15 1939


Uimhir 15 de 1939.


ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA gCOSTAISÍ FÉ NA RAGHFAR AG CUR SCUAB-GHILL AR SIÚL FÉ ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ, 1933 , DO GHLANADH I gCÁS PRÁINNE, AGUS, CHUIGE SIN, SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH CÚL-CHISTE DO BHUNÚ AGUS AN tACHT SAN DO LEASÚ.

[14adh Iúl, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Iontaobhais na nOispidéal;

cialluíonn an focal “scuab-gheall” scuab-gheall ar n-a chur ar siúl fén bPríomh-Acht.

(2) Léireofar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 agus 1938, agus an tAcht so le chéile, agus dá réir sin gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe le ceachtar Acht acu san no ann chun crícheanna na nAchtanna san tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.

An Cúl-Chiste.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 23 den Phríomh-Acht beidh an t-airgead uile a híocfar leis an mBord fén Acht so ina chiste ar leithligh ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, an Cúl-Chiste, agus ní bheidh sé ina chuid de Chiste Iontaobhais na nOispidéal.

(2) Déanfaidh an Bord an méid sin de chaipital an Chúl-Chiste ná beidh ag teastáil de thurus na huaire chun an Bhúird do dhéanamh íocaíochtaí do bhun an Achta so do shuncáil agus do choimeád suncálta in urrúis a bheidh údaruithe le dlí chun cistí iontaobhais do shuncáil ionta no bheidh údaruithe fé alt 23 den Phríomh-Acht chun Ciste Iontaobhais na nOispidéal do shuncáil ionta.

(3) Féadfaidh an Bord o am go ham suncáil no aon chuid de shuncáil an Chúl-Chiste d'atharú.

(4) An t-ús, na díbhinní, agus an t-ioncum uile agus na suimeanna uile i bhfuirm bonuis do gheobhaidh an Bord as na hurrúis ina mbeidh an Cúl-Chiste suncálta, cuirfear le caipital an chiste sin iad agus beid ina gcuid de an túisce gheobhaidh an Bord iad.

(5) Pé uair is gá don Bhord do réir an Achta so íocaíocht ar bith do dhéanamh as an gCúl-Chiste agus ná beidh aon airgead neashuncálta sa chiste sin an uair sin no gur lugha an t-airgead neashuncálta san (más ann dó) ná méid na híocaíochta san, díolfaidh an Bord no malartóid ar airgead ar shlí eile an méid sin de sna hurrúis ina mbeidh an ciste sin suncálta an uair sin is gá, i dteanta an airgid nea-shuncálta san (más ann dó), chun an méid a bheidh ag teastáil le haghaidh na híocaíochta san do dhéanamh suas.

Iocaíochtaí do dhéanamh as an gCúl-Chiste le Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

3. —Cuirfidh an Bord fé ndeár gach 1adh lá d'Eanar no fé cheann ceithre lá déag ina dhiaidh sin an méid caipitail a bhí sa Chúl-Chiste an 31adh lá de Mhí na Nodlag díreach roimhe sin do mheas agus, má gheibhtear amach le linn an mheasta san do dhéanamh gur mó méid an chaipitail sin ná dhá chéad agus caoga míle punt, déanfaidh an Bord suim is có-mhéid leis an mbreis a gheobhfar amhlaidh a bheith ag méid an chaipitail sin ar dhá chéad agus caoga míle punt d'aistriú ón gCúl-Chiste go dtí Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

Iocaíochtaí do dhéanamh leis an mBord as airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol.

4. —(1) Íocfar leis an mBord, as an airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa chéad scuab-gheall a cuirfear ar siúl tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1940, suim is có-mhéid le ceathair per cent. den airgead san.

(2) Más lugha caipital an Chúl-Chiste ná dhá chéad agus caoga míle punt an lá no an ceann deireannach de sna laetheanta déanfar an crannchur duaiseanna in aon scuab-gheall a cuirfear ar siúl tráth ar bith tar éis an scuab-ghill a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, íocfar leis an mBord as an airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san pé suim acu so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(a) an tsuim a bheidh an Cúl-Chiste fé bhun dhá chéad agus caoga míle punt an lá no an ceann deireannach de sna laetheanta a déanfar an crannchur duaiseanna sa scuabgheall san, no

(b) suim is có-mhéid le ceathair per cent. den airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an airgead is iníoctha alos aon scuab-ghill leis an mBord fé pé fo-alt acu san roimhe seo den alt so bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) beidh an t-airgead san iníoctha leis an mBord i dtánaiste d'íoc no do sholáthar do dhéanamh i gcóir na nduaiseanna do bhéarfar amach sa scuab-gheall san agus na gcostaisí fé n-a raghfar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl, sa mhéid go mbeidh na costaisí sin iníoctha go dleathach as an airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuabgheall san;

(b) ní háirmheofar an t-airgead san is iníoctha leis an mBord nuair a beifear á dhéanamh amach cadé an cion den airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san ar a mbeidh an diúité stampa forchuirtear le halt 50 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), mar do bheirtear feidhm dó le halt 41 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), inéilithe alos an scuab-ghill sin.

An Bord do dhéanamh íocaíochtaí le coistí scuab-ghill.

5. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, i dtaobh scuab-ghill ina ndéanfar an crannchur duaiseanna tar éis an Achta so do rith, gur mó, toisc práinn nárbh fhéidir do réir réasúin don choiste scuab-ghill a bheidh ag bainistí an scuab-ghill sin coinne do bheith acu léi agus nach práinn a tháinig ar fad no go leathrannach d'aon ghníomh no faillí i bpáirt an choiste scuab-ghill sin, na costaisí fé n-a ndeachaidh an coiste scuab-ghill sin ag cur an scuab-ghill sin ar siúl ná an méid iomlán is ion-úsáidthe go dleathach, as an airgead do fuarthas as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san, chun na gcostaisí sin d'íoc, féadfaidh an tAire a ordú don Bhord an tsuim sin d'íoc leis an gcoiste scuab-ghill sin is gá chun an mhéide d'íoc a bheidh de bhreis ag na costaisí sin ar an méid iomlán san is ionúsáidthe go dleathach amhlaidh chun a n-íoctha.

(2) Pé uair a ordóidh an tAire don Bhord, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, aon íocaíocht den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san d'íoc le coiste scuab-ghill, déanfaidh an Bord, d'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht, an íocaíocht ordóidh an tAire amhlaidh d'íoc leis an gcoiste scuab-ghill sin.

(3) Gach íocaíocht is gá don Bhord, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'íoc le coiste scuab-ghill déanfar—

(a) más leis an gcoiste scuab-ghill a bheidh ag bainistí scuabghill ar n-a chur ar siúl an 1adh lá d'Eanar, 1940, no roimhe sin, is gá amhlaidh an íocaíocht san d'íoc, í d'íoc as Ciste Iontaobhais na nOispidéal, agus

(b) in aon chás eile, í d'íoc as an gCúl-Chiste sa mhéid gur leor an Ciste sin agus, sa mhéid (más aon mhéid é) nach leor an Cúl-Chiste, as Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

An méid caipitail sa Chúl-Chiste d'áireamh.

6. —Chun a mheas chun aon chríche de chrícheanna an Achta so cad is méid do chaipital an Chúl-Chiste aon lá áirithe, déanfar luach na n-urrús ina mbeidh an Cúl-Chiste suncálta an lá san d'áireamh do réir na rialacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar luach gach urrúis den tsórt san go mbeidh luadh Búrsa no margaidh ina thaobh i mBaile Atha Cliath d'áireamh do réir an luaidhte sin an lá san, agus

(b) déanfar luach gach urrúis eile den tsórt san d'áireamh do réir a ainm-luacha no do réir an phraghais d'íoc an Bord air, pe'ca aca san is lugha.

Gearr-theideal agus có-luadh.

7. —(1) Féadfar Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, do ghairm d'Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 agus 1938, agus den Acht so le chéile.