25 1938


Uimhir 25 de 1938.


ACHT AIRGEADAIS, 1938.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS IONCUIM DHÚITHCHE (MARAON LE MÁL) D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH AIRGEADAIS DO DHÉANAMH. [29adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1938-39.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge agus reul fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1938, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938.

Saoirse o alt 2 den Acht Airgid, 1937 .

2. —(1) Ní bhainfidh alt 2 (ina bhfuil forálacha i dtaobh ioncuim a bheadh socruithe ar leanbhaí) den Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , le haon ioncum a bheidh, de bhuadh no de dhruim socruithe agus le linn saol-ré an tsocruitheora, á íoc no iníoctha le leanbh leis an socruitheor no ag fás chun tairbhe dhó in aon bhliain cháinmheasa má chuireann an socruitheoir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nach mó ná seasca punt méid iomlán an ioncuim sin a bheidh á íoc no iníoctha no ag fás amhlaidh an bhliain sin, agus

(b) go bhfuil an leanbh san os cionn sé bliana déag d'aois i dtosach na bliana san agus go bhfuil sé, de dheascaibh laige aigne no chuirp, fé mhí-chumas bhuan maidir le hé féin do chothabháil agus le teagasc lánaimsire do ghlacadh in ollscoil, i gcoláiste, i scoil no i bhfundúireacht eile oideachais, agus

(c) ná fuil an leanbh san, in aghaidh na bliana san, i dteideal ioncuim is mó ná ceathracha punt ar fad gan ioncum d'áireamh le n-a mbainfeadh an t-alt san 2 dá mba ná hachtófaí an t-alt so.

(2) Tá na bríonna céanna leis na focail “leanbh” agus “socrú” fé seach san alt so atá leo fé seach san alt san 2 den Acht Airgid, 1937 .

Alt 8 den Acht Airgid, 1932 , do leathnú.

3. —(1) Má rinneadh méid liúntais le n-ar bhain alt 8 (alt i dtaobh liúntaisí áirithe fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do bheith saor o cháin ioncuim) den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , sarar ritheadh an tAcht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , do mhéadú de bhuadh ailt 4 den Acht Arm-Phinsean, 1937, adubhradh, bainfidh an t-alt san 8 den Acht Airgid, 1932 , agus tuigfear gur bhain sé riamh le hiomlán an liúntais sin agus é méaduithe amhlaidh.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht agus tuigfear go raibh feidhm agus éifeacht riamh ag alt 8 (alt i dtaobh liúntaisí áirithe fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do bheith saor o cháin ioncuim) den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , maidir le gach liúntas do deonadh fé alt 12 den Acht Arm-Phinsean, 1932 ( Uimh. 24 de 1932 ), do bhaintrigh duine do marbhadh le linn eirghe amach an Abráin agus na Bealtaine, 1916, no d'aon duine cloinne no cleithiúnach leis, agus, má méaduíodh méid aon liúntais den tsórt san de bhuadh ailt 18 den Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , bainfidh an t-alt san 8 agus tuigfear gur bhain sé riamh le hiomlán an liúntais sin agus é méaduithe amhlaidh.

Alt 3 den Acht Airgid, 1925 , do leasú.

4. —Deintear leis seo alt 3 (alt i dtaobh saoirse do phinsin agus d'aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , do leasú tríd an bhfo-alt so leanas do chur ann in ionad fo-ailt (2) atá anois ann agus léireofar an t-alt san 3 agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé le rá:—

“(2) Ar na pinsin chréachta agus mhí-chumais le n-a mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, beidh agus tuigfear go raibh riamh gach pinsean créachta agus mí-chumais do deonadh no a deonfar fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1937, agus fós gach aisce alos créachta no mí-chumais do deonadh no a deonfar amhlaidh, agus léireofar an t-alt san 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”

Leasuithe do dhéanamh ar Sceideal C agus leasuithe iarmartacha do dhéanamh ar Sceideal D.

5. —(1) Chun crícheanna uile na cánach ioncuim is inéilithe fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, nó fé Chás III de Sceideal D den Acht san, déanfar an abairt “public revenue”, i ngach áit ina bhfuil sí sa Sceideal san C (le n-a n-áirmhítear na Rialacha bhaineann leis an Sceideal san) no i Riail 1 de sna Rialacha bhaineann leis an gCás san III, do léiriú agus beidh éifeacht aice (ach amháin mar a n-éilíonn an có-théacs a mhalairt) mar abairt fholuíonn ioncum puiblí Riaghaltais ar bith agus ioncum aon údaráis phuiblí no fundúireachta puiblí in aon tír lasmuich d'Éirinn.

(2) I gcás bancaer no éinne eile in Éirinn d'fháil aon díbhinní coigríche in áit eile seachas Éire tré ghearrtháin do gheobhaidh o dhuine eile no ar shlí eile thar a cheann san, bainfidh an cháin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, leis na díbhinní sin, agus an duine gheobhaidh na díbhinní sin deighleálfar leis chun crícheanna na rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha fé is go dtaobhófaí leis na díbhinní sin d'íoc.

(3) Má dheineann bancaer in Éirinn gearrtháin in aghaidh aon díbhinní coigríche do dhíol no do mhalairtiú ar airgead in aon tslí eile agus go ndéanfaidh sochar an mhalairtithe sin d'íoc le duine ar bith no do chur chun cuntais dhuine ar bith bainfidh an cháin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, leis an sochar san agus bainfidh na rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha leis an sochar san fé is gur dhíbhinní iad le n-a mbainfeadh na rialacha san agus fós leis an mbancaer sin fé is gur dhuine é go dtaobhófaí leis na díbhinní sin d'íoc.

(4) Má dheineann deighleálaí i ngearrtháin in Éirinn gearrtháin in aghaidh aon díbhinní coigríche do cheannach o dhuine seachas bancaer no deighleálaí eile i ngearrtháin, bainfidh an cháin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, leis an bpraghas ar ar ceann uíodh na gearrtháin sin agus bainfidh na rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha leis an bpraghas san fé is gur dhíbhinn é le n-a mbainfeadh na rialacha san agus fós leis an deighleálaí sin fé is gur dhuine é go dtaobhófaí leis an díbhinní sin d'íoc.

(5) Má dheineann aon bhancaer no aon deighleálaí i ngearrtháin cuntas do thabhairt, fé sna rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha, i gcáin ar aon tsochar den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so no ar aon phraghas den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt so agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Speisialta go ndearnadh na díbhinní, dob iníoctha ar na gearrtháin as a dtáinig an sochar san no an praghas san, d'íoc ina dhiaidh sin i slí gur baineadh cáin as na díbhinní sin fé aon riail dá mbaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, aisíocfar an cháin do baineadh as na díbhinní sin amhlaidh.

(6) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha san roimhe seo (ach amháin fo-alt (1)) den alt so chun crícheanna Rialach 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, gus na hatharuithe riachtanacha.

(7) San alt so—

cialluíonn an abairt “rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha” an tsraith sin de Rialacha bhaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, go dtosnuíonn a mírcheann leis na focail “Rules as to interest, etc., with the payment of which persons”,

foluíonn an focal “bancaer” duine ghníomhuíonn mar bhancaer,

tá leis an focail agus leis an abairt “díbhinní”, “gearrtháin”, agus “gearrtháin in aghaidh aon díbhinní” fe seach na bríonna céanna atá leis an focail agus leis an abairt “dividends” “coupons”, agus “coupons for any dividends” fé seach sna rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha;

cialluíonn an abairt “díbhinní coigríche” díbhinní is iníoctha in áit eile seachas in Éirinn pe'ca taid iníoctha in Éirinn freisin no ná fuilid.

(8) Is fé réir forálacha an ailt seo bheidh éifeacht ag Sceideal C agus ag Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus tuigfear gur fé n-a réir san a bhí éifeacht riamh acu.

Forálacha i dtaobh ioncum d'aistriú a thagann as urrúis.

6. —(1) Má dheineann únaer aon urrús (dá ngairmtear an t-únaer san alt so) in aon bhliain cháinmheasa ceart glactha aon úis áirithe do dhíol no d'aistriú is iníoctha (pe'ca roimh an díol no roimh an aistriú san é no dá éis sin) ar na hurrúis sin gan na hurrúis sin do dhíol ná d'aistriú, ansan agus i ngach cás den tsórt san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim tuigfear i dtaobh an úis sin (pe'ca bheadh cáin inéilithe air no ná beadh dá mba ná hachtófaí an t-alt so)—

(i) gur ioncum leis an únaer é no, marab é únaer tairbheach na n-urrús san an t-únaer agus go mbeidh duine éigin eile (dá ngairmtear an tairbheoir san alt so) i dteideal tairbheach an ioncuim a thiocfaidh as na hurrúis sin, gur ioncum leis an tairbheoir é, agus

(ii) gur ioncum leis an únaer no leis an tairbheoir (do réir mar a bheidh) é in aghaidh na bliana cáinmheasa san, agus

(iii) nach ioncum le duine ar bith eile é, agus

(iv) má bhíonn cáin inéilithe ar shochar an díola no an aistrithe sin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918. no fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Acht san, gur có-mhéid leis an sochar san é;

(b) má deintear ina dhiaidh sin ceart san glactha an úis áirithe sin do dhíol no d'aistriú no do mhalairtiú ar airgead ar shlí eile ní tuigfear, chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim, sochar an díola no an aistrithe no an mhalairtithe eile sin do rinneadh ina dhiaidh sin, do bheith ina ioncum leis an duine do rinne, no go ndearnadh thar a cheann, an díol no an t-aistriú no an malairtiú eile sin do rinneadh ina dhiaidh sin;

(c) más den chineál san na hurrúis sin go bhféadfar an t-ús is iníoctha ortha d'íoc gan cáin do bhaint as beidh an t-únaer no an tairbheoir (do réir mar a bheidh) ionchurtha fé cháin fé Chás VI de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, alos aon úis is iníoctha ar na hurrúis sin agus a tuigfear, de bhuadh an ailt seo, do bheith ina ioncum leis an duine sin, mara gcruthuighe sé gur híocadh cáin ar an ús san no gur cuireadh fé cháin, fén Sceideal san C no fén Riail sin 7, an sochar a tháinig as ceart glactha an úis sin do dhíol no d'aistriú no do mhalairtiú ar airgead ar shlí eile;

(d) más rud é, in aon chás le n-a mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, gur do réir an méid do gheobhfaí in Éirinn a déanfaí an cháin, ar an ús a bheidh de dhruim na míre sin ionchurtha fé cháin fé Chás VI den Sceideal san D, d'áireamh dá mba fé Chás III den Sceideal san D a bheadh an t-ús san ionchurtha fé cháin, is ar mhéid iomlán na suimeanna do gheobhfar in Éirinn sa bhlian cháinmheasa san, no in aon bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin ina leanfaidh an t-únaer de bheith ina únaer ar na hurrúis sin, a háirmheofar an cháin sin is inéilithe do bhun na míre deiridh sin roimhe seo;

(e) ní dhéanfaidh éinní atá sa bhfo-alt so deifir d'aon fhoráil de sna hAchtanna Cánach Ioncuim le n-a n-údaruítear no le n-a gceangailtear cáin do bhaint as aon ús a tuigfear de bhuadh an fho-ailt seo do bheith ina ioncum leis an únaer no leis an tairbheoir no as sochar aon ath-dhíola no ath-aistrithe no ath-mhalairtithe eile den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo do dhéanamh ar cheart glactha an úis áirithe sin.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar dhuine ar bith go dtabharfadh sé dhóibh, fé cheann na haimsire sin (nach giorra ná ocht lá fichead o am an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san, na mion-innste sin, i dtaobh na n-urrús uile ba leis an duine sin aon tráth i rith na tréimhse luadhfar sa bhfógra san, is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gá chun crícheanna an ailt seo no chun a fháil amach ar híocadh cáin ar an ús dob iníoctha ar na hurrúis sin no ar cuireadh cáin, fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, no fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Acht san, ar an sochar as ceart glactha an úis ar na hurrúis sin do dhíol aon uair no d'aistriú no do mhalairtiú ar airgead ar shlí eile aon uair.

(3) Gach duine ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go dteipfidh air, gan leithscéal réasúnta bheith aige, déanamh do réir an fhógra san fé cheann na haimsire bheidh ceaptha chuige sin dlighfear pionós ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus, tar éis breithiúntas do bheith tugtha ag gearradh an phionóis sin, pionós breise dá chó-mhéid in aghaidh gach lae leanfaidh an teip.

(4) San alt so—

foluíonn an focal “ús” díbhinní, blianachtaí, agus scaireanna de bhlianachtaí;

foluíonn an focal “urrúis” stuic agus scaireanna de gach saghas.

(5) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach bliain cháinmheasa do thosnuigh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1938, chó maith le gach bliain cháinmheasa dar tosach an dáta san no dáta ina dhiaidh sin.

Bannai cistiúcháin a tugtar amach alos úis ar fhiacha áirithe.

7. —(1) Má bheirtear amach aon bhannaí cistiúcháin do chreidmheasóir alos aon fhiachais chun ús d'íoc ar fhiacha le n-a mbaineann an t-alt so, deighleálfar le tabhairt-amach na mbannaí sin, chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, fé is dá mb'é bheadh ann ná oiread den ús san d'íoc agus is có-ionann leis an méid dob fhiú na bannaí sin le linn iad do thabhairt amach, agus ní deighleálfar, chun aon chríche acu san, le fuascailt na mbannaí sin mar ní is íoc san ús san no in aon chuid de.

(2) Baineann an t-alt so leis na fiacha uile dlightear ar aon riaghaltas no údarás puiblí no fundúireacht phuiblí ar bith, pé áit ina bhfuilid, agus leis na fiacha uile dlightear ar aon chólucht chorpruithe ar bith, pé áit ina bhfuilid.

(3) San alt so foluíonn an abairt “bannaí cistiúcháin” gach banna, stoc, scair, urrús agus deimhniú féichiúnais.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach bliain cháinmheasa do thosnuigh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1938, chó maith le gach bliain cháinmheasa dar tosach an dáta san no dáta ina dhiaidh sin.

CUID II.

Cain Ioncuim maidir le Riarachan Estat.

Léirithe agus mínithe do Chuid II.

8. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so—

(a) tuigfear leas iomlán do bheith ag duine in iarmhar estáit dhuine mhairbh, no i gcuid de sin, más rud é go mbeadh agus faid a bheadh caipital an iarmhair no na coda san de (do réir mar a bheidh) iníoctha le ceart leis féin, no le duine eile thar a cheann, chun a thairbhe, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach, no má bhíonn agus faid a bheidh an caipital san iníoctha le ceart amhlaidh, pe'ca go díreach ag na hionadaithe pearsanta é no go neadhíreach tré iontaobhaí no tré dhuine eile;

(b) tuigfear leas teoranta do bheith ag duine in iarmhar estáit dhuine mhairbh, no i gcuid de sin, ar feadh aon tréimhse (seachas tréimhse go mbeidh leas iomlán aige ar a feadh san iarmhar no sa chuid sin de, do réir mar a bheidh) más rud é go mbeadh an t-ioncum as an iarmhar no as an gcuid sin de (do réir mar a bheidh) in aghaidh na tréimhse sin iníoctha le ceart leis féin no le duine eile thar a cheann, chun a thairbhe, pe'ca go díreach é no go nea-dhíreach mar adubhradh, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach i dtosach na tréimhse sin;

(c) estát réalta bheidh (fé shain-tuairisciú no fé thuairisciú ghenerálta) ina chuid de thabharthas iarmharach do fágadh le huacht uachtóra tuigfear gur cuid é d'iarmhar a estáit agus nach sain-leithliú do rinneadh air.

(2) Sa Chuid seo den Acht so—

(a) cialluíonn an abairt “ionadaithe pearsanta”, maidir le hestát dhuine mhairbh, seiceadúirí an duine mhairbh sin mar a mínítear san le mír (d) d'fhó-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1894, agus foluíonn daoine go mbíonn acu i dtaobh an duine mhairbh, fé dhlí tíre eile, aon fheidhmeanna atá ar có-réir leis na feidhmeanna bhíonn chun crícheanna riaracháin ag seiceadúirí, mar a mínítear san amhlaidh, fé dhlí na hÉireann, agus déanfar tagairtí d'ionadaithe pearsanta, mar ionadaithe pearsanta, do léiriú mar thagairti do sna seiceadúirí mar dhaoine go mbíonn feidhmeanna den tsórt san roimhráite acu;

(b) cialluíonn an focal “sain-leithliú” sain-tiomnú no saintabhairt ar n-a dhéanamh ag uachtóir agus foluíonn aon leithliú go mbíonn aige de bhuadh aon achtacháin no eile, fé dhlí na hÉireann no tíre eile, éifeacht den tsórt a bhíonn ag sain-tiomnú no sain-tabhairt fé dhlí na hÉireann;

(c) cialluíonn an abairt “muirearacha ar iarmhar”, maidir le hestát dhuine mhairbh, na fiachaisí seo leanas is iníoctha amach as le ceart agus ús is iníoctha ar na fiachaisí sin, sé sin le rá:—

(i) costaisí sochraide, tiomna agus riaracháin agus fiacha, agus

(ii) léagáidí generálta (ar a n-áirmhítear i gcás neatheistíochta an cúig chéad punt chun a mbíonn baintreach an nea-theisteora i dteideal fén Intestates Estates Act, 1890), léagáidí taisbeántacha, agus blianachtaí, agus

(iii) aon fhiachaisí eile bheidh ar a ionadaithe pearsanta mar ionadaithe pearsanta an duine sin, ach, i gcás aon fhiachaisí den tsórt san a thuitfidh, amhail idir dhaoine go leas acu fé shain-leithliú no i léagáid den tsórt san roimhráite no i mblianacht agus daoine go leas acu in iarmhar an estáit, ar fad no go príomhdha ar an maoin do sainleithlíodh no ar an léagáid no ar an mblianacht, ní fholuíonn sí ach an chuid sin (má bhíonn aon chuid) de sna fiachaisí sin a thuithfidh sa deireadh ar an iarmhar;

(d) déanfar tagairtí don “ioncum iomlán as estát” dhuine mhairbh in aghaidh aon bhliana áirithe cáinmheasa do léiriú mar thagairtí don ioncum iomlán a tháinig o gach taobh in aghaidh na bliana san chun ionadaithe pearsanta an duine mhairbh mar ionadaithe pearsanta an duine sin agus áirmheofar é bheith có-dhéanta—

(i) d'aon ioncum den tsórt san is ionchurtha fé cháin ioncuim Éireannach tré as-baint no eile, agus an t-ioncum san d'áireamh mar shuim is có-ionann leis an méid ar a ndlightear an cháin sin d'íoc in aghaidh na bliana san, agus

(ii) d'aon ioncum den tsórt san do bheadh ionchurtha fén gcáin sin dá mba in Éirinn agus chun duine bheadh ina chomhnaí agus ina ghnáth-chomhnaí in Éirinn d'fhásfadh sé, agus an t-ioncum san d'áireamh ina lán-mhéid mar d'fhás an bhliain sin, lughaide na has-baintí sin dob ionlomhálta dá gcuirtí fé cháin ioncuim Éireannach é, ach gan áireamh do dhéanamh ar aon ioncum as maoin a thuitfidh chun na n-ionadaithe pearsanta ar shlí seachas ina sócmhainní chun fiacha an duine mhairbh d'íoc;

(e) cialluíonn na habairtí “estát Éireannach” agus “estát coigríoch” fé seach, maidir le haon bhliain áirithe cháinmheasa—

(i) estát ná beidh san ioncum as ach ioncum ar ar híocadh cáin ioncuim Éireannach tré as-baint no go mbeidh cáin ioncum Éireannach ionchurtha go díreach ar na hionadaithe pearsanta ina thaobh, agus nach estát go mbeidh aon chuid den ioncum as ina ioncum go mbeidh na hionadaithe pearsanta i dteideal saoirse o cháin ioncuim Éireannach d'éileamh ina thaobh ar an scór nach in Éirinn a chomhnuíd no chomhnuíd de ghnáth, agus

(ii) estát seachas estát Éireannach;

(f) foluíonn tagairtí do shuimeanna a híocadh tagairtí do shócmhainní a haistríodh no a leithreasuigh ionadaí pearsanta chuige féin, agus d'fhiacha frith-chealuíodh no fuascladh;

(g) foluíonn tagairtí do shuimeanna is iníoctha tagairtí do shócmhainní go mbíonn, ar an riarachán do bheith críochnuithe, oblagáid ann chun iad d'aistriú no ceart ann ag ionadaí pearsanta chun iad do leithreasú chuige féin agus d'fhiacha go mbíonn oblagáid ann an tráth san iad d'fhuascailt no d'fhrith-chealú no ceart ag ionadaí pearsanta chun san do dhéanamh ina fhábhar féin;

(h) déanfar tagairtí do mhéid, maidir le sóchmhainní den tsórt san roimhráite, do léiriú mar thagairtí don méid dob fhiú iad ar dháta a n-aistrithe no a leithreasuithe no ar chríochnú an riaracháin, do réir mar is gá sa chás, agus, maidir le fiacha den tsórt san, mar thagairtí do mhéid na bhfiacha san.

(3) Má bhíonn leithlithe iarmharacha deifriúla déanta ar choda deifriúla fé seach d'estát dhuine mhairbh beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht so maidir le gach cuid fé leith acu san, ach tagairtí don chuid sin den estát do chur inti in ionad tagairtí don estát agus, in ionad tagairtí d'ionadaithe pearsanta an duine mhairbh mar ionadaithe pearsanta an duine sin, tagairtí do chur inti do sna hionadaithe pearsanta san mar dhaoine go bhfuil na feidhmeanna dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt so acu maidir leis an gcuid sin den estát.

Tosach feidhme Coda II.

9. —(1) Maidir leis an gCuid seo den Acht so—

(a) beidh aici, i dtaobh méideanna go dtuigfear de bhuadh an chéad ailt ina dhiaidh seo den Acht so gur híocadh iad mar ioncum, éifeacht maidir le cáin ioncuim agus forcháin do mheas in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, agus gach bliana ina dhiaidh sin agus maidir le faoisimh do dheonadh in aghaidh na bliana san agus gach bliana den tsórt san ina dhiaidh sin, agus

(b) beidh aici, i dtaobh méideanna go dtuigfear de bhuadh an dara ailt ina dhiaidh seo den Acht so gur híocadh iad mar ioncum, éifeacht maidir le cáin ioncuim agus forcháin do mheas in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, agus gach bliana ina dhiaidh sin agus maidir le faoisimh do dheonadh in aghaidh na bliana san agus gach bliana den tsórt san ina dhiaidh sin, agus

(c) beidh feidhm aici i dtaobh estáit dhuine mhairbh pe'ca roimh thosach no tar éis tosach na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, no roimh thosach no tar éis tosach na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, do réir mar a bheidh, d'éag sé.

(2) Ní bhainfidh alt 30 (alt i dtaobh cásanna ina mbeadh déarcas i dteideal iarmhair) den Finance Act, 1922, le hioncum in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh le d'Abrán, 1938, no aon bhliana ina dhiaidh sin.

(3) Aon fhaoiseamh do tugadh do dhuine ar bith roimh an Acht so do rith alos aon ioncuim go mbeidh an duine sin i dteideal faoisimh ina thaobh de bhuadh na Coda so den Acht so tuigfear gur ar cuntas an fhaoisimh chun a mbeidh sé i dteideal amhlaidh do tugadh é.

Forálacha i dtaobh leasanna teoranta in iarmhar.

10. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas den alt so maidir le duine ag á mbeidh leas teoranta in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin ar feadh na tréimhse thosnóidh ar bhás an duine mhairbh sin agus a chríochnóidh ar riarachán an estáit sin do bheith críochnuithe (tréimhse dá ngairmtear “an tréimhse riaracháin” sa Chuid seo den Acht so) no ar feadh coda den tréimhse sin.

(2) Má híocadh aon tsuim i rith na tréimhse riaracháin alos an leasa theoranta san tuigfear, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so agus chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, gur híocadh méid na suime sin leis an duine sin mar ioncum in aghaidh na bliana cáinmheasa inar híocadh an tsuim sin no, i gcás suime do híocadh alos leasa go mbeidh deireadh leis, in aghaidh na bliana deiridh cáinmheasa ina raibh an leas san ar marthain.

(3) Ar riarachán an estáit do bheith críochnuithe—

(a) tuigfear méid iomlán na suimeanna uile do híocadh roimh an riarachán do bheith críochnuithe, no is iníoctha ar an riarachán do bheith críochnuithe, alos an leasa theoranta san do theacht chun bheith dlite leis an duine sin o ló go ló i rith na tréimhse riaracháin no na coda sin di gur ar a feadh a bhí an leas san aige (do réir mar a bheidh) agus gur híocadh leis é do réir mar tháinig sé chun bheith dlite;

(b) an méid a tuigfear do híocadh leis an duine sin de bhuadh na míre sin roimhe seo den fho-alt so in aon bhliain cháinmheasa tuigfear chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim gur mar ioncum in aghaidh na bliana san do híocadh leis é; agus

(c) i gcás an méid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an fho-ailt seo do bheith níos lugha no níos mó ná an méid a tuigfear do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar na coigeartuithe sin a foráltar anso ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so.

(4) Aon mhéid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an ailt seo—

(a) tuigfear, i gcás estáit Éireannaigh, gur ioncum é de mhéid a bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana san do bhaint as, có-ionann leis an méid a tuigfear do híocadh amhlaidh, agus gur ioncum é ar ar híocadh cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach;

(b) tuigfear, i gcás estáit choigrígh, gur ioncum é den mhéid a tuigfear do híocadh amhlaidh, agus beidh sé ionchurtha fé cháin ioncuim fé Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, fé is gurbh ioncum é thiocfadh as urrúis in áit lasmuich d'Éirinn.

(5) Má cuirtear duine fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an ailt seo i dtaobh méid a tuigfear do híocadh leis mar ioncum alos leasa in estát choigríoch agus gur híocadh cáin ioncuim Éireannach ar aon chuid d'ioncum iomlán an estáit sin in aghaidh na bliana san tré as-baint no ar shlí eile, déanfar, ar na fíoraisí do chruthú chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta, an t-ioncum, gur ina thaobh a cuireadh é fé cháin amhlaidh, do laigheadú de mhéid go mbeidh idir é agus an t-ioncum san an cothrom céanna bheidh idir méid an ioncuim sin ar ar híocadh cáin ioncuim Éireannach agus méid an ioncuim iomláin sin:

Ach má bheirtear faoiseamh amhlaidh tuigfear, chun crícheanna for-chánach, an chuid sin, den méid gur ina thaobh a cuireadh an duine sin fé cháin ioncuim, a bheidh i gcó-réir leis an gcothrom san do bheith ina hioncum de mhéid a bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach do bhaint as, có-mhéid leis an gcuid sin den méid do cuireadh fé cháin.

Forálacha i dtaobh leasanna iomlána in iarmhar.

11. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas den alt so maidir le duine go mbeidh leas iomlán aige, ar feadh na tréimhse riaracháin no ar feadh coda den tréimhse sin, in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin.

(2) Déanfar amach, do réir an chéad ailt ina dhiaidh seo, méid an ioncuim iarmharaigh a tháinig as an estát in aghaidh gach lánbhliana cáinmheasa, agus in aghaidh gach coda briste de bhliain cháinmheasa—

(a) do mhair an tréimhse riaracháin, agus

(b) do bhí an leas san ag an duine sin,

agus an méid a déanfar amach amhlaidh in aghaidh aon bhliana no aon choda de bhliain no, i gcás duine go mbeidh leas iomlán aige i gcuid d'iarmhar, cuid chothromúil den méid sin, gairmtear “ioncum iarmharach” an duine sin in aghaidh na bliana cáinmheasa san de sa Chuid seo den Acht so.

(3) Má híocadh aon tsuim no suimeanna i rith na tréimhse riaracháin alos an leasa iomláin sin tuigfear, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so agus chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, gur híocadh méid na suime sin no méid iomlán na suimeanna san leis an duine sin mar ioncum sa mhéid go n-áirmheofaí, agus in aghaidh na bliana no na mblian cáinmheasa gur ina h-aghaidh no ina n-aghaidh do háirmheofaí, chun na gcrícheanna san, é d'fháil ioncuim dá mbeadh sé de cheart aige go bhfuigheadh sé i ngach bliain cháinmheasa—

(a) a ioncum iarmharach in aghaidh na bliana san, lughaide cáin ioncuim in aghaidh na bliana san do réir an ráta chaighdeánaigh chánach, i gcás estáit Éireannaigh, no

(b) a ioncum iarmharach in aghaidh na bliana san, i gcás estáit choigrígh,

agus dá mbeadh an tsuim sin no iomlán na suimeanna san ar fáil chun an chéanna d'úsáid go príomhdha chun no mar chabhair chun na gceart san do shásamh do réir mar fhásadar agus go n-úsáidfí amhlaidh é.

I gcás estáit Éireannaigh, aon mhéid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an fho-ailt seo tuigfear gur ioncum é de mhéid a bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana san do bhaint as, có-ionann leis an méid a tuigfear do híocadh amhlaidh, agus gur ioncum é ar ar híocadh cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach.

(4) Ar riarachán an estáit do bheith críochnuithe—

(a) tuigfear, chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, méid ioncuim iarmharaigh an duine sin in aghaidh aon bhliana áirithe cainmheasa d'íoc leis mar ioncum in aghaidh na bliana san, agus, i gcás estáit Éireannaigh, tuigfear gur ioncum é ar ar híocadh cáin do réir an ráta chaighdeánaigh chánach; agus

(b) i gcás an méid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an fho-ailt seo do bheith níos lugha no níos mó ná an méid a tuigfear do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar na coigeartuithe sin a foráltar anso ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so.

(5) I gcás estáit choigrígh, aon mhéid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana de bhuadh an ailt seo tuigfear gur ioncum den mhéid sin é, agus beidh sé ionchurtha fé cháin ioncuim fé Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, fé is gurbh ioncum é thiocfadh as urrúis in áit lasmuich d'Éirinn.

(6) Má cuirtear duine fé cháin ioncuim de bhuadh an ailt seo i gcás den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (5) den alt deiridh sin roimhe seo den Chuid seo den Acht so, beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin mar a bheidh éifeacht acu má cuirtear duine fé cháin ioncuim de bhuadh an ailt sin i gcás den tsórt san.

Forálacha foirlíontacha i dtaobh leasanna iomlána in iarmhar.

12. —(1) Déanfar amach cadé méid an ioncuim iarmharaigh as estát in aghaidh aon bhliana cáinmheasa tré sna méideanna so leanas do bhaint as ioncum iomlán an estáit in aghaidh na bliana san, eadhon—

(a) méid aon úis bhliantúil, blianachta, no íocaíochta bliantúla eile in aghaidh na bliana san is muirear ar iarmhar agus méid aon íocaíochta do rinneadh an bhliain sin alos aon chostaisí fé n-a ndeachaidh na hionadaithe pearsanta mar ionadaithe pearsanta ag bainistí sócmhainní an estáit dóibh agus do bheadh, cheal aon fhorála soiléire in uacht, ionmhuirir ar ioncum le ceart, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ús, blianacht, ná íocaíocht den tsórt san do lomháladh no dob ionlomhálta agus ioncum iomlán an estáit á áireamh; agus

(b) méid aon choda d'ioncum iomlán an estáit in aghaidh na bliana san chun a dtáinig duine, ar é do thoiliú no dá éis sin, chun bheith ina teideal de bhuadh sainleithlithe, pe'ca chun leasa dhílsithe ar feadh na tréimhse riaracháin é no chun leasa dhílsithe no theagmhasaigh ar an riarachán do bheith críochnuithe.

(2) Má chítear, ar bheith críochnuithe do riarachán estáit 'na raibh leas iomlán ag duine ina iarmhar no i gcuid dá iarmhar ar bheith críochnuithe don riarachán, ná fuil iomlán na sochar do fuarthas alos an leasa san chó mór leis an iomlán do bhí, in aghaidh na mblian uile le chéile, in ioncum iarmharach an duine go raibh an leas san aige, déanfar a ioncum iarmharach in aghaidh gach bliana fé leith do laigheadú, chun críche an ailt deiridh sin roimhe seo den Chuid seo den Acht so, de mhéid go mbeidh idir é agus an t-ioncum iarmharach san an cothrom céanna bheidh idir an t-easnamh agus an t-iomlán do bhí, in aghaidh na mblian uile le chéile, ina ioncum iarmharach.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “sochair do fuarthas” alos leasa iomláin na méideanna so leanas alos na suimeanna uile do híocadh roimh an riarachán do bheith críochnuithe no dob iníoctha ar é bheith críochnuithe, alos an leasa san, sé sin le rá:—

(a) maidir le suim do híocadh roimh an riarachán do bheith críochnuithe, i gcás estáit Éireannaigh méid do bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana cáinmheasa inar híocadh an tsuim sin do bhaint as, có-mhéid leis an suim sin no, i gcás estáit choigrígh, méid na suime sin, agus

(b) maidir le suim dob iníoctha ar an riarachán do bheith críochnuithe, i gcás estáit Éireannaigh méid do bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana cáinmheasa inar críochnuíodh an riarachán do bhaint as, có-mhéid leis an suim sin no, i gcás estáit choigrígh, méid na suime sin.

(3) Nuair a bheidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so á fheidhmiú maidir le hiarmhar no le cuid d'iarmhar ina raibh leas iomlán aon tráth i rith na tréimhse riaracháin ag duine seachas an duine ag á raibh leas iomlán ann ar an riarachán do bheith críochnuithe, déanfar na hiomláin a luaidhtear ann d'áireamh maidir leis na leasanna san le chéile, agus beidh ioncum iarmharach an duine eile sin freisin ionlaigheaduithe fén bhfo-alt san.

Forálacha speisialta i dtaobh leasanna áirithe in iarmhar.

13. —(1) Má bhíonn ceart ag ionadaithe pearsanta duine mhairbh, mar ionadaithe pearsanta an duine sin, maidir le hestát dhuine mhairbh eile agus gur ceart é de shaghas do bhéarfadh, dá mba chun tairbhe dhóibh féin do bheadh an ceart san dílsithe ionta, go mbeadh leas iomlán no leas teoranta acu in iarmhar an estáit sin no i gcuid de sin, tuigfear an leas san do bheith acu d'ainneoin gan an ceart san do bheith dílsithe ionta chun tairbhe dhóibh féin, agus aon mhéid a tuigfear do híocadh leo mar ioncum de bhuadh na Coda so den Acht so áirmheofar é mar chuid d'ioncum iomlán estáit an duine gurb iad a ionadaithe pearsanta iad.

(2) Má bhí leasanna iomlána in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin ag daoine deifriúla i ndiaidh a chéile i rith na tréimhse riaracháin, déanfar suimeanna do híocadh i rith na tréimhse sin alos an iarmhair no na coda san de, do réir mar a bheidh, d'áireamh, chun críche na Coda so den Acht so, mar shuimeanna do híocadh alos leasa an chéad duine go raibh leas iomlán aige sa chéanna chó fada—

(a) i gcás estáit Éireannaigh, le méid an iomláin do bhí in aghaidh na mbliain uile le chéile, in ioncum iarmharach an duine sin lughaide cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach, no

(b) i gcás estáit choigrígh, le méid an iomláin do bhí, in aghaidh na mblian uile le chéile, in ioncum iarmharach an duine sin,

agus, maidir le haon iarmhéid chó fada le méid có-réire, alos leasa an chéad duine eile go raibh leas iomlán aige sa chéanna, agus mar sin de.

(3) Más rud é, ar dhíscréid d'fheidhmiú, go mbeadh aon chuid den ioncum as iarmhar estáit dhuine mhairbh in aghaidh aon tréimhse (eadhon, an tréimhse riaracháin no cuid di sin) iníoctha le ceart, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach i dtosach na tréimhse sin, le duine ar bith, no le duine eile thar a cheann, chun tairbhe dhó, pe'ca go díreach ag na hionadaithe pearsanta é no go nea-dhíreach tré iontaobhaí no tré dhuine eile, tuigfear, chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, go ndearnadh méid aon tsuime do híocadh do bhun na díscréide d'fheidhmiú i bhfábhar an duine sin d'íoc leis an duine sin mar ioncum in aghaidh na bliana cáinmheasa inar híocadh é agus beidh éifeacht ag forálacha fo-alt (4) agus (5) den tríú alt sa Chuid seo den Acht so maidir le méid a tuigfear do híocadh mar ioncum de bhuadh an fho-ailt seo.

Forálacha i dtaobh coigeartuithe agus i dtaobh eolais do thabhairt.

14. —(1) Más rud é, ar riarachán estáit do bheith críochnuithe, go dtuigfear, de bhuadh na Coda so den Acht so, gur híocadh aon mhéid áirithe le duine ar bith mar ioncum in aghaidh aon bhliana cáinmheasa agus—

(a) gur mó an méid sin ná an méid do tuigeadh roimhe sin do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san de bhuadh na Coda so den Acht so, no

(b) nár tuigeadh roimhe sin amhlaidh gur híocadh aon mhéid leis mar ioncum in aghaidh na bliana san,

féadfar cáinmheas no cáinmheas breise do dhéanamh air in aghaidh na bliana san agus cáin do chur air dá réir sin no, ar éileamh do dhéanamh chuige sin, déanfar aon fhaoiseamh no faoiseamh breise chun a mbeidh teideal aige do lomháil dó dá réir sin.

(2) Más rud é, ar riarachán estáit do bheith críochnuithe, go dtuigfear de bhuadh na Coda so den Acht so gur híocadh aon mhéid áirithe le duine ar bith mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe cáinmheasa agus gur lugha an méid sin ná an méid do tuigeadh roimhe sin amhlaidh do híocadh leis, ansan—

(a) má bhíonn cáinmheas déanta cheana air in aghaidh na bliana san, déanfar ar an gcáinmheas san na coigeartuithe sin is gá chun éifeacht do thabhairt do sna forálacha san den Chuid seo den Acht so a raghaidh in éifeacht ar an riarachán do bheith críochnuithe, agus aisíocfar aon cháin thar an gceart a bheidh íoctha, agus

(b) más rud é—

(i) gur lomháladh aon fhaoiseamh dó do réir an méid do tuigeadh roimhe sin mar adubhradh do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san, agus

(ii) gur mó méid an fhaoisimh sin ná méid an fhaoisimh d'fhéadfaí do thabhairt do réir an méid a tuigfear, ar an riarachán do bheith críochnuithe, a híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san,

féadfar an faoiseamh sa bhreis do tugadh amhlaidh do mhuirearú fé Chás VI de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus do bhaint den duine sin dá réir sin mara slánuítear é ar shlí eile.

(3) D'anneoin éinní atá sna hAchtanna Cánach Ioncuim, ní raghaidh an aimsir gur laistigh di féadfar cáinmheas no cáinmheas breise do dhéanamh chun crícheanna na Coda so den Acht so no cáinmheas do choigeartú chun na gcrícheanna san no faoiseamh d'éileamh de bhuadh na Coda so den Acht so, ní ragha sí in éag roimh dheireadh na tríú bliana tar éis na bliana cáinmheasa inar críochnuíodh riarachán an estáit a bheidh i gceist.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar dhuine ar bith, a bheidh no bhí ina ionadaí pearsanta do dhuine mharbh no go mbeidh no go raibh leas iomlán no leas teoranta aige in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin, na mion-innste sin do thabhairt dóibh (fé cheann na haimsire sin ordóid agus nach giorra ná ocht lá fichead) is dóich leo is gá chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus má theipeann ar an duine sin, gan leithscéal réasúnta bheith aige, déanamh do réir an fhógra dlighfear pionós ná raghaidh thar caoga punt do chur air, agus, tar éis breithiúntas do bheith tugtha ag gearradh an phionóis sin, pionós breise dá chó-mhéid in aghaidh gach lae leanfaidh an teip sin.

CUID III.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

15. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar an 13adh lá de Bhealtaine, 1938, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Chéad Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, le diúité luaidhtear sa Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachts” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúite sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

(4) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá:—pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(5) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha sa Sceideal san, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

(6) Ní tuigfear, chun crícheanna an ailt seo agus an chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so, gur in aon tír áirithe do rinneadh earra maran toradh saothair do rinneadh sa tír sin an cion san dá luach a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé fho-alt (1) d'alt 8 den Finance Act, 1919, chun crícheanna an ailt sin.

(7) San alt so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so cialluíonn an abairt “an Ríocht Aontuithe” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus foluíonn Inse Mara nIocht agus Oileán Manann.

Diúité ar earraí áirithe d'iarann no de chruaidh.

16. —(1) Déanfar diúité custum do réir ráta is có-ionann le seacht tríochad go leith per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1938, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) earraí d'iarann no de chruaidh, d'aon tsaghas acu so leanas, a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, oiriúnach chun iad d'úsáid in obair thógála agus ná beidh ullamh ar fad le húsáid, sé sin le rá:—

(i) uillinneacha,

(ii) cainéil,

(iii) cearchaill,

(iv) trasnáin,

(v) T-eanna;

(b) earraí d'iarann no de chruaidh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) cearnacha,

(ii) barraí leacuithe,

(iii) slata fonnsaíochta,

(iv) sceilp,

(v) stialla seachas stialla bheadh oiriúnach chun lanna rásúir shábhála do dhéanamh,

(vi) barraí,

(vii) slata,

(viii) leatháin,

(ix) plátaí,

(x) stán-phlátaí,

(xi) ráileacha éadtroma nach truime ná tríocha punt an tslat díobh;

(c) iarann no cruaidh rocach galbhánuithe, pe'ca oibrithe no neamh-oibrithe dhó.

(2) Sa mhéid go mbeidh an diúité forchuirtear leis an alt so inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt so, is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus dá réir sin ní déanfar an diúité sin a luaidhtear ag an uimhir thagartha san 30 d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra a hiomportálfar an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1938, no dá éis sin.

(3) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra ar a mbeadh an diúité sin inéilithe mara mbeadh an fo-alt so agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann, no in Inse Mara nIocht, no in Oileán Manann, no i dTiarnas Cheanada do rinneadh í agus (in aon chás) gur d'aicme no de shaghas acu so leanas í, sé sin le rá:—

(a) stialla prásuithe; stialla cruaidhe chun fáscadáin do dhéanamh; lataí de chruaidh fhaghartha;

(b) leatháin agus plátaí de chruaidh theilgthe i gcóir sceana teasctha; leatháin agus plátaí de chruaidh mhíoca; leatháin agus plátaí de chruaidh dho-mheirge;

(c) leatháin agus plátaí bheidh clúduithe le hasphalt; leatháin agus plátaí bheidh clúduithe le biothúin; leatháin agus plátaí airgead-shnasta; leatháin agus plátaí de chruaidh dho-mheirge bheidh clúduithe.

(4) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

(5) Pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(6) Ní tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur in aon tír áirithe do rinneadh earra maran toradh saothair do rinneadh sa tír sin an cion san dá luach a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé fho-alt (1) d'alt 8 den Finance Act, 1919, chun crícheanna an ailt sin.

Feithiclí briogáide múchta tóiteán do shaoradh o gach diúité custum.

17. —Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim feithicil a hiomportálfar an 13adh lá de Bhealtaine, 1938, no dá éis sin, do bheith ceaptha agus déanta chun í d'úsáid (i slí seachas chun daoine d'iompar agus chuige sin amháin) chun no i dtaobh tóiteáin do mhúchadh no daoine do thárrtháil as foirgintí bheidh tré theine, féadfaid, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an fheithicil sin, agus gach earra (más ann di) a hiomportálfar i dteanta na feithicle sin agus is dóich leo is cuid de ghnáth-fhearas na feithicle sin no gabhálas a hiompruítear de ghnáth sa bhfeithicil sin, d'iomportáil gan aon diúité custum do bheith íoctha ar an gcéanna, no aon diúité den tsórt san d'aisíoc do híocadh ar an bhfeithicil sin no ar aon earra den tsórt san le linn í d'iomportáil.

Earraí áirithe do dhaill do shaoradh o gach diúité custum.

18. —Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim earra a hiomportálfar an 13adh lá de Bhealtaine, 1938, no dá éis sin do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe go sonnrách no go príomhdha chun úsáide daoine dalla agus gur fundúireacht no cumann gurb é a bpríomh-chuspóir, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, cúrsaí saoil daoine dalla d'fheabhsú bheidh á hiomportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan aon diúité custum do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san d'aisíoc do híocadh ar an earra san le linn í d'iomportáil.

Achtanna Airgid áirithe do leasú.

19. —(1) Déanfar gach Acht a luaidhtear ag ceann Coda den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, déanfar gach alt, sceideal, no uimhir thagartha den Acht san no san Acht san a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Dara Sceideal san do leasú sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Dara Sceideal san os coinne luadh an ailt, an sceidil, no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san.

(2) Gach leasú a luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige amhail ar an 13adh lá de Bhealtaine, 1938, agus ón lá san amach.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe, dá ndeintear deifir fé seach leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal san, d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Dara Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Dara Sceidil sin ná ní oibreoidh chun réim ná éifeacht aon leasuithe luaidhtear sa Sceideal san do leathnú, do theorannú, no do rialú.

Deireadh do chur le diúitéthe áirithe custum.

20. —(1) Ní déanfar na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earraí a hiomportálfar an 13adh lá de Bhealtaine, 1938, no dá éis sin.

(2) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Tríú Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an dara colúin ná an tríú colúin den Tríú Sceideal san ná teorannú ná rialú ar a n-oibriú.

An Hawkers Act, 1888, do leasú.

21. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Hawkers Act, 1888, no i bhfo-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), déanfar an diúité máil a bheidh le n'íoc ar cheadúnas mháil do bhéarfar amach fé alt 3 den Hawkers Act, 1888, in aghaidh aon tréimhse thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1939, d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir pé méid acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) ar aon cheadúnas den tsórt san do bhéarfar amach do dhuine is hácaer de bhuadh míre (a) no míre (b) den alt san 12 den Acht Airgid, 1930 , agus a thaistealann le capall no le beithíoch eile ag iompar no ag tarrac ualaigh—ceithre púint, agus

(b) ar gach ceadúnas eile den tsórt san—fiche punt.

(2) Má dheineann duine cionta fé fho-alt (1) d'alt 6 den Hawkers Act, 1888, agus go mbeidh an gníomh gurb é an cionta é ina ghníomh de shaghas d'fágfadh gur ceadúnas ar a mbeadh diúité máil de cheithre púint an ceadúnas ceart do réir bhrí an fho-ailt sin, dlighfear, ar an duine sin do chiontú sa chionta san ar an slí achmair, pionós máil d'fhiche punt do chur air.

(3) Má dheineann duine cionta fé fho-alt (1) d'alt 6 den Hawkers Act, 1888, agus go mbeidh an gníomh gurb é an cionta é ina ghníomh de shaghas d'fhágfadh gur ceadúnas ar a mbeadh diúité máil d'fhiche punt an ceadúnas ceart do réir bhrí an fho-ailt sin, dlighfear ar an duine sin do chiontú sa chionta san ar an slí achmair, pionós máil de chéad punt do chur air.

Saoirsí áirithe o dhiúité siamsa.

22. —(1) Ní déanfar diúité is diúité siamsa do réir bhrí ailt 1, agus is inéilithe fé alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsiamsa 'na gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina thaobh—

(a) gurb iad atá i mbun an tsiamsa ná an Irish Amateur Billiards Association no club atá có-cheangailte go cuibhe leis an gComhlachas san no fé stiúradh dhíreach an Chomhlachais sin agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas den chluiche billiardaí, no

(b) gurb iad atá i mbun an tsiamsa ná an Irish Chess Union no club atá có-cheangailte go cuibhe leis an Aontas san no fé stiúradh dhíreach an Aontais sin agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas den chluiche fidhcheall, no

(c) gurb iad atá i mbun an tsiamsa ná an Irish Squash Rackets Association no club atá có-cheangailte go cuibhe leis an gComhlachas san no fé stiúradh dhíreach an Chomhlachais sin agus ná fuil sa tsiamsa ar fad ach taisbeántas den chluiche squash rackets, no

(d) ná fuil sa tsiamsa ar fad ach taisbeántas aerloingseoireachta.

(2) Déanfar agus deintear leis seo alt 20 (alt a bhaineann le saoirse o dhiúité siamsa) den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , do leasú tré sna focail “agus nach gá capaill, madraí, ná ainmhithe eile do bheith a n-úsáid ná páirteach ann ná feithiclí inneall-ghluaiste do bheith á n-úsáid ann” do scriosadh amach as.

Deolchaire ar thobac áirithe a dítheofar.

23. —Pé uair a gheobhfar, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, tobac do fásadh in Éirinn tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1934, agus do dáilíodh do dhéantóir fén Acht Tobac, 1934 (Uimh. 37 de 1934) , do bheith neamh-oiriúnach chun déantóireachta agus a dítheofar é le toiliú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, leis an déantóir sin ar gach punt den tobac san, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deolchaire de pé méid acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más in áitreabh an déantóra san do díthíodh an tobac san amhlaidh, méid is có-ionann leis an deifríocht an punt idir an diúité máil do híocadh ar an tobac san agus an diúité custum dob inéilithe, am íoctha an diúité mháil sin, ar thobac den tsórt chéanna nár fásadh in Éirinn;

(b) más i mbanna-stóras do díthíodh an tobac san amhlaidh, méid is có-ionann leis an deifríocht an punt idir an diúité máil is inéilithe ar an tobac san agus an diúité custum dob inéilithe, am díthithe an tobac san amhlaidh, ar thobac den tsórt chéanna nár fásadh in Éirinn.

Comhacht chun a cheangal ar dhaoine eolas do thabhairt uatha agus scríbhinni do thaisbeáint.

24. —(1) Má deintear aon iontráil no áireamhacht ar earrai no bille luingsithe ar earraí do sheachadadh chun crícheanna aon Achta (le n-a n-áirmhítear an tAcht so agus aon Acht a rithfear tar éis an Achta so) a bhaineann leis na custuim, féadfaidh oifigeach custum agus máil, aon uair fé cheann trí mblian tar éis an tseachadtha san, a cheangal ar dhuine ar bith go raibh baint aige leis na hearraí sin d'iomportáil no d'easportáil (do réir mar a bheidh) ceachtar ní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) an t-eolas san uile i dtaobh na n-earraí sin a bheidh ag teastáil ón oifigeach san do réir réasúin agus a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an duine sin do thabhairt don oifigeach san fé cheann na haimsire sin agus sa bhfuirm agus sa tslí sin a luadhfaidh an t-oifigeach san;

(b) gach leabhar agus scríbhinn a bhaineann leis na hearraí sin agus a bheidh ag teastáil ón oifigeach san do réir réasúin a bheidh ar seilbh, i gcoimeád no ar fáil ag an duine sin do thaisbeáint don oifigeach san, agus fós leigint dó iad d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do thógaint asta, fé cheann na haimsire sin a luadhfaidh an t-oifigeach san.

(2) Gach duine go dteipfidh air no dhiúltóidh éinní do dhéanamh a cheanglóidh oifigeach custum agus máil air do dhéanamh fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós custum de chaoga punt do chur air.

(3) Athghairmtear leis seo alt 1 den Revenue Act, 1909.

(4) Déanfar fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), agus alt 14 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), do léiriú agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí tagairtí don alt so ionta in ionad na dtagairtí d'alt 1 den Finance Act, 1909, atá anois ionta.

(5) Na comhachta bronntar leis an alt so is comhachta mar bhreis iad, agus ní comhachta mar laigheadú iad, ar aon chomhacht fé aon Acht eile bhaineann leis na custuim chun a cheangal go dtabharfaí eolas no go dtaisbeánfaí leabhair no scríbhinní bhaineann le hearraí iomportálta no le hearraí easportálta.

Luach d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Custum.

25. —Athghairmtear leis seo alt 34 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo go dtuigfear, cheal aon fhorála ina choinnibh sin, gurb é is luach d'aon earra no earraí, chun aon chríche de chrícheanna an Achta so no aon Achta eile (pe'ca Acht do ritheadh roimh an Acht so no Acht a rithfear dá éis é) a bhaineann leis na custuim no de chrícheanna aon orduithe a bhaineann leis na custuim agus do rinneadh go dtí so no a déanfar ina dhiaidh seo fé aon Acht (pe'ca Acht do ritheadh roimh an Acht so no Acht a rithfear dá éis é), ná an praghas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bhéarfadh iomportálaí ar an earra no na hearraí sin dá ndeintí an earra no na hearraí sin do sheachadadh, agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha ortha, i mbanna, in áit na hiomportála.

CUID IV.

Diuitethe Bais.

Diúité estáit ar leas teoranta i maoin shocruithe do dhul ar ceal tré dhuine d'éag.

26. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, chun crícheanna Coda I den Finance Act, 1894, maidir le bás duine éagfaidh tar éis an Achta so do rith agus go mbeidh, ar éag dó, leas in iarmhar estáit uachtóra no i gcuid d'iarmhar estáit uachtóra le dul ar ceal agus a éagfaidh roimh riarachán an estáit sin do bheith críochnuithe, sé sin le rá:—

(a) go dtí go mbeidh riarachán an estáit sin críochnuithe, tuigfear an leas san do bheith ina leas—

(i) in estát nea-riartha an uachtóra san, mar a bheidh ar seilbh de thurus na huaire ag á ionadaithe pearsanta, ach san fé réir muirearacha neamhíoctha ar iarmhar sa mhéid go mbeidh na muirearacha san iníoctha as an estát nea-riartha san agus fé réir aon choigeartuithe idir caipital agus ioncum a bheidh le déanamh i ngnáth-chúrsa an riaracháin, agus

(ii) sa mhaoin (más ann di) gurb í iarmhar fionnta an estáit sin í;

(b) tuigfear an leas san do theacht chun bheith ina leas ar seilbh ar an dáta o n-a mbeadh ioncum an iarmhair sin ionchurtha i leith an leasa san dá mba díreach tar éis bháis an uachtóra san do gheobhfaí amach an t-iarmhar san;

(c) mara mbeidh sa leas san ach leas i gcuid d'iarmhar estáit déanfar tagairtí sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so d'estát nea-riartha, d'iarmhar, agus do mhuirearacha ar iarmhar do léiriú mar thagairtí ná baineann ach leis an gcuid den estát nea-riartha, den iarmhar, agus de sna muirearacha ar iarmhar fé seach le n-a mbaineann an leas san no oiriúnuíonn an cóthéacs ar shlí eile.

(2) San alt so—

cialluíonn an abairt “estát nea-riartha” an mhaoin uile bheidh ar seilbh de thurus na huaire ag ionadaithe pearsanta uachtóra mar ionadaithe pearsanta an uachtóra san ach gan áireamh do dhéanamh ar mhaoin a thuitfidh chun na n-ionadaithe pearsanta ar shlí seachas mar shócmhainní chun fiacha an uachtóra d'íoc ná ar mhaoin ar a ndearnadh sain-leithliú;

cialluíonn an abairt “iarmhar fionnta” maoin go mbeidh scurtha aici de bheith ar seilbh ag na hionadaithe pearsanta mar ionadaithe pearsanta agus a bheidh ar seilbh ansan mar chuid den iarmhar;

cialluíonn an abairt “ionadaithe pearsanta”, maidir le hestát dhuine mhairbh, seiceadúirí an duine mhairbh sin mar a mínítear san le mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1894, agus foluíonn daoine go mbíonn acu, fé dhlí tíre eile, aon fheidhm maidir le duine marbh atá ar có-réir le feidhm, chun crícheanna riaracháin, a bhíonn, fé dhlí na hÉireann, ag seiceadúirí mar a mínítear san amhlaidh;

cialluíonnn an focal “sain-leithliú” sain-tiomnú no saintabhairt ar n-a dhéanamh ag uachtóir agus foluíonn aon leithliú go mbíonn aige de bhuadh reachta no eile, fé dhlí na hÉireann no tíre eile, éifeacht den tsórt a bhíonn ag sain-tiomnú no saintabhairt fé dhlí na hÉireann.

(3) Estát réalta bheidh dílsithe in ionadaithe pearsanta uachtóra (pé'ca de bhuadh reachta no de bhuadh forála soiléire in uacht an uachtóra san é) agus a bheidh (fé shain-tuairisciú no fé thuairisciú ghenerálta) ina chuid de thabharthas iarmharach do fágadh leis an uacht san, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur cuid é d'iarmhar estáit an uachtóra san agus nach sainleithliú do rinneadh air.

Alt 2 den Finance Act, 1894, do leasú.

27. —I gcás duine ar bith éagfaidh tar éis an Achta so do rith, ní déanfar, maidir leis an maoin go dtuigfear de bhuadh míre (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, mar a leasuítear san le halt 32 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), í bheith ina maoin a thuiteann chun duine eile ar bhás an duine mhairbh, a áireamh gur cuid di sin maoin is abhar do leithlithe no do thabharthaisí—

(a) do rinneadh no do tugadh i gcomaoine pósta, no

(b) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur chuid de ghnáth-chaiteachas an duine mhairbh iad agus go rabhadar réasúnta ag féachaint do mhéid a ioncuim no do chúrsaí an cháis, no

(c) nach mó ar fad a luach no a méid ná céad punt i gcás aon fháltóra áirithe.

Alt 5 den Finance Act, 1894, do leasú.

28. —An tsaoirse bronntar le fo-alt (3) d'alt 5 den Finance Act, 1894, maidir le maoin shocruithe i gcás leas aon duine fén socrú do thuitim ar lár no do scur toisc an duine sin d'fháil bháis sara ndeineann leas ar seilbh den leas agus teoranta fo-leantacha fén socrú do leanúint ar marthain, scuirfe sí, maidir le duine ar bith éagfaidh tar éis an Achta so do rith, i gcásanna ina dtuigfí, dá mba ná hachtófaí an fo-alt san, an mhaoin do thuitim chun duine eile ar an mbás san ar shlí seachas toisc an leasa do thuitim ar lár no do scur.

CUID V.

Cain Phroifite Corpraide.

Saoirsí áirithe o cháin phroifite corpráide do bhuanú.

29. —Na saoirsí o cháin phroifite corpráide do bheirtear le halt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), mar a leasuítear san le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus do buanuíodh go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, le halt 34 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), déanfar agus deintear leis seo iad do bhuanú go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940.

CUID VI.

Ilghneitheach agus Generalta.

An focal “Éire” do léiriú.

30. —San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, léireofar an focal “Éire” mar fhocal ná foluíonn aon líomatáiste bheidh, de thurus na huaire, gan bheith sa líomatáiste le n-a mbaineann dlithe an Oireachtas, agus is dá réir sin a léireofar an focal “Éireannach”.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

31. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gComisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

32. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1938 , do ghairm der Acht so.

(2) Léireofar Coda I agus II den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid III den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Tuigfear Coda I agus II den Acht so, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir ionta, do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1938, agus beidh éifeacht acu an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An saghas earra is ionchurtha fé dhiúité

Ráta an diúité

Forálacha speisialta

1

Buidéil uisce the bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chúitsiúc, no d'abhar ina mbeidh cúitsiúc mar tháthchuid, no de chúitsiúc agus den abhar san le chéile.

Naoi bpingne an earra.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

2

Earraí (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh agus pe'ca ar leithligh no ar shlí eile a hiomportálfar iad) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun iad d'úsáid mar mhálaí taistil rothair.

60%, ach amháin mar a luaidhtear sa cheathrú colún.

Is do réir ráta is có-ionann le cúig fichead per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún a héileofar, a gearrfar agus a híocfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ar earraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur de línéadach ar fad atáid déanta agus gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do rinneadh iad.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

3

(a) Plátaí miotail (agus leitreacha no uimhreacha, no leitreacha agus uimhreacha, péinteálta ortha no greamuithe dhíobh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid mar eolasáin no mar chomharthaí aitheantais is gá do réir dlí do bheith ar iompar ar fheithiclí bóthair inneall-ghluaiste;

(a) Ar earraí luaidhtear i mír (a) sa dara colún60%;

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 7 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) plátaí miotail is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid (tar éis leitreacha no uimhreacha, no leitreacha agus uimhreacha, do phéinteáil ortha no do ghreamú dhíobh) mar eolasáin no mar chomharthaí aitheantais den tsaghas adubhradh;

(b) ar earraí luaidhtear i mír (b) sa dara colún— scilling agus reul an earra:

(c) leitreacha agus uimhreacha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do ghreamú de phlátaí miotail den tsaghas a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo.

(c) ar earraí luaidhtear i mír (c) sa dara colún— naoi bpingne an earra.

4

(a) Paisteanna greamuitheacha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim a baineadh ar fad no go leathrannach as stailc;

(b) substaintí (seachas decstrin tuaslaighteach) ina bpúdar no ina gcalóga no ina ngrán is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim a baineadh ar fad no go leathrannach as stailc agus atá oiriúnach chun paist greamuitheach d'ullamhú tríd an substaint do mheascadh ar uisce amháin ar ghnáth-theodhachta.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i gcás gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 37½% no trí pingne an punt.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúi té forchuirtear le hAlt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 28 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 5 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

5

Earraí fighte (seachas brait urláir) a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán de shíoda no de shíoda shaordha agus a híomportálfar ina ngréasán agus nach lugha ná dhá órlach déag agus nach mó ná cúig órlach fichead ar leithead agus is fiú níos mó ná ceithre scillinge an tslat chearnach.

45%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad gach diúité eile (más aon diúité é) is ionchurtha ar an earra.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

6

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is paidríní no cóghabhála de chlocha do phaidríní.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, i gcás gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 37½% no trí feoirlinge an deichniúr no an chuid de dheichniúr.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 2 den Acht Airgid (Uimh. 2), 1927 ( Uimh. 38 de 1927 ).

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

7

(a) Cleatha no bataí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid in imirt ghólf agus do bheith déanta ar fad no de mhórán;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim—

(i) is lorga atá oiriúnach chun iad d'úsáid mar chompáirteanna de sna cleatha no de sna bataí luaidhtear sa mhír (a) sin roimhe seo agus ar a bhfuil greimirí, no

(ii) is basa miotail atá oiriúnach chun iad d'úsáid mar adubhradh agus a cuireadh fé gach ceann no fé aon cheann de sna próisis seo leanas, sé sin le rá, tolladh, a inm-stampáil, aghaidh-stampáil, agus snasadh, no

(iii) is basa adhmaid atá oiriúnach chun iad d úsáid mar adubhradh agus a cuireadh fé gach ceann no fé aon cheann de sna próisis seo leanas, sé sinn le rá, garbhchuimilt, oighechuimilt, líomhádh agus snasadh.

75%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 16 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin ineilithe ar earraí luaidhtear i mír (b) no i mír (c) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 15.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

8

(a) Múchairí tóiteán ceimiciúla in iompair, pe'ca lán no folamh dóibh le linn iad d'iomportáil, gan áireamh do dhéanamh ar aon mhúchairí den tsórt san go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh iad do bheith oiriúnuithe chun iad d'oibriú tré n-a ngabháil le soláthar uisce, ná fós ar aon mhúchairí den tsórt san a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de phrás, de chré-umha, de ghunna-mhiotal, no de chopar no d'aon dá mhiotal no níos mó acu san le chéile;

(b) compáirteanna (bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de mhio tal) d'aon mhúchairí tóiteán den tsórt san a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo mar mhúchairí is ionchurtha fé dhiúité.

60%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 2 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 13 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra dob ionchurtha, mara mbeadh an fhoráil seo, fén diúité sin de bhuadh míre (b) sa dara colún agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur eisréid i agus gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do rinneadh í.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

9

(a) Rís;

(b) rís mheilte agus plúr ríse.

(a) Ar rís— dhá scilling an céad meáchaint;

(b) ar rís mheilte agus ar phlúr ríse— ceithre scillinge an céad meáchaint.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 6 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 19 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

10

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is compáirteanna no gabhálaisí (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) do ghléasanna radio-thelegrafaíochta (mar a mínítear san sa cheathrú colún) agus is d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) callairí,

(b) claochladáin,

(c) tochardáin,

(d) có-ghabhála de dhá earra no níos mó dhíobh san a luaidhtear sna míreanna san roimhe seo.

60%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, ná fuil sí á hiomportáil chun í d'úsáid, no nár húsáideadh i, ach chun críche éigin seachas í úsáid mar chompáirt no mar ghabhálas do ghléas radio-thelegrafaíochta, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra d'iomportáil gan an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra ar í d'iomportáil d'aisíoc (fé mar is gá sa chás).

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Sa dara colún agus sa cholún so cialluíonn an abairt “gléas radio-thelegrafaíochta” gléas chun teachtaireachtaí no conbharsáidí eile do thiomarnú agus do ghlacadh no do thiomarnú amháin no do ghlacadh amháin le radiothelegrafaíocht no le radiothelefónaíocht.

