireadh chun an taisbeánta san o bhall den chóghléasadh san, agus

(iv) ná déanfaidh duine ar bith ná ná glacfar o dhuine ar bith aon íocaíocht (seachas an síntiús bliantúil no an síntiús tréimhsiúil eile is iníoctha leis an gcóghléasadh san ag baill de) as dul isteach go dtí aon taisbeánadh déanfar ar an scannán san, agus

(v) go n-easportálfar an scannán san tar éis a thaisbeánta do bhaill an chóghléasta san,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an scannán san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha no aon diúité den tsórt san a híocadh le linn na hiomportála d'aisíoc;

(b) pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon scannán cinematografach díor-chló is ionchurtha fén diúité sin (nach scannán a bheidh ceaptha agus beartuithe chun é d'úsáid i dteanta fuaimeanna gutha no eile do bheith á dtabhairt no á n-ath-thabhairt amach go meicniúil) agus nach leithne ná seacht ndeichiú d'orlach, gur táirgeadh an scannán san lasmuich den Stát leis an bpróiseas ais-iompála as scannán nea-réalta nochttha, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim (pe'ca rinneadh an scannán san do sciolladh no do roinnt lasmuich den Stát no ná dearnadh), fé réir chólíonodh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an scannán san, maraon le haon fhaidithe bheidh curtha as chun a thochrasta agus chuige sin amháin, d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha no aon diúité den tsórt san a híocadh le linn na hiomportála d'aisíoc.

Achtanna Airgeadais áirithe do leasú.

13. —(1) Déanfar gach Acht a luaidhtear ag ceann Coda den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, déanfar gach alt, sceideal, no uimhir thagartha den Acht san no san Acht san a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Tríú Sceideal san do leasú sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Tríú Sceideal san os coinne luadh an ailt, an sceidil, no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san.

(2) Gach leasú a luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt sa tríú colún den Tríú Sceideal san) amhail ar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, agus ón lá san amach.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun gurb usaide na diúitéthe dá ndeintear deifir fé seach leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal san d'aithint, agus chuige sin amháin, atáid curtha isteach sa Tríú Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Tríú Sceidil sin ná ní oibreoidh chun réim ná éifeacht aon leasuithe luaidhtear sa Tríú Sceideal san do leathnú, do theorannú, no do rialú.

Leasuithe iomdha ar na hAchtanna Custum.

14. —(1) Deintear leis seo an clár de thoirmisc agus de shrianta maidir le hearraí do theacht isteach a ghabhann le halt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, do leasú tré sna focail “coffee, chicory” do scriosadh amach as san áit ina bhfuilid sa mhír dar tosach “Extracts, essences, or other concentrations”.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 22 (alt a bhaineann le diúité stampa ar iontrála custum) den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , maidir le hiontrála in aghaidh earraí ath-iomportálta go mbeidh bille stórais tugtha amach ina dtaobh.

(3) Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), do leasú tríd an bhfocal agus na figiúirí “d'alt 12” do scriosadh amach agus tríd an bhfocal agus na figiúirí “d'alt 13” do chur in ionad an fhocail agus na bhfigiúirí scriostar amach amhlaidh.

Beidh éifeacht ag an bhfo-alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail o am an Achta Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , do rith.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Airgeadais, i bhfeidhmiú na comhachta bheirtear dó le mír (b) d'alt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), a chur de cheangal diúité d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta áirithe, féadfaidh, más ceart san dar leis, ráta a háirmheofar ar shlí no ar bhonn a bheidh deifriúil leis an slí no leis an mbonn ar a n-áirmhítear gnáth-ráta an diúité sin do cheapadh mar an ráta áirithe sin.

Beidh éifeacht ag an bhfo-alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail o am an Achta Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , do rith.

(5) Déanfar alt 15 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (6) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(6) I gcás earra do bheith ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so ní tuigthe, chun aon chríche eireoidh fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so seachas crícheanna ailt 8 den Finance Act, 1919, gur in aon tír áirithe do rinneadh an earra san maran toradh saothair do rinneadh sa tír áirithe sin an cion san dá luach a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé alt 16 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), chun crícheanna an Achta san.”

(6) Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), do leasú tré sna focail agus na figiúirí “Finance Act, 1909” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na figiúirí “Revenue Act, 1909” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí scriostar amach amhlaidh.

Beidh éifeacht ag an bhfo-alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail o am an Achta Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , do rith.

Ceadúnaisí chun earraí d'iomportáil gan diúitéthe áirithe custum do bheith íoctha.

15. —(1) Pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear le hachtachán a luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(2) An chomhacht a bronntar leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so is comhacht í, sa mhéid go mbaineann sí le haon diúité áirithe, in ionad gach comhachta reachtúla eile (más ann di) atá i bhfeidhm anois (pe'ca comhacht ghénerálta í no comhacht ná baineann ach le cásanna áirithe) chun a údarú le ceadúnas earraí is ionchurtha fén diúité sin no earraí de shaghas áirithe is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa tríú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun gurb usaide na diúitéthe forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal san d'aithínt, agus chuige sin amháin, atáid curtha isteach sa Cheathrú Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa tríú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Cheathrú Sceidil sin.

Deireadh do chur le diúitéthe áirithe custum.

16. —(1) Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Chúigiú Sceideal san ní héileofar ná ní gearrfar iad ar aon earraí a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin.

(2) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun gurb usaide na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal san d'aithint, agus chuige sin amháin, atáid curtha isteach sa Chúigiú Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an dara colúin ná an tríú colúin den Chúigiú Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an chéanna.

Saoirse o dhiúité siamsa.

17. —(1) Ní déanfar diúité is diúité siamsa do réir bhrí ailt 1, agus is inéilithe fé alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsiamsa 'na gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina thaobh gurb iad atá i mbun an tsiamsa ná an Contract Bridge Association of Ireland no club atá cócheangailte go cuibhe leis an gComhlachas san no fé stiúradh dhíreach an Chomhlachais sin agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas den chluiche cártaí ar a dtugtar bridge.

Comhacht chun diúltú do sheachadadh earraí do lomháil.

18. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú pé uair is ceart san dar leis, chun críche bhaineann le diúité custum no máil d'fhorchur no d'atharú le reacht, a ordú do sna Coimisinéirí Ioncuim éinní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh i gcaitheamh tréimhse (nach sia ná trí mhí) a luadhfar san ordú san, sé sin le rá:—

(a) diúltú do n-a lomháil go ndéanfaí, i gcaitheamh na tréimhse sin, aon tsaghas no aicme áirithe d'earraí iomportálta no d'earraí bheidh lóisteálta i stóras ar n-a cheadú ag na Coimisinéirí Ioncuim le haghaidh na lóisteála san do sheachadadh chun úsáide cois baile má hiarrtar go lomhálfaí caindíocht de sna hearraí sin do sheachadadh amhlaidh a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith níos mó ná an chaindíocht a bheadh réasúnta ag féachaint do chúrsaí an cháis, agus

(b) a ordú gan caindíocht, d'earraí de shaghas no d'aicme áirithe is ionchurtha fé dhiúité máil agus ná beidh lóisteálta i storás ar n-a cheadú ag na Coimisinéirí Ioncuim le haghaidh na lóisteála san, a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith níos mó ná an chaindíocht a bheadh réasúnta sa chás do chur amach ar díol no chun a díolta no eile, i gcaitheamh na tréimhse sin, o áitreabh dhéantóra na n-earraí sin.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, pé uair is ceart san dar leis, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so no ar ordú (bheidh déanta aige fén bhfo-alt so) ag leasú aon orduithe den tsórt san.

(3) Beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí Ioncuim agus údaruítear dóibh leis seo, d'ainneoin éinní atá san Acht so (seachas an t-alt so) no atá no bheidh in aon Acht eile ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis no in aon ordú reachtúil ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin, no in aon cheadúnas no scríbhinn eile bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith fé aon Acht no ordú den tsórt san, déanamh do réir gach orduithe dhéanfaidh an tAire Airgeadais fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus gach cúram do ghlacadh agus gach ní do dhéanamh a chífear dóibh is gá no is ceart chun na críche sin.

(4) Pé uair a ceanglófar ar na Coimisinéirí Ioncuim, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Airgeadais fén alt so, a ordú gan earraí do chur amach fé mar a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fógra i scríbhinn do gach déantóir earraí de shaghas no d'aicme le n-a mbainfidh an toirmeasc san á chur in úil dó an toirmeasc san do bheith ann agus cadé an chaindíocht d'earraí den tsaghas no den aicme sin a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith ina caindíocht réasúnta le cur amach ar díol no chun a díolta no eile o áitreabh an déantóra san i gcaitheamh na tréimhse bheidh luaidhte san ordú san.

(5) Ní dleathach d'aon déantóir dá dtabharfar aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon chaindíocht d'earraí den tsaghas no den aicme bheidh luaidhte sa bhfógra san de bhreis ar an gcaindíocht go mbeidh ráite sa bhfógra san gurb í an chaindíocht í chítear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith réasúnta, do chur amach o n-a áitreabh ar díol no chun a díolta no eile i gcaitheamh na tréimhse bheidh luaidhte sa bhfógra san agus, má dheineann aon déantóir den tsórt san earraí ar bith do chur amach o n-a áitreabh contrárdha don fho-alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig chéad punt do chur air.

(6) Pé uair a dhiúltóidh na Coimisinéirí Ioncuim, do bhun orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire Airgeadais fén alt so, seachadadh earraí do lomháil no a ordóid, do bhun orduithe den tsórt san, gan earraí do chur amach o áitreabh a ndéantóra, ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar é do theip air connradh (pe'ca connradh díola no eile é) i dtaobh na n-earraí sin no aon choda dhíobh do chólíonadh másé an diúltú san don tseachadadh san do lomháil no an toirmeasc san ar chur amach, do réir mar a bheidh, fé ndeár an teip sin.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Blianachtaí áirithe do shaoradh o dhiúité estáit.

19. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 15 den Finance Act, 1894 (alt a bhaineann le blianachtaí áirithe do shaoradh o dhiúité estáit) i gcás blianachta ar n-a ceannach no ar n-a soláthar ag duine éagfaidh an 10adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, fé is dá gcuirtí na focail “fifty-two pounds” sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal “twenty-five pounds”.

(2) Blianacht is mó ná dhá phunt chaogad agus is lugha ná céad agus ceithre púint agus a bheadh, mara mbeadh í bheith níos mó ná dhá phunt chaogad, saor o dhiúité estáit de bhuadh forálacha fo-ailt (1) d'alt 15 den Finance Act, 1894, ar n-a leasú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh sí ionchurtha fé dhiúité estáit fé is dá mba bhlianacht í ba dhá mhó ná an méid a bheidh de bhreis aici ar dhá phunt chaogad agus fé is ná beadh na forálacha san i bhfeidhm.

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

20. —D'fhonn airgead do sholáthar chun muirir ghenerálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad agus caoga míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste an tráth no na tráthanna san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1940, ordóidh an tAire Airgeadais agus sa tslí ordóidh sé.

Athghairm.

21. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus amhail ar na dátaí agus o sna dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

22. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile gearrtar leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

23. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir inti, do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1939, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An saghas earra is ionchurtha fé dhiúité.

Ráta an diúité.

Forálacha speisialta.

1

(a) Aon earra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is snáth ar n-a dhéanamh ar fad no go furmhór de chadás, de líon, de chnáib no d'aon abhar den tsamhail sin, no d'aon dá abhar no níos mó acu san le chéile;

100% lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt sa cheathrú colún.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 10 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 17 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(b) aon earra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is dual-abhras ar n-a dhéanamh ar fad no go furmhór de chadás, de líon, de chnáib no d'aon abhar den tsamhail sin, no d'aon dá abhar no níos mó acu san le chéile.

Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Iomcuim i dtaobh earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so gur snáth í ar n-a dhéanamh ar fad no go furmhór de líon agus gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do rinneadh í, déanfar (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo sa cholún so ag an uimhir thagartha so agus gan dochar dóibh) an diúité sin d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir ráta is cóionann le dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún.

Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so gur dual-abhras í ar n-a dhéanamh ar fad no go furmhór de chadás agus gur chuige amháin atá sí á hiomportáil chun í d'úsáid i bhfighe no i gcniotáil earraí le meaisín no chun í d'úsáid i ndéanamh abhair a deintear ar mheaisín no le meaisín fighte no trílsithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha.

Pé uair a ceadófar, de bhuadh na forála deiridh sin roimhe seo, earra d'iomportáil gan an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so do bheith íoctha, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, tráth ar bith tar éis iomportáil na hearra san, a cheangal ar iomportálaí na hearra san a chruthú dhóibh, fé cheann na haimsire sin (nach giorra ná seacht lá) a luadhfaid, nár húsáideadh an earra san, o hiomportáladh í, ach amháin i bhfighe no i gcniotáil earraí le meaisín no i ndéanamh abhair a deintear le meaisín fighe no trílsithe no nár húsáideadh in aon chor í no, maidir le cuid di, nár húsáideadh, í ach amháin sa bhfighe no sa chniotáil sin no sa déanamh san agus, maidir leis an gcuid eile dhi, nár húsáideadh in aon chor í.

(b) mara ndeinidh an t-iomportálaí sin fé cheann na haimsire ceapfar chuige sin, do réir mar a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncuim air fén mír sin roimhe seo, tiocfaidh an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so chun bheith agus beidh sé iníoctha láithreach also na hearra san ag an iomportáil sin leis na Coimisinéirí Ioncuim agus féadfar é bhaint de fé Alt 38 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), dá réir sin.

Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ar earra le linn í d'iomportáil agus gurb é bhí san earra san ná dual-abhras ar n-a dhéanamh ar fad no go furmhór de chadás agus nár húsáideadh í ach amháin i bhfighe no i gcniotáil earraí le meaisín no i ndéanamh abhair a deintear le meaisín fighe no trílsithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ré réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, an diúité sin do híocadh le linn na hearra san d'iomportáil d'aisíoc.

An tsaoirse bronntar le hAlt 13 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), ar earraí áirithe bainfe sí leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so sa mhéid go mbeadh sé (mara mbeadh an t-alt san) inéilithe ar earraí luaidhtear san alt san.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

2

Abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fuigheall i gcóir inneallghlantóireachta.

50%

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

3

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is blancanna atá oiriúnach chun iad d'úsáid i ndéanamh cnaipí, gan áireamh do dhéanamh ar aon earraí den tsórt san a bheidh déanta ar fad no go furmhór de chloich, de mhiotal, de leathar, de shliogán néamhainn, no de shliogán néamhainn bhréige.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 75% no scilling agus reul an grós.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

4

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun iad d'úsáid maidir le habhair fighte no le hearraí deintear d'abhair fighte, sé sin le rá:—

(a) meaismí fáiscthe, gan meaisíní d'áireamh a dheineann an fáscadh le rollóirí;

(b) meaisíní nigheacháin, gan meaisíní d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus oriúnach chun úsáide tighe no tighis;

(c) caibinéidí tiormúcháin agus meaisíní tiormúcháin.

20%

Baineann an fhorái cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

5

Abhar a hiomportálfar ina leatháin agus is éabannáid no bheidh có-dhéanta i bpáirt no go hiomlán de cháiséin, de roisín tharglamach, d'ester cheallulóis no de shubstaint is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith cosúil ina carachtar le cáiséin, le roisín targlamach no le hester ceallulóis, gan áireamh do dhéanamh ar abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fillteáil cheallulóis thréimhdhearcaigh.

50%

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

6

Páipéar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun fallaí no síleála do mhaisiú.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—

75% no pingin go leith an tslat faid.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta, agus ní diúité é in ionad, an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 16 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Másé bheidh in earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ná páipéar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun é d'úsáid mar chiumhais fhalla-pháipéir agus go mbeidh dhá stiall no níos mó den chiumhais sin ina leithead, déanfar an ráta pingine go leith an tslat faid a luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha so d'áireamh do réir iomlán faideanna na stialacha uile agus fé seach den chiumhais sin a bheidh le leithead na hearra.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

7

(a) Feilt pháipéir (pe'ca luchtuithe dhi le biothamhain, le tarra no le substaint eile, no nach eadh) is leithne ná seachtó órlach agus a hiomportálfar ina rollaí;

(b) clúdaigh urláir (pe'ca déanta i bpáirt no go hiomlán dóibh) ar a bhfuil éadan cruaidh dar leis na Coimisinéirí Ioncuim;

(c) brait urláir de chorc agus abhar brait urláir de chorc.

Reul an tslat chearnach.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra bheidh déanta ar fad no go furmhór de chúitsiúc no de chúitsiúc shaordha no de chúitsiúc bhréige no de shubstaint gur táthchuid di cúitsiúc.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad na ndiúitéthe forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), agus a luaidhtear fé seach ag uimhir thagartha 2 agus ag uimhir thagartha 3 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 33 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san ná an diúité forchuirtear le hAlt 10 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 5 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

8

Bábóga (seachas bábóga ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de chúitsiúc) is fiú níos mó ná reul agus gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim gur déanta ar fad no go substainteach dóibh.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, also gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 75% no scilling agus reul an earra.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

9

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas ina mbeidh alcól aoníodrach agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de chineál a húsáidtear de ghnáth in ullamhú earraí bídh no dighe, sé sin le rá:—

(a) úscraí no eastóscáin bhlastanais go n-úsáidtear toradh no aon táirgeadh as toradh no aon táirgeadh as glasraí ina n-ullamhú;

(b) abhair tharglamacha in ionad aon úscraí no eastóscán den tsórt a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

37½%

Má bhíonn earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí iomportálta, déanta no ullamhuithe, ní bheidh feidhm ag an Customs Tariff Act, 1876, ná ag Alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an méid den earra san a bheidh sna hearraí sin i slí do bhéarfadh go mbeadh na hearraí sin no aon chion díobh ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear le hAlt 10 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta, agus ní diúité é in ionad, aon diúité is inéilithe fé Alt 9 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), no is inéilithe alos aon bhiotáille bheidh san earra no do húsáideadh ina hullamhú.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

10

1. Earraí d'obair phráis eaglaise, ar a n-áirmhítear earraí den tsamhail chéanna ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de chré-umha no de ghunna-mhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin prás, cré-umha, agus gunnamhiotal, agus fós compáirteanna (ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunnamhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin) d'aon earraí den tsórt san roimhráite.

2. Aon earra acu so leanas ar n-a déanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunnamhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin agus compáirteanna (ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunna-mhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin) d'aon earraí den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) meáchaintí le haghaidh scálaí meáchana, gan áireamh do dhéanamh ar aon mheáchaintí den tsórt san is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas ná húsáidtear ach chun crícheanna oibre saotharlainne no chun crícheanna eolaíochta no oideachais;

(b) tarraiceoirí corc;

(c) pumpaí fórsa lámh-oibrithe, pumpaí árduithe lámh - oibrithe, agus pumpaí lamh-oibrithe is pumpaí fórsa agus árduithe le chéile;

(d) plátaí cuimhneacháin agus táibhléid chuimhneacháin;

(e) pumpaí bainne agus pumpaí sáile;

(f) ainm - phlátaí, uimhreacha, agus leitreacha;

(g) seas-phíopaí, brainsephíopaí, agus comhlaí d'fheadáin tóiteáin no uisce;

(h) feistisí dorais d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) hannlaí nach lugha a mór-fhaid ná seacht n-órlach,

(ii) plátaí leitir-bhosca,

(iii) barraí gárda,

(iv) bailcíní láir,

(v) plátaí méire agus plátaí coise,

(vi) bas-chrainn,

(vii) cónascadh no cóghabhálas (seachas cónascadh no cóghabhálas ina bhfuil glas no laiste no bolta no atá ceaptha chun a leithéid do bheith ann) d'aon dá earra no níos mó acu san roimhe seo;

(i) greilleacha;

(j) rálacha d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) rálacha láimhe agus clórda,

(ii) rálacha coise,

(iii) rálacha cuntair,

(iv) rálacha cosnaimh,

(v) rálacha eileatruim,

(vi) rálacha tubháille agus aeráin tubháille;

(k) boltaí agus docht-scrobhanna nach lugha ná ceathrú órlaigh traslíne a lorgan, agus cnóite snáithte de mhéid agus go snáth d'oiriúnódh na boltaí agus na docht-scrobhanna san.

3. Earraí (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) d'aon tsaghas acu so leanas ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunnamhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin, agus fós compáirteanna (ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunna-mhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin) d'aon earraí den tsórt san agus iad déanta ar fad no go leathrannach, sé sin le rá:—

(a) scrobha-chomhlaí agus scrobha-chocaí comhlann nach lugha ná órlach a dtras-line,

(b) buacairí agus cocaí (pe'ca ar leithligh no ar shlí eile a hiomportálfar iad) atá oiriúnach chun iad d'úsáid le folcadáin, dóirtil, no báisíní ionnaltáin,

(c) feistisí scéithte, dríodaráin, buaca dríodair, agus comhlaí gabhála dríodair atá oiriúnach chun iad d'úsáid le folcadáin, dóirtil, no báisíní ionnaltáin,

(d) cocaí buaice.

4. Cúplála, siúntaí, agus feistisí eile den tsamhail sin (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) den tsaghas tuinseamhach ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunna-mhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin agus atá oiriúnach chun iad d'úsáid maille le feadáin no le píopaí agus nach sia (ag aon oscailt) a dtras-líne inmheánach ná dhá órlach go leith, agus fós compáirteanna (ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de phrás, de chré-umha, no de ghunna-mhiotal no de chumasc de dhá cheann no níos mó de sna miotail sin) d'aon fheistisí den tsórt san agus iad déanta ar fad no go leathrannach.

Ar earraí luaidhtear i mír 1 sa dara colún— 75%; ar gach earra eile

luaidhtear sa dara colun— 50%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear

ag uimhir thagartha 14 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra go gcuirfear ina luighe ar na

Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarna Cheanada do rinneadh í agus gur de shaghas no d'aicme acu so leanas í, sé sin le rá, slabhraí, uillinneacha, cainéil, fleasc-chocaí, agus uaiséirí.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

11

Lamapí ribe leictreachais gan áireamh do dhéanamh ar lampaí ribe leictreachais is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid chun crícheanna eolaíochta no liaghachta no máinliaghachta agus chuige sin amháin.

75%

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

12

(a) Rothair agus rothair thrianacha (seachas rothair agus rothair thrianacha inneall-ghluaiste) ar n-a gcóghabháil ar fad no go substainteach;

(b) có-ghabhálas de chompáirteanna de rothar no de rothar thrianach (seachas rothar no rothar trianach inneall-ghluaiste) ina mbeidh dhá cheann no níos mó de sna páirteanna so leanas agus páirt no páirteanna eile, sé sin le rá:—

(i) feadán báirr,

(ii) feadán cinn,

(iii) feadán uchta,

(iv) feadán suidheacháin

(v) stoith shlabhra,

(vi) stoith shuidheacháin

(c) có-ghabhálas de chompáirteanna de rothar no de rothar thrianach (seachas rothar no rothar trianach inneall-ghluaiste) ná beidh ann ach dhá cheann no níos mó de sna sé páirteanna luaidhtear go sonnrách sa mhír dheiridh sin (b) roimhe seo;

(d) có-ghabhálas de chompáirteanna de rothar no de rothar thrianach (seachas rothar no rothar trianach inneall-ghluaiste) ina mbeidh ceann amháin no níos mó de sna páirteanna so leanas agus nach có-ghabhálas le n-a mbaineann aon mhír acu san roimhe seo, sé sin le rá:—

(i) stoith shuidheacháin,

(ii) stoith shlabhra,

(iii) roth slabhra,

(iv) ruiteach,

(v) ladhar gabhla tosaigh,

(vi) fearsaid stiúrtha,

(vii) plod-ghárda,

(viii) hannla,

(ix) lúb hannla,

(x) cuairsce, cuach, sliogán, no fearsaid do mhol rotha,

(xi) troightheán,

(xii) roth bóthair;

(e) aon cheann de sna compáirteanna de rothar no de rothar thrianach (seachas rothar no rothar trianach inneall-ghluaiste) a luaidhtear go sonnrách sa mhír dheiridh sin (d) roimhe seo agus a bheidh déanta ar fad no go substainteach agus nach cuid de chó-ghabhálas le n-a mbaineann ceann de sna míreanna san roimhe seo.

Ar earraí luaidhtear i mír (a) no i mír (b) sa dara colún 37½% maraon le suim bhreise de chúig scillinge déag an earra.

Ar earraí luaidhtear i mír (c) sa dara colún —pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 75% no cúig scillinge déag an earra.

Ar earraí luaidhtear i mír (d) no i mír (e) sa dara colún — 75%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 23 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 4 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 1 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh á shocrú rothair no rothair thrianacha lánchóghabhálta, is ionchurtha fén díúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so agus do bhéarfaí isteach sa tír ag daoine ná beidh ag fanúint sa tír ach ar feadh tamaill do bheith saor i bpáirt no go hiomlán ón diúité sin ar feadh tréimhse teoranta.

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh earra ar a bhfuil an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ionchurtha fé mhír (a) sa dara colún gur de shaghas í atá ceaptha chun úsáide breoiteachán no daoine easlána, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha no aon diúité den tsórt san do híocadh le linn na hearra san d'iomportáil d'aisíoc.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

13

Earra ar bith, ar n-a déanamh ar fad no go furmhór de ghloine, is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gaoth-sciath, fuinneog, no fochra do ghluaisteán no do charr ghaile no is compáirt d'aon ghaoth-sciath, fuinneoig no fochra den tsórt san, gan aon earra d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fuinneog do ghluaisteán no do charr ghaile agus (i gceachtar cás) gurb é atá ann ná leathán gloine go bhfuil fráma no cainéal miotail timpeall air ar fad no go furmhór.

Scilling agus trí pingne an punt.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad gach diúité eile (más aon cheann é) is ionchurtha ar earra.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha so tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “gluaisteán” atá leis in Alt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ) agus tá an bhrí chéanna leis an abairt “carr gaile” atá léi in Alt 13 den Acht san.

I gcás earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so do bheith ina hearra is cuid d'uimhir d'earraí is ionchurtha le chéile fén diúité forchuirtear le hAlt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), do réir an ráta luaidhtear ag uimhir thagartha 16 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san no an ráta luaidhtear ag uimhir thagartha 17 sa Sciedeal san, beidh an earra san ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so agus ní háirmheofar luach na hearra san nuair a beifear á dhéanamh amach cadé an luach iomlán ar a mbeidh méid an diúité forchuirtear leis an Alt san 12 inéilithe do réir pé ráta acu san a bhainfidh leis an gcás ar an uimhir sin d'earraí is ionchurtha amhlaidh fé dhiúité le chéile.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919. leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

14

(a) Slaod-ghloine nach ionchurtha fé aon diúité eile chustum;

(b) earraí ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de shlaod-ghloine agus nach ionchurtha fé aon diúité eile chustum.

Scilling agus trí pingne an punt.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

15

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach le n'úsáid in ullamhú deochanna, sé sin le rá:—

(a) eastóscáin, úscraí, no có-neartuithe de chaifé no de chiocóire no de chaifé agus de chiocóire le chéile;

(b) earraí ina mbeidh mar tháthchuid díobh caifé no ciocóire no aon eastóscán, úscra, no có-neartú den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo.

37½%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta, agus ní diúité é in ionad, aon diúité is inéilithe fé Alt 9 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ).

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

DARA SCEIDEAL.

Diuitethe ar Thobac.

Custuim.

Cuid I.

Tobac Nea-Dhéanta:—

s.

d.

Má bhíonn sé scamhaite no dí-loirgnithe:—

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

10

Agus níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

11

10½

Tobac Nea-Dhé:

Má bhíonn sé gan bheith scamhaite nó dí-loirgnithe:—

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra 1 ngach 100 lb.

s.

d.

meáchaint de

..

..

..

..

..

..

an lb.

10

8

Agus níos lugha ná 10 lb. de f liuchra i ngach 100 lb, meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

11

10

An Ráta Iomlán

An Ráta Tosaíochta

s.

d.

s.

d.

Tobac Déanta, eadhon:—

Todóga     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

20

4

16

111/3

Toitíní     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

16

5

13

8⅙

Cavendish no Negrohead     ..     ..     ..

,,

15

7

12

11⅚

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ..     ..     ..     ..     ..

,,

13

6

11

3

Tobac Déanta eile     ..     ..     ..     ..

,,

13

6

11

3

Snaois agus níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint di     ..     ..

,,

12

10

10

81/3

Snaois agus gan níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint di     ..     ..

,,

15

7

12

11⅚

Mal.

Cuid II.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

s.

d.

Go mbeidh 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

9

10

Go mbeidh níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

10

11

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ..     ..

,,

12

9

Cuid III.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

s.

d.

Go mbeidh 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

8

8

Go mbeidh níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

9

7

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ..     ..

,,

11

3

TRIU SCEIDEAL.

Achtanna Airgeadais Airithe do Leasu.

Cuid I.

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear.

Cineál an Leasuithe.

Abhar Generálta an Leasuithe.

1

Céad Sceideal, uimhir thagartha 35.

Cuirfear na focail seo leanas i ndeireadh an dara colúin (i ndiaidh na bhfocal do cuireadh leis ag uimhir thagartha 5 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) ), sé sin le rá:— “ná fós baoite beo no marbh le haghaidh éisc, ná aon earra (pe'ca inithte no neamh-inithte dhi) is, dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith beartuithe chun í do cheangal, no do bheith ina cuid, de dhorugha no de dhubhán iascaigh chun iasc do mhealladh chun an dubháin.”

An diúité ar riachtanaisí spóirt.

Cuid II.

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear.

Cineál an Leasuithe.

Abhar Generálta an Leasuithe.

2

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 25.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 25, sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar earraí luaidhtear i míreanna (a) agus (b) sa dara colún ag an uimhir thagartha san, d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir na rátaí seo leanas in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, sé sin le rá:—

(i) ar earraí luaidhtear sa mhír sin (a)—do réir pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, do réir ráta is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra no do réir ráta scillinge agus reul an earra, agus

(ii) ar earraí luaidhtear sa mhír sin (b)—do réir ráta is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra.

(b) Scriosfar amach mír (c) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 25.

(c) Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 25 ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh earraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

An diúité ar il-earraí i gcóir bróg.

3

An Ceathrú Sceideal, Cuid II, uimhir thagartha 11.

Déanfar an diúité luaidhtear ag uimhir thagartha 11 sa Cheathrú Sceideal san d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le deich per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité gluaisteáin ar chompáirteanna áirithe de chassis.

CUID III.

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear.

Cineál an Leasuithe.

Abhar Generálta an Leasuithe.

4

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 13.

(a) Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 13 d'éileamh ná do ghearradh ar aon mheaisín is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus déanta chun é do thiomáint le comhacht mheicniúil, ná ar aon mhúnlaí a hiomportálfar i dteanta an mheaisín sin agus chun iad d'úsáid ann.

(b) Pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimis inéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 13 d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor ó fhorálacha Ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

An diúité ar mhúnlaí agus meaisíní áirithe chun concréit do dhéanamh.

5

An Dara Sceideal, uimhir thagartha 15.

Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh aon pháipéir a hiomportálfar an 13adh lá de Mheitheamh, 1939, no dá éis sin, agus is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 15, é bheith beartuithe é d'úsáid i gclóbhualadh urscéalta páipéarchlúduithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an páipéar san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha no féadfaid aon diúité den tsórt san do híocadh le linn na hiomportála d'aisíoc.

An diúite ar pháipéar nea - chlóbhuailte.

Cuid IV.

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear.

Cineál an Leasuithe.

Abhar Generálta an Leasuithe.

6

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 11.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 11 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

(b) Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh earraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

An diúité ar mheaisíneacht áirithe mheasctha stroighne

7

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 27.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha san 27, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 17 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , agus ag uimhir thagartha 10 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , cuirfear an mhír seo leanas leis, sé sin le rá:—

“(t) clog-chásanna.”

An diúité ar earraí de cháiséin, etc., do leathnú.

Cuid V.

An tAcht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe.

Abhar Generálta an Leasuithe.

8

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 12.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha san 12, déanfar na focail “no ar mheaisín trílsithe” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “fighe”.

An diúité ar fhigheachán áirithe do leathnú.

Cuid VI.

An tAcht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear.

Cineál an Leasuithe.

Abhar Generálta an Leasuithe.

9

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 13.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha san 13, déanfar na focail “agus a bheidh có-ghabhálta ar fad no go substainteach” do chur 1 ndeireadh míre (c).

An diúité ar chlaochladáin do neoinfheadáin.

10

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 14.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 14 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar chlúdaigh urláir áirithe d'abhar fhighte.

CEATHRU SCEIDEAL.

Diuitethe Custum le n-a mBainfidh Forail Cheadunuchain.

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhForchuirtear an Diúité

Tuairisc Ghenerálta an Diúité.

1

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) , Alt 11, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

An diúité ar chreata leapan agus ar throscán adhmaid áirithe.

2

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , Alt 11 agus uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 5 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

An diúité ar riachtanaisí áirithe spóirt.

3

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 2 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar earraí rionnuithe áirithe.

4

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 3 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar dhát-stampaí agus ar stampaí marcála de chúitsiúc.

5

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 5 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar spéaclaí, leathspéaclaí, agus súil-ghloiní eile.

6

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 7 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar earraí áirithe d'ór, d'airgead agus de leictirchneas.

7

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 11 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

An diúité ar fhramaí pictiúra d'adhmad.

8

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 28 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 6 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

An diúité ar stocaí Nodlag, etc.

9

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , Alt 4 agus uimhir thagartha 15 i gCuid I den Chéad Sceideal.

An diúité ar chomharthaí fógránachta ar dhéanamh bosca.

10

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , Alt 4 agus uimhir thagartha 20 i gCuid I den Chéad Sceideal.

An diúité ar earraí déanta áirithe de chruaidh.

11

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 8 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar earraí de shreing iarainn no de shreing chruaidhe.

12

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 15 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

An diúité ar phriontaí grianghrafacha.

13

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 18 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

An diúité ar chartúisí gráin líonta.

14

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 28 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar shúsaí áirithe

15

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 9 agus an Dara Sceideal, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

An diúité ar bhróga agus ar bhróga ísle.

16

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) Alt 10 agus uimhir thagartha 7 sa Chéad Sceideal ar n-a leasú ag uimhir thagartha 12 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) .

An diúité ar fhrámaí miotail agus ar shaiseanna miotail, etc., áirithe.

17

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , Alt 7 agus uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

An diúité ar earraí de cháiséin, etc.

18

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , Alt 7 agus uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar bhréagáin áirithe.

19

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , Alt 7 agus uimhir thagartha 31 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar liathróidí leadóige.

20

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , Alt 7 agus uimhir thagartha 44 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar chumaisc chúitsiúic.

21

An tAcht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , Alt 15 agus uimhir thagartha 12 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar scáthanna lampa áirithe.

CUIGIU SCEIDEAL.

Diuitethe Custum a Foirceanntar.

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhForchuirtear no le n-a Mínítear an Diúité.

Mion-innste ar an Diúité.

Tuairisc Ghenerálta an Diúité.

1

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , Alt 11 agus uimhir thagartha 23 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 23, sa mhéid ná fuil sé foirceannta cheana.

An diúité ar rothair agus ar rothair thrianacha.

2

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , Alt 1 agus uimhir thagartha 14 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , agus ag uimhir thagartha 6 (c) sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , agus ag uimhir thagartha 9 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus ag uimhir thagartha 7 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 14 ar n-a leasú ag na huimreacha tagartha san 4, 6 (c), 9 agus 7.

An diúité ar earraí déanta áirithe de phrás, de chré-umha, no de ghunna mhiotal.

3

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , Alt 2, ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 75), 1935, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) , agus le hAlt 14 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), agus uimhir thagartha 8 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

An diúité forchuirtear leis an alt san 2 ar n-a leasú leis an Ordú san agus leis an Alt san 14.

An diúité ar shíolta féir.

4

An tAcht Airgid (Diúitethe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , Alt 4 agus uimhir thagartha 1 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 1.

An diúité ar mhuil rothair.

5

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 33 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 33.

An diúité ar chroicne agus seithí úra ainmhithe de chineál na bó.

6

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , Alt 10 agus uimhir thagartha 17 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 17.

An diúité ar dhual abhrais áirithe.

7

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , Alt 11 agus uimhir thagartha 2 sa Dara Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 2.

An diúité ar linóleum.

8

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , Alt 11 agus uimhir thagartha 3 sa Dara Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 3.

An diúité ar éadach íle.

SEU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

Dáta na hAthghairme.

3 & 4 Will. IV. c. 68.

Licensing (Ireland) Act, 1833.

Alt 12

Dáta an Achta so do rith.

5 & 6 Geo. V. c. 89.

Finance (No. 2) Act, 1915.

Alt 15.

Dáta an Achta so do rith.

9 & 10 Geo. V. c. 32.

Finance Act, 1919.

Alt 13

Dáta an Achta so do rith.

Uimh. 62 de 1924 .

Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 .

Alt 22

Dáta an Achta so do rith.

Uimh. 20 de 1932 .

Acht Airgid, 1932 .

Fo-alt (1) d'Alt 3.

An 6adh lá d'Abrán, 1939.