35 1937


Uimhir 35 de 1937.


ACHT IASCAIGH, 1937.


ACHT CHUN AILT 13 DEN ACHT IASCAIGH, 1925 , DO LEASÚ. [25adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 , do leasú.

1. —Deintear leis seo alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), fé mar atá san leasuithe le halt 1 den Acht Iascaigh, 1935 ( Uimh. 34 de 1935 ), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “de sna trí bliana fichead airgeadais áitiúil” do chur i bhfo-alt (6) den alt san 13 in ionad na bhfocal “den aon bhliain déag airgeadais áitiúil” atá anois ann;

(b) tré sna focail “cheithre bliana fichead” do chur i bhfo-alt (7) den alt san 13 in ionad na bhfocal “dhá bhliain déag” atá anois ann; agus

(c) tré sna focail “de sna trí bliana fichead” do chur i bhfo-alt (9) den alt san 13 in ionad na bhfocal “den aon bhliain déag” atá anois ann.

Gearr-theideal agus có-luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Chun crícheanna có-luadhchainte folóidh an abairt “na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937,” an tAcht so.