33 1937


Uimhir 33 de 1937.


ACHT IASCAIGH MHARA (IASC NEAMH-FHÁSTA DO CHAOMHAINT), 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IASC BEAG NEAMH-FHÁSTA MARA DO CHAOMHAINT AR GHABHÁIL AGUS AR DHÍTHIÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[25adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “iasc mara” iasc de chineál ar bith (seachas bradáin agus eascoin fíor-uisce) do gheibhtear sa bhfairrge, pe'ca úr no i staid eile dhó, agus foluíonn sí blaosc-iasc agus molluis do gheibhtear sa bhfairrge;

cialluíonn an focal “líon” aon trál, saighean no líon eile tarraigtear, no atá beartuithe le tarrac, ar ghrinneall no in aice grinnill na fairrge;

cialluíonn an abairt “iascaireacht mhara” iascaireacht do dhéanamh ar iasc mhara no iasc mara do thógaint in uiscí taoide;

cialluíonn an abairt “bád iascaireachta mara” aon long, bád no árthach eile de shaghas ar bith a húsáidtear i gcóir iascaireachta mara, agus foluíonn sí aon árthach no bád a húsáidtear chun iasc do chóireáil no a húsáidtear ar fad no go leathrannach chun iasc d'iompar;

cialluíonn an abairt “bád iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann” bád iascaireachta mara—

(a) is bád ar n-a clárú i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, no

(b) is bád go bhfuil a húnaer no, más le níos mó ná éinne amháin í, a húnaer bainistí ina dhuine atá ina chomhnaí no ag á bhfuil a phríomh-áit ghnótha i Saorstát Éireann;

cialluíonn an abairt “achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann” an chuid sin den fhairrge gur laistigh di atá an t-aoncheart iascaireachta ag saoránaigh de Shaorstát Éireann do réir dlí eadarnáisiúnta, agus, i gcás teoranta na coda san do bheith leagtha amach i dtéarmaí aon chonvensiúin, connartha no socruithe ar n-a dhéanamh idir Shaorstát Éireann agus aon Stát eile agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, foluíonn an abairt sin, maidir le longa agus le géilliúnaigh an Stáit sin, an chuid sin go mbeidh a teoranta leagtha amach amhlaidh;

nuair a húsáidtear an abairt “an máistir” maidir le bád iascaireachta mara cialluíonn sí máistir no scibire an bháid sin no an duine eile bheidh i bhfeighil an bháid sin de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “oifigeach caomhanta iascaigh mhara” duine is oifigeach caomhanta iascaigh mhara chun crícheanna an Achta chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 ( Uimh. 53 de 1933 ).

Iasc ró-bheag.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú aon chineál áirithe éise mhara gur lugha a thuise, ar n-a thomhas sa tslí a hordófar leis an ordú san, ná an tuise do réir na dtomhas orduithe do bheith, chun crícheanna an Achta so, ina iasc ró-bheag, agus pé uair a déanfar aon ordú fén alt so maidir le haon chineál áirithe éisc mhara, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh gach iasc mara den chineál san gur lugha a thuise ná an tuise do réir na dtomhas orduithe, beidh sé, chun crícheanna an Achta so, ina iasc ró-bheag.

(2) In ordú déanfar fén alt so maidir le hiasc mara de chineál áirithe féadfar faideanna deifriúla d'ordú maidir leis na héisc mhara den chineál san a bheidh iomlán no go mbeidh aon choda bainte dhíobh.

(3) Féadfaidh ordú fén alt so baint le cineálacha deifriúla d'iasc mhara agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla do bheith ann maidir le gach cineál fé leith d'iasc mhara le n-a mbainfidh an t-ordú.

Srian le líonta iascaireachta d'iompar ar bord bád iascaireachta mara.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú é bheith nea-dhleathach aon líon le haghaidh iascaireachta mara ná beidh déanta sa tslí sin agus ná beidh mogall den tuise sin ar a laighead air a hordófar san ordú san, d'iompar ar bord aon bháid iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann i líomatáiste áirithe no ar bord aon bháid iascaireachta mara eile sa mhéid sin (más aon mhéid é) den líomatáiste sin atá laistigh d'achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann.

(2) Maidir le hordú fén alt so—

(a) féadfa sé baint le níos mó ná aon líomatáiste amháin agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla do bheith ann alos gach líomatáiste fé leith le n-a mbainfe sé;

(b) féadfar modhanna deifriúla déantóireachta agus tuisí minimum deifriúla d'ordú ann maidir leis na mogaill a húsáidfear chun iascaireacht do dhéanamh ar chineálacha deifriúla d'iasc mhara, i gcóir modhanna deifriúla iascaireachta, chun iascaireacht do dhéanamh i líomatáistí deifriúla agus chun iascaireacht do dhéanamh i rith tréimhsí deifriúla;

(c) féadfa sé a ordú cadé an tslí ina ndéanfar na tuisí minimum mogall a hordófar ann do thomhas chun crícheanna an orduithe sin;

(d) féadfar, i gcás aon tsaghas líon, tuisí minimum deifriúla d'ordú ann i gcóir mogall na líon agus iad tirm no fliuch agus roimh iad do chóireáil no tar éis iad do chóireáil le leasuitheoirí.

(3) Má deintear, tráth ar bith a bheidh ordú fén alt so i bhfeidhm, aon líon d'iompar ar bord aon árthaigh iascaireachta mara contrárdha don ordú san, beidh gach duine fé leith acu so leanas, eadhon, máistir agus únaer an bháid sin, agus a fostóir (más ann dó), ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(4) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so ordóidh an chúirt an líon, gurbh é a iompar an cionta san, do gheallbhruideadh.

Srian le feistí d'iompar do chumhangódh mogall lín.

4. —(1) Ní bheidh sé dleathach aon fheiste d'iompar ar bord aon bháid iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann in áit ar bith ná ar bord aon bháid iascaireachta mara eile laistigh d'achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann is feiste tré n-a bhféadfaí an mogall d'aon chuid de líon a bheidh ar iompar an tráth san ar bord an bháid sin do chumhangú no é laigheadú ar shlí eile.

(2) Má bhíonn aon fheiste ar iompar ar bord báid iascaireachta mara contrárdha don alt so beidh gach duine fé leith so leanas, eadhon, máistir agus únaer an bháid sin, agus a fostóir (más ann dó), ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so ordóidh an chúirt an fheiste, gurbh é a hiompar an cionta san, agus aon líon dá mbeidh an fheiste ceangailte do gheallbhruideadh.

Toirmeasc ar iasc mhara bheidh ró-bheag do bheith ar seilbh, chun a dhíolta, ar bord bád iascaireachta mara.

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach aon iasc mara bheidh ró-bheag do bheith ar seilbh, chun a dhíolta, ar bord aon bháid iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann in áit ar bith ná ar bord aon bháid iascaireachta mara eile laistigh d'achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann.

(2) Má sáruítear an t-alt so ar bord aon bháid iascaireachta mara, beidh gach duine fé leith acu so leanas, eadhon, máistir agus únaer an bháid sin, agus a fostóir (más ann dó), ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so ordóidh an chúirt an t-iasc mara, gurbh é a shealbhú an cionta san, do dhíthiú mara mbeidh an t-iasc mara san díthithe cheana féin.

(4) In aon imeachta fén alt so beidh sealbhú aon éisc mhara ar bord báid iascaireachta mara ina fhianaise prima facie ar an iasc mara san do bheith ar seilbh chun a dhíolta.

Toirmeasc ar iasc mhara bheidh ró-bheag do chalú, do dhíol, etc.

6. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon iasc mara bheidh ró-bheag do chalú, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta ná do bheith ar seilbh aige chun a dhíolta.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so, ordóidh an chúirt an t-iasc mara, gurbh é a shealbhú an cionta san, do dhíthiú mara mbeidh an t-iasc san díthithe cheana féin.

(4) Chun crícheanna aon imeachta fén alt so—

(a) má bhíonn iasc mara ina sheilbh ag duine ar bith in aon mhargadh no siopa no ag aon mhangaire cheadúnuithe in áit ar bith beidh san ina fhianaise prima facie ar é bheith ar seilbh chun a dhíolta;

(b) aon iasc mara a gheobhfar i seilbh dhuine ar bith ar chósta na fairrge no ina aice, tuigfear, d'éamais fianaise contrárdha dhó san, gurbh é an duine sin do chaluigh é.

Eisceachtaí chun crícheanna eolaíochta.

7. —Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le deimhniú i scríbhinn agus fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis agus a luadhfa sé sa deimhniú san, a údarú do dhuine ar bith (le n-a n-áirmhítear fostaithe an duine sin a bheidh ag gníomhú fé n-a orduithe) éinní no aon nithe acu san a toirmeasctar le haon cheann de sna forálacha san roimhe seo den Acht so do dhéanamh ar feadh tréimhse áirithe chun crícheanna eolaíochta no chun crícheanna transplandála, agus pé uair a deonfar aon deimhniú den tsórt san do dhuine ar bith, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so, beidh sé dleathach don duine sin agus (má socruítear amhlaidh leis an deimhniú) d'aon fhostaithe leis an duine sin a bheidh ag gníomhú fé n-a orduithe gach ní no éinní acu san do dhéanamh dá mbeidh údaruithe dhó leis an deimhniú san a dhéanamh.

Feidhm fhorálacha áirithe den Acht chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 .

8. —(1) Chun an Achta so agus aon orduithe bheidh déanta fé d'fhoirfheidhmiú beidh ag oifigeach caomhanta iascaigh mhara, maidir le haon bhád iascaireachta mara agus le n-a húnaer, le n-a máistir no le n-a fuirinn, na comhachta céanna bronntar ar oifigeach chaomhanta iascaigh mhara le fo-alt (1) d'alt 7 den Acht chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 ( Uimh. 53 de 1933 ), chun an Achta san is déanaí luaidhtear d'fhoirfheidhmiú, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-ailt (2) agus (3) den alt san 7 agus ag alt 8 den Acht san is déanaí luaidhtear.

(2) Beidh feidhm ag ailt 11, 12, 13 agus 16 den Acht chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 , maidir le cionta fé aon alt den Acht so fé mar atá feidhm acu maidir le cionta fé aon alt den Acht san a céad-luaidhtear.

Comhachta chun iasc, etc., d'iniúchadh, do scrúdú, agus do choinneáil.

9. —(1) Tugtar údarás agus comhacht leis seo do gach oifigeach caomhanta iascaigh mhara chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) éinne bheidh ag iompar no a creidfear a bheith ag iompar éisc mhara d'aon tsaghas do stop agus do chuardach agus aon iasc mara a gheobhfar ar iompar ag an duine sin d'iniúchadh agus, chuige sin, aon fheithicil no pacáiste ina mbeidh an t-iasc mara san á iompar, no ina bhféadfa sé bheith no ina gcreidfear é bheith á iompar, d'oscailt agus do chuardach;

(b) dul isteach agus saor-chead istigh do bheith aige gach tráth réasúnta—

(i) in aon áitreabh ina ndeintear no ina gcreidtear go ndeintear iasc do dhíol, no do choimeád no do thaisbeáint no do stóráil chun a dhíolta, no

(ii) in áitreabh éinne bhíonn ag iompar earraí ar luach saothair, no

(iii) in aon phiara, cé, caladh, fánán, duga no áitreabh duga, no

(iv) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí, cairt no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(c) an t-iasc mara uile do gheobhfar in áit ar bith dá n-údaruítear dó leis an alt so dul isteach ann do scrúdú agus, chuige sin, aon phacáiste gheobhfar san áit sin agus ina mbeidh iasc mara no ina gcreidfear iasc mara do bheith d'oscailt;

(d) aon bhád, báirse, curach, no árthach eile a húsáidtear no a creidtear a húsáidtear le haghaidh iascaireachta no ina mbeidh iasc mara bheidh ró-bheag no go mbeifear in amhrus iasc mara bheidh ró-bheag a bheith ann do stop, dul isteach ann agus é chuardach ar aon chuid den fhairrge no ar a cladaigh, agus an t-iasc go léir agus na líonta agus na gléasanna eile go léir a húsáidtear chun iascaireachta agus a gheobhfar ann do scrúdú, agus, chuige sin, aon phacáiste ina mbeidh aon iasc, líonta, no gléasanna eile mar adubhradh no go mbeifear in amhrus san do bheith ann d'oscailt;

(e) aon iasc mara (maraon le haon phacáiste no d'éamais aon phacáiste ina mbeidh an céanna) a gheobhfar i gcúrsa aon chomhachta d'fheidhmiú dá mbronntar leis an alt so, agus go mbeidh cionta fén Acht so á dhéanamh no go mbeifear in amhrus cionta fén Acht so do bheith á dhéanamh maidir leis, do thógaint, d'aistriú agus do choinneáil ina choimeád;

(f) aon líon no gléas eile a húsáidtear chun iascaireachta no aon earra a dlightear no a creidtear a dlightear a gheallbhruideadh fén Acht so do thógaint, d'aistriú, agus do choinneáil ina choimeád;

(g) ainm agus seoladh an duine go mbeidh aon iasc mara, no aon earra eile a húdaruítear don oifigeach san leis an alt so a scrúdú, ina choimeád aige d'éileamh agus do thógaint, agus fós ainm agus seoladh únaera an éise mhara san no na hearra eile sin d'éileamh agus do thógaint ón duine sin.

(2) Nuair a choinneoidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara aon iasc mara no earra eile ina choimeád fé údarás an ailt seo déanfaidh, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, na nithe sin is ceart chun a chur fé ndeár go ndeighleálfar do réir dlí leis an duine bheidh ciontach sa chionta no creidfear a bheith ciontach sa chionta do rinneadh no creidfear do rinneadh maidir leis an iasc mara san no leis an earra eile sin.

(3) Má choinníonn oifigeach caomhanta iascaigh mhara aon iasc mara ina choimeád fé údarás an ailt seo agus gur deallrathach go dtiocfaidh an t-iasc mara san chun bheith neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine sara mbeidh caoi ag aon chúirt chun deighleáil leis an scéal, taisbeánfa sé an t-iasc mara san d'Fheadhmannach Síochána agus dítheoidh sé an t-iasc mara san má údaruíonn an Feadhmannach Síochána san dó déanamh amhlaidh.

(4) Másé tuairim Fheadhmannaigh Shíochána, dá dtaisbeánfar aon iasc mara do réir an ailt seo, gur cheart an t-iasc mara do dhíthiú toisc cúrsaí an cháis, bhéarfaidh don oifigeach chaomhanta iascaigh mhara thaisbeánfaidh an t-iasc mara deimhniú i scríbhinn ag tabhairt tuairisce ar an iasc mara agus ar aon mharcanna, nithe nea-choitianta no nithe eile maidir leis an iasc mara san a thaisbeánfaidh an t-oifigeach san dó agus á údarú don oifigeach san an t-iasc mara do dhíthiú, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoidhte i ngach cúirt ar gach fíoras den tsórt san adubhradh a bheidh luaidhte ann.

(5) Ní bheidh duine ar bith freagarthach in aon chaillteanas ná damáiste thiocfaidh de dheascaibh no i gcúrsa aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so d'fheidhmiú marab é an duine sin fé ndeár, agus san gan chúis gan abhar no go mailíseach, an caillteanas no an damáiste sin do thárlachtaint.

(6) Gach duine—

(a) bhacfaidh no choiscfidh aon oifigeach caomhanta iascaigh mhara agus an t-oifigeach san ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an oifigeach san leis an alt so, no

(b) dhiúltóidh no go dteipfidh air a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh nuair éileoidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara a ainm agus a sheoladh air go dleathach fén alt so, no bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach, no

(c) dhiúltóidh no go dteipfidh air, nuair éileoidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara ainm agus seoladh éinne eile air go dleathach fén alt so, an ainm no an seoladh san do thabhairt uaidh agus fios na hainme agus an tseolta san aige, no bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí.

(7) Má dheineann duine ar bith, go n-éileoidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara go dleathach air fén alt so a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh, diúltú dá ainm agus dá sheoladh do thabhairt uaidh no má thugann uaidh, mar a ainm no mar a sheoladh, ainm no seoladh a chreidfidh an t-oifigeach san do réir réasúin a bheith bréagach no mí-threorach, féadfaidh an t-oifigeach san, gan barántas, an duine sin a ghabháil agus, sa chás san, bhéarfaidh, chó luath agus is féidir é, i láthair breithiún den Chúirt Dúithche é no, mara mbeidh aon bhreitheamh den tsórt san ar fáil láithreach, i láthair Fheadhmannaigh Shíochána, agus leis sin deighleálfaidh an breitheamh no an Feadhmannach Síochána san leis an duine sin do réir dlí.

Líonta agus feistí geallbhruidfear a chur de láimh.

10. —Nuair a dhéanfaidh cúirt aon líon no feiste do gheallbhruideadh fén Acht so cuirfidh an tAire an líon no an feiste sin de láimh i pé slí is oiriúnach leis, agus déanfar aon airgead a gheobhfar de dhruim aon churtha de láimh den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Forálacha maidir le horduithe.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú dhéanfa sé fén Acht so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú.

(2) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so (le n-a n-áirmhítear an t-alt so)—

(a) foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus

(b) luadhfar ann an dáta (nach luatha na ceithre lá déag tar éis an orduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil) ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

12. —Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear freisin an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

Cosaint do sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935.

13. —Ní léireofar éinní atá san Acht so mar ní chuireann teora le hoibriú no dheineann deifir d'oibriú na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, i slí ar bith.

Leathnú ar an mbrí atá le hiasc sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935.

14. —Gach áit ina bhfuil an focal “fish” no an focal “iasc” sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, léireofar iad mar fhocail fholuíonn gach blaosc-iasc agus mollus a gheibhtear sa bhfairrge.

Costaisí.

15. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus có-luadh.

16. —Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Iasc Neamh-Fhásta do Chaomhaint), 1937 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, agus den Acht so le chéile.