13 1939


Uimhir 13 de 1939.


ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH GNÍOMHARTHA AGUS IOMPAR DÁ dTIOCFADH AN tORD PUIBLÍ AGUS ÚDARÁS AN STÁIT DO BHONNBHRISEADH AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN DAOINE DO PHIONÓSÚ BHEIDH CIONTACH I gCIONTAI IN AGHAIDH AN STÁIT, BUNÚ COMHLACHAS DO STIÚRADH AGUS DO RIALÚ AR MHAITHE LEIS AN bPUIBLÍOCHT, CÚIRTEANNA COIRIÚLA SPEISIALTA DO BHUNÚ DO RÉIR AIRTEAGAIL 38 DEN BHUNREACHT AGUS SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH CÓ-DHÉANAMH, COMHACHTA, DLIGHINSE, AGUS NÓS IMEACHTA NA gCÚIRTEANNA SAN, CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE D'ATHGHAIRM AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH GO GENERÁLTA I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [14adh Meitheamh, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:-

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

foluíonn an focal “cóghléasadh” comhlachaisí, cumainn, agus. cóghléasanna no comhluadair eile daoine de chineál no de shaghas ar bith, pe'ca bheirtear aon ainm fé leith ortha no ná tugtar;

foluíonn an focal “scríbhinn” leabhar agus fós páipéar nuachta, meaigisín, no foillseachán tréimhsiúil eile, agus fós paimfléid, duilleoigín, cearcalán, no fógrán;

cialluíonn an abairt “scríbhinn choiritheach” scríbhinn fé dháta ar bith, no gan dáta, ar n-a tabhairt amach no ar n-a teacht o chóghléasadh nea-dhleathach no dheallruíonn bheith ar n-a tabhairt amach no ar n-a teacht amhlaidh no bheireann le tuigsint í bheith no dheallruíonn bheith ag cabhrú no ag neartú le haon chóghléasadh den tsórt san no dá dtiocfadh go gcabhrófaí le cóghléasadh nea-dhleathach do bhunú;

foluíonn an abairt “scríbhinn tréasúnta” scríbhinn a bhaineann go díreach no go nea-dhíreach le tréas do dhéanamh; foluíonn an abairt “scríbhinn cheannairceach”—

(a) scríbhinn gurb é atá inti ná abhar dá dtiocfadh no do bhéarfadh an t-ord puiblí no údarás an Stáit do bhonnbhriseadh no ina bhfuil abhar den tsórt san, agus

(b) scríbhinn adeir, a chialluíonn, no thraosluíonn no is deallrathach a thraoslódh nach é riaghaltas dleathach an Stáit an riaghaltas atá ag feidhmiú fén mBunreacht no go bhfuil sa Stát cólucht no cóghléasadh ar bith ná fuil ag feidhmiú fén mBunreacht agus atá i dteideal go n-aithneofaí é mar riaghaltas ar an tír, agus

(c) scríbhinn adeir, a chialluíonn, no thraosluíonn no is deallrathach a thraoslódh nach iad fórsaí míleata dleathacha an Stáit na fórsaí míleata atá á gcothabháil fén mBunreacht, no go bhfuil sa Stát cólucht no cóghléasadh nach de bhuadh an Bhunreachta do bunuíodh é agus atá sé á chothabháil atá i dteideal go n-aithneofaí é mar fhórsa mhíleata, agus

(d) scríbhinn ina ndeintear focail, giorracháin no comharthaí is ionluaidhte le cólucht míleata d'úsáid agus tagairt á dhéanamh do chóghléasadh neadhleathach;

foluíonn an focal “cionta” tréas, feleontachtaí, mí-iompair, agus ciontaí reachtúla agus ciontaí eile;

foluíonn tagairtí do chlóbhualadh gach slí chun focail do thaisbeáint no do thabhairt amach i bhfuirm sho-fheicse, agus déanfar an focal “clóbhualadh” agus gach focal atá gaolmhar dó do léiriú dá réir sin.

Ceannphuirt den Ghárda Síochána d'fheidhmiú comhacht.

3. —Aon chomhacht do bheirtear leis an Acht so d'oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort féadfaidh aon cheannphort den Ghárda Síochána í d'fheidhmiú bheidh údaruithe (alos aon chomhachta áirithe no aon cháis áirithe) chuige sin i scríbhinn ag Coimisinéir an Ghárda Síochána.

Costaisí.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh aon Aire Stáit chun an Achta so do riaradh.

Athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo an tAcht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 (Uimh. 18 de 1925) , agus an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1926 (Uimh. 42 de 1926) .

CUID II.

Ciontai in Aghaidh an Stait.

Feidhmeanna riaghaltais d'fhorghabháil.

6. —(1) Gach duine dhéanfaidh aon fheidhm riaghaltais d'fhorghabháil no d'fheidhmiú go nea-dhleathach, tré chólucht daoine bhéarfaidh le tuigsint bheith ina riaghaltas no ina reachtas ach ná beidh údaruithe chuige sin ag an mBunreacht ná fé do chur ar siúl no do chothabháil no páirt do ghlacadh ar aon tslí ann, no tré ní bhéarfaidh le tuigsint é bheith ina chúirt no ina bhínse eile agus ná beidh bunuithe go dleathach do chur ar siúl no do chothabháil no páirt do ghlacadh ar aon tslí ann, no tré fhórsa is fórsa armtha, no is fórsa bhéarfaidh le tuigsint é bheith ina fhórsa phóilíneachta, agus ná beidh údaruithe amhlaidh do chur le chéile no do chothabháil no tré bheith ina bhall de, no tré aon ghníomh no beart ar bith eile, beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú inti dlighfear pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(2) Gach duine do bhéarfaidh fé éinní do dheanamh gur feleontacht fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so é dhéanamh no neartóidh no chabhróidh no dhéanfaidh cóchealg le duine eile chun éinní den tsórt san do dhéanamh no chun tabhairt fé n-a dhéanamh no mholfaidh éinní den tsórt san do dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

An riaghaltas do bhac.

7. —(1) Gach duine chuirfidh cosc no bac no bhéarfaidh fé chosc no bac do chur no go mbeidh baint aige le tabhairt fé chosc no bac do chur, tré neart airm no tré fhoiréigin eile no tré aon tsaghas imeagluithe, le riaghaltas an Stáit no le haon bhrainse (pe'ca brainse reachtúcháin no breithiúntais no feidhmiúcháin é) de riaghaltas an Stáit do choimeád ar siúl no le haon bhall den reachtas, de sna breithiúin no den chomhallacht no le haon oifigeach no fostaí (pe'ca fostaí síbhialta (le n-a n-áirmhítear fostaí póilíneachta) no fostaí míleata é) den Stát d'fheidhmiú no do chólíonadh aon cheann dá fheidhmeanna, dá chomhachta no dá dhualgaisí beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú inti dlighfear pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná seacht mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(2) Gach duine neartóidh no chabhróidh no dhéanfaidh cóchealg le duine eile chun éinní do dhéanamh gur feleontacht fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so é dhéanamh no mholfaidh éinní den tsórt san do dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

An tUachtarán do bhac.

8. —(1) Gach duine chuirfidh cosc no bac no bhéarfaidh fé chosc no bac do chur no go mbeidh baint aige le tabhairt fé chosc no bac do chur, tré neart airm no tré fhoiréigin eile no tré aon tsaghas imeagluithe, leis an Uachtarán d'fheidhmiú no do chólíonadh aon cheann dá fheidhmeanna, dá chomhachta no dá dhualgaisí beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú inti dlighfear piantseirbhís ar feadh téarma nach sia ná seacht mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(2) Gach duine neartóidh no chabhróidh no dhéanfaidh cóchealg le duine eile chun éinní do dhéanamh gur feleontacht fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so é dhéanamh no mholfaidh éinní den tsórt san do dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

Cur isteach ar fhostaithe míleata no ar fhostaithe eile don Stát.

9. —(1) Gach duine dhéanfaidh, d'fhonn ord puiblí no údarás an Stáit do bhonnbhriseadh, aon fhoiréigean no cur isteach ar bhall d'fhórsa mhíleata no phóilíneachta dhlí-bhunuithe (pe'ca bheidh an ball san ar diúité no ná beidh) no bhéarfaidh leis airm no trealamh, no aon chuid d'airm no de threalamh, aon bhaill den tsórt san no dhéanfaidh díobháil don chéanna no chuirfidh isteach air ar shlí eile, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(2) Gach duine ghríosóidh no mhisneoidh duine ar bith a bheidh ar fostú i bhfeadhmannas ar bith ag an Stát chun diúltú dá dhualgas do chólíonadh no chun faillí do thabhairt ina chólíonadh no chun é fhágaint gan chólíonadh (i slí no i méid is deallrathach a chuirfeadh an tseirbhís phuiblí no brainse dhi in aimhréidh) no ghríosóidh no mhisneoidh duine ar bith a bheidh ar fostú amhlaidh chun bheith faillitheach no easumhal (sa tslí no sa mhéid sin roimhráite) i gcólíonadh a dhualgais, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(3) Gach duine do bhéarfaidh fé éinní do dhéanamh gur mí-iompar fé cheachtar fo-alt acu san roimhe seo den alt so é dhéanamh no neartóidh no chabhróidh no dhéanfaidh cóchealg le duine eile chun éinní den tsórt san do dhéanamh no chun tabhairt fé n-a dhéanamh no mholfaidh éinní den tsórt san do dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag do chur air.

Toirmeasc ar scríbhinní áirithe do chlóbhualadh, etc.

10. —(1) Ní dleathach aon scríbhinn do chur i riocht cló, do chlóbhualadh, d'fhoillsiú, do chur tríd an bpost, do scaipeadh, do dhíol, ná do thairgsint chun a díolta—

(a) is scríbhinn choiritheach no ina mbeidh scríbhinn choiritheach, no

(b) is scríbhinn tréasúnta no ina mbeidh scríbhinn tréasúnta, no

(c) is scríbhinn cheannairceach no ina mbeidh scríbhinn cheannairceach.

(2) Go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, ní dleathach do dhuine ar bith aon leitir no aiste no conbharsáid do chur ná do scríobhadh chun aon pháipéir nuachta ná chun aon fhoillseacháin tréimhsiúil eile, ná do dhílseánach aon pháipéir nuachta no foillseacháin tréimhsiúil eile aon leitir no aiste no conbharsáid d'fhoillsiú sa pháipéar nuachta no sa bhfoillseachán san, is leitir no aiste no conbharsáid a cuirfear no scríobhfar amhlaidh no bhéarfaidh le tuigsint í bheith ar n-a cur no ar n-a scríobhadh amhlaidh ag cóghléasadh nea-dhleathach no thar a gceann no bheidh de shaghas no de chineál go mbeadh a chlóbhualadh contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so.

(3) Gach duine dhéanfaidh éinní contrárdha do cheachtar fo-alt acu san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le cheile agus fós (in aon chás), má orduíonn an Chúirt amhlaidh, é do gheallbhruideadh gach cóipe bheidh ina sheilbh den scríbhinn, den pháipéar nuachta, no den fhoillseachán gur maidir leis do rinneadh an cionta agus fós (más scríbhinn do chur i riocht cló no do chlóbhualadh an gníomh gurbh é an cionta é) é do gheallbhruideadh an oiread san agus a luadhfaidh an Chúirt chuige sin den chló-mheaisínteacht a bheidh ina sheilbh má orduíonn an Chúirt amhlaidh.

(4) Gach duine go mbeidh ar seilbh aige go nea-dhleathach scríbhinn do clóbhualadh no do foillsíodh contrárdha don alt so no páipéar nuachta no foillseachán tréimhsiúil eile ina mbeidh leitir, aiste no conbharsáid do foillsíodh ann contrárdha don alt so déanfa sé, ar n-a iarraidh san air do bhall den Ghárda Síochána, gach cóip den scríbhinn sin no den pháipéar nuachta no den fhoillseachán san (do réir mar a bheidh) a bheidh ar seilbh aige do thabhairt don bhall san, agus má fhaillíonn no má dhiúltuíonn san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí do chur air agus fós, má orduíonn an Chúirt amhlaidh, é do gheallbhruideadh gach cóipe bheidh ina sheilbh den scríbhinn no den pháipéar nuachta no den fhoillseachán gur maidir leis do rinneadh an cionta.

(5) Ní thabharfaidh éinní atá san alt so é bheith neadhleathach scríbhinn no cóip de scríbhinn, a foillseofar ar iarratas no le cead ón Riaghaltas no foillseofar i gcúrsa tuarasgabhála dílse no mar chuid de thuarasgabháil dílis de sna himeachta i gceachtar Tigh den Oireachtas no i gcúirt bhreithiúnais no os cóir aon chúirte no bínse eile bheidh ag feidhmiú dlighinse go dleathach, do chur i riocht cló, do chlóbhualadh, d'fhoillsiú, do chur tríd an bpost, do scaipeadh, do dhíol, do thairgsint chun a díolta ná do shealbhú.

Páipéirí nuachta, etc., coigríche ina mbeidh abhar ceannairceach no nea-dhleathach.

11. —(1) Pé uair is dóich leis an Aire Dlighidh agus Cirt i dtaobh páipéir nuachta no foillseacháin tréimhsiúil eile clóbhuailtear de ghnáth lasmuich den Stát go bhfuil eagrán áirithe den fhoillseachán san ceannairceach no go bhfuil éinní ann go bhfuil a fhoillsiú contrárdha don Acht so, féadfaidh an tAire sin le hordú, más dóich leis go raghadh sé chun leasa don phuiblíocht san do dhéanamh, ceachtar ní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a údarú do bhaill den Ghárda Síochána na cóipeanna uile den eagrán san den fhoillseachán san do ghabháil agus do dhíthiú is cuma cá bhfuighfear iad;

(b) a thoirmeasc cóip ar bith d'iomportáil d'aon eagrán den fhoillseachán san a foillseofar fé cheann tréimhse áirithe (nach sia ná trí mhí) tar éis an eagráin sin den fhoillseachán san d'fhoillsiú.

(2) Féadfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt le hordú, pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, aon ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so no aon ordú (bheidh déanta aige fén bhfo-alt so) ag leasú aon orduithe den tsórt san do cheiliúradh no do leasú.

(3) Ní dleathach do dhuine ar bith aon chóip d'iomportáil d'eagrán d'fhoillseachán thréimhsiúil go mbeidh a iomportáil toirmeasctha le hordú fén alt so, agus tuigfear gach cóip den tsórt san do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá ag gabháil le halt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san (ar n-a leasú no ar n-a leathnú le hAchtanna ina dhiaidh sin) a bhaineann le hearraí toirmeasctha no srianta d'iomportáil.

Scríbhinní tréasúnta, ceannairceacha no coiritheacha do shealbhú.

12. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon scríbhinn tréasúnta, scríbhinn cheannairceach ná scríbhinn choiritheach do bheith ar seilbh aige ná do bheith aige ar aon tailte no áitreabh a bheidh ar únaeracht no ar seilbh aige no bheidh fé n-a urláimh.

(2) Gach duine go mbeidh scríbhinn tréasúnta, scríbhinn cheannairceach no scríbhinn choiritheach ar seilbh aige no go mbeidh san aige ar aon tailte no áitreabh a bheidh ar únaeracht no ar seilbh aige no bheidh fé n-a urláimh, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Má cúisítear duine i gcionta fén alt so, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú—

(a) gur oifigeach don Stát é agus gur i gcúrsaí a dhualgaisí mar oifigeach den tsórt san a bhí an scríbhinn gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta ar seilbh aige no ina choimeád, no

(b) ná raibh a fhios aige an scríbhinn sin do bheith ar seilbh aige ná í bheith ar aon tailte no áitreabh a bhí ar únaeracht no ar seilbh aige no bhí fé n-a urláimh, no

(c) ná raibh a fhios aige cadé an saghas an scríbhinn sin ná cad a bhí inti.

(4) Gach duine go mbeidh scríbhinn tréasúnta, scríbhinn cheannairceach no scríbhinn choiritheach ar seilbh aige déanfaidh, ar bhall den Ghárda Síochána dá iarraidh san air, an scríbhinn sin agus gach cóip di bheidh ar seilbh aige do thabhairt don bhall san, agus má fhaillíonn no má dhiúltuíonn san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí do chur air.

(5) Má gheibheann dílseánach no eagarthóir no príomhoifigeach eile páipéir nuachta no foillseacháin tréimhsiúil eile scríbhinn a chífear dó is scríbhinn tréasúnta, scríbhinn cheannairceach, no scríbhinn choiritheach agus ná foillseofar an scríbhinn sin sa pháipéar nuachta no sa bhfoillseachán tréimhsiúil sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má iarrann ball den Ghárda Síochána ar an dílseánach no ar an eagarthóir no ar an bpríomh-oifigeach san an scríbhinn sin do thabhairt suas don bhall san, féadfaidh an dílseánach no an t-eagarthóir no an príomh-oifigeach san, in ionad na scríbhinne sin do thabhairt suas amhlaidh, an scríbhinn sin agus gach cóip di (más aon cheann é) a bheidh ina sheilbh do dhíthiú i bhfianaise an bhaill sin agus chun sástachta dhó;

(b) má dheineann an dílseánach no an t-eagarthóir no an príomh-oifigeach san an scríbhinn sin agus gach cóip di (más aon cheann é) a bheidh ina sheilbh do dhíthiú fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so no má dhíthíonn sé uaidh féin an scríbhinn sin fé cheann ceithre huaire fichead a chluig tar éis í fháil agus gan é do dhéanamh aon chóipe dhi ná a cheadú aon chóip di do dhéanamh, beidh an díthiú san ina chosaint mhaith ar aon chúiseamh i gcoinnibh an dílseánaigh no an eagarthóra no an phríomhoifigigh sin i gcionta fé fho-alt ar bith den alt so alos na scríbhinne sin agus ní luighfidh aon aicsean, síbhialta ná coiriúil, ná aon imeacht eile i gcoinnibh an dílseánaigh no an cagarthóra no an phríomhoifigigh sin mar gheall ar an díthiú san.

Forálacha i dtaobh scríbhinní clóbhuailfear ar luach saothair.

13. —(1) Gach duine chlóbhuailfidh scríbhinn ar bith ar luach saothair déanfaidh gach ní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) le linn na scríbhinne sin do chlóbhualadh no fé cheann ceithre huaire fichead a chluig ina dhiaidh sin, clóbhuailfidh no scríobhfaidh ar chóip amháin ar a laighead den scríbhinn sin ainm agus seoladh an duine gur dó no gur ar ordú uaidh do clóbhuaileadh an scríbhinn sin;

(b) coimeádfaidh, go ceann sé mhí o dháta na scríbhinne sin do chlóbhualadh, cóip den scríbhinn sin ar a mbeidh an ainm agus an seoladh san clóbhuailte no scríobhtha mar adubhradh;

(c) ar bhall den Ghárda Síochána dá iarraidh sin air tráth ar bith i rith na tréimhse sin de shé mhí, taisbeánfaidh an chóip sin den scríbhinn sin a coimeádfar amhlaidh mar adubhradh don bhall san chun í d'iniúchadh.

(2) Gach duine chlóbhuailfidh scríbhinn ar bith ar luach saothair agus a fhailleoidh déanamh do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so in aon tslí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt.

(3) Ní bhaineann an t-alt so le haon pháipéar nuachta, meaigisín ná foillseachán tréimhsiúil eile a chlóbhuaileann a dhílseánach ina áitreabh féin.

E bheith oblagáideach ainm agus seoladh an chlódóra do chlóbhualadh ar scríbhinní.

14. —(1) Gach duine chlóbhuailfidh ar luach saothair aon scríbhinn (seachas scríbhinn ná baineann an t-alt so léi) go mbeidh a fhios aige no go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint a bheith ar intinn í dhíol no í scaipeadh (pe'ca leis an bpuiblíocht i gcoitinne no ortha é no le haicme no uimhir theoranta daoine no ortha) no í thaisbeáint go puiblí no go príobháideach déanfaidh, mara mbeidh ach aon leathanach no leathán amháin sa scríbhinn sin agus gan í clóbhuailte ach ar thaobh amháin, a ainm agus seoladh a áite gnótha do chlóbhualadh are éadan na scríbhinne sin agus déanfaidh, i ngach cás eile, an ainm agus an seoladh san do chlóbhualadh ar an gcéad leathanach no ar an leathanach deiridh den scríbhinn sin.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní tré ghníomh no tré fhaillí contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt.

(3) Ní bhaineann an t-alt so le haon scríbhinn acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) nótaí airgid reatha, nótaí bainc, billí malairte, nótaí geallúna, seiceanna, admhála agus scríbhinní eile airgeadais no tráchtála,

(b) riteacha, orduithe, gairmeacha, barántais, dearbhóidí, agus scríbhinní eile chun crícheanna aon chúirte dleathaighe no bínse dhleathaigh no chun úsáide sa chéanna,

(c) scríbhinn ar bith ar n-a clóbhualadh le hordú ón Riaghaltas, o cheachtar Tigh den Oireachtas, o Aire Stáit, no o aon oifigeach don Stát agus é ag cólíonadh a dhualgas mar oifigeach den tsórt san,

(d) scríbhinn ar bith go ndearbhóidh an tAire Dlighidh agus Cirt le hordú gur scríbhinn í ná baineann an t-alt so léi.

Toirmeasc ar chleachtaisí míleata neamhúdarnithe.

15. —(1) Ach amháin mar a údaróidh Aire Stáit fén alt so, agus fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, ní dleathach d'aon tionól daoine taithí do thabhairt dóibh féin ná iad féin do thréineáil ná do dhrilleáil ná tréineáil ná drill d'fháil in airm d'úsáid ná i gcleachtaisí, gluaiseachtaí, ná mánoibreacha míleata do dhéanamh, ná d'aon daoine teacht le chéile ná cruinniú chun taithí ná chun tréineála ná chun drilleála ná chun iad d'fháil tréineála ná drille sa chéanna.

(2) Féadfaidh Aire Stáit, ar a dheiscréid, a údarú le hordú fé réir na dteoranta, na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur agus adéarfa sé san ordú, do bhaill aon chóghléasta teacht le chéile agus an ní no na nithe dhíobh so leanas, a luadhfar san ordú san do dhéanamh, sé sin le rá, taithí thabhairt dóibh féin no iad féin do thréineáil no do dhrilleáil no tréineáil no drill d'fháil in airm d'úsáid no i gcleachtaisí, gluaiseachtaí, no mánoibreacha míleata do dhéanamh.

(3) Má bhíonn duine ar bith i láthair no páirteach i dtionól daoine no má thugann sé teagasc no tréineáil no drilleáil do thionól daoine a dhéanfaidh gan údarás no ar shlí seachas do réir údaráis ar n-a dheonadh ag Aire Stáit fén alt so, taithí thabhairt dóibh féin no iad féin do thréineáil no do dhrilleáil no tréineáil no drill d'fháil in airm d'úsáid no in aon chleachtas, gluaiseacht, no mánobair mhíleata do dhéanamh, no bheidh, gan an t-údarás san no ar shlí seachas do réir an údaráis sin, tar éis teacht le chéile no cruinniú chun taithí no chun tréineála no chun drilleála no chun iad d'fháil tréineála no drille sa chéanna, beidh an duine sin ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tionól de bhaill d'aon fhórsa mhíleata no phóilíneachta a bheidh á gcothabháil go dleathach ag an Riaghaltas.

(5) In aon chúiseamh fén alt so is ar an duine a cúiseofar a bheidh a chruthú gur húdaruíodh aon ghníomh áirithe fén alt so.

Cumainn seicréideacha i bhfórsa airm no póilíneachta.

16. —(1) Gach duine—

(a) a bhunóidh, a chóghléasfaidh, a chuirfidh ar aghaidh, no chothabhálfaidh aon chumann seicréideach imeasc ball no bheidh có-dhéanta de bhaill no ina mbeidh baill d'aon fhórsa míleata no póilíneachta bheidh á chothabháil go dleathach ag an Riaghaltas, no

(b) do bhéarfaidh fé aon chumann seicréideach den tsórt san do bhunú, do chóghléasadh, do chur ar aghaidh, no do chothabháil, no

(c) a thógfaidh páirt, a chabhróidh, no go mbeidh baint aige in aon tslí maidir le haon chumann den tsórt san do bhunú, do chóghléasadh, do chur ar aghaidh, do bhainistí, no do chothabháil, no

(d) a mheallfaidh aon bhall d'fhórsa mhíleata no phóilíneachta, bheidh á chothabháil go dleathach ag an Riaghaltas, chun ceangal le haon chumann seicréideach ar bith, no a iarrfaidh air san do dhéanamh no a chabhróidh leis chun a dhéanta,

beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear é chur fé phian-tseirbhís ar feadh téarma ar bith nach sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná dhá bhliain.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “cumann seicréideach” comhlachas, cumann, no cólucht eile gur gá dá bhaill do réir a rialachán, no go ndeineann a bhaill, mionn do thabhairt no a dheimhniú no a dhearbhú no a chó-aontú gan imeachta no cuid éigin d'imeachta an chomhlachais, an chumainn no an chóluchta do nochtadh.

Daoine do chur fé mhionnaí neadhleathacha.

17. —(1) Gach duine dhéanfaidh no chuirfidh fé ndeár go ndéanfar duine do chur, no bheidh páirteach no láithreach no thoileoidh maidir le duine do chur no do dhul, fé aon mhionn, dearbhú no geallúint, i bhfuirm no i slí ar bith, le n-a dtuigfear no le n-a mbeifear ar intinn an té raghaidh fé do cheangal chun gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon choir no aon bhriseadh síochána dhéanamh no san do bheartú, do thabhairt chun críche, no do chur ar aghaidh no cabhrú leis no é cheilt, no

(b) ceangal do dhéanamh no gabháil mar bhall no dul i mbaint le haon chóghléasadh dar cuspóir no gur cuspóir dá chuspóirí aon choir no briseadh síochána dhéanamh, no

(c) staonadh o eolas do nochtadh no do thabhairt ar aon chóghléasadh, comhlachas, no cólucht eile den tsórt san roimhráite do bheith ann no á bhunú, no ar a bheith beartuithe no a bheith ar intinn a leithéid a bhunú, no o fhaisnéis no o fhianaise do thabhairt i gcoinnibh baill ar bith d'aon chóghléasadh, comhlachas no cólucht eile den tsórt san no i gcoinnibh duine ar bith go mbeidh baint aige le n-a leithéid do bhunú, no

(d) staonadh o eolas do nochtadh no do thabhairt ar aon choir no briseadh síochána do rinneadh no beifear ar intinn no bheidh beartuithe a dhéanamh, no o fhaisnéis no o fhianaise do thabhairt i gcoinnibh an té do rinne a leithéid de ghníomh,

beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná dhá bhliain.

(2) Gach duine raghaidh fé aon mhionn, dearbhú, no geallúint den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná dhá bhliain mara gcruthuighe sé—

(a) gur cuireadh fhiachaint air, le héigean no le bagairt, dul fén mionn, fén dearbhú no fén ngeallúint sin (do réir mar a bheidh), agus

(b) go ndearna sé, laistigh de cheithre lá tar éis dó dul fén mionn, fén dearbhú no fén ngeallúint sin marar coisceadh é le héigean no marar mí-chumasadh é le breoiteacht no le leor-chúis eile no, má coisceadh no má mí-chumasadh é amhlaidh, laistigh de cheithre lá tar éis stop don bhac do rinne an t-éigean no an bhreoiteacht no an chúis eile sin, a innsint d'oifigeach den Ghárda Síochána go ndeacha sé fén mionn, fén dearbhú no fén ngeallúint sin agus fós na nithe uile a bhain leis sin agus ainmneacha agus tuairiscí na ndaoine go léir go raibh baint acu le hé chur fén mionn, fén dearbhú no fén ngeallúint sin sa mhéid gurbh eol dó na nithe, na hainmneacha agus na tuairiscí sin do chur in úil don oifigeach san.

CUID III.

Coghleasanna Nea-dhleathacha.

Cóghléasanna nea-dhleathacha.

18. —Chun stiúradh agus rialú do dhéanamh ar mhaithe leis an bpuiblíocht ar fheidhmiú an chirt atá ag saoránaigh fén mbunreacht chun comhlachaisí do bhunú, dearbhuítear leis seo gur cóghléasadh nea-dhleathach do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so aon chóghléasadh—

(a) a dhéanfaidh tréas no aon ghníomhacht tréasúnta no chuirfidh a dhéanamh ar aghaidh no mholfaidh é dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, no

(b) a mholfaidh no thriallfaidh atharú ar an mBunreacht do thabhairt chun críche le fórsa, le foiréigean, no ar shlí eile nea-mbunreachtúil no bhéarfaidh misneach chuige, no

(c) a dhéanfaidh no thriallfaidh fórsa armtha no míleata do chur le chéile no do chothabháil contrárdha don Bhunreacht no gan údarás bunreachtúil, no

(d) a dhéanfaidh aon chionta coiriúil no chuirfidh bac no cur-isteach ar riaradh cirt no ar fhoirfheidhmiú an dlí, no chuirfidh aon ghníomh acu san ar aghaidh no mholfaidh é dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, no

(e) a dhéanfaidh aon chuspóir áirithe, dleathach no neadhleathach, do thabhairt chun críche ar shlí fhoiréigneach no choiriúil no ar shlí nea-dhleathach eile, no chuirfidh an gníomh san ar aghaidh no mholfaidh é dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, no

(f) a mholfaidh airgead is iníoctha leis an bPrímh-Chiste no le haon chiste puiblí eile no cánachas áitiúil d'fhágaint gan íoc no chuirfidh an ní sin ar aghaidh no bhéarfaidh misneach chuige,

agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis an gcóghléasadh san dá réir sin.

Orduithe díochuir.

19. —(1) Más dóich agus pé uair is dóich leis an Riaghaltas gur cóghléasadh nea-dhleathach aon chóghléasadh áirithe, is dleathach don Riaghaltas a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú díochuir san Acht so) gur cóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh san agus gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, é dhíochur.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas le hordú, pé uair is ceart san dar leo, ordú díochuir do leasú no do cheiliúradh.

(3) Foillseofar gach ordú díochuir san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta.

(4) Beidh ordú díochuir ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críche, seachas chun críche iarratais ar dhearbhú dhlíthiúlachta, gur cóghléasadh nea-dhleathach do réir bhrí an Achta so an cóghléasadh le n-a mbainfidh.

Dearbhuithe dlíthiúlachta.

20. —(1) Duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) adeir gur ball é de chóghléasadh go mbeidh ordú díochuir déanta ina thaobh, féadfaidh, tráth ar bith fé cheann tríocha lá tar éis an orduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus ar fhógra thabhairt don Ard-Aighne, dearbhú (dá ngairmtear dearbhú dlíthiúlachta san Acht so), á rá nach cóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh san, d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair.

(2) Más rud é, ar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bhreithniú, gur deimhin leis an Ard-Chúirt, tar éis na fianaise sin a bhéarfaidh an t-iarratasóir no an tArd-Aighne ar áird d'éisteacht, nach cóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh le n-a mbainfidh an t-iarratas san, is dleathach don Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta do dhéanamh i dtaobh an chóghléasta san.

(3) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta—

(a) mara dtugaidh neach iarrtha an dearbhuithe sin fianaise ag neartú leis an iarratas agus go raghaidh fé chroscheistniú o abhcóide don Ard-Aighne, no

(b) mara gcuiridh neach iarrtha an dearbhuithe sin ina luighe ar an Ard-Chúirt go bhfuil sé gan bheith ábalta, mar gheall ar bhreoiteacht no leor-chúis eile, ar fhianaise den tsórt san do thabhairt uaidh, agus go dtabharfaidh ar áird, ag neartú leis an iarratas, fianaise aon duine amháin ar a laighead a raghaidh fé chros-cheistniú o abhcóide don Ard-Aighne.

(4) Pé uair, ar iarratas fén alt so do bhreithniú, a dhéanfaidh an Ard-Chúirt, no an Chúirt Uachtarach de bharr athchomhairc i gcoinnibh na hArd-Chúirte, dearbhú dlíthiúlachta i dtaobh cóghléasta tiocfaidh an t-ordú díochuir a bhainfidh leis an gcóghléasadh san chun bheith gan bhrí gan éifeacht láithreach ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

(5) Má dheineann an Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta, is dleathach don chúirt sin, ar n-a iarraidh sin don Ard-Aighne, oibriú an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur ar fiunraoi maidir leis an dearbhú san go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar athchomharc ón Ard-Aighne chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh an dearbhuithe sin agus má chuireann an Ard-Chúirt an fo-alt san ar fiunraoi amhlaidh ní thiocfaidh an fo-alt san i ngníomh maidir leis an dearbhú san ach amháin má dhaingníonn agus nuair a dhaingneoidh an Chúirt Uachtarach an t-ordú ón Ard-Chúirt le n-a ndearnadh an dearbhú san.

(6) Pé uair a hiarrfar dearbhú dlíthiúlachta fén alt so agus a dhiúltóidh an Ard-Chúirt don iarratas san no a dhiúltóidh an Chúirt Uachtarach dó de bharr athchomhairc i gcoinnibh na hArd-Chúirte, ní dleathach in aon chúiseamh a déanfar ar an iarratasóir sa chionta san—bheith ina bhall den chóghléasadh le n-a mbainfidh an t-iarratas san—éinní acu so leanas do thabhairt

bhfianaise i gcoinnibh an iarratasóra, sé sin le rá:—

(a) é do dhéanamh an iarratais sin, no

(b) aon admháil do rinne sé no do rinneadh thar a cheann chun crícheanna an iarratais sin no le linn éisteacht an iarratais sin, no

(c) aon ráiteas do rinneadh sa bhfianaise o bhéal do thug sé no do tugadh thar a cheann (pe'ca sa phrímhcheistniú é no sa chros-cheistniú no san ath-cheistniú) le linn éisteachta an iarratais sin, no

(d) aon dearbhóid do rinne sé no do rinneadh thar a cheann chun crícheanna an iarratais sin.

Toirmeasc ar dhuine bheith ina bhall de chóghléasadh neadhleathach.

21. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith bheith ina bhall de chóghléasadh nea-dhleathach.

(2) Gach duine is ball de chóghléasadh nea-dhleathach contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus—

(a) ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) ar a chiontú ann ar dhíotáil dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(3) Beidh sé ina chosaint mhaith do dhuine cúiseofar sa chionta san fén alt so—bheith ina bhall de chóghléasadh neadhleathach—a chruthú—

(a) ná raibh a fhios aige gur chóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh san, no

(b) go ndearna sé, chó luath agus dob fhéidir é do réir réasúin tar éis dó a fháil amach cadé an saghas an cóghléasadh san no tar éis ordú díochuir do bheith déanta i dtaobh an chóghléasta san, scur de bheith ina bhall de agus é shéanadh.

(4) Má hiarrtar dearbhú dlíthiúlachta ar an Ard-Chúirt maidir le cóghléasadh ní déanfar aon duine bheidh, sara dtabharfar an bhreith dheiridh ar an iarratas san, á chúiseamh i gcionta fén alt so maidir leis an gcóghléasadh san do chur ar a thriail sa chúis sin sara dtabharfar an bhreith dheiridh sin ach ní thiocfaidh den triail sin do chur ar athló de bhun an fho-ailt seo cosc do chur leis an duine sin do choinneáil fé choimeád faid a bheidh an triail sin curtha ar athló amhlaidh.

Forálacha de dhruim ordú díochuir do dhéanamh.

22. —Díreach ar ordú díochuir do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcóghléasadh le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh maoin uile an chóghléasta san (pe'ca réalta no áirnéis-réalta no pearsanta dhi agus pe'ca ar seilbh no ar fiunraoi dhi) chun bheith agus beidh sí geallbhruidte don Aire Dlighidh agus Cirt agus dílsithe ann;

(b) tógfaidh an tAire sin seilbh gach tailimh agus áitreibh a thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so agus féadfaidh an tAire sin gach ní do chur á dhéanamh ag baill den Ghárda Síochána a chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chun seilbh do thógaint amhlaidh;

(c) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, is dleathach don Aire sin aon tailte no áitreabhacha thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so do dhíol no do chur ar cíos ar na téarmaí sin is dóich leis, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith ceart no aon tailte no áitreabhacha den tsórt san d'úsáid chun na gcrícheanna riaghaltais sin is dóich leis, leis an aontú roimhráite, do bheith ceart;

(d) tógfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt seilbh na maoine pearsanta uile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so agus bainfidh amach agus cruinneoidh isteach í agus féadfaidh na himeachta dlí sin do bhunú agus na nithe eile sin do dhéanamh a chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chuige sin;

(e) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, is dleathach don Aire sin an mhaoin phearsanta uile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so do dhíol no do mhalairtiú ar chuma eile ar airgead ar an slí sin agus ar na téarmaí sin is dóich leis, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith ceart;

(f) íocfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt isteach sa Stát-Chiste no cuirfidh chun tairbhe don Stát-Chiste, do réir orduithe an Aire Airgeadais, an t-airgead uile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so agus sochar glan gach díola, curtha-ar-cíos, malairtithe-ar-airgead, no curthade-láimh eile déanfar ar aon mhaoin eile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte amhlaidh;

(g) ní dhéanfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt aon mhaoin a thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so do dhíol, do chur ar cíos, do mhalairtiú ar airgead, ná do chur de láimh ar shlí eile go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) mara ndeintear dearbhú dlíthiúlachta maidir leis an gcóghléasadh san d'iarraidh fén Acht so fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun iarratas den tsórt san do dhéanamh, an aimsir a ceaptar amhlaidh do dhul in éag,

(ii) má deintear aon iarratas den tsórt san amhlaidh, an bhreith dheiridh do thabhairt ar an iarratas san.

Forálacha de dhruim dearbhú dlíthiúlachta do dhéanamh.

23. —(1) Pé uair a déanfar dearbhú dlíthiúlachta beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach duine bheidh á choinneáil fé choimeád agus é á chúiseamh sa chionta san—bheith ina bhall den chóghléasadh le n-a mbainfidh an dearbhú dlíthiúlachta san—scaoilfear as an gcoimeád san láithreach é;

(b) an mhaoin uile leis an gcóghléasadh san do tháinig chun bheith geallbhruidte don Aire Dlighidh agus Cirt de bhuadh an Achta so ar dhéanamh an orduithe dhíochuir maidir leis an gcóghléasadh san tiocfaidh chun bheith agus beidh ina maoin leis an gcóghléasadh san agus bhéarfaidh an tAire sin don chóghléasadh san í ar n-a hiarraidh san air.

(2) Má dheineann an Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta, is dleathach don chúirt sin, ar n-a iarraidh sin don Ard-Aighne, oibriú an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do chur ar fiunraoi maidir leis an dearbhú san go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar athchomharc ón Ard-Aighne chun na Cúirte Uachtaraighe in aghaidh an dearbhuithe sin agus má chuireann an Ard-Chúirt an fo-alt san ar fiunraoi amhlaidh ní thiocfaidh an fo-alt san i ngníomh maidir leis an dearbhú san ach amháin má dhaingníonn agus nuair a dhaingneoidh an Chúirt Uachtarach an t-ordú ón Ard-Chúirt le n-a ndearnadh an dearbhú san.

Is cruthúnas ar dhuine bheith ina bhall de chóghléasadh nea-dhleathach scríbhinn choiritheach do bheith ina sheilbh.

24. —Má deintear, le linn duine do thriail a bheidh á chúiseamh sa chionta san—bheith ina bhall de chóghléasadh nea-dhleathach— a chruthú chun sástachta na cúirte go bhfuarthas scríbhinn choiritheach, a bhaineann leis an gcóghléasadh san, ag an duine sin no ina sheilbh no ar thailte no in áitreabh ar únaeracht no ar seilbh aige no fé n-a urláimh beidh san, gan a thuilleadh, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur bhall den chóghléasadh san an duine sin an uair adeirtear sa chúis sin.

Foirgintí do dhúnadh.

25. —(1) Pé uair is deimhin le hoifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort go bhfuil no go raibh foirgint á húsáid in aon tslí chun crícheanna, díreacha no nea-dhíreacha. cóghléasta nea-dhleathaigh féadfaidh an t-oifigeach san ordú (dá ngairmtear ordú dúnta san alt so) do dhéanamh á ordú go ndúnfaí an fhoirgint sin go ceann tréimhse de thrí mhí o dháta an orduithe sin.

(2) Pé uair a déanfar ordú dúnta féadfaidh oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná ard-cheannphort—

(a) ré oibrithe an orduithe dhúnta san d'fhaidiú go ceann tréimhse breise nach sia ná trí mhí o dheireadh na tréimhse bheidh luaidhte san ordú dúnta san;

(b) deireadh do chur le hoibriú an orduithe dhúnta san.

(3) Pé uair a déanfar ordú dúnta no a faideofar ré a oibrithe féadfaidh duine ar bith go n-estát no leas sa bhfoirgint le n-a mbainfidh an t-ordú dúnta san, ar fhógra thabhairt don Ard-Aighne, ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair, agus ar bhreithniú an iarratais sin más deimhin leis an Ard-Chúirt, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nár réasúnta an rud an t-ordú dúnta san do dhéanamh no ré a oibrithe d'fhaidiú (do réir mar a bheidh) féadfa sí ordú do dhéanamh ag cur an orduithe dhúnta san no an fhaidithe sin ar ré a oibrithe, do réir mar a bheidh, ar neamhní.

(4) Pé uair agus faid a bheidh ordú dúnta i ngníomh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dleathach do dhuine ar bith an fhoirgint le n-a mbainfidh an t-ordú dúnta san ná aon chuid den fhoirgint sin d'úsáid ná do shealbhú;

(b) féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána nach ísle céim ná cigire gach ní is dóich leis is gá no is oiriúnach do dhéanamh chun cosc do chur leis an bhfoirgint sin no aon chuid di do bheith á húsáid no á sealbhú contrárdha don fho-alt so;

(c) gach duine úsáidfidh no shealbhóidh an fhoirgint sin no aon chuid den fhoirgint sin contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí do chur air.

(5) San alt so foluíonn an focal “foirgint” cuid d'fhoirgint agus fós gach fo-thigh, clós, agus gáirdín laistigh de chúirt-mhagh na foirginte.

CUID IV.

Ilghneitheach.

Fianaise ar scríbhinn tréasúnta no cheannairceach no choiritheach d'fhoillsiú.

26. —Má bhíonn i gceist, in aon imeachta coiriúla, ce'ca d'fhoillsigh an duine cúisithe (ina aonar no in éineacht le daoine eile no tré shocrú idir é féin agus daoine eile) scríbhinn tréasúnta no scríbhinn cheannairceach no scríbhinn choiritheach áirithe no nár fhoillsigh, agus go ndéarfaidh oifigeach den Ghárda Síochána, nach ísle céim ná árd-cheannphort, fé mhionn go gcreideann sé gur foillsíodh an scríbhinn sin ag an duine cúisithe no ag an duine cúisithe in éineacht le daoine eile no tré shocrú idir an duine cúisithe agus daoine eile (do réir mar a bheidh), is fianaise an ráiteas san (no go séanaidh an duine cúisithe, fé mhionn, gur fhoillsigh an scríbhinn sin ina aonar no in éineacht le daoine eile no tré shocrú den tsórt adubhradh) gur fhoillsigh an duine cúisithe an scríbhinn sin mar adubhradh sa ráiteas san fé mhionn ón oifigeach san.

Cruinnithe puiblí áirithe do thoirmeasc.

27. —(1) Ní dleathach cruinniú puiblí do chomóradh comórfar no bhéarfaidh le tuigsint é bheith á chomóradh ag cóghléasadh neadhleathach no thar a gceann no tré shocrú no in éineacht leo no comórfar no bhéarfaidh le tuigsint é bheith á chomóradh chun cuidiú no cabhrú no neartú le cóghléasadh nea-dhleathach no chun a misnithe no chun a mholadh go gcuideofaí leo.

(2) Pé uair is dóich le hoifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort gur shárú ar an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cruinniú puiblí áirithe do chomóradh a beifear ar tí no ar aigne a chomóradh, is dleathach don oifigeach san, tré fhógra do thabhairt do dhuine bheidh páirteach i gcomóradh no i gcóghléasadh an chruinnithe sin no d'fhoillsiú ar chuma gur deallrathach do réir réasúin go dtiocfa sé ar eolas na ndaoine bheidh páirteach amhlaidh, comóradh an chruinnithe sin do thoirmeasc agus leis sin tiocfa sé chun bheith agus beidh sé nea-dhleathach an cruinniú san do chomóradh.

(3) Pé uair do bhéarfaidh oifigeach den Ghárda Síochána aon fhógra uaidh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh duine ar bith adéarfaidh go ngoilleann an fógra san air, féadfaidh, ar fhógra thabhairt don Ard-Aighne, ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair, agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Ard-Chúirt, más ceart san dar léi, ordú do dhéanamh ag cur an fhógra san ar nea-mbrí.

(4) Gach duine dhéanfaidh no thriallfaidh cruinniú puiblí do chóghléasadh no do chomóradh gur sárú ar an alt so é chomóradh, no go mbeidh baint no páirt aige le haon chruinniú den tsórt san do chóghléasadh no do chomóradh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) San alt so foluíonn an abairt “cruinniú puiblí” próisisín agus foluíonn fós (chó maith le cruinniú comórtar in áit phuiblí no ar thalamh neamh-iadhta) cruinniú comórtar i bhfoirgint no ar thalamh iadhta agus go leigtear an phuiblíocht isteach chuige ar íocaíocht no dá héamais.

Gruinnithe comhgarach don Oireachtas do thoirmeasc.

28. —(1) Ní dleathach aon chruinniú puiblí do chomóradh in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta bheidh, no go mbeidh aon chuid de, laistigh de leath-mhíle o aon fhoirgint ina mbeidh an dá Thigh no ceachtar Tigh den Oireachtas ina suidhe no chun suidhe ná aon phróisisín do ghabháil fan aon tsráide no áite den tsórt san no tríthi más rud é—

(a) go ndearna oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort, tré fhógra do thabhairt do dhuine bheidh páirteach i gcomóradh no i gcóghléasadh an chruinnithe no an phróisisín sin no d'fhoillsiú ar chuma gur deallrathach do réir réasúin go dtiocfa sé ar eolas na ndaoine bheidh páirteach amhlaidh, a ordú gan an cruinniú san do chomóradh in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta den tsórt san roimhráite no gan an próisisín sin do ghabháil fan na sráide no na háite sin no tríthi, no

(b) go n-iarrfaidh ball den Ghárda Síochána ar an muintir a bheidh páirteach sa chruinniú no sa phróisisín sin scaipeadh.

(2) Gach duine—

(a) a dhéanfaidh no thriallfaidh cruinniú puiblí no próisisín do chóghléasadh no do chomóradh, no páirt do thógaint ann, in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, tar éis an chruinnithe no an phróisisín sin do bheith toirmiscthe le fógra fé mhír (a) den fho-alt san, no

(b) a dhéanfaidh no thriallfaidh cruinniú puiblí no próisisín do chomóradh, no páirt do thógaint ann, in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta den tsórt san roimhráite, tar éis do bhall den Ghárda Síochána a iarraidh, fé mhír (b) den fho-alt san, ar an muintir a bheidh páirteach sa chruinniú no sa phróisisín sin scaipeadh, no

(c) a fhanfaidh no a raghaidh isteach in aon tsráid phuiblí no spás neamh-iadhta den tsórt san tar éis a iarrtha air scaipeadh mar adubhradh,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Barántaisí cuardaigh maidir le ciontaí fén Acht so do dhéanamh no maidir le tréas.

29. —(1) Más deimhin le hoifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort go bhfuil cúis réasúnta chun a chreidiúint go bhfuil fianaise i scríbhinn, ar chionta no i dtaobh cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do dhéanamh no do bheith le déanamh, no aon scríbhinn a bhaineann, go díreach no go neadhíreach, le tréas do dhéanamh no do bheith le déanamh le fáil in aon fhoirgint áirithe no áit áirithe eile, féadfaidh an t-oifigeach san barántas cuardaigh do thabhairt amach do réir an ailt seo do bhall den Ghárda Síochána nach ísle céim ná cigire.

(2) Déarfaidh agus déanfaidh barántas cuardaigh do bhéarfar amach fén alt so a údarú do bhall den Ghárda Síochána (nach ísle céim ná cigire) a bheidh ainmnithe sa bharántas san maraon leis na daoine eile sin (más ann dóibh) a bheidh ainmnithe ann agus aon bhall den Ghárda Síochána dul isteach, fé cheann seachtaine o dháta an bharántais sin, agus le héigean más gá é, in aon fhoirgint no áit eile bheidh ainmnithe sa bharántas san agus an fhoirgint no an áit eile sin agus aon duine gheobhfar ann do chuardach agus aon scríbhinn no rud do ghabháil do gheobhfar sa bhfoirgint no san áit eile sin no ag an duine sin agus a chreideann an ball san do réir réasúin do bheith ina fhianaise ar chionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do dhéanamh no do bheith le déanamh no ar thréas do dhéanamh no do bheith le déanamh, no a chreideann sé amhlaidh do bhaint go díreach no go nea-dhíreach leis an gcéanna.

(3) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána a bheidh ag gníomhú fé údarás barántais chuardaigh ar n-a thabhairt amach fén alt so—

(a) ainm agus seoladh aon duine gheobhfar sa bhfoirgint no san áit eile bheidh ainmnithe sa bharántas san d'éileamh, agus

(b) aon duine den tsórt san a dhiúltóidh dá ainm agus dá sheoladh do thabhairt uaidh no bhéarfaidh ainm bhréagach no seoladh bréagach uaidh do ghabháil gan barántas.

(4) Féadfar aon scríbhinn a geobhfar fén alt so do bhreith chun siúil agus do choinneáil faid is ceart dar leis an Aire Dlighidh agus Cirt agus féadfar aon rud eile geobhfar amhlaidh do bhreith chun siúil agus do choinneáil go ceann tréimhse de mhí o dháta a ghabhtha no, má tosnuítear imeachta i rith na tréimhse sin i gcionta fé aon alt no fo-alt den Acht so no i dtréas, go dtí go mbeidh na himeachta san críochnuithe, agus as san amach agus fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le maoin áirithe do gheallbhruideadh, bainfidh forálacha an Police (Property) Act, 1897, leis an rud a geobhar amhlaidh fé mar a bhaineann an tAcht san le maoin a thagann ar seilbh an Ghárda Síochána sa tslí luaidhtear san Acht san.

(5) Gach duine dhéanfaidh no thriallfaidh bac do chur le haon bhall den Ghárda Síochána no le haon duine eile bheidh ag gníomhú fé údarás barántais chuardaigh ar n-a thabhairt amach fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Daoine fé amhrus do ghabháil agus do choinneáil.

30. —(1) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána (ar a chárta aitheantais do thaisbeáint má hiarrtar san air maran in éide dhó) gan barántas, aon duine do stad, do chuardach, do cheistniú, agus do ghabháil is duine, no aon ní no nithe acu san do dhéanamh le haon duine, go mbeidh amhrus aige é bheith tar éis no ar tí cionta do dhéanamh is cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so no is cionta sceidealta de thurus na huaire chun crícheanna Coda V den Acht so no é bheith páirteach no tar éis bheith páirteach ina dhéanamh no go mbeidh amhrus aige é bheith ag iompar scríbhinne i dtaobh aon chionta den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do bheith le déanamh no go mbeidh amhrus aige eolas do bheith aige i dtaobh aon chionta den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do bheith le déanamh.

(2) Chun aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fheidhmiú féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána (ar a chárta aitheantais do thaisbeáint má hiarrtar san air maran in éide dhó) aon fheithicil no aon long, bád, no árthach eile do stad agus do chuardach (le héigean más gá é) go mbeidh amhrus aige duine bheith inti go dtugtar comhacht dó leis an bhfo-alt san é ghabháil gan barántas.

(3) Pé uair a geobhfar duine fén alt so féadfar é thabhairt go dtí stáisiún leis an nGárda Síochána no go dtí príosún no go dtí áit chaothúil éigin eile agus é choinneáil fé choimeád ann go ceann tréimhse de cheithre huaire fichead a’ chluig o am a ghabhála agus féadfar, má orduíonn oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná Ard-Cheannphort amhlaidh, é choinneáil amhlaidh go ceann tréimhse breise de cheithre huaire fichead a’ chluig.

(4) Duine bheidh á choinneáil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfar, tráth ar bith le linn na coinneála san, é chúiseamh i gcionta i láthair na Cúirte Dúithche no Cúirte Coiriúla Speisialta no é scaoileadh le hordú o oifigeach den Ghárda Síochána agus, mara ndeintear é chúiseamh i gcionta no é scaoileadh amhlaidh, scaoilfear é i gcionn na tréimhse coinneála a húdaruítear leis an bhfo-alt san.

(5) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh i dtaobh duine bheidh á choinneáil fén alt so, sé sin le rá:—

(a) a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin;

(b) an duine sin do chuardach no do chur á chuardach;

(c) an duine sin do ghrianghrafadh no do chur á ghrianghrafadh;

(d) méir-rianta an duine sin do thógaint no do chur á dtógaint.

(6) Gach duine chuirfidh bac no cosc le ball den Ghárda Síochána do dhéanamh feidhmithe ina thaobh ar aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ná déanfaidh no dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh no bhéarfaidh uaidh, mar fhreagra ar aon éileamh den tsórt san, ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

31. —Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin, pe'ca rinneadh imeachta do bhunú i gcoinnibh an chóluchta chorpruithe sin maidir leis an gcionta san no ná dearnadh.

Príosúnaigh éalóidh d'athghabháil.

32. —(1) Pé uair a dhéanfaidh aon duine bheidh á choinneáil fén Acht so éalódh as an gcoinneáil sin féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána an duine sin do ghabháil gan barántas agus leis sin cuirfear é thar n-ais fé choimeád chun na háite o n-ar éaluigh amhlaidh.

(2) Gach duine chabhróidh no neartóidh le duine bheidh á choinneáil fén Acht so chun éalódh as an gcoinneáil sin no chun ath-ghabháil do sheachaint tar éis éalódh dhó amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí do chur air.

Loghadh, etc., maidir le ciontuithe dhéanfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta.

33. —(1) Lasmuich de chásanna breithe báis féadfaidh an Riaghaltas uair ar bith, as a gcomhairle féin, aon phionós a bheidh gearrtha ag Cúirt Choiriúil Speisialta do loghadh i bpáirt no go hiomlán no d'atharú (tré n-a mhaolú amháin) no do mhoilliú.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas pionós a bheidh gearrtha ag Cúirt Choiriúil Speisialta do loghadh i bpáirt no go hiomlán no do mhoilliú, féadfaidh an Riaghaltas na coinníollacha san (más ann dóibh) is dóich leo is ceart do chur ag gabháil leis an loghadh no leis an moilliú san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so an t-iomlán no aon pháirt de bhreith phríosúntachta do mhoilliú, beidh sé de cheangal ar an té ar ar tugadh an bhreith sin an bhreith phríosúntachta mhoillithe sin no an pháirt mhoillithe sin de bhreith phríosúntachta d'fhulang nuair a thiocfaidh i ngníomh agus féadfar chun na críche sin é ghabháil gan barántas.

Geallbhruideadh agus dí-cháiliú ar Chúirt Choiriúil Speisialta do dhéanamh ciontuithe áirithe.

34. —(1) Pé uair a thárlóidh duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta i gcionta is cionta sceidealta chun crícheanna Coda V den Acht so le linn an chiontuithe sin do bheith, le linn an chiontuithe sin, i seilbh oifige no fostaíochta gur as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no as airgead ar n-a chruinniú tré chánachas áitiúil a híoctar an luach saothair a ghabhann léi, no i seilbh oifige no fostaíochta i mbord no i gcólucht no fé bhord no fé chólucht no mar bhall íoctha de bhord no de chólucht ar n-a bhunú le húdarás reachtúil no fé, geallbhruidfidh an duine sin an oifig, an fhostaíocht, an áit, no an sochar oifige sin láithreach ar n-a chiontú amhlaidh agus tiocfaidh an céanna chun bheith agus beidh sé folamh láithreach.

(2) Pé uair a thárlóidh duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta i gcionta is cionta sceidealta chun crícheanna Coda V den Acht so le linn an chiontuithe sin do bheith, le linn an chiontuithe sin, ag fáil pinsin no aois-liúntais is iníoctha as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no as airgead ar n-a chruinniú tré chánachas áitiúil, no as cistí búird no cóluchta ar n-a bhunú le húdarás reachtúil no fé, geallbhruidfidh an duine sin an pinsean no an t-aois-liúntas san láithreach ar n-a chiontú amhlaidh agus scuirfidh an pinsean no an t-aois-liúntas san láithreach de bheith iníoctha.

(3) Gach duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta i gcionta is cionta sceidealta chun crícheanna Coda V den Acht so le linn an chiontuithe sin, beidh sé dí-cháilithe—

(a) chun aon oifig no fostaíocht gur as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no as airgead ar n-a chruinniú tré chánachas áitiúil a híoctar an luach saothair a ghabhann léi, no aon oifig no fostaíocht i mbord no i gcólucht no fé bhord no fé chólucht no mar bhall íoctha de bhord no de chólucht ar n-a bhunú le húdarás reachtúil no fé, do shealbhú, fé cheann seacht mblian tar éis dáta an chiontuithe sin, agus

(b) chun aon phinsean no aois-liúntas no aisce, as ucht aon tseirbhíse no ruda do rinne roimh dháta an chiontuithe sin no go leathrannach as a ucht san, do dheonadh dhó, as an bPrímh-Chiste no as aon airgead den tsórt san no as cistí aon bhúird no cóluchta den tsórt san, tráth ar bith tar éis dáta an chiontuithe sin, agus

(c) chun aon phinsean no aois-liúntas no aisce den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so, do deonadh ach nár híocadh ar dháta an chiontuithe sin no roimhe sin, d'fháil tráth ar bith tar éis an chiontuithe sin.

(4) Pé uair a déanfar ciontú, dá dtiocfaidh aon gheallbhruideadh no dí-cháiliú de bhuadh an ailt seo, do chur ar neamhní no ar nea-mbrí no saor-mhaithiúnas do thabhairt don duine ciontuithe déanfar an geallbhruideadh no an dí-cháiliú san do chur ar neambrí amhail o dháta an chiontuithe i gcás ciontú do chur ar neamhní no ar nea-mbrí agus, i gcás saor-mhaithiúnais, amhail o dháta an mhaithiúnais sin.

(5) Féadfaidh an Riaghaltas, as a gcomhairle féin, aon gheallbhruideadh no dí-chailiú fé n-a ndeachthas fén alt so do loghadh i bpáirt no go hiomlán agus abhar an gheallbhruidte sin do thabhairt thar n-ais no d'aithbheochaint i bpáirt no go hiomlán amhail o dháta an loghtha san.

CUID V.

Cuirteanna Coiriula Speisialta.

Tosach feidhme agus scur na Coda so den Acht so.

35. —(1) Ní thiocfaidh ná ní bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ach amháin fé mar agus an uair agus an fhaid a foráltar leis na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Más deimhin agus pé uair agus chó minic agus is deimhin leis an Riaghaltas nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí agus gur gá dá bhrí sin an Chuid seo den Acht so do theacht i bhfeidhm féadfaidh an Riaghaltas furógra do dhéanamh agus d'fhoillsiú á dhearbhú gur deimhin san leis an Riaghaltas agus á ordú an Chuid seo den Acht so do theacht i bhfeidhm.

(3) Pé uair a dhéanfaidh agus fhoillseoidh an Riaghaltas, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, furógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach.

(4) Más deimhin leis an Riaghaltas, aon uair le linn na Coda so den Acht so do bheith i bhfeidhm, gur leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí, déanfaidh agus foillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm agus leis sin scuirfidh an Chuid seo den Acht so láithreach de bheith i bhfeidhm.

(5) Is dleathach do Dháil Éireann, tráth ar bith le linn na Coda so den Acht so do bheith i bhfeidhm, rún do rith ag cur an fhurógra ar nea-mbrí gur dá bhuadh bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm an tráth san, agus leis sin beidh an furógra san curtha ar nea-mbrí agus scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fén gCuid seo den Acht so tar éis an fhurógra san do dhéanamh agus roimh an rún san do rith.

(6) Foillseofar furógra dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so tré chóip de d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus féadfar é fhoillsiú freisin in aon tslí eile is ceart dar leis an Riaghaltas.

Ciontaí sceidealta.

36. —(1) Pé uair is deimhin leis an Riaghaltas, le linn na Coda so den Acht so do bheith i bhfeidhm, nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le ciontaí d'aon aicme no saghas áirithe no fé aon achtachán áirithe, féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú le hordú gur ciontaí sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so ciontaí den aicme no den tsaghas áirithe sin no fén achtachán áirithe sin.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so aon dearbhú den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san, beidh gach cionta den aicme no den tsaghas áirithe no fén achtachán áirithe le n-a mbainfidh an dearbhú san ina chionta sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(3) Pé uair is deimhin leis an Riaghaltas gur féidir a chur in áirithe tré sna gnáth-chúirteanna go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le ciontaí, d'aon aicme no saghas áirithe no fé aon achtachán áirithe, a bheidh de thurus na huaire ina gciontaí sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so, féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú le hordú go scuirfidh ciontaí den aicme no den tsaghas áirithe sin no fén achtachán áirithe sin de bheith ina gciontaí sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so ar dhéanamh an orduithe sin.

Iarracht, etc., chun cionta sceidealta do dhéanamh.

37. —I dteanta na gciontaí bheidh, de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh fén alt deiridh sin roimhe seo, ina gciontaí sceidealta de thurus na huaire chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach gníomh acu so leanas ina chionta sceidealta chun na gcrícheanna san, sé sin le rá, iarracht no cóchealg no gríosú chun aon chionta sceidealta den tsórt san do dhéanamh no cabhrú no neartú le n-a dhéanamh.

Cúirteanna Coiriúla Speisialta do bhunú.

38. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na Coda so den Acht so do theacht i bhfeidhm bunófar chun crícheanna na Coda so den Acht so cúirt ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so Cúirt Choiriúil Speisialta.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas, pé uair is dóich leo is gá no is inmhianuithe san a dhéanamh, an méid sin cúirteanna sa bhreis is oiriúnach leo do bhunú chun crícheanna na Coda so den Acht so agus gach cúirt fé leith a bunófar amhlaidh bhéarfar mar ainm agus mar theideal uirthi-sin freisin agus gairmtear di san Acht so Cúirt Choiriúil Speisialta.

(3) Pé uair a bheidh dhá Chúirt Choiriúla Speisialta no níos mó ann fén Acht so féadfaidh an Riaghaltas, más oiriúnach agus chó minic agus is oiriúnach leo é, líon na gCúirteanna san do laigheadú agus chuige sin an ceann no na cinn sin, de sna Cúirteanna san a bheidh ann, a chífear don Riaghaltas do bheith iomarcach do dhíochur.

Có-dhéanamh Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

39. —(1) Beidh gach Cúirt Choiriúil Speisialta bunófar fén gCuid seo den Acht so có-dhéanta den uimhir chorr san (nach lugha ná triúr) de bhaill a chinnfidh an Riaghaltas o am go ham agus féadfar uimhreacha deifriúla de bhaill do cheapadh amhlaidh alos Cúirteanna Coiriúla Speisialta deifriúla.

(2) Isé an Riaghaltas a cheapfaidh gach ball fé leith de Chúirt Choiriúil Speisialta agus féadfaidh an Riaghaltas é chur as oifig aon uair is toil leo é.

(3) Ní ceapfar aon duine chun bheith ina bhall de Chúirt Choiriúil Speisialta maran breitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda no den Chúirt Dúithche é, no abhcóide go seasamh seacht mblian ar a laighead aige, no atúrnae go seasamh seacht mblian ar a laighead aige, no oifigeach de sna Fórsaí Cosanta nach ísle céim ná ceannphort.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais an luach saothair agus na liúntaisí sin (más ann dóibh) is ceart dar leis an Aire sin d'íoc le gach ball de Chúirt Choiriúil Speisialta agus féadfar rátaí deifriúla luach saothair agus liúntaisí d'íoc amhlaidh le baill deifriúla d'aon Chúirt den tsórt san no leis na baill de Chúirteanna deifriúla den tsórt san.

(5) Féadfaidh an Riaghaltas na clárathóirí sin is oiriúnach leo do cheapadh chun crícheanna aon Chúirte Coiriúla Speisialta agus beidh gach clárathóir acu san i seilbh a oifige ar na téarmaí agus na coinníollacha san agus gheobha sé an luach saothair sin (más ann dó) ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

Breitheanna Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

40. —(1) An chomhairle ar a gcinnfear maidir le gach ceist a bheidh os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta is do réir tuairime furmhór na mball den Chúirt Choiriúil Speisialta san a bheidh i láthair le linn a cinnte agus a bheidh páirteach ina cinneadh a bheidh sí ach ní nochtfaidh aon bhall ná oifigeach den Chúirt sin ce'ca bhí aon chinneadh den tsórt san aonghuthach no ná raibh ná, mara raibh an cinneadh san aonghuthach, tuairim aon bhaill áirithe den Chúirt sin.

(2) Isé chraolfaidh gach breith o Chúirt Choiriúil Speisialta ná an ball áirithe sin den Chúirt a chinnfidh an Chúirt agus ní chraolfaidh aon bhall eile den Chúirt an bhreith sin ná ní chuirfidh in úil ce'ca aontuíonn léi no ná haontuíonn.

Nós imeachta Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

41. —(1) Beidh comhacht ag gach Cúirt Choiriúil Speisialta chun amanna agus áiteanna a suidheanna do cheapadh as a comhairle féin agus beidh urláimh aici ar gach slí ar a nós imeachta féin agus chuige sin déanfaidh, le haontú an Aire Dlighidh agus Cirt, rialacha ag rialáil a cleachta agus a nós imeachta agus féadfaidh go sonnrách socrú a dhéanamh leis na rialacha san i dtaobh gairmeacha do thabhairt amach, i dtaobh an nóis imeachta chun daoine do thabhairt os a cóir (fé choimeád no fé bhannaí) chun a dtrialta, i dtaobh na puiblíochta do leigint isteach chun a suidheanna no do dhúnadh amach uatha, i dtaobh a chur fhiachaint ar fhínnéithe teacht i láthair, agus i dtaobh scríbhinní do thabhairt i láthair.

(2) Beidh Cúirt Choiriúil Speisialta shuidhfidh chun duine do thriail no chun aon ordú do dhéanamh no chun aon dlighinse no feidhm eile d'fheidhmiú có-dhéanta d'uimhir chorr (nach lugha ná triúr) de bhaill den Chúirt sin a bheidh i láthair ag an suidhe sin agus páirteach ann.

(3) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dóibh, féadfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta aon chomhacht, dlighinse no feidhm d'fheidhmiú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc ball na cúirte sin.

(4) Fé réir forálacha an Achta so, an cleachtadh agus an nós imeachta bhaineann le duine do thriail ar a dhíotáil sa Phríomh-Chúirt Choiriúil bainfid, sa mhéid gur féidir é, le duine do thriail ag Cúirt Choiriúil Speisialta agus na rialacha i dtaobh fianaise is infheidhmithe le linn duine do thriail amhlaidh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil bainfid le gach triail a dhéanfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta.

Orduithe Cúirteanna Coiriúla Speisialta do dhílsedheimhniú.

42. —(1) Déanfar gach ordú no gníomh eile o Chúirt Choiriúil Speisialta do dhílse-dheimhniú le sighniú clárathóra don Chúirt sin.

(2) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint gur ordú no gníomh eile o Chúirt Choiriúil Speisialta í agus í bheith dílse-dheimhnithe le sighniú clárathóra don Chúirt sin glacfar í i bhfianaise i ngach Cúirt agus tuigfear gur ordú no gníomh eile (do réir mar a bheidh) ón gCúirt Choiriúil Speisialta san í gan an sighniú go dtabharfaidh an t-ordú no an gníomh san le tuigsint í bheith dílse-dheimhnithe leis do chruthú ná a chruthú gur chlárathóir don Chúirt Choiriúil Speisialta san an duine go dtabharfaidh an sighniú san le tuigsint gurb é a shighniú é.

Dlighinse Chúirteanna Coiriúla Speisialta.

43. —(1) Beidh dlighinse ag Cúirt Choiriúil Speisialta chun duine ar bith do bhéarfar os cóir na Cúirte sin go dleathach chun a thrialta fén Acht so do thriail agus do chiontú no do shaoradh agus beidh aici fós na fo-dhlighinsí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) dlighinse chun gach duine chiontóidh an Chúirt sin i gcionta ar bith do dhaoradh chun an phionóis d'fhulang a foráltar le dlí alos an chionta san;

(b) dlighinse chun a cheangal ar dhuine, in ionad no i dteanta aon ordú eile do dhéanamh i dtaobh an duine sin, dul i gcoraíocht i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san no i láthair breithimh den Chúirte Dúithche, sa méid sin ordóidh agus go n-urraithe no ina n-éamais do réir mar ordóidh an Chúirt Choiriúil Speisialta san, ar an síocháin do choimeád agus ar bheith dea-iompartha go ceann na tréimhse sin a luadhfaidh an Chúirt sin;

(c) dlighinse chun a ordú aon duine cuirfear, a cuirfear ar aghaidh, a haistreofar no do bhéarfar ar shlí eile chun a thrialta ag an gCúirt sin do choinneáil, fé choimeád síbhialta no míleata, agus chun é choinneáil amhlaidh, no chun é scaoileadh fé bhannaí ar n-a dtabhairt sa mhéid sin ordóidh agus go n-urraithe no ina n-éamais do réir mar ordóidh an Chúirt sin, go dtí go dtriailfidh an Chúirt sin é agus ar feadh agus tar éis na trialach san go dtí n-a chiontú no a shaoradh;

(d) comhacht chun fínnéithe do chur fé mhionn;

(e) dlighinse agus comhacht chun pionós do chur, sa tslí chéanna agus i gcásanna den tsórt chéanna ina ndeineann an Ard-Chúirt é, ar gach duine gheobhaidh an Chúirt Choiriúil Speisialta san ciontach i ndísbeagadh na Cúirte sin no aon bhaill di, pe'ca i láthair na Cúirte sin a déanfar an dísbeagadh san no nach eadh;

(f) comhacht, maidir le coraíochtaí agus bannaí ina raghfar i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san, chun na gcoraíocht agus na mbannaí sin do bhaint amach sa tslí chéanna agus i gcásanna den tsórt chéanna ina mbaineann an Chúirt Dúithche amach coraíochtaí agus bannaí ina dtéightear ina láthair.

(2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh breitheanna daortha chun príosúntachta bhéarfaidh Cúirteanna Coiriúla Speisialta uatha d'fheidhmiú agus na rialacháin a déanfar fé sna forálacha san beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le horduithe d'fheidhmiú dhéanfaidh Cúirteanna Coiriúla Speisialta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so chun daoine do choinneáil fé choimeád, síbhialta no míleata.

Athchomharc chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúil.

44. —(1) Féadfaidh duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta in aon chionta no dhaorfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta chun aon phionóis d'fhulang athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúil i gcoinnibh an chiontuithe no an daortha san más rud é agus amháin más rud é go bhfuighidh deimhniú ón gCúirt Choiriúil Speisialta san á dheimhniú gur cás oiriúnach chun athchomhairc an cás no, má dhiúltuíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta don deimhniú san do dheonadh, go ndéanfaidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúil, de bharr athchomhairc i gcoinnibh an diúltuithe sin, cead do dheonadh don duine sin chun athchomharc do dhéanamh fén alt so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 28 go 30 agus ag ailt 32 go 35 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , agus ag ailt 5, 6, agus 7 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) , maidir le hathchomhairc fén alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir le hathchomhairc fé alt 31 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

Imeachta sa Chúirt Dúithche maidir le ciontaí sceidealta.

45. —(1) Pé úair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta sceidealta go mbeidh dlighinse ag an mbreitheamh san deighleáil leis ar an slí achmair déanfaidh an breitheamh san, má iarrann an tArd-Aighne é, an duine sin do chur (fé choimeád no fé bhannaí) chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta sceidealta is cionta indíotálta agus a ghlacfaidh an breitheamh san faisnéisí i dtaobh na cúise sin agus a chuirfe sé an duine sin ar aghaidh chun a thrialta sa chúis sin déanfaidh an breitheamh san (mara n-orduighidh an tArd-Aighne a mhalairt) an duine sin do chur ar aghaidh fé choimeád no, le toiliú an Ard-Aighne, saor fé bhannaí chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(3) Má deintear fén alt so duine do chur no do chur ar aghaidh fé choimeád, chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta, is dleathach don Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin don duine sin, leigint dó bheith saor fé sna bannaí sin (go n-urraithe no ina n-éamais) a cheapfaidh an Ard-Chúirt go dtiocfaidh go cuibhe os cóir na Cúirte Coiriúla Speisialta is ceart chun a thrialta sa chúis inar cuireadh ar aghaidh amhlaidh é.

Imeachta sa Chúirt Dúithche maidir le ciontaí nea-sceidealta.

46. —(1) Pé uair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta nach cionta sceidealta agus is cionta go mbeidh dlighinse ag an mbreitheamh san deighleáil leis ar an slí achmair, déanfaidh an breitheamh san, má iarrann an tArd-Aighne é agus go ndeimhneoidh i scríbhinn gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin, an duine sin do chur (fé choimeád no fé bhannaí) chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta indíotálta nach cionta sceidealta agus a ghlacfaidh an breitheamh san faisnéisí i dtaobh na cúise sin agus a chuirfe sé an duine sin ar aghaidh chun a thrialta sa chúis sin déanfaidh an breitheamh san, má hiarrtar san air ag an Ard-Aighne no thar a cheann agus an t-iarratas san bunuithe ar dheimhniú an Ard-Aighne á dheimhniú gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin, an duine sin do chur ar aghaidh fé choimeád no, le toiliú an Ard-Aighne, saor fé bhannaí chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(3) Má deintear fén alt so duine do chur no do chur ar aghaidh, fé choimeád, chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta, is dleathach don Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin don duine sin, leigint dó bheith saor fé sna bannaí sin (go n-urraithe no ina n-éamais) a cheapfaidh an Ard-Chúirt go dtiocfaidh go cuibhe os cóir na Cúirte Coiriúla Speisialta is ceart chun a thrialta sa chúis inar cuireadh ar aghaidh amhlaidh é.

Cúis do thabhairt os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta in ionad na Cúirte Dúithche.

47. —(1) Pé uair a beifear ar intinn duine do chúiseamh i gcionta sceidealta féadfaidh an tArd-Aighne, más ceart san dar leis, a ordú go ndéanfar, in ionad an duine sin do chúiseamh sa chionta san i láthair breithimh den Chúirt Dúithche, an duine sin do thabhairt os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta agus é chúiseamh ansan sa chionta san agus, ar thabhairt an orduithe sin amhlaidh, bhéarfar an duine sin os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta agus cúiseofar sa chionta san é i láthair na Cúirte sin agus triailfidh an Chúirt sin é sa chúis sin.

(2) Pé uair a beifear ar intinn duine do chúiseamh i gcionta nach cionta sceidealta agus a dheimhneoidh an tArd-Aighne gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so fé is dá mba chionta sceidealta an cionta go mbeifear ar intinn amhlaidh an duine sin do chúiseamh ann.

(3) Pé uair is gá do réir an ailt seo duine do thabhairt os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta agus é chúiseamh sa chionta san i láthair na Cúirte sin, is dleathach don Chúirt Choiriúil Speisialta san barántas do thabhairt amach chun an duine sin do ghabháil agus do thabhairt os cóir na Cúirte sin agus, ar thabhairt amach an bharántais sin, is dleathach an duine sin do ghabháil fé agus do thabhairt fé choimeád os cóir na Cúirte sin.

Trialacha d'aistriú o ghnáth-Chúirteanna chun Cúirte Coiriúla Speisialta.

48. —Pé uair a dhéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúithche duine bheidh á chúiseamh i gcionta do chur ar aghaidh chun a thrialta ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil no ag an gCúirt Chuarda sa chúis sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má dheimhníonn an tArd-Aighne gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin cuirfidh an tArd-Aighne fé ndeár iarratas, ar n-a bhunú ar an deimhniú san uaidh, do dhéanamh thar a cheann chun na hArd-Chúirte á iarraidh go ndéanfaí triail an duine sin sa chúis sin d'aistriú chun Cúirte Coiriúla Speisialta, agus ar éisteacht an iarratais sin déanfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú do hiarradh agus leis sin tuigfear an duine sin do bheith curtha ar aghaidh chun Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta sa chúis sin;

(b) pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt, fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, ordú den tsórt a luaidhtear sa mhír sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) seirbheálfaidh ball den Ghárda Síochána cóip den ordú san ar an duine sin,

(ii) cuirfear cóip den ordú san chun an chlárathóra chontae oiriúnaigh,

(iii) bhéarfar an duine sin os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta san am agus san áit sin ordóidh an Chúirt sin,

(iv) má bhíonn an duine sin fé choimeád nuair a déanfar an t-ordú san féadfar é choinneáil fé choimeád go dtí go dtabharfar os cóir na Cúirte Coiriúla Speisialta san é chun a thrialta,

(v) má bhíonn an duine sin saor fé bhannaí nuair a déanfar an t-ordú san tuigfear na bannaí sin do bheith ina mbannaí ar é theacht os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta san am agus san áit sin ordóidh an Chúirt sin agus, mara dtagaidh os cóir na Cúirte sin amhlaidh, tuigfear é do bhriseadh a bhannaí agus bainfear amach iad dá réir sin.

An Chúirt Choiriúil Speisialta thriailfidh duine do roghnú.

49. —Más rud é go ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúithche duine do chur (i gcás cionta is intrialta ar an slí achmair) no do chur ar aghaidh (i gcás cionta indíotálta) chun Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta no go ndéanfar triail duine d'aistriú fén Acht so chun Cúirte Coiriúla Speisialta no go mbeidh duine le cúiseamh i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta agus le triail aici, beidh éifeacht ag an gceann no ag na cinn sin de sna forálacha so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má deintear duine do chur no do chur ar aghaidh amhlaidh ní luadhfaidh an breitheamh an Chúirt Choiriúil Speisialta áirithe chun a ndéanfaidh an duine sin do chur no do chur ar aghaidh chun a thrialta;

(b) má haistrítear triail duine amhlaidh, ní luadhfar in ordú déanta an aistrithe sin an Chúirt Choiriúil Speisialta áirithe chun a n-aistreofar an triail sin;

(c) mara mbeidh ach aon Chúirt Choiriúil Speisialta amháin ann fén Acht so le linn an churtha no an churtha-araghaidh sin no an aistrithe sin (do réir mar a bheidh), tuigfear gur chun na haon Chúirte Coiriúla Speisialta amháin sin a déanfar an cur no an cur-ar-aghaidh no an t-aistriú san;

(d) mara mbeidh ach aon Chúirt Choiriúil Speisialta amháin ann fén Acht so nuair a bheidh an duine sin le cúiseamh agus le triail amhlaidh cúiseofar an duine sin i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san agus triailfe sí é;

(e) má bhíonn dhá Chúirt Choiriúla Speisialta no níos mó ann fén Acht so le linn an churtha no an churtha-ar-aghaidh sin no an aistrithe sin no an chúisimh sin (do réir mar a bheidh), is dleathach don Ard-Aighne a chur fé ndeár go n-iarrfaí thar a cheann ar an gCúirt Choiriúil Speisialta san is ceart dar leis ordú á ordú go dtriailfeadh an Chúirt sin an duine sin no go gcúiseofaí i láthair na Cúirte sin é agus go dtriailfeadh sí é agus leis sin déanfaidh an Chúirt sin an t-ordú a hiarrfar amhlaidh;

(f) ar dhéanamh an orduithe luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha san acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) tuigfear an duine sin do bheith curtha no curtha ar aghaidh chun a thrialta ag an gCúirt Choiriúil Speisialta do rinne an t-ordú san agus gníomhóidh gach n-aon le n-a mbainfidh dá réir sin, no

(ii) tuigfear triail an duine sin do bheith aistrithe chun na Cúirte Coiriúla Speisialta san agus gníomhóidh gach n-aon le n-a mbainfidh dá réir sin, no

(iii) cúiseofar an duine sin i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san agus triailfe sí é agus gníomhóidh gach n-aon le n-a mbainfidh dá réir sin.

Orduithe agus breitheanna Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

50. —(1) Lasmuich de chás dá bhforálfar a mhalairt le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, gach ordú a dhéanfaidh no breith do bhéarfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta cuirfear é i bhfeidhm ag na húdaráis agus na hoifigigh gur ghá dhóibh, agus sa tslí inar ghá, do réir dlí ordú no breith den tsórt chéanna do dhéanfadh no do bhéarfadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil do chur i bhfeidhm.

(2) Tiocfaidh as gach ordú, ciontú, agus breith a dhéanfaidh no a bhéarfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta iarmartaí den tsórt chéanna i gcúrsaí dlí do thiocfadh as ordú no ciontú no breith den tsórt chéanna do dhéanfadh no do bhéarfadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus, go sonnrách, gach ordú dhéanfaidh agus gach breith a bhéarfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta bronnfaidh ar lucht a churtha i bhfeidhm na caomhanta agus na saoirsí céanna bronntar le dlí ortha san le linn ordú den tsórt chéanna ar n-a dhéanamh no breith den tsórt chéanna ar n-a tabhairt ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil do chur i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt rialacháin do dhéanamh i dtaobh breitheanna pian-tseirbhíse no príosúntachta bhéarfaidh Cúirteanna Coiriúla Speisialta do chur i bhfeidhm agus i dtaobh na bpríosún agus na n-áiteanna eile ina gcarcarófar daoine ar a dtabharfar breitheanna den tsórt san agus i dtaobh cothabhála agus bainistí na n-áiteanna san agus féadfaidh an tAire sin freisin, más ceart san dar leis, an socrú speisialta san is oiriúnach leis do dhéanamh le scríbhinn fé n-a láimh i dtaobh aon bhreithe den tsórt san do chur i bhfeidhm alos aon phearsan áirithe, le n-a n-áirmhítear aon phearsa áirithe ar a dtabharfar breith den tsórt san d'aistriú chun coimeádta mhíleata.

(4) Féadfaidh an tAire Cosanta rialacháin do dhéanamh i dtaobh na n-áiteanna ina ndéanfar agus na slí go generálta ina ndéanfar daoine a haistreofar chun coimeádta mhíleata fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do choimeád fén gcoimeád san agus féadfaidh an tAire sin freisin, más ceart san dar leis, an socrú speisialta san is oiriúnach leis do dhéanamh le scríbhinn fé n-a láimh i dtaobh coimeád aon duine áirithe den tsórt san.

Duine d'fhanúint ina thost tré mhailís agus diúltú do phléideáil, etc.

51. —(1) Pé uair a dhéanfaidh duine bhéarfar os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta fanúint ina thost nuair a hiarrfar air freagra do thabhairt ar an gcúis a cuirfear ina leith, éistfidh an Chúirt an fhianaise sin (más ann di) do bhéarfar ar áird ina láthair san am agus san áit sin i dtaobh na ceiste ce'ca tré mhailís no toisc gur balbhán é atá an duine sin ina thost, agus

(a) más deimhin leis an gCúirt sin ón bhfianaise sin gur balbhán an duine sin, tiocfaidh de sin gach ní do thiocfadh dá bhfaghadh Breitheamh ina shuidhe sa Phríomh-Chúirt Choiriúil gur bhalbhán an duine sin, agus

(b) maran deimhin sin leis an gCúirt sin no mara dtugtar aon fhianaise den tsórt san ar áird ordóidh an Chúirt sin a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.

(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta agus fhailleoidh sé no dhiúltóidh i slí ar bith seachas tré fhanúint ina thost, freagra do thabhairt, nuair a hiarrfar san air, ar an gcúis a cuirfear ina leith ordóidh an Chúirt sin (gan dochar dá comhachta fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.

(3) Pé uair, le linn aon chéime dá thriail i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta, a dhiúltóidh duine, tré aon ghníomh no faillí, d'údarás no do dhlighinse na Cúirte sin d'admháil no a dhéanfa sé aon ghníomh (seachas cur go dleathach, i bhfuirm chuibhe dhlí, i gcoinnibh dlighinse na Cúirte sin chun a thrialta) is dóich leis an gCúirt sin is ionann agus diúltú don Chúirt sin no d'údarás no do dhlighinse na Cúirte sin d'admháil, beidh an duine sin ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh agus féadfaidh an Chúirt sin é phionósú dá réir sin.

Daoine coinnithe do scrúdú.

52. —(1) Pé uair a bheidh duine á choinneáil fé choimeád fé sna forálacha chuige sin atá i gCuid IV den Acht so, féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar an duine sin, tráth ar bith le linn é bheith á choinneáil amhlaidh, cuntas iomlán do thabhairt uaidh ar a ghluaiseachtaí agus ar a ghníomhartha i rith aon tréimhse áirithe maraon le gach eolas a bheidh aige i dtaobh duine eile do dhéanamh aon chionta fé aon alt no fo-alt den Acht so no aon chionta sceidealta no do bheith ar intinn é dhéanamh.

(2) Má fhaillíonn no má dhiúltuíonn duine ar bith, ar a n-éileoidh ball den Ghárda Síochána fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so aon chuntas no eolas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, an cuntas san no aon eolas den tsórt san do thabhairt don bhall san no má bheireann don bhall san aon chuntas no eolas a bheidh bréagach no míthreorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Saoirsí ball, etc., de Chúirteanna Coiriúla Speisialta.

53. —(1) Ní luighfidh aon aicsean, cúiseamh, ná imeacht eile, síbhialta ná coiriúil, i gcoinnibh aon bhaill de Chúirt Choiriúil Speisialta mar gheall ar aon ordú do rinne no ciontú no breith do thug no ní eile do rinne an Chúirt sin ná mar gheall ar éinní do rinne an ball san i gcúrsa a dhualgaisí do chólíonadh no a chomhachta d'fheidhmiú mar bhall den Chúirt sin ná ar shlí eile ina fheadhmannas mar bhall den Chúirt sin, pe'ca ba ghá an ní sin chun na ndualgas san do chólíonadh no chun na gcomhacht san d'fheidhmiú no nár ghá.

(2) Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile um aithisiú i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar éinní do scríobh no adubhairt agus é ag tabhairt fianaise, i scríbhinn no de bhreithre béil, i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta no chun í d'úsáid in imeachta i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta.

(3) Ní luighfidh aon aicsean, cúiseamh, ná imeacht eile, síbhialta ná coiriúil, i gcoinnibh aon chlárathóra, cléirigh, ná seirbhísigh do Chúirt Choiriúil Speisialta mar gheall ar ní ar bith do rinne agus é ag cólíonadh a dhualgas mar chlárathóir, cléireach, no seirbhíseach den tsórt san, pe'ca ba ghá an ní sin chun na ndualgas san do chólíonadh no nár ghá.

CUID VI.

Comhachta Coinneala.

Tosach feidhme agus scur na Coda so den Acht so.

54. —(1) Ní thiocfaidh ná ní bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ach amháin fé mar agus an uair agus an fhaid a foráltar leis na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Má dheineann agus má fhoillsíonn agus pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh agus a fhoillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú na comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so do bheith ag teastáil chun a chur in áirithe go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí agus é bheith oiriúnach go dtiocfadh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach, tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach.

(3) Má thárlann, tráth ar bith faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm, go ndéanfaidh agus go bhfoillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm láithreach.

(4) Pé uair a bheidh an Riaghaltas tar éis furógra fén dara fo-alt den alt so do dhéanamh agus d'fhoillsiú, is dleathach do Dháil Éireann, tráth ar bith faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm de bhuadh an fhurógra san, rún do rith ag cur an fhurógra san ar nea-mbrí, agus leis sin beidh an furógra san curtha ar nea-mbrí agus scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén gCuid seo den Acht so tar éis an fhurógra san do dhéanamh agus roimh an rún san do rith.

(5) Foillseofar furógra dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so tré chóip de d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus féadfar é fhoillsiú freisin in aon tslí eile is ceart dar leis an Riaghaltas.

Comhachta speisialta gabhála agus coinneála.

55. —(1) Pé uair is deimhin le hAire Stáit aon duine áirithe do bheith ag gabháil do ghníomhartha is deallrathach a dhéanfadh dochar do shíocháin no d'ord no do shlándáil an Stáit do choimeád, féadfaidh an tAire sin le barántas fé n-a láimh a ordú an duine sin do ghabháil agus do choinneáil fén alt so.

(2) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána duine ar bith go mbeidh barántas tugtha amach ina thaobh ag Aire Stáit fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do ghabháil gan barántas eile.

(3) Gach duine geobhfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so coinneofar é i bpríosún no in áit eile a bheidh orduithe chuige sin le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so go dtí go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm no go dtí go scaoilfear é fé sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

Comhachta chun daoine coinnithe do chuardach, etc.

56. —(1) Is dleathach d'aon bhall den Ghárda Síochána gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh alos duine ar bith a geobhfar agus a coinneofar fén gCuid seo den Acht so, sé sin le rá:—

(a) a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin;

(b) an duine sin do chuardach no do chur á chuardach;

(c) an duine sin do ghrianghrafadh no do chur á ghrianghrafadh;

(d) méir-rianta an duine sin do thógaint no do chur á dtógaint.

(2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le ball den Ghárda Síochána do dhéanamh feidhmithe ina thaobh ar aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ná déanfaidh no dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh ar bhall den Ghárda Síochána dá éileamh san air fén bhfo-alt san no bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach beidh sé ciontach sna rialacháin do shárú a bheidh déanta fén gCuid seo den Acht so i dtaobh smacht do choimeád, agus deighleálfar leis dá réir sin.

Daoine coinnithe do scaoileadh.

57. —Féadfaidh Aire Stáit le scríbhinn fé n-a láimh, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, a ordú go scaoilfí aon duine áirithe a bheidh, de thurus na huaire, á choinneáil fén gCuid seo den Acht so, agus leis sin scaoilfear an duine sin as an gcoinneáil sin láithreach.

Rialacháin i dtaobh áiteanna coinneála.

58. —Féadfaidh Aire Stáit le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no chun aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun á ordú cadiad na príosúin, na campaí coinneála, agus na háiteanna eile ina bhféadfar daoine do choinneáil fén gCuid seo den Acht so;

(b) chun socruithe do dhéanamh chun na bpríosún, na gcampaí coinneála, agus na n-áiteanna eile sin do bhainistí, do choimeád sláintiúil, do rialú agus do ghárdáil go héifeachtúil;

(c) chun socruithe do dhéanamh chun smacht do chur i bhfeidhm agus do choimeád imeasc na ndaoine bheidh á gcoinneáil in aon phríosún, campa coinneála, no áit eile den tsórt san roimhráite;

(d) chun socruithe do dhéanamh chun daoine bheidh á gcoinneáil amhlaidh agus a sháróidh na rialacháin do phionósú;

(e) chun éinní no aon rud eile d'ordú bhainfidh no gheobhaidh le daoine bheidh á gcoinneáil fén gCuid seo den Acht so do choinneáil go héifeachtúil no chun socruithe do dhéanamh i dtaobh an chéanna.

Coimisiún chun fiosruithe do dhéanamh i dtaobh coinneála.

59. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis na Coda so den Acht so do theacht i bhfeidhm, bunóidh an Riaghaltas Coimisiún (dá ngairmtear an Coimisiún san alt so) chun na bhfeidhmeanna forchuirtear ar an gCoimisiún leis an alt so do chólíonadh.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCoimisiún, sé sin le rá:—

(a) isiad an Riaghaltas a cheapfaidh baill an Choimisiúin agus féadfaidh an Riaghaltas iad do chur as oifig;

(b) is triúr daoine a bheidh ar an gCoimisiún agus beidh ortha san duine is abhcóide no atúrnae go seasamh seacht mblian ar a laighead aige no duine atá no bhí ina bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda no den Chúirt Dúithche;

(c) féadfar íoc do dhéanamh amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas le haon bhall den Choimisiún ná beidh ag fáil luach saothair as cistí puiblí sna táillí sin no sa luach saothair sin (más ann dóibh no dó) a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(3) Duine ar bith a bheidh á choinneáil fén gCuid seo den Acht so féadfa sé a iarraidh i scríbhinn ar an Riaghaltas a choinneáil amhlaidh do chur á breithniú ag an gCoimisiún, agus ar an iarratas san do dhéanamh amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Riaghaltas láithreach coinneáil an duine sin do chur fé bhráid an Choimisiúin;

(b) déanfaidh an Coimisiún fiosrú i dtaobh na bhforas ar a mbeidh an duine sin á choinneáil agus déanfaid, chó tapaidh agus a bheidh san caothúil, tuarasgabháil ina dtaobh do thabhairt don Riaghaltas;

(c) bhéarfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt don Choimisiún an t-eolas agus na scríbhinní sin (i dtaobh abhair an fhiosruithe sin) a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an Riaghaltas no ag aon Aire Stáit agus a iarrfaidh an Coimisiún;

(d) má thuairiscíonn an Coimisiún gan aon fhorais réasúnta do bheith ann chun an duine sin do choinneáil, déanfar fé cheann seachtaine an duine sin do scaoileadh no é chúiseamh i gcionta do réir dlí.