11

Na compáirteanna so leanas de bhróga agus de bhróga ísle (mar a mínítear iad san sa cheathrú colún), sé sin le rá;—

(a) cásála don chuid deiridh (ar a dtugtar teanntáin de ghnáth),

(b) cásála don bhairrcín (ar a dtugtar teanntáin bhairrcín de ghnáth),

(c) tacaí don chaol (ar a dtugtar tacaí caoil de ghnáth),

(d) sála cumtha bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'adhmad.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, i gcás gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 60% nó trí feoirlinge an earra.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad gach diúité eile (más aon diúité é) is ionchurtha ar an earra.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 9 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), mar a leasuítear san le hAlt 22 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 4 sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht deiridh sin d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra luaidhtear i mír (d) sa dara colún agus is ion churtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Sa dara colún tá leis an bhfocal “bróg” agus leis an bhfocal “bróg íseal” na bríonna fé seach a cuirtear leo le fo-alt (5) d'Alt 9 den Acht Airgid 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), chun crícheanna an ailt sin.

12

(a) Scáthanna lampa (pe'ca déanta ar fad no de mhórán dóibh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta go substainteach d'abhar fhighte, no de pháipéar, no de tháirgeadh cheallulóis, no de phár, no d'aon abhar den tsaghas san, no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile;

(b) compáirteanna (bheidh déanta ar fad no de mhórán agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'aon abhar, no d'aon dá abhar no níos mó le chéile, den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo) de scáthanna lampa.

(a) Ar scáthanna lampa—pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, i gcás gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 50% no scilling an earra;

(b) ar chompáirteanna:— 50%.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 4 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 7 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

13

(a) Earraí go mbeidh neoin-fheadáin feistithe ortha agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar fhógraí no mar fhógráin no chun crícheanna fógraíochta;

(b) neoin-fheadáin iomlána is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'fheistiú ar earraí bheidh ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid sa tslí sin a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo;

(c) claochladáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid i dteanta neoin-fheadán;

(d) leitreacha, leitreadh, uimhreacha no pátrúin adhmaid no miotail is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar chúlra do neoinfheadáin in earraí atá oiriúnach chun iad d'úsáid sa tslí sin a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo.

75%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 4 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 5 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 15 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

14

Clúdaigh urláir is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte agus gan aon chúitsiúc, cúitsiúc saordha ná cúitsiúc bréige ná aon abhar dar táthchuid cúitsiúc do bheith ionta agus is fiú ceithre scillinge ar a laighead an tslat chearnach, ach gan áireamh do dhéanamh ar chlúdaigh urláir a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chaighir, de thuighe, de luachair, d'fhéar, no d'aon abhar don tsaghas san, no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile.

30%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 33 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

DARA SCEIDEAL.

Achtanna Airgid Airithe do Leasu.

CUID I.

Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

1

Alt 1.

Beidh éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité forchuirtear leis an Alt san 1, sé sin le rá:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, san do bheith ceart, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aon diúité do héilíodh agus do gearradh fé Alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), agus do híocadh ar aon earraí áirithe ar iad d'iomportáil no ar iad do sheachadadh o bhanna-stóras, d'aisíoc le haon duine áirithe fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur.”

An diúité Custum ar íle éadtrom hídrocarbóin mhinearáil.

CUID II.

Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

2

Céad Sceideal, Cuid I, uimhir thagartha 16.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha san 16 mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 5 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , cuirfear na focail “gan slata bambú d'áireamh” i ndeireadh fo-mhíre (27) de mhír (d).

An diúité ar earraí áirithe adhmaid.

CUID III.

Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

3

Céad Sceideal, uimhir thagartha 4.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha san 4:—

(a) scriosfar amach na focail “gur mó a mheáchaint ná trí púint an tslat chearnach agus,” agus

An diúité ar dhéanmhas mhiotail agus ar mhiota l leathnuithe.

 

(b) scriosfar amach an focal “beartuithe” agus cuirfear an focal “oiriúnach” ina ionad.

4

Dara Sceideal, uimhir thagartha 2.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 2 d'éileamh ná do ghearradh ar aon chadhnra tirm is cuid, le linn é iomportáil de ghléas iomlán radiothelegrafaíochta is ionchurtha fén diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), ach a ceadófar, de bhuadh Ailt 23 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha air.

An diúité ar chadhnraidh thiorma.

CUID IV.

Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

5

Ceathrú Sceideal, Cuid III.

(a) Ag uimhir thagartha 16 sa Cheathrú Sceideal san, déanfar na focail “no (fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim) laistigh den am san a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncuim” do chur sa dara colún i ndiaidh na bhfocal “in éineacht”.

Diúité the gluaisteáin cóshuimithe.

(b) Ag uimhir thagartha 17 sa Cheathrú Sceideal san, déanfar na focail “no (fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim) laistigh den am san a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncuim” do chur sa dara colún i ndiaidh na bhfocal “in éineacht”.

CUID V.

Acht Airgid (Foralacha Ilghneitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

6

Alt 1.

Beidh éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité forchuirtear leis an Alt san 1, sé sin le rá:—

“Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité máil a forchuirtear le hAlt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), d'íoc ar aon íle éadtrom hídrocarbóin mhinearáil agus gur húsáideadh an íle sin, no go bhfuil beartuithe í d'úsáid, mar tháthchuid i ndéanamh earra nach de chineál íle éadtruime hídrocarbóin minearáil no nach earra ná fuil inti ach meascán no cumasc d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil (go n-abhar dathúcháin no táthchuid dá shamhail no dá éamuis), féadfaid méid an diúité sin do híocadh amhlaidh ar an íle sin d'aisíoc.”

An diúité máil ar íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil.

CUID VI.

Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

7

Céad Sceideal, uimhir thagartha 28.

I mír (c) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 28 déanfar na focail “agus fós gan compáirteanna de sna compáirteanna san ná háirmhítear d'áireamh” do chur i ndiaidh na bhfocal “chré ghloinithe d'áireamh.”

An diúité ar fhearas chuisníochta.

8

Céad Sceideal, uimhir thagartha 29.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 29 d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir an ráta so leanas in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, sé sin le rá:—

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, i gcás gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra, no pé ráta acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) má bhíonn an earra is ionchurtha fé dhiúité ocht n-órlach no fé bhun ocht n-órlach ar faid—sé scillinge an grós, no

(ii) má bhíonn an earra is ionchurtha fé dhiúité níos mó ná ocht n-órlach ar faid—dhá scilling déag an grós.

An diúité ar phinn luaidhe criáin, etc.

(b) Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 29 ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh earraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

CUID VII.

Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

9

Céad Sceideal, uimhir thagartha 13.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 13 d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir sé scillinge an galún in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar lionn ubhall, agus ar lionn pioraí.

(b) Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 13 ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh earraí is ionchrutha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

10

Céad Sceideal, uimhir thagartha 27.

Sa dara colún ag an uimhir thagartha san 27, cuirfear isteach na míreanna breise seo leanas, sé sin le rá:—

“(q) tacaí leabhair,

(r) dubhadáin,

(s) lampaí búird leictreachais agus seastáin do lampaí den tsórt san.”

An diúité ar earraí de cháiséin, etc., do leathnú.

CUID VIII.

Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

11

Tríú Sceideal.

Déanfar an uimhir thagartha, an tuairisc, agus an ráta diúité mhinimum so leanas do chur i ndeireadh Coda III den Tríú Sceideal san, sé sin le rá:—

Rátaí diúité mhinimum ar bhaill éadaigh agus ar chóir ghléasta phearsanta.

31a

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncium is carabhait atá oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí, gan carabhait d'áireamh a bheidh buan-chumtha le linn iad d'iomportáil ná fós earraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann, no in Inse Mara nIocht, no in Oileán Manann, no i dTiarnas Cheanada, do rinneadh iad.

3d. an earra.

 

TRIU SCEIDEAL.

Diuitethe Custum go gCuirtear Deireadh Leo.

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhForchuirtear no le n-a Mínítear an Diúité

Mion-innste ar an Diúité

Tuairisc Ghenerálta ar an Diúité

1

An tAcht Airgid (Uimh. 2), 1927 (Uimh. 38 de 1927) , Alt 2.

An diúité forchuirtear leis an Alt san 2.

An diúité ar phaidríní.

2

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , Ailt 4 agus uimhir thagartha 5 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 5.

An diúité ar fhógráin neoinfheadáin.

3

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , Alt 4 agus uimhir thagartha 7 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 7.

An diúité ar scáthanna lampa áirithe.

4

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 2 sa Chéad Sceideal, mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 13 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 2 mar a leasuítear san ag an uimhir thagartha san 13.

An diúité ar mhúchairí tóiteán áirithe.

5

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 7 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 7.

An diúité ar eolasáin ghluaisteán.

6

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , Alt 8 agus uimhir thagartha 15 sa Chéad Sceideal, mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 16 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 15, mar a leasuítear san ag an uimhir thagartha san 16, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (b) no i mír (c) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 15.

An diúité ar chleatha golf agus ar bhasa agus ar lorga dhóibh.

7

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , Alt 11 agus uimhir thagartha 6 sa Dara Sceideal, mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 19 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 6 mar a leasuítear san ag an uimhir thagartha san 19.

An diúité ar rís.

8

An tAcht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , Alt 5 agus uimhir thagartha 28 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 28.

An diúité ar phaisteanna greamuitheacha.