30 1938


Uimhir 30 de 1938.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH) (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS AN AIRE TALMHAIDHEACHTA OIBRIÚ FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1935 , DO CHUR AR FIUNRAOI, CHUN AN ACHTA SAN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DLEACHTANNA DO GHEARRADH AR IM, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [7adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Míniú agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 (Uimh. 21 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “na forálacha in-fhiunraoi” Cuid II den Phríomh-Acht agus míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht.

(2) Léighfear agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus dá réir sin gach focal agus abairt le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí no ciall áirithe beidh leis san Acht so, má tá sé ann, an bhrí no an chiall a chuireann an Príomh-Acht leis.

Na forálacha in-fhiunraoi do chur ar fiunraoi.

2. —(1) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm ar shlí seachas de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén gcéad alt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san Acht so) a dhearbhú go dtuigfear na forálacha in-fhiunraoi do scur de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta san (is dáta is túisce ná dáta an orduithe sin do dhéanamh, ach nach túisce ná an 1adh lá d'Eanar, 1937) a luadhfaidh an tAire san ordú san.

(2) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm, pe'ca de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so no ar shlí eile é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta freisin san Acht so), a dhearbhú go scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta san a luadhfaidh an tAire san ordú san.

(3) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú fiunraíochta ansan, fé réir oibriú orduithe ar n-a dhéanamh fén gcéad alt ina dhiaidh seo—

(a) más fé fho-alt (1) den alt so déanfar an t-ordú san, tuigfear na forálacha in-fhiunraoi do scur de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san, no

(b) in aon chás eile scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san.

(4) Pé uair agus chó minic agus a scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi, de bhuadh orduithe fhiunraíochta, de bheith i bhfeidhm, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), maidir leis an scur san fé is dá mb'é bheadh sa scur san ná athghairm le hAcht den Oireachtas a rithfí lá an scurtha san do theacht in éifeacht agus go ndéanfadh an tAcht san den Oireachtas na forálacha in-fhiunraoi d'athghairm amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Na forálacha in-fhiunraoi d'athbheochaint.

3. —(1) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi, de bhuadh orduithe fhiunraíochta, gan bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú athbheochainte san Acht so), a dhearbhú go dtiocfaidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta san a luadhfaidh an tAire san ordú san.

(2) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte, tiocfaidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm arís ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san agus leanfaid i bhfeidhm fé réir oibriú orduithe fhiunraíochta ina dhiaidh sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte déanfaidh, leis an ordú san, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna ailt 11 den Phríomh-Acht, agus déanfar tagairtí don lá cheaptha san alt san 11 (ach amháin i bhfo-alt (5) de) do léiriú, maidir leis an tréimhse bheidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm de bhuadh an orduithe sin, mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte déanfaidh freisin, leis an ordú san, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht, agus déanfar tagairtí don lá cheaptha sna míreanna san do léiriú, maidir le haon tréimhse bheidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm de bhuadh an orduithe sin, mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh.

Dleachta ar im a bheidh ar stoc ar dhátaí áirithe.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú—

(a) go mbeidh dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa bhfo-alt so) ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin, agus

(b) go ndéanfaidh gach dílseánach cláruithe agus gach trádálaí ime—

(i) dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san alos ime uachtarlainne, d'íoc leis an Aire ar an im uachtarlainne go léir a bheidh ar seilbh ag an dílseánach cláruithe no ag an trádálaí ime sin no thar a cheann in áit ar bith ar an dáta ceaptha, agus

(ii) dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san alos ime nach im uachtarlainne, d'íoc leis an Aire ar an im go léir nach im uachtarlainne agus a bheidh ar seilbh ag an dílseánach cláruithe no ag an trádálaí ime sin no thar a cheann in áit ar bith ar an dáta ceaptha.

(2) Beidh feidhm dlí ag gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

(3) Tiocfaidh gach dleacht fén alt so chun bheith dlite agus iníoctha an seachtú lá tar éis an lae do rinneadh an t-ordú ag gearradh an dleachta san.

(4) Beidh feidhm ag ailt 21 agus 23 den Phríomh-Acht maidir le haon dleacht fén alt so gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar tagairtí sna hailt sin do Chuid III den Phríomh-Acht do léiriú mar thagairtí don alt so,

(b) déanfar tagairtí do dhleacht-mhí do léiriú mar thagairtí don dáta dearbhófar le hordú gearrtha an dleachta san do bheith ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin.

(5) Déanfar an t-airgead uile gheobhaidh an tAire o am go ham de thairbhe aon dleachta fén alt so d'íoc isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach).

(6) San alt so—

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine is dílseánach cláruithe ar áitreabh ar n-a chlárú i gclár na monarchana ime atá á choimeád do bhun an Achta Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), no i gclár na n-easportálaithe nach déantóirí atá á choimeád do bhun an Achta chéanna;

cialluíonn an abairt “trádálaí ime” duine (nach duine atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann atá á choimeád do bhun an Achta san is déanaí luaidhtear) is trádálaí ime do réir bhrí an Achta Tora Déiríochta, 1931 ( Uimh. 29 de 1931 ).

Alt 10 den Phríomh-Acht d'athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht.

Saghsanna áirithe uachtair do shaoradh o dhleacht.

6. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) ní bheidh aon dleacht iníoctha fén bhfo-alt san ar uachtar a dhíolfaidh éinne is dílseánach cláruithe ar áitreabh uachtarlainne le haon dílseánach cláruithe eile den tsórt san agus a heasportálfar no go ndéanfar im de, agus

(b) ní bheidh aon dleacht iníoctha fén bhfo-alt san ar uachtar a húsáidfear chun im uachtarlainne do dhéanamh, pe'ca gearrfar dleacht ar im fén alt san 17 no ná gearrfar.

(2) Beidh éifeacht ag an alt so, agus tuigfear go raibh éifeacht aige, amhail ar an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1936, agus ón lá san amach.

Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú leasúcháin san alt so) fé fho-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht ag leasú orduithe le n-a n-orduítear rátaí dleachta, agus a laigheadóidh sé, leis an ordú leasúcháin, na rátaí dleachta no aon cheann acu, féadfaidh an tAire, leis an ordú leasúcháin, dáta is túisce ná dáta déanta an orduithe leasúcháin d'ordú mar dháta ar a mbeidh na rátaí laigheaduithe dleachta le teacht i bhfeidhm.

Alt 24 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 24 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile o sna focail “agus ar an duine sin” go dtí na focail “fén Acht so” do scriosadh amach as, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 25 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 25 den Phríomh-Acht.

Alt 26 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú leasúcháin san alt so) fé fho-alt (1) d'alt 26 den Phríomh-Acht ag leasú orduithe le n-a n-orduítear rátaí dleachta agus a laigheadóidh sé, leis an ordú leasúcháin, na rátaí dleachta no aon cheann acu, féadfaidh an tAire, leis an ordú leasúcháin, dáta is túisce ná dáta déanta an orduithe leasúcháin d'ordú mar dháta ar a mbeidh na rátaí laigheaduithe dleachta le teacht i bhfeidhm.

Alt 34 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú leasúcháin san alt so) fé fho-alt (1) d'alt 34 den Phríomh-Acht ag leasú orduithe le n-a n-orduítear rátaí deolchaire, féadfaidh an tAire, leis an ordú leasúcháin, dáta is túisce ná dáta déanta an orduithe leasúcháin d'ordú mar dháta ar a mbeidh na rátaí leasuithe deolchaire le teacht i bhfeidhm.

Toirmeaso ar im do cheannach ar phraghas is lugha ná an praghas minimum.

12. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon im do cheannach, chun é d'ath-dhíol, ar phraghas is lugha, ar dháta an cheannaigh sin, ná an praghas minimum a bheidh ceaptha fé alt 39 den Phríomh-Acht alos an ime sin.

(2) Gach duine cheannóidh im contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

Alt 46 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —Deintear leis seo alt 46 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no má dheineann in aon tuairisceán den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “an tuairisceán san do thabhairt uaidh”, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

14. —(1) Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.