|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1938. | ||
[EN] |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1938. | |
ACHT CHUN AN ACHTA FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [14adh Mí na Nodlag, 1938.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) ; | |
[EN] | tá leis na habairtí “na Fórsaí” agus “scéim phinsin” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin fé seach sa Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Brí na habairte “oifigeach de sna Fórsaí” do leathnú. |
2. —Chun crícheanna an Phríomh-Achta deintear leis seo brí na habairte “oifigeach de sna Fórsaí” do leathnú i dtreo go bhfolóidh sí— |
[EN] | (a) duine bhí ina oifigeach de sna Fórsaí tráth ar bith i rith na tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus dar críoch an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, agus do ceapadh, i rith na tréimhse sin agus faid do bhí sé ina oifigeach den tsórt san, chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána, agus | |
[EN] | (b) duine do fuair bás idir an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, agus a bhí, ar dháta a bháis, ag fónamh mar oifigeach de sna Fórsaí, agus | |
[EN] | (c) duine do fuair bás an 12adh lá d'Eanar, 1935, agus do thug suas a choimisiún mar oifigeach de sna Fórsaí an 11adh lá d'Eanar. 1935. | |
[EN] |
Pinsin do bhaintreacha agus do chlainn oifigeacha marbha áirithe do thosnú. |
3. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) duine do fuair bás idir an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, do bheith ar dháta a bháis ag fónamh mar oifigeach de sna Fórsaí, agus | |
[EN] | (b) pinsean do dheonadh fé scéim phinsin do bhaintrigh an duine sin no do dhuine chlainne leis, | |
[EN] | féadfar a fhoráil leis an scéim phinsin sin go dtosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha amhail ar an lá agus ón lá tar éis an lae ar a bhfuair an duine sin bás. | |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) duine do fuair bás an 12adh lá d'Eanar, 1935, do thabhairt suas a choimisiúin mar oifigeach de sna Fórsaí an 11adh lá d'Eanar, 1935, agus | |
[EN] | (b) pinsean do dheonadh fé scéim phinsin do bhaintrigh an duine sin no do dhuine chlainne leis, | |
[EN] | féadfar a fhoráil leis an scéim phinsin sin go dtosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha amhail ar an 13adh lá d'Eanar, 1935, agus ón lá san amach. | |
[EN] |
Leasú cúlghabhálach ar scéimeanna pinsean. |
4. —Má deintear scéim phinsin (dá ngairmtear an tseana-scéim san alt so) do leasú le scéim phinsin a ceapfar ina dhiaidh sin féadfar a rá in aon leasú ar an seana-scéim go mbeidh an leasú san i ngníomh ón dáta san (nach luaithe ná dáta na seana-scéime do theacht i bhfeidhm) a luadhfar sa scéim phinsin sin a ceapfar ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Pinsin do dheonadh. |
5. —I gcás ina bhféadfar pinsean no aisce do dheonadh do dhuine ar bith fé scéim phinsin (a tháinig i bhfeidhm roimh an Acht so do rith no thiocfaidh i bhfeidhm dá éis sin) féadfaidh an tAire Cosanta, as a chomhairle féin, an pinsean no an aisce sin do dheonadh (fé réir an Aire Airgeadais do thoiliú leis sin roimh ré) no diúltadh d'é dheonadh. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |