|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 39 de 1937. | ||
[EN] |
ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN (LEASÚ), 1937. | |
ACHT CHUN AILT 2 D'ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1935 , DO LEASÚ TRÉ DHEIREADH DO CHUR LEIS AN TEORAINN ATÁ LEIS AN AM IN AR FÉIDIR CLÁRÚ DO DHÉANAMH DO RÉIR FO-AILT (5) DEN ALT SAN AGUS TRÉ N-A DHÉANAMH RIACHTANACH TOILIÚ AN AIRE DLÍ AGUS CIRT D'FHÁIL CHUN GACH CLÁRÚ DEN tSÓRT SAN DO DHÉANAMH. [15adh Mí na Nodlag, 1937.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 (Uimh. 13 de 1935) . |
[EN] |
Deireadh do chur leis an teorainn atá leis an am chun clárú do dhéanamh. |
2. —(1) Deintear leis seo an méid sin d'fho-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht a theorannuíonn an t-am in ar féidir clárú do dhéanamh do réir an fho-ailt sin d'athghairm amhail o dháta an Phríomh-Achta do rith agus ina ionad san achtuítear leis seo— |
[EN] | (a) go bhféadfar (fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den fho-alt so) clárú do réir an fho-ailt sin (5) do dhéanamh agus go dtuigfear gurbh fhéidir riamh san do dhéanamh tráth ar bith tar éis an Phríomh-Achta do rith, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, agus | |
[EN] | (b) ná clárófar éinne do réir an fho-ailt sin (5) tar éis an Achta so do rith gan toiliú an Aire Dlí agus Cirt. | |
[EN] | (2) Déanfar an tagairt atá i mír (b) d'fho-alt (4) den alt san 2 den Phríomh-Acht don chéad fho-alt ina dhiaidh sin den alt san do léiriú, agus beidh éifeacht aici agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aici, mar thagairt don fho-alt san fé mar a leasuítear é leis an alt so. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
3. —(1) Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |