32 1937


Uimhir 32 de 1937.


ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937.


ACHT CHUN RIALÁLA DO DHÉANAMH, CHUN CRÍCHE BUNREACHTA NA hÉIREANN D'ACHTUIGH AN POBAL LE DÉANAÍ, AR THOGHACHÁIN CHUN OIFIGE UACHTARÁIN NA hÉIREANN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA TOGHACHÁIN SIN. [19adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “toghachán uachtaráin” duine do thogha chun oifige Uachtaráin na hÉireann;

cialluíonn an abairt “an chéad toghachán uachtaráin” an chéad toghachán uachtaráin a comórfar tar éis tosach feidhme an Achta so;

cialluíonn an abairt “gnáth-thoghachán uachtaráin” toghachán uachtaráin a comórfar ag féachaint roimh ré do théarma oifige an Uachtaráin a bheidh i seilbh oifige an uair sin do theacht chun a chríche le himeacht aimsire;

cialluíonn an abairt “toghachán uachtaráin nea-ghnáth” toghachán uachtaráin a bheidh riachtanach de dheascaibh folúntais do thárlachtaint in oifig an Uachtaráin ar shlí seachas de dhruim téarma oifige Uachtaráin do theacht chun a chríche le himeacht aimsire;

cialluíonn an abairt “toghachán Dála” toghachán comhaltaí de Dháil Éireann;

cialluíonn an abairt “rolla de thoghthóirí” rolla de sna daoine bheidh i dteideal vótála i dtoghachán Dála;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

An t-ordú ceaptha laetheanta.

6. —(1) Roimh gach toghachán uachtaráin ceapfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear san Acht so an t-ordú ceaptha laetheanta)—

(a) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh) is lá deiridh chun an chinn chomhrimh thoghacháin uachtaráin do ghlacadh ainmniúchán don toghachán san, agus

(b) an áit ina suidhfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin chun breith do thabhairt ar ainmniúcháin an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, agus

(c) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá chun tarrac siar) fhéadfaidh iarrthóir tarrac siar o bheith ina iarrthóir tar éis tabhairt na breithe ar ainmniúcháin do bheith críochnuithe, agus

(d) an áit ina suidhfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin chun tarraicthe-siar do ghlacadh an lá chun tarrac siar, agus

(e) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá vótaíochta) a déanfar an vótaíocht (más ann di) sa toghachán san, agus

(f) seoladh na hoifige, leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, chun a bhféadfar páipéirí ainmniúcháin agus scríbhinní eile do chur chuige.

(2) I gcás an chéad toghacháin uachtaráin, déanfar an t-ordú ceaptha laetheanta fén alt so chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, agus na laetheanta ceapfar leis sin toghfar iad i slí go mbeidh an toghachán críochnuithe in am chun an uachtaráin a toghfar ann do dhul i gcúram a oifige lá nach déanaí ná naoi bhfichid lá tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht.

(3) I gcás gnáth-thoghacháin uachtaráin, déanfar an t-ordú ceaptha laetheanta fén alt so an seascadú lá roimh dheireadh théarma oifige an uachtaráin a bheidh ag dul as oifig no chó luath tar éis an lae sin agus a bheidh caoi ann chuige sin, agus na laetheanta ceapfar leis sin toghfar iad i slí go mbeidh an toghachán críochnuithe in am chun an uachtaráin a toghfar ann do dhul i gcúram a oifige an lá tar éis deireadh théarma oifige an uachtaráin a bheidh ag dul as oifig.

(4) I gcás toghacháin uachtaráin nea-ghnáith, déanfar an t-ordú ceaptha laetheanta fén alt so chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis don uachtarán do bhí ann roimhe sin do scur de bheith in oifig, agus na laetheanta ceapfar leis sin toghfar iad i slí go mbeidh an toghachán críochnuithe fé cheann seasca lá tar éis an scurtha san.

(5) Ní bheidh an lá chun tarrac siar níos luatha ná an dara lá ná níos déanaí ná an seachtú lá tar éis an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh.

(6) Foillseofar gach ordú ceaptha laetheanta san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

An ceann comhrimh toghacháin uachtaráin.

7. —(1) Roimh gach toghachán uachtaráin, agus lá nach déanaí ná an lá déanfar an t-ordú ceaptha laetheanta alos an toghacháin sin, ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun bheith ina cheann chomhrimh (dá ngairmtear san Acht so an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin) chun crícheanna an toghacháin sin.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin an toghachán uachtaráin gur chun a chrícheanna ceapfar é do stiúradh, na vótanna bhéarfar ann do chomhreamh, agus a thoradh do dhéanamh amach agus do dhearbhú do réir an Achta so, agus na nithe eile sin do dhéanamh maidir leis an toghachán san is gá dhó do réir an Achta so do dhéanamh.

(3) Ullamhóidh an tAire Airgid o am go ham scála d'éilithe maximum do chinn chomhrimh thoghacháin uachtaráin, agus íocfaidh an tAire sin le gach ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, a chuid éilithe réasúnta alos a sheirbhísí agus a chostaisí maidir leis an toghachán uachtaráin gur chun a chrícheanna ceapadh é, ach ní bheid san níos mó in aon chás ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

CUID II.

Iarrthoiri d'Ainmniu.

Ainmniúcháin o chomhaltaí den Oireachtas.

8. —(1) Gach ainmniú iarrthóra i dtoghachán uachtaráin a dhéanfaidh comhaltaí den Oireachtas is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar é, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfar an t-ainmniú san;

(b) luadfar i ngach páipéar ainmniúcháin den tsórt san ainm iomlán, seoladh, agus tuairisc an duine a hainmnítear leis agus luadhfar ann fós gach ní is gá do réir na fuirme páipéir ainmniúcháin sin do luadh ann;

(c) beidh gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san sighnithe ag fiche comhalta ar a laighead den Oireachtas mar ainmnitheoirí;

(d) beidh gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san sighnithe ag gach duine den fhiche comhalta den Oireachtas a bheidh ag déanamh ainmnithe leis;

(e) déanfar gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san do thabhairt don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no do chur chuige tríd an bpost.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, ar n-a iarraidh sin air, fuirm pháipéir ainmniúcháin do thabhairt in aisce do chomhalta ar bith den Oireachtas.

(3) Beidh Cléireach Dháil Éireann agus Cléireach Sheanad Éireann, gach duine acu ar leithligh, i dteideal riar d'fhuirmeacha páipéar ainmniúcháin d'fháil ón gceann comhrimh toghacháin uachtaráin chun úsáide comhaltaí den Oireachtas.

(4) I gcás dhá cheann no níos mó de pháipéirí ainmniúcháin dleathacha cuirfear go dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fén alt so do bheith sighnithe ag comhalta áirithe den Oireachtas mar ainmnitheoir, bhéarfar áird ar an gceann san amháin de sna páipéirí ainmniúcháin dleathacha san is túisce gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin agus ní tabharfar aon áird ar an gceann no ar na cinn eile de sna páipéirí ainmniúcháin dleathacha san.

Ainmniúcháin o chomhairlí contae agus contae-bhuirge.

9. —(1) Féadfaidh aon chomhairle chontae no chontae-bhuirge, le rún go mbeifear tar éis fógra trí lá glan ar a laighead i dtaobh bheith ar intinn é thairisgint do thabhairt i scríbhinn do gach duine is comhalta den chomhairle sin le linn an fhógra san do thabhairt, beartú ar dhuine amháin a luadhfar d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir i dtoghachán uachtaráin a bheidh le comóradh an uair sin.

(2) Ní rithfear aon rún fén alt so roimh dháta an orduithe cheaptha lactheanta déanfar alos an toghacháin uachtaráin le n-a mbainfidh an rún san, agus ní cuirfear aon rún den tsórt san ar ceal.

(3) Gach rún a rithfidh comhairle chontae no chontae-bhuirge fén alt so, bhéarfar éifeacht dó tré pháipéar ainmniúcháin a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh séaluithe le séala na comhairle sin agus do bhéarfar don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no cuirfear chuige tríd an bpost.

(4) Luadhfar i ngach páipéar ainmniúcháin a cuirfear do dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fén alt so ainm iomlán, seoladh, agus tuairisc an duine a hainmnítear leis agus luadhfar ann fós gach ní is gá do réir na fuirme páipéir ainmniúcháin sin do luadh ann.

(5) Gach páipéar ainmniúcháin a cuirfear go dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fén alt so agus fhéachfaidh bheith rialta agus dleathach beidh sé (mara gcruthuítear gur páipéar ainmniúcháin bréige no calaoiseach é) ina fhianaise dhochlaoidhte go ndearnadh an rún a luaidhtear sa pháipéar ainmniúcháin sin do thairisgint agus do rith go cuibhe do réir an ailt seo, ar an dáta luaidhtear chuige sin sa pháipéar ainmniúcháin sin, i gcruinniú, ar n-a ghairm agus ar n-a chomóradh go ceart, den chomhairle go mbeidh a séala greamuithe den pháipéar ainmniúcháin sin.

(6) Déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, ar n-a iarraidh sin air, fuirm pháipéir ainmniúcháin do thabhairt in aisce d'aon chomhairle chontae no chontae-bhuirge.

(7) Má gheibheann an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin o chomhairle chontae no chontae-bhuirge dhá cheann no níos mó de pháipéirí ainmniúcháin fhéachann bheith rialta agus a bhaineann leis an aon toghachán amháin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon dá cheann no níos mó de sna páipéirí ainmniúcháin sin do bheir le tuisgint go ndearnadh iad do réir rúin do ritheadh an t-aon lá amháin beid gan bhrí agus gach ceann (más aon cheann é) de sna páipéirí ainmniúcháin sin do bheir le tuisgint go ndearnadh é do réir rúin do ritheadh ar lá ina dhiaidh sin beidh sé sin gan bhrí, freisin;

(b) fé réir forálacha na míre sin roimhe seo agus gan dochar dóibh, an ceann san de sna páipéirí ainmniúcháin sin do bheir le tuisgint go ndearnadh é do réir rúin do ritheadh ar dháta is túisce ná an dáta ar ar ritheadh aon cheann de sna rúin go dtugann an chuid eile de sna páipéirí ainmniúcháin sin le tuisgint gur dá réir a rinneadh iad, is air sin amháin do bhéarfar áird agus do bhéarfar breith le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, agus beidh an chuid eile de sna páipéirí ainmniúcháin sin gan bhrí.

(8) Ceithre cinn de pháipéirí ainmniúcháin dleathacha ag ainmniú an aon duine amháin agus gach ceann ar leith acu ar n-a chur go dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin do réir an ailt seo o chomhairle chontae no chontae-bhuirge ar leith agus ar n-a fháil ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, beidh san riachtanach chun ainmniú dleathach éifeachtúil o chomhairlí contaethe no contae-bhuirgí do dhéanamh ar an duine sin mar iarrthóir i dtoghachán uachtaráin.

(9) Beidh oibriú na gcomhacht a bronntar leis an alt so ar chomhairle chontae-bhuirge—

(a) ina fheidhm fhorchoimeádta do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), i gcás contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus

(b) ina fheidhm fhorchoimeádta do réir bhrí Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), i gcás contae-bhuirg Chorcaighe, agus

(c) ina fheidhm fhorchoimeádta do réir bhrí Achta Bhainistí Chathair Luimnigh, 1934 ( Uimh. 35 de 1934 ), i gcás contae-bhuirg Luimnigh.

Ainmniúcháin o dhuine bhí ina uachtarán no ón uachtarán a bheidh ag dul as oifig.

10. —(1) Gach ainmniú dhéanfaidh duine bhí ina uachtarán no an t-uachtarán a bheidh ag dul as oifig air féin mar iarrthóir is i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfar é agus beidh sé sighnithe ag an duine sin a bhí ina uachtarán no ag an uachtarán san a bheidh ag dul as oifig agus bhéarfar don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin é no cuirfear chuige tríd an bpost é.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, ar n-a iarraidh sin air, fuirm pháipéir ainmniúcháin do thabhairt in aisce d'aon duine bhí ina uachtarán no don uachtarán a bheidh ag dul as oifig.

Páipéirí ainmiúcháin d'uimhriú go leanúnach.

11. —(1) Uimhreoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin go leanúnach, san ord ina bhfuighidh iad, na páipéirí ainmniúcháin uile (pe'ca bheid rialta agus dleathach no ná beid) do gheobhaidh roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, agus chuige sin déanfaidh, díreach tar éis aon pháipéar ainmniúcháin den tsórt san d'fháil, uimhir leanúnach san an pháipéir sin do chúl-scríobhadh air.

(2) Na huimhreacha chúl-scríobhfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin ar pháipéirí ainmniúcháin do réir an ailt seo beid ina bhfianaise dho-chlaoidhte ar an ord ina bhfuair na páipéirí sin.

(3) Pé uair do gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin páipéar ainmniúcháin fén Acht so cuirfidh láithreach tríd an bpost chun an iarrthóra bheidh luaidhte sa pháipéar ainmniúcháin sin, go dtí an seoladh bheidh luaidhte sa pháipéar ainmniúcháin sin, fógra i scríbhinn á rá go bhfuair an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin scríbhinn do bheir le tuisgint gur páipéar ainmniúcháin í le n-a ndeineann comhairle go luadhfar a hainm no comhaltaí (nach gá a n-ainmneacha a luadh) den Oireachtas (do réir mar a bheidh) an t-iarrthóir sin d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir, ach má fhaillíonn an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin an fógra san do chur chun siúil no mara bhfuighidh an t-iarrthóir sin an fógra san ní shaorfaidh san an t-iarrthóir sin ón oblagáid a cuirtear air leis an Acht so bheith i láthair, i bpearsain no tré ionadaí údaruithe, le linn na haimsire go léir a bheidh breith á tabhairt ar ainmniúcháin.

Breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

12. —(1) Ar a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh i dtoghachán uachtaráin beidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin i láthair san áit a ceapfar chuige sin leis an ordú ceaptha laetheanta agus déanfaidh san áit agus san am san na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na páipéirí ainmniúcháin uile do thabhairt i láthair do fuair roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh;

(b) na páipéirí ainmniúcháin sin uile do scrúdú agus breith do thabhairt ortha san ord ina bhfuair iad agus a dhéanamh amach uatha cé hiad na daoine atá ainmnithe go dleathach agus a dhearbhú go bhfuil na daoine sin ainmnithe mar iarrthóirí sa toghachán san;

(c) mara mbeidh ach duine amháin a dearbhófar amhlaidh do bheith ainmnithe, a dhearbhú an duine sin do bheith toghtha ina Uachtarán agus deimhniú, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, á dheimhniú an duine sin do bheith toghtha amhlaidh, do chur chun an Taoisigh agus d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil;

(d) má dearbhuítear amhlaidh beirt no níos mó do bheith ainmnithe, an toghachán do chur ar athló chun vótaíocha do dhéanamh do réir an Achta so.

(2) Ní ghlacfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin aon pháipéar ainmniúcháin tar éis a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh.

(3) Mara mbeidh amhras ar bith i dtaobh cé hé an duine do bheirtear le tuisgint a bheith ainmnithe le páipéar ainmniúcháin, ní diúltófar don pháipéar ainmniúcháin sin, ná ní dearbhófar é bheith nea-dhleathach, de bhíthin ainm no seoladh no tuairisc an duine sin do bheith curtha síos ann go nea-chruinn no go neamhiomlán agus dá bhíthin sin amháin.

(4) Bhéarfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin breith ar gach ceist i dtaobh aon pháipéir ainmniúcháin no i dtaobh ainmniúcháin aon iarrthóra no i dtaobh éinní eile bhaineann le hainmniú iarrthóirí no cuirfidh í fé bhráid au mheasaire bhreithiúntais fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so, agus pé uair do bhéarfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin breith ar aon cheist den tsórt san ní bheidh dul thar a bhreith uirthi ach amháin i gcás a curtha fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais fén gcéad alt san ina dhiaidh seo.

(5) Isé gairmtear san Acht so de sna himeachta fén alt so ná breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

An measaire breithiúntais.

13. —(1) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte no breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt ainmneoidh seisean i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin agus suidhfidh ansan i dteanta an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin agus gníomhóidh ina mheasaire bhreithiúntais dó.

(2) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, as a chomhairle féin, agus déanfaidh, má iarrann iarrthóir no ionadaí iarrthóra san air, aon cheist do chur fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais a eireoidh, le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, i dtaobh aon pháipéir ainmniúcháin no i dtaobh ainmniúcháin aon iarrthóra no i dtaobh éinní eile bhaineann le hainmniú iarrthóirí.

(3) San áit agus san am san cinnfidh agus craolfaidh an measaire breithiúntais a bhreith ar gach ceist a chuirfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fé n-a bhráid fén alt so.

(4) Ní bheidh dul thar breith an mheasaire bhreithiúntais ar aon cheist a chuirfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fé n-a bhráid fén alt so agus ní bheidh sí ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith.

(5) Féadfar ceist do chur fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais fén alt so pe'ca bheidh breith tugtha uirthi ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin féin no ná beidh.

Nithe bheidh inbhreithnithe le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

14. —(1) Le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin is inbhreithnithe gach ceist a bhaineann le hiarrthóir d'ainmniú (agus go sonnrách a iontoghthachta) agus féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, no éinne eile bheidh i láthair an uair sin agus teideal aige chun páirt do thógaint sna himeachta, aon cheist den tsórt san do thabhairt anuas.

(2) Le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin beidh sé dleathach don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin, no d'éinne eile bheidh i láthair an uair sin agus teideal aige chun páirt do thógaint sna himeachta, dóthanacht no cruinneas ainm no seoladh no tuairisc aon iarrthóra mar a bheidh luaidhte ar pháipéar ainmniúcháin do dhiospóid agus beidh sé dleathach don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no, má cuirtear an cheist fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais, don mheasaire bhreithiúntais aon pháipéar ainmniúcháin ina mbeidh lúadh ainm no seoladh no tuairisc an iarrthóra, dar leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin no leis an measaire breithiúntais (pe'ca aca é), míthreorach de bhíthin nea-dhóthanachta no nea-chruinnis do dhiúltadh mar pháipéar ainmniúcháin gan bhrí.

(3) Chun breith do thabhairt ar aon cheist a bheidh ann le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin no an measaire breithiúntais (pe'ca aca é) fianaise, o bhéal no in scríbhinn, a tairgfear dó ag aon pháirtí le n-a mbaineann an cheist sin no thar a cheann san, do ghlacadh agus gníomhú dá réir agus féadfaidh, más ceart san dar leis, a chur de cheangal an fhianaise sin do thabhairt fé mhionn agus féadfaidh chuige sin daoine do chur fé mhionn.

Iarrthóirí do bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

15. —(1) Beidh gach iarrthóir i láthair, i bpearsain no tré ionadaí údaruithe, le linn na haimsire go léir a bheidh breith á tabhairt ar ainmniúcháin agus bhéarfaidh uaidh (i bpearsain no tré n-a ionadaí údaruithe) gach faisnéis, ina thaobh féin no i dtaobh aon pháipéir ainmniúcháin do bheir le tuisgint é d'ainmniú, a bheidh ar eolas aige agus a éilcoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin no an measaire breithiúntais go réasúnta air.

(2) Más rud é, ar n-a iarraidh sin air don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin, gur dóich leis an measaire breithiúntais san do bheith ceart, féadfaidh ainmniú iarrthóra do dhí-lomháil ar an bhforas ná raibh an t-iarrthóir sin i láthair, fé mar is gá do réir an ailt seo, le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, no ar an bhforas gur theip ar an iarrthóir sin no ar a ionadaí údaruithe faisnéis d'éileamh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin no an measaire breithiúntais, pe'ca aca é, air fén alt so do thabhairt don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no don mheasaire bhreithiúntais.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “ionadaí údaruithe” duine go n-údarás o iarrthóir aige i scríbhinn, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, chun an iarrthóra san d'ionadú le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

Iarrthóirí do tharrac siar.

16. —(1) Féadfaidh aon iarrthóir tarrac siar o bheith ina iarrthóir tráth ar bith le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, pe'ca sara ndearbhuítear é bheith ainmnithe go cuibhe no ina dhiaidh sin é.

(2) Beidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin i láthair an lá chun tarrac siar ar feadh iomlán na tréimhse (dá ngairmtear san alt so an t-am chun tarrac siar) o n-a dó dhéag a chlog meán lae go dtí n-a dó a chlog tráthnóna san áit a ceapfar chuige sin leis an ordú ceaptha laetheanta, agus aon iarrthóir do bhí ainmnithe ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin féadfaidh tarrac siar o bheith ina iarrthóir aon uair i rith an ama san chun tarrac siar.

(3) Isé slí ina dtarraiceoidh iarrthóir siar fén alt so ná tríd an iarrthóir sin no tré n-a ionadaí údaruithe do sheachadadh fógra i scríbhinn i dtaobh an tarraicthe-siar san don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin no le linn na haimsire chun tarrac siar (do réir mar a bheidh) agus é sighnithe ag an iarrthóir sin no ag á ionadaí údaruithe.

(4) Má bhíonn dhá iarrthóir no níos mó ainmnithe ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin agus go dtarraiceoidh gach iarrthóir acu san ach duine amháin siar o bheith ina iarrthóir i rith an ama chun tarrac siar, déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, i gcionn an ama chun tarrac siar, cur an toghacháin ar athló do chealú agus a dhearbhú gur toghadh ina Uachtarán an t-aon iarrthóir amháin sin nár tharraig siar o bheith ina iarrthóir agus deimhniú, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do chur chun an Taoisigh agus d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh an iarrthóra san do thogha amhlaidh.

(5) Ní bheidh sé dleathach d'iarrthóir tarrac siar o bheith ina iarrthóir ach amháin mar a húdaruítear leis an alt so.

An nós imeachta leanfar mara mbeidh aon iarrthóir ainmnithe.

17. —(1) Pé uair a thárlóidh, ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin, ná beidh aon iarrthóir ainmnithe no, gach iarrthóir do bhí ainmnithe ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin, go dtarraiceoidh siar ina dhiaidh sin o bheith ina iarrthóir, tosnófar as an nua ar na himeachta uile bhaineann leis an toghachán agus chuige sin tuigfear an t-ordú ceaptha laetheanta do bheith cealuithe agus déanfaidh an tAire nua-ordú ceaptha laetheanta chun crícheanna an toghacháin nua san.

(2) Ceann comhrimh toghacháin uachtaráin a ceapfar chun crícheanna toghacháin uachtaráin, tuigfear é do cheapadh freisin chun crícheanna aon toghacháin nua comórfar do réir an ailt seo maidir leis an toghachán uachtaráin sin.

Na daoine dá gceaduítear bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

18. —(1) Beidh na daoine seo leanas i dteideal bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin agus (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) páirt do thógaint sna himeachta, sé sin le rá:—

(a) an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin agus a chongantóirí,

(b) an measaire breithiúntais,

(c) na hiarrthóirí,

(d) na hionadaithe údaruithe (más ann dóibh) d'iarrthóirí,

(e) na daoine sin go n-údaruítear leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt so d'iarrthóir no d'ionadaí údaruithe iarrthóra a thabhairt leis chun cabhruithe leis.

(2) Féadfaidh na daoine seo leanas bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin ach ní thógfaid páirt sna himeachta, sé sin le rá:—

(a) fínnithe ag tabhairt fianaise o bhéal ach ní bheid i láthair ach faid a bheid ag tabhairt na fianaise sin,

(b) aon duine amháin do bhéarfaidh an measaire breithiúntais leis chun freastal air,

(c) na daoine eile sin is dóich leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin is ceart do leigint isteach.

(3) Gach iarrthóir ná beidh ionadaí údaruithe uaidh i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh beirt ar a mhéid do thabhairt leis chun cabhruithe leis.

(4) Má bhíonn ionadaí údaruithe o iarrthóir i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh an t-ionadaí údaruithe sin beirt ar a mhéid do thabhairt leis chun cabhruithe leis.

(5) Iarrthóir go mbeidh ionadaí údaruithe uaidh i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh féin bheith i láthair ach ní thabharfaidh éinne leis agus ní thógfaidh aon pháirt sna himeachta.

(6) Ní fhéadfaidh níos mó ná aon ionadaí údaruithe amháin o aon iarrthóir do bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

(7) Ní bheidh éinne i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin ach amháin na daoine a húadaruítear chuige sin leis an alt so no a húdarófar fé.

Imeachta i gcás círéibe le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

19. —(1) Pé uair a déanfar tabhairt na breithe ar ainmniúcháin i dtoghachán uachtaráin do chosc ar fad no do bhac no cur isteach uirthi, le haon chíréib no fóirneart oscailte, déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin tabhairt na breithe sin ar ainmniúcháin do chur ar athló go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag ná lá saoire bainc agus, más gá é, cuirfidh tabhairt na breithe sin ar ainmniúcháin ar athló arís o ló go ló (gan Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag ná lá saoire bainc d'áireamh) go dtí go mbeidh deireadh leis an gcíréib no leis an bhfóirneart oscailte sin.

(2) Pé uair a cuirfear tabhairt na breithe ar ainmniúcháin ar athló fén alt so féadfaidh an tAire le hordú, más ceart san dar leis, an t-ordú ceaptha laetheanta do leasú tré lá eile do cheapadh chun bheith ina lá vótaíochta in ionad an lae vótaíochta do ceapadh leis an ordú ceaptha laetheanta san.

CUID III.

An Votaiocht.

An tslí ina ndéanfar an vótaíocht.

20. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an vótaíocht (más ann di) do dhéanamh i dtoghachán uachtaráin, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an vótaíocht ann ach aon lá amháin agus is ar an lá céanna a bheidh sé ann ar fuaid na hÉireann agus isé lá é sin ná an lá ceapfar fén Acht so chun bheith ina lá vótaíochta sa toghachán san;

(b) tosnóidh an vótaíocht ar a naoi a chlog ar maidin agus coimeádfar ar siúl í go dtí a naoi a chlog istoíche agus ní níos sia ná san;

(c) chun na vótaíochta do dhéanamh tuigfear na dáilcheanntair chéanna do bheith déanta d'Éirinn a bheidh déanta dhi de thurus na huaire chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha agus déanfar an vótaíocht ar leithligh i ngach dáilcheanntar fé leith acu san;

(d) isé an té bheadh ina cheann chomhrimh i dtoghachán Dála in aon dáilcheanntar acu san a bheidh ina cheann chomhrimh (dá ngairmtear an ceann comhrimh áitiúil san Acht so) sa dáilcheanntar san chun crícheanna na vótaíochta;

(e) déanfaidh gach vótálaí sa vótaíocht a vóta do thabhairt uaidh sa dáilcheanntar ina mbeadh i dteideal vótáil in olltoghachán do chomhaltaí de Dháil Éireann;

(f) tuigfear, chun críche na vótaíochta, na ceanntair chéanna vótaíochta do bheith déanta de gach dáilcheanntar fé leith acu san a bheidh déanta dhe de thurus na huaire chun críche toghacháin Dála, agus na háiteanna bheidh ceaptha de thurus na huaire ina n-áiteanna vótaíochta i ngach ceanntar vótaíochta fé leith acu san chun críche toghacháin Dála isiad a bheidh ina n-áiteanna vótaíochta chun na vótaíochta do dhéanamh;

(g) beidh sé de dhualgas ar gach ceann comhrimh áitiúil déanamh na vótaíochta ina dháilcheanntar do stiúradh do réir an Achta so agus, chuige sin, pé stáisiúin vótaíochta, boscaí ballóide, páipéirí ballóide, ionstruimí stampálta, cóipeanna den rolla de thoghthóirí, agus nithe eile do chur ar fáil agus pé oifigigh do cheapadh agus d'íoc agus pé gníomhartha agus nithe eile do dhéanamh is gá chun na vótaíochta do dhéanamh go héifeachtúil ina dháilcheanntar do réir an Achta so;

(h) cólíonfaidh gach ceann comhrimh áitiúil, maidir leis an vótaíocht do dhéanamh ina dháilcheanntar, forálacha an Achta so, na rialacha atá sna Sceidil a ghabhann leis an Acht so, agus na horduithe dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Costaisí na gceann comhrimh áitiúil.

21. —(1) Beidh gach duine is ceann comhrimh áitiúil maidir le vótaíocht do dhéanamh i dtoghachán uachtaráin i dteideal a chuid éilithe réasúnta, ach ní bheid san níos mó ná na suimeanna bheidh luaidhte sa scála d'éilithe maximum a hullamhófar fén alt so, alos seirbhísí agus costaisí, de sna saghsanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa scála san, a dhéanfaidh no fé n-a raghaidh le ceart chun na vótaíochta do dhéanamh no maidir leis sin.

(2) Íocfaidh an tAire Airgid suim na n-éilithe sin, amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, ar fháil chuntais dó bheidh le cur fé n-a bhráid do réir rialachán a dhéanfaidh fén alt so, ach sara n-íocfaidh éilithe aon chinn chomhrimh áitiúil féadfaidh an tAire sin, más oiriúnach leis é, a iarraidh ar bhreitheamh den Chúirt Chuarda go ndlighinse i ndáilcheanntar an chinn chomhrimh sin go measfaí an cuntas san agus leis sin cuirfidh an breitheamh san fé ndeár go ndéanfaidh an clárathóir contae an cuntas san do mheas agus an méid is iníoctha fé do chinneadh.

(3) Ar n-a iarraidh sin air do cheann chomhrimh áitiúil feadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, roimh-íoc ar cuntas éilithe an chinn chomhrimh sin fén alt so do dhéanamh leis an gceann comhrimh sin ar pé téarmaí is dóich leis an Aire is ceart.

(4) Má orduíonn an breitheamh amhlaidh ar iarratas cinn chomhrimh áitiúil beidh ina chuid den mheas, a déanfar fén alt so ar chuntas an chinn chomhrimh sin, méid aon éilimh a dhéanfaidh éinne i gcoinnibh an chinn chomhrimh sin, alos éinní a héileofar sa chuntas san, do mheas agus do chinneadh.

(5) Déanfaidh an tAire Airgid scála d'éilithe maximum d'ordú chun crícheanna an ailt seo agus féadfaidh an scála san d'athscrúdú fé mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é agus féadfaidh fós rialacháin do dhéanamh i dtaobh an ama agus na slí agus na fuirme ina dtabharfar cuntaisí dhó chun éilithe den tsórt san d'íoc.

Iarrthóirí do cheapadh prímhghníomhairí agus gníomhairí áitiúla.

22. —(1) Má deintear vótaíocht i dtoghachán uachtaráin féad faidh gach iarrthóir fé leith sa toghachán san—

(a) prímh-ghníomhaire amháin do cheapadh chun cabhruithe leis go generálta maidir leis an toghachán san fé mar is gnáth le gníomhaire toghacháin d'iarrthóir i dtoghachán Dála do dhéanamh, agus

(b) gníomhaire áitiúil amháin do cheapadh do gach dáilcheanntar fé leith chun cabhruithe leis an iarrthóir sin maidir leis an toghachán san sa dáilcheanntar san fé mar is gnáth le gníomhaire toghacháin d'iarrthóir i dtoghachán Dála do dhéanamh, agus fós chun gníomhuithe mar ionadaí sa dáilcheanntar san do phrímh-ghníomhaire an iarrthóra san.

(2) Pé uair a thárlóidh do phrímh-ghníomhaire no do ghníomhaire áitiúil a cheapfaidh iarrthóir fén alt so é d'éag no do theacht chun bheith neamh-ábalta ar ghníomhú roimh chríochnú an toghacháin féadfaidh an t-iarrthóir sin duine eile do cheapadh chun bheith ina phrímh-ghníomhaire no ina ghníomhaire áitiúil dó (pe'ca aca é) in ionad an ghníomhaire éagfaidh no thiocfaidh chun bheith neamh-ábalta amhlaidh.

(3) Gach gníomhaire cheapfaidh iarrthóir fén alt so (pe'ca le ceapadh bunaidh no le ceapadh ionadathach é) cuirfear a ainm agus seoladh a oifige in úil mar leanas díreach tar éis an toghacháin do chur ar athló no an gníomhaire sin do cheapadh, pe'ca aca san is déanaí, eadhon—

(a) i gcás an phrímh-ghníomhaire, cuirfidh an t-iarrthóir sin in úil don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin iad, no

(b) i gcás gníomhaire áitiúil, cuirfidh prímh-ghníomhaire an iarrthóra san in úil iad don cheann chomhrimh áitiúil sa dáilcheanntar dá gceapfar an gníomhaire áitiúil sin.

(4) Gach gníomhaire cheapfaidh iarrthóir fén alt so beidh oifig aige bheidh suidhte i gcathair Bhaile Atha Cliath, más prímhghníomhaire é, no bheidh suidhte sa dáilcheanntar dá gceapfar é no i gcathair no i mbaile bheidh in aice leis an dáilcheanntar san, más gníomhaire áitiúil é, agus gach scríbhinn a díreofar chun aon ghníomhaire den tsórt san agus a seachadfar ag an oifig sin aige tuigfear gur seirbheáladh ar an ngníomhaire sin í.

Oifigigh cheannais do cheapadh.

23. —(1) Ceapfaidh gach ceann comhrimh áitiúil i dtoghachán uachtaráin, alos gach stáisiún vótaíochta fé leith ina dháilcheanntar, duine ceart oiriúnach chun bheith ina oifigeach cheannais sa stáisiún vótaíochta san.

(2) Gach oifigeach ceannais a ceapfar fén alt so beidh aige ina stáisiún vótaíochta gach comhacht agus dualgas a bronntar no a forchuirtear leis an Acht so ar oifigeach cheannais.

Gníomhairí pearsanála do cheapadh d'iarrthóirí.

24. —(1) Féadfaidh an gníomhaire áitiúil a bheidh in aon dáilcheanntar ag iarrthóir i dtoghachán uachtaráin duine (dá ngairmtear gníomhaire pearsanála san Acht so) do cheapadh do gach stáisiún vótaíochta fé leith i ngach áit vótaíochta fé leith sa dáilcheanntar san chun bheith i láthair sa stáisiún vótaíochta san thar ceann an iarrthóra san chun cabhruithe chun daoine do bhrath a bheidh ag déanamh cionta na pearsanála no ag tabhairt fé n-a dhéanamh.

(2) An gníomhaire áitiúil a bheidh ag iarrthóir in aon dáilcheanntar bhéarfaidh i scríbhinn don cheann chomhrimh áitiúil sa dáilcheanntar san, dhá uair dhéag a' chluig ar a laighead roimh thosach na vótaíochta ainmneacha na ngníomhairí pearsanála uile bheidh ceaptha fén alt so ag an ngníomhaire áitiúil sin agus fós ainm no tuairisc an stáisiúin vótaíochta dá mbeidh gach gníomhaire pearsanála fé leith acu san dáilithe.

(3) Gach gníomhaire pearsanála ceapfar go cuibhe fén alt so agus go dtabharfar fógra go cuibhe do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh a cheaptha, beidh sé i dteideal bheith sa stáisiún vótaíochta dá ndáileofar é faid a bheidh an vótaíocht ar siúl agus ar feadh leath-uair a' chluig roimhe sin agus go ceann leath-uair a' chluig ina dhiaidh sin.

(4) Faid a bheidh an vótaíocht ar siúl ní dhéanfaidh aon ghníomhaire pearsanála an stáisiún vótaíochta dá mbeidh sé dáilithe d'fhágaint gan cead d'fháil ar dtúis ón oifigeach ceannais no gan gach rolla, leabhar, agus scríbhinn ina ndearna aon nóta, scríbhneoireacht, no marc le linn na vótaíochta d'fhágaint ag an oifigeach ceannais faid a bheidh sé as láthair.

(5) Aon ghníomhaire pearsanála fhágfaidh stáisiún vótaíochta contrárdha don alt so ní ceadófar dó filleadh chun an stáisiúin vótaíochta san go dtí go mbeidh deireadh leis an vótaíocht agus fós beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.

Ordúlacht do choimeád i stáisiúin vótaíochta.

25. —Má bhíonn éinne mí-iompartha i stáisiún vótaíochta no má theipeann air géilleadh d'orduithe dleathacha an oifigigh cheannais, ansan, le hordú ón oifigeach ceannais féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána, no éinne go n-údarás aige chuige sin i scríbhinn ón oifigeach ceannais, é chur amach as an stáisiún vótaíochta san láithreach agus an duine cuirfear amach amhlaidh ní leigfear dó dul isteach arís sa stáisiún vótaíochta san le linn na vótaíochta ach amháin le cead an oifigigh cheannais.

Na daoine bheidh i dteideal vótála sa vótaíocht.

26. —(1) Ní bheidh éinne i dteideal vótála in aon dáilcheanntar sa vótaíocht i dtoghachán uachtaráin mara mbeidh sé cláruithe ina thoghthóir sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire don dáilcheanntar san.

(2) Ní bheidh éinne ná beidh bliain is fiche slán aige i dteideal vótála i dtoghachán uachtaráin.

(3) Ní bheidh éinne i dteideal vótála níos mó ná aon uair amháin (pe'ca san aon dáilcheanntar amháin é no i ndáilcheanntair dheifriúla) sa vótaíocht i dtoghachán uachtaráin ach, fé réir na teorann san, beidh gach duine bheidh cláruithe ina thoghthóir, sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do dháilcheanntar, i dteideal (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) páipéar ballóide d'éileamh agus d'fháil agus vótáil sa dáilcheanntar san sa vótaíocht san.

(4) Einne go dtoirmisceann an dlí air de thurus na huaire vótáil i dtoghachán Dála ní bheidh sé i dteideal páipéar ballóide d'fháil ná vótáil sa vótaíocht i dtoghachán uachtaráin, agus gach éinne vótálfaidh in aon vótaíocht den tsórt san agus an toirmeasc san air dlighfear na pionóisí céanna do chur air a dlighfí a chur air dá vótáladh sé i dtoghachán Dála.

Na páipéirí ballóide.

27. —(1) Is le ballóid do bhéarfar na vótanna sa vótaíocht i dtoghachán uachtaráin agus isé bheidh i mballóid gach vótálaí ná páipéar (dá ngairmtear páipéar ballóide san Acht so) agus é chó gairid agus is féidir é do bheith sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus liost de sna hiarrthóirí air, ina mbeidh a n-ainmneacha agus a seolta agus na mion-innste ina dtaobh fé mar a bheid luaidhte ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach.

(2) Beidh ar gach páipéar ballóide uimhir a bheidh clóbhuailte ar a chúl agus beidh có-dhuille, agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a haghaidh, ceangailte dhe agus beidh sé infhillte.

(3) Le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipéar ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air no a pollfar tríd.

(4) Cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí ar na páipéirí ballóide in eagar aibítre do réir ord a sloinnte agus, i gcás cóionannas slointe, do réir ord a n-ainmneacha eile agus clóbhuailfear sloinne gach iarrthóra i leitreacha móra ar na páipéirí ballóide agus clóbhuailfear a ainm eile agus a sheoladh agus a thuairisc i leitreacha beaga, ach pé uair is ionann sloinne do dhá iarrthóir no níos mó clóbhuailfear i leitreacha móra (i dteanta a sloinnte) ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus oiread de sheoladh no de thuairisc no de sheoladh agus de thuairisc gach iarrthóra acu san agus a chuirfidh in úil go soiléir, dar leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, cé hé an t-iarrthóir sin.

(5) Beidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin freagarthach i leor-chaindíocht de pháipéirí ballóide do chlóbhualadh agus d'fháil.

An modh chun vóta do mharcáil ar pháipéar bhallóide.

28. —(1) Caithfidh toghthóir, agus é ag tabhairt a vóta, an figiúir 1 do chur ar a pháipéar ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfaidh ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3 agus 4 agus mar sin de do chur ar a pháipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a rogha.

(2) Aon pháipéar ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor no ná beidh sé curtha air i slí go dtaisbeánfadh céadrogha d'iarrthóir éigin, no

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, curtha os coinne ainm níos mó ná aon iarrthóra amháin, no

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, maraon le huimhir éigin eile curtha os coinne ainm an aon iarrthóra amháin, no

(e) ar a mbeidh éinní, ach an uimhir ar an gcúl, scríobhtha no marcálta tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé gan bhrí agus ní comhreofar é.

Post-vótálaithe.

29. —(1) Gach toghthóir go mbeidh a ainm ar an liost de phost-vótálaithe do dháilcheanntar le linn toghacháin uachtaráin, beidh sé i dteideal vótála sa dáilcheanntar san sa vótaíocht sa toghachán san tré n-a pháipéar ballóide de chur tríd an bpost go dtí an ceann comhrimh áitiúil don dáilcheanntar san agus ní bheidh sé i dteideal vótála sa toghachán san ar aon tslí eile.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis fógra d'fháil dó ón gceann comhrimh toghacháin uachtaráin i dtaobh toghachán uachtaráin do chur ar athló chun vótaíocht do dhéanamh, cuirfidh gach ceann comhrimh áitiúil chun gach toghthóra bheidh ar an liost de phost-vótálaithe dá dháilcheanntar páipéar ballóide agus dearbhú céannachta sa bhfuirm orduithe.

(3) Má deintear páipéar ballóide cuirfear chun toghthóra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur thar n-ais go dtí an ceann comhrimh áitiúil agus é marcálta go cuibhe ag an toghthóir sin agus an dearbhú céannachta, agus é sighnithe agus dílse-dheimhnithe, ag gabháil leis sin, agus go bhfuighidh an ceann comhrimh sin é roimh chríochnú na vótaíochta deighleálfaidh an ceann comhrimh sin leis an bpáipéar ballóide sin agus comhreoidh é fé is dá mba pháipéar ballóide é cuirfí sa bhosca bhallóide ar an ngnáth-shlí.

(4) Ag cur amach agus ag fáil páipéirí ballóide post-vótálaithe dhó agus ag deighleáil leo ar shlite eile coimeádfaidh agus cólíonfaidh gach ceann comhrimh áitiúil an dlí (sa mhéid ná beidh sé buiniscionn leis an Acht so) a bheidh ag déanamh rialála de thurus na huaire ar pháipéirí ballóide post-vótálaithe i dtoghachán Dála do chur amach agus d'fháil agus ar dheighleáil leo ar shlite eile.

Ceisteanna agus mionnaí i dtoghacháin.

30. —(1) Ní cuirfear aon cheist ná ní déanfar aon fhiafraighe ná ní ceadófar aon agóid le linn na vótaíochta maidir le ceart duine ar bith chun vótála ná ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon oifigeach ceannais aon agóid i gcoinnibh an chirt sin ach féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má héilítear san air thar ceann iarrthóra ar bith, déanfaidh na ceistenna so leanas, no aon cheann no aon dá cheann acu, do chur chun duine ar bith le linn dó páipéar ballóide d'iarraidh, ach ní dá éis sin, eadhon:—

(i) An éinne amháin tusa agus an duine go bhfuil an ainm A B air sa rolla de thoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheanntar ..............

(ii) Ar vótálais cheana sa toghachán uachtaráin seo ?

(iii) An bhfuil bliain is fiche slán agat ?

Agus mara bhfreagruítear pé ceisteanna acu san a cuirfear chun an duine sin, an chéad agus an tríú ceist acu le freagra aontach agus an dara ceist acu le freagra séantach, ní vótálfaidh an duine sin.

(2) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má héilítear san air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh, le linn duine ar bith d'iarraidh páipéir bhallóide ach ní dá éis sin, an duine sin do chur fé mhionn no (i gcás éinne chuirfidh i gcoinnibh mionn do thabhairt toisc gan aon chreideamh do bheith aige no toisc é bheith i gcoinnibh a chreidimh mionn do thabhairt) fé dhearbhú sa bhfuirm seo leanas:—

“Bheirim-se Dia na nUile-chomhacht (no Deinim-se, A B, a dheimhniú agus a dhearbhú go solamanta, go macánta agus go fírinneach, do réir mar a bheidh) gurb éinne amháin mise agus an duine go bhfuil an ainm A B air ar an rolla de thoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheanntar...................................................

.............................., agus nár vótálas cheana sa toghachán uachtaráin seo agus go bhfuil bliain is fiche slán agam.”

(3) Ní bheidh sé dleathach a éileamh ar dhuine ar bith aon mhionn ná dearbhú do thabhairt i dtaobh a chirt chun vótála ná i dtaobh éinní eile in aon chor ach amháin mar a luaidhtear san alt so.

(4) Ní bheidh sé dleathach diúltadh d'aon vóta thairgeoidh éinne go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ach amháin de dhruim a shamhluithe don oifigeach ceannais, ar é do chur na gceisteanna roimhráite, no ar é do chur aon cheiste no aon dá cheist acu, nach é an duine atá ag éileamh amhlaidh vótáil an duine go bhfuil a ainm ar an rolla san roimhráite, no gur vótáil an duine sin cheana sa toghachán uachtaráin sin, no ná fuil bliain is fiche slán ag an duine sin, no de dhruim an duine sin do dhiúltadh do sna ceisteanna san no d'aon cheann no d'aon dá cheann acu do fhreagairt, no don mhionn san do thabhairt, no don dearbhú san do dhéanamh.

Sárú seicréideachta.

31. —(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair i stáisiún vótaíochta rún do choimeád, agus cabhrú chun rún do choimeád, ar an vótáil sa stáisiún san agus ní thabharfaid, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí i dtaobh ainme aon toghthóra, ná i dtaobh uimhreach aon toghthóra ar an rolla de thoghthóirí, do rinne no ná dearna páipéar ballóide d'iarraidh no vótáil sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhaire oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar vótálaí le linn é bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas d'fháil sa stáisiún vótaíochta i dtaobh cé hé an t-iarrthóir go bhfuil aon vótálaí sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála leis ná ní thabharfaid do dhuine ar bith aon uair aon colas do ghcobhfar i stáisiún vótaíochta i dtaobh cé hé an t-iarrthóir go bhfuil aon vótálaí sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála leis ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide tugadh d'aon vótálaí sa stáisiún san.

(2) Gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair le linn do cheann chomhrimh áitiúil na boscaí ballóide d'oscailt agus le linn na n-imeacht a bheidh ann dá dhruim sin no le linn comhreamh na vótanna ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, coimeádfaid rún agus cabhróid chun rún do choimeád ar an vótáil, agus ní dhéanfaid iarracht le linn na n-imeacht ná an chomhrimh sin ar an uimhir a bheidh ar chúl aon pháipéir bhallóide d'fháil amach, ná ar aon eolas do gheobhfar le linn na n-imeacht no an chomhrimh sin, i dtaobh cé hé an t-iarrthóir gur tugadh aon vóta dhó ar aon pháipéar bhallóide áirithe, do thabhairt uatha.

(3) Gach oifigeach, cléireach agus duine go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do chur amach chun post-vótálaithe no le páipéirí ballóide d'fháil o phost-vótálaithe no bheidh i láthair le n-a linn sin, coimeádfaidh rún agus cabhróid chun rún do choimeád ar an vótáil a dhéanfaidh na vótálaithe sin agus ní thabharfaid, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, i dtaobh ainme aon phost-vótálaí, ná i dtaobh uimhreach aon phost-vótálaí ar an rolla de thoghthóirí, chun ar cuireadh no o n-a bhfuarthas aon pháipéar ballóide, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon phost-vótálaí d'fháil no do mharcáil no d'athchasadh a pháipéir bhallóide, ná iarracht do thabhairt ar eolas d'fháil i dtaobh cé hé an t-iarrthóir le n-ar vótáil aon vótálaí den tsórt san ná ní thabharfaid do dhuine ar bith aon uair aon eolas do gheobhfar, maidir le páipéirí ballóide do chur amach chun postvótálaithe no d'fháil uatha, i dtaobh cé hiad na hiarrthóirí le n-ar vótáil aon vótálaí den tsórt san, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon vótálaí den tsórt san.

(4) Ní dhéanfaidh duine ar bith go díreach ná go nea-dhíreach aon vótálaí do thabhairt chun a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis a mharcála dhó, i dtreo go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm an iarrthóra gur ina fhábhar no ina choinnibh do mharcáil an vótálaí sin a vóta.

(5) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar aon cheann d'fhorálacha an ailt seo dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Feidhm an Achta chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 .

32. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na páirteanna so leanas den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , maidir le toghacháin uachtaráin, sé sin le rá:—

(a) Cuid I, ach amháin alt 7,

(b) Cuid II, ach amháin ailt 8, 16, 17, agus 18,

(c) i gCuid III, ailt 25 agus 26,

(d) i gCuid VIII, ailt 44, 45, 46, 49, 52, 53, agus 56.

(2) Chun críche na feidhme bheidh ag na páirteanna san den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , maidir le toghacháin uachtaráin do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so—

(a) i ngach áit ina n-úsáidtear an focal “toghachán” gan choinníoll sna páirteanna san den Acht san léireofar é agus beidh éifeacht aige mar fhocal fholuíonn toghachán uachtaráin;

(b) i ngach áit ina bhfuil an focal “Dáil-toghachán” sna páirteanna san den Acht san léireofar é agus beidh éifeacht aige mar fhocal fholuíonn toghachán uachtaráin;

(c) i ngach áit ina bhfuil an focal “iarrthóir” sna páirteanna san, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar fhocal fholuíonn iarrthóir i dtoghachán uachtaráin;

(d) i ngach áit ina bhfuil an abairt “gníomhaire toghacháin” sna páirteanna san, léireofar í agus beidh éifeacht aici mar abairt fholuíonn prímh-ghníomhaire ceapfar fén Acht so agus gníomhaire áitiúil a ceapfar amhlaidh;

(e) i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , adubhradh, cuirfear na focail “chun bheith ina Uachtarán” in ionad na bhfocal “chun fónamh san Oireachtas”;

(f) i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht san cuirfear an cheist “Ar vótálais cheana sa toghachán uachtaráin seo ?” in ionad na ceiste luaidhtear sa bhfo-alt san;

(g) bainfidh alt 12 den Acht san le gach cruinniú puiblí dleathach a comórfar ag iarrthóir no thar a cheann tar éis dáta an orduithe ceaptha laetheanta agus roimh an lá vótaíochta;

(h) in alt 46 den Acht san léireofar an abairt “ceann comhrimh” agus beidh éifeacht aici mar abairt fholuíonn an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin agus ceann comhrimh áitiúil.

Iarrthóir d'fháil bháis.

33. —(1) Más rud é, tar éis toghachán uachtaráin do chur ar athló chun vótaíocht do dhéanamh, gur deimhin leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, roimh thosnú na vótaíochta, duine de sna hiarrthóirí do bheith tar éis bháis, déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin láithreach an vótaíocht d'fhreas-ordú agus leis sin tosnófar as an nua na himeachta uile bhaineann leis an toghachán agus chuige sin tuigfear an t-ordú ceaptha laetheanta do bheith ar ceal agus déanfaidh an tAire ordú nua ceaptha laetheanta chun crícheanna an toghacháin nua san.

(2) Más rud é, tar éis toghachán uachtaráin do chur ar athló chun vótaíocht do dhéanamh, go bhfaghaidh duine de sna hiarrthóirí bás sara dtugaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin amach a dheimhniú i dtaobh toradh na vótaíochta agus, mar gheall ar an am a thárlóidh an bás san no ar an am a thiocfaidh ar eolas ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin no ar aon chúis eile, ná féadfaí no ná déanfar an vótaíocht d'fhreas-ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an vótaíocht ar siúl, comhreofar na vótanna, agus fógrófar agus deimhneofar an toradh díreach fé is ná faghadh an t-iarrthóir sin bás;

(b) ní fhoirceannóidh ná ní dhocharóidh bás an iarrthóra san údarás aon ghníomhaire bheidh ceaptha ag an iarrthóir sin no thar a cheann maidir leis an toghachán no le haon chuid de;

(c) mara dtoghtar an t-iarrthóir marbh, ní dhéanfaidh a bhás togha an iarrthóra toghfar do nea-dhleathú ná do dhocharú;

(d) má toghtar an t-iarrthóir marbh, déanfaidh an tAire le hordú, díreach ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin do thabhairt amach a dheimhnithe i dtaobh toradh an toghacháin no ar bhás an iarrthóra san do theacht ar eolas ag an Aire (pe'ca aca san is déanaí thárlóidh) an toghachán san do chealú agus a ordú toghachán nua do chomóradh;

(e) má cealuítear an toghachán fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, comórfar toghachán nua do réir an Achta so agus, le linn ordú cealuithe an toghacháin do dhéanamh no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, déanfaidh an tAire ordú ceaptha laetheanta chun crícheanna an toghacháin nua san.

(3) Pé uair a comórfar toghachán nua fé cheachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, tuigfear aon iarrthóir beo do bhí ainmnithe i gcóir na vótaíochta do freas-orduíodh no i gcóir an toghacháin do cealuíodh do bheith ainmnithe, gan aon ainmniú nua air, i gcóir an toghacháin nua san ach beidh san gan dochar dá cheart chun tarrac siar o bheith ina iarrthóir le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin sa toghachán nua san.

(4) Ceann comhrimh toghacháin uachtaráin a ceapfar chun crícheanna toghacháin uachtaráin tuigfear é do cheapadh freisin chunn crícheanna aon toghacháin nua comórfar fén alt so maidir leis an toghacháin uachtaráin sin.

Ceart na n-iarrthóirí chun postais in aisce.

34. —(1) Fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa fén alt so beidh gach iarrthóir i dtoghachán uachtaráin i dteideal aon scríbhinn amháin, ná baineann ach leis an toghachán san agus nach truime ná dhá únsa, do chur tríd an bpost, gan aon phostas d'íoc uirthi, chun gach duine bheidh cláruithe ina thoghthóir ar aon rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Ní bheidh iarrthóir i dteideal an chirt chun postais in aisce fén alt so d'oibriú maidir le toghachán uachtaráin mara ndearbhuighidh ná go dtí go ndearbhóidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin eisean agus duine amháin eile ar a laighead do bheith ainmnithe ina n-iarrthóirí sa toghachán san ná mara gcuirtear ná go dtí gcuirfear an toghachán san ar athló chun vótaíocht do dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire Puist agus Telegrafa a cheadú d'iarrthóir i dtoghachán uachtaráin an ceart chun postais in aisce fén alt so d'fheidhmiú, sara dtagaidh fén alt so i dteideal a dhéanta, ar é do thabhairt urrúis don Aire sin, chun sástachta an Aire sin, ar an bpostas ar gach scríbhinn a chuirfidh chun siúil do réir an cheada san ón Aire sin d'íoc mara dtagaidh i dteideal amhlaidh an chirt sin d'fheidhmiú.

(4) Féadfar, le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa fén alt so, a shocrú cadé an phost-oifig no cadiad na post-oifigí ina bpostálfar scríbhinní bheidh á gcur chun siúil i bhfeidhmiú an chirt chun postais in aisce fén alt so agus, go sonnrách, a chur ina cheangal scríbhinní cuirfear amhlaidh chun daoine i ndáilcheanntar no i líomatáiste eile áirithe do phostáil i bpost-oifig áirithe laistigh no lasmuich den líomatáiste sin.

Imeachta i gcás círéibe le linn na vótaíochta.

35. —(1) Má deintear agus pé uair a déanfar an vótaíocht in aon áit vótaíochta do chosc ar fad no do bhac, no cur isteach uirthi, le círéib no le fóirneart oscailte no daoine do chosc le círéib no le fóirneart oscailte ar dhul go háit vótaíochta, déanfaidh an ceann comhrimh áitiúil sa dáilcheanntar ina mbeidh an áit vótaíochta san an vótaíocht san áit vótaíochta san do chur ar athló go dtí an chéad lá eile nach Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag, ná lá saoire bainc agus, más gá é, cuirfidh an vótaíocht san ar athló arís go dtí go mbeidh deireadh leis an gcíréib no leis an bhfóirneart oscailte sin.

(2) Pé uair a cuirfear an vótaíocht in áit no in áiteanna vótaíochta i ndáilcheanntar ar athló fén alt so ní dhéanfaidh an ceann comhrimh áitiúil sa dáilcheanntar san aon bhosca ballóide dar húsáideadh in aon áit vótaíochta sa dáilcheanntar san d'oscailt go dtí go mbeidh an vótaíocht i ngach áit den tsórt san críochnuithe.

Boscaí ballóide no páipéirí ballóide do dhíthiú, etc.

36. —Más rud é, le linn na vótaíochta i dtoghachán uachtaráin, go dtógfar aon bhoscaí ballóide no páipéirí ballóide as coimeád an chinn chomhrimh áitiúil no oifigigh cheannais no go mbainfear leo go mí-chóir in aon tslí no go ndítheofar iad de thionóisc no d'aon ghnó no (i gcás páipéirí ballóide) go stracfar no go n-aghaloitfear iad go mailíseach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an vótaíocht i ngach áit vótaíochta inar húsáideadh aon bhosca ballóide no páipéar ballóide acu san beidh sí gan bhrí;

(b) déanfaidh an ceann comhrimh áitiúil don dáilcheanntar inar húsáideadh na boscaí ballóide no na páipéirí ballóide sin a chur in úil láithreach don Aire an vótaíocht san do dhul gan bhrí amhlaidh;

(c) ar fháil na faisnéise sin dó déanfaidh an tAire láithreach gach ní agus bhéarfaidh gach ordú is ceart dar leis chun vótaíocht nua do dhéanamh i ngach áit vótaíochta den tsórt san;

(d) déanfar vótaíocht nua i ngach áit vótaíochta den tsórt san do réir na n-orduithe bhéarfaidh an tAire uaidh amhlaidh;

(e) bainfidh an tAcht so leis an vótaíocht nua san fé mar a bhaineann leis an mbun-vótaíocht.

Scoileanna agus foirgintí eile d'úsáid.

37. —(1) Chun na vótaíochta do dhéanamh i dtoghachán uachtaráin, féadfaidh ceann comhrimh áitiúil aon tseomra i scoil do gheibheann deontas as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, agus aon tseomra go mbeidh costas a chothabhála iníoctha as aon ráta áitiúil, d'úsáid gan íoc as agus mara mbeidh aon tseomra den tsórt san ar fáil féadfaidh foirgint no seomra do thógaint ar cíos.

(2) Pé uair úsáidfidh ceann comhrimh áitiúil seomra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so gan íoc as, féadfaidh aon chostaisí d'íoc fé n-a raghaidh an duine, go mbeidh an seomra san ar a urláimh, de dhruim é d'úsáid amhlaidh agus íocfaidh as aon damáiste déanfar don tseomra san agus é á úsáid amhlaidh.

(3) Má dheineann ceann comhrimh áitiúil seomra i bhfoirgint nea-shealbhuithe d'úsáid no do thógaint ar cíos fén alt so ní thiocfaidh de sin go ndlighfidh éinne é do rátú ná aon ráta d'íoc alos na foirginte sin.

(4) Duine bheidh i bhfeighil scoile bheidh buailte no in aice le heaglais no le coinbhint no le haon bhunachán eile creidimh no ina cuid d'aon cheann acu, féadfaidh, fé cheann ceithre huaire fichead a' chluig tar éis fógra d'fháil ón gceann comhrimh áitiúil á rá go bhfuil sé ar intinn an scoil sin no aon chuid di d'úsáid fén alt so, cur i gcoinnibh na húsáide sin tré ráiteas i scríbhinn ar an gcur-i-gcoinnibh sin do chur chun an chinn chomhrimh sin, agus leis sin ní bheidh sé dleathach don cheann chomhrimh sin an scoil sin ná aon chuid di d'úsáid amhlaidh mara dtugaidh ná go dtí go dtabharfaidh an tAire breith in aghaidh an chur-igcoinnibh sin ar iarratas an chinn chomhrimh sin.

Boscaí ballóide, etc., rialtais áitiúil d'úsáid.

38. —I gcás iomlán aon togh-líomatáiste rialtais áitiúil no aon chuid di do bheith in aon dáilcheanntar féadfar aon bhoscaí ballóide, aon fheistisí do stáisiúin vótaíochta agus aon eadranna, bheidh curtha ar fáil do thoghacháin rialtais áitiúil sa togh-líomatáiste sin, d'úsáid le haghaidh na vótaíochta i dtoghachán uachtaráin sa dáilcheanntar san, agus beidh sé de dhualgas ar an gceann comhrimh áitiúil in aon vótaíocht den tsórt san sa dáilcheanntar san na boscaí ballóide, na feistisí agus na headranna roimhráite d'úsáid sa mhéid gur féidir é, agus féachfaidh an chúirt d'fhorálacha an ailt seo le linn a chuntaisí do mheas, agus íocfar mar chuid de chostaisí an chinn chomhrimh áitiúil sin an méid a chosnóidh aon damáiste seachas caitheamh réasúnta do rinneadh d'aon bhoscaí ballóide, feistisí agus eadranna den tsórt san leis an úsáid sin in aon vótaíocht den tsórt san.

Gan oifigigh do ghníomhú ina ngníomhairí d'iarrthóirí.

39. —Ní dhéanfaidh éinne is ceann comhrimh áitiúil i dtoghachán uachtaráin ná a ionadaí, ná aon pháirtnéir ná cléireach do cheachtar acu, gníomhú ina ghníomhairc d'iarrathóir ar bith sa toghachán san chun a mbaineann le n-a thogha do bhainistí no do stiúradh agus má ghníomhuíonn aon cheann comhrimh áitiúil den tsórt san no a ionadaí no páirtnéir no cléireach ceachtar acu amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Toirmeasc ar vóta do nochtadh.

40. —Ní déanfar in aon imeacht dlí a cheangal ar éinne do vótáil i dtoghachán uachtaráin a rá cé leis gur vótáil sé.

An tAire do thabhairt treoracha amach.

41. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is dóich leis gur ceart san a dhéanamh, na treoracha san, i dtaobh stiúradh na vótaíochta (le n-a n-áirmhítear na boscaí ballóide d'oscailt agus imeachta dá dhruim sin), do thabhairt amach do sna cinn chomhrimh áitiúla uile no d'éinne acu a bheidh riachtanach no oiriúnach, dar leis, chun a áirithiú go raghaidh toghachán uachtaráin ar aghaidh go héascaidh agus go héifeachtúil agus chun a áirithiú gur aon nós imeachta amháin a bhainfidh leis sna dáilcheanntair uile.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach ceann comhrimh áitiúil gach treoir do bhéarfaidh an tAire dhó fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do choimeád agus do chólíonadh.

(3) Má bhíonn aon deacracht ag baint le toghachán uachtaráin do chomóradh féadfaidh an tAire, le hordú, socrú do dhéanamh i dtaobh éinní, no aon rud do dhéanamh, is dóich leis is gá chun an toghacháin uachtaráin sin do chomóradh sa cheart.

(4) Ní ceanglófar ar aon cheann comhrimh áitiúil ná ní húdarófar dó, le treoir do bhéarfaidh an tAire dhó fén alt so ná le hordú dhéanfaidh fé, eínní do dhéanamh (tré ghníomh no tré fhaillí) a bheidh contrárdha don Acht so no do sháródh, go díreach no go nea-dhíreach, seicréideacht na ballóide.

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha chun Votaiocht do Dheanamh.

CUID I.

Feidhmeanna na gCeann Comhrimh Áitiúil.

Leas-cheann comhrimh áitiúil.

1. Beidh sé dleathach d'aon cheann comhrimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann comhrimh áitiúil do cheapadh chun dualgaisí uile an chinn chomhrimh áitiúil sin no aon chuid áirithe dhíobh do chólíonadh agus dá réir sin, nuair a húsáidtear an abairt “ceann comhrimh áitiúil” sa Sceideal so maidir le haon dualgaisí dá gceapfar leas-cheann comhrimh áitiúil amhlaidh, foluíonn sí an leas-cheann comhrimh áitiúil a ceapfar amhlaidh.

Fógra do chinn chomhrimh áitiúla.

2. Chó luath agus is féidir é tar éis toghachán uachtaráin do chur ar athló chun vótaíocht do dhéanamh, cuirfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin go dtí gach ceann comhrimh áitiúil fógra i scríbhinn i dtaobh an toghacháin sin do bheidh curtha ar athló agus i dtaobh ainmneacha, seolta agus mion-innste eile na n-iarrthóirí agus dáta an lae vótaíochta.

Fógra d'fhoillsiú i dtaobh na vótaíochta.

3. Déanfaidh gach ceann comhrimh áitiúil, díreach tar éis an fhógra luaidhtear sa riail deiridh sin roimhe seo d'fháil ón gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, fógra puiblí do thabhairt i dtaobh na vótaíochta do dhéanamh agus i dtaobh ainmneacha, seolta agus mion-innste eile na n-iarrthóirí, dáta an lae vótaíochta, agus am tosnuithe agus críochnuithe na vótaíochta.

Stáisiúin vótaíochta do sholáthar.

4. I ngach áit vótaíochta soláthróidh an ceann comhrimh áitiúil oiread stáisiún vótaíochta agus is gá do sna toghthóirí bheidh i dteideal vótála san áit vótaíochta san agus roinnfidh na stáisiúin vótaíochta ar na toghthóirí sin sa tslí sin is dóich leis is caothúla.

Eadranna do sholáthar.

5. Gléasfar gach stáisiún vótaíochta le hoiread agus is dóich leis an gceann comhrimh áitiúil is gá d'eadranna ina bhféadfaidh na vótálaithe a vótanna do mharcáil gan súil éinne ortha, ach soláthrófar aon eadrann amháin ar a laighead in aghaidh gach céad go leith vótálaí bheidh i dteideal vótála sa stáisiún vótaíochta san.

Suidheamh an stáisiúin vótaíochta.

6. Féadfaidh stáisiún vótaíochta ar leithligh bheith i scomra ar leithligh no i mboth ar leithligh, no féadfar roinnt stáisiún vótaíochta do dhéanamh san aon tseomra amháin no san aon bhoth amháin.

Vótáil i stáisiún vótaíochta.

7. Ní leigfear éinne isteach chun vótála in aon stáisiún vótaíochta ach amháin sa cheann a bheidh ceaptha dhó.

Fógra i dtaobh suidheamh na stáisiún vótaíochta.

8. Bhéarfaidh an ceann comhrimh áitiúil fógra puiblí i dtaobh suidheamh na stáisiún vótaíochta, i dtaobh an tsaghais toghthóirí bheidh i dteideal vótála i ngach stáisiún, agus i dtaobh na slí inar ceart do thoghthóirí vótáil.

An ceann comhrimh áitiúil do sholáthar abhar, etc.

9. Soláthróidh an ceann comhrimh áitiúil i ngach stáisiún vótaíochta fé leith abhair le n-a bhféadfaidh vótálaithe a bpáipéirí ballóide do mharcáil, ionstruimí chun an mhairc oifigiúil do stampáil ar na páipéirí ballóide, agus cóipeanna den rolla de thoghthóirí no de pé cuid de ina mbeidh ainmneacha na dtoghthóirí dá mbeidh ceaptha vótáil sa stáisiún san.

Seicréideacht an mhairc oifigiúil.

10. Coiméadfaidh an ceann comhrimh áitiúil rún ar an marc oifigiúil.

Cléirigh do cheapadh chun cabhruithe le hoifigigh cheannais.

11. (1) Féadfaidh an ceann comhrimh áitiúil pé cléirigh agus pé méid díobh is dóich leis is ceart do cheapadh do gach stáisiún vótaíochta fé leith chun cabhruithe leis an oifigeach ceannais sa stáisiún vótaíochta san.

(2) Féadfaidh oifigeach ceannais, tré sna cléirigh a ceapfar fén riail seo chun cabhruithe leis, aon ghníomh do dhéanamh a ceangailtear air no a húdaruítear dó, leis an Acht so, do dhéanamh, ach amháin a ordú éinne do ghabháil no éinne do dhúnadh amach no do chur amach as an stáisiún vótaíochta.

Dualgaisí oifigeach ceannais le linn na vótaíochta.

12. Coimeádfaidh gach oifigeach ceannais ordúlacht ina stáisiún vótaíochta, socróidh cé méid toghthóir a leigfear isteach in éineacht, agus dúnfaidh amach gach duine eile ach amháin a chléirigh, gníomhairí pearsanála na n-iarrthóirí, agus na baill den Ghárda Síochána bheidh ar diúité.

Geallúint seicréideachta sa vótaíocht.

13. Gach ceann comhrimh áitiúil agus gach oifigeach, cléireach, iarrthóir, gníomhaire pearsanála agus duine eile dá gceadófar bheith i láthair i stáisiún vótaíochta (ar chúis seachas chun vótáil sa vótaíocht) déanfaid, roimh thosach na vótaíochta, geallúint sa bhfuirm orduithe go gcoimeádfaid rún ar an mballóid do shighniú.

Boscaí ballóide.

14. (1) Beidh gach bosca ballóide déanta ar chuma leigfidh na páipéirí ballóide do chur isteach ann agus ná leigfidh iad do thógaint amach as gan an glas do bhaint den bhosca.

(2) Díreach roimh thosach na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide do thaisbeáint agus iad folamh do pé daoine bheidh i láthair an uair sin sa stáisiún san, má bhíonn éinne i láthair ann, i dtreo go bhfeicfid iad do bheith folamh, agus glasfaidh gach bosca ballóide ansan agus cuirfidh a shéala air ar chuma ná leigfidh é d'oscailt gan an séala san do bhriseadh, agus leagfaidh ina radharc é chun páipéirí ballóide do ghlacadh ann agus coimeádfaidh glasta agus séaluithe amhlaidh é.

An modh vótála.

15. Díreach roimh pháipéar ballóide do thabhairt do thoghthóir marcálfar é ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tré n-a stampáil air no tré n-a pholladh tríd, agus glaodhfar amach uimhir, ainm agus tuairisc an toghthóra fé mar a bheid ar an gcóip den rolla de thoghthóirí agus marcálfar uimhir an toghthóra san ar an gcó-dhuille, agus cuirfear marc ar an rolla os coinne uimhir an toghthóra mar chomhartha ar pháipéar ballóide do bheith faighte aige, ach gan a thaisbeáint cadé an páipéar ballóide áirithe do fuair sé.

An modh vótála ar leanúint.

16. Ar fháil an pháipéir bhallóide don toghthóir, raghaidh isteach i gceann de sna headranna sa stáisiún vótaíochta láithreach, agus marcálfaidh a pháipéar san áit sin, agus fillfidh é ar chuma cheilfidh a vóta, agus ansan cuirfidh a pháipéar ballóide, agus é fillte amhlaidh, isteach sa bhosca bhallóide; vótálfaidh gan ró-mhoill, agus fágfaidh an stáisiún vótaíochta chó luath agus bheidh a pháipéar ballóide curtha isteach sa bhosca bhallóide aige.

Toghthóirí fé mhí-chumas.

17. (1) Má chuireann aon toghthóir ina luighe ar an oifigeach ceannais go bhfuil a radharc chó holc san no go bhfuil sé chó mór san fé mhí-chumas eile cuirp no go bhfuil sé chó nea-léigheanta san nach féidir dó vótáil gan congnamh, bhéarfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise gníomhairí pearsanála na n-iarrthóirí, go marcálfar vóta an toghthóra san ar pháipéar bhallóide ar an gcuma adéarfaidh an toghthóir sin agus cuirfidh an páipéar ballóide, agus é marcálta amhlaidh, isteach sa bhosca bhallóide.

(2) Má iarrann aon toghthóir laistigh de cheithre huaire a' chluig roimh an am a bheidh ceaptha chun na vótaíochta do chríochnú go marcálfaí a pháipéar ballóide dhó fén riail seo féadfaidh an t-oifigeach ceannais diúltú don iarratas san más dóich leis, ag féachaint don mhéid toghthóirí bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótála no is deallrathach a thiocfaidh isteach chun vótála roimh chríochnú na vótaíochta, go ndéanfadh a ghéilleadh don iarratas san cur-isteach ar cheart-chólíonadh a dhualgaisí no go gcuirfeadh sé bac ró-mhór ar vótáil toghthóirí eile.

(3) Ag feidhmiú forálacha na rialach so dhó coimeádfaidh agus cólíonfaidh an t-oifigeach ceannais na treoracha so leanas, sé sin le rá:—

(a) fiafróidh an t-oifigeach ceannais den vótálaí—“Cé hiad na hiarrthóirí gur mian leat rogha do dhéanamh díobh agus cadé an t-ord inar mian leat iad do bheith?”, agus marcálfaidh an t-oifigeach ceannais an páipéar ballóide ansan do réir an fhreagra bhéarfaidh an vótálaí;

(b) mara dtuigidh an vótálaí brí na ceiste sin déanfaidh an t-oifigeach ceannais na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(i) léighfidh amach ainmneacha na n-iarrthóirí uile san ord ina mbeid ar an bpáipéar ballóide agus fiafróidh den vótálaí ansan—“Ce'ca de sna hiarrthóirí sin gur mian leat do vóta do thabhairt dó?”,

(ii) cuirfidh an t-oifigeach ceannais an figiúir 1 ar an bpáipéar ballóide ansan i slí thaisbeánfaidh an chéad rogha do dhéanamh den iarrthóir ainmneoidh an vótálaí sa bhfreagra bhéarfaidh ar an gceist sin,

(iii) fiafróidh an t-oifigeach ceannais den vótálaí ansan— “An mian leat an dara rogha do dhéanamh d'éinne?”, agus más freagra aontach an freagra bhéarfar léighfidh amach ainmneacha na coda eile de sna hiarrthóirí san ord ina mbeid ar an bpáipéar ballóide agus fiafróidh den vótálaí ansan—“Ce'ca de sna hiarrthóirí sin gur mian leat an dara rogha do dhéanamh de?”,

(iv) cuirfidh an t-oifigeach ceannais an figiúir 2 ar an bpáipéar ballóide ansan i slí thaisbeánfaidh an dara rogha do dhéanamh den iarrthóir ainmneoidh an vótálaí sa bhfreagra bhéarfaidh ar an gceist deiridh sin,

(v) déanfaidh an t-oifigeach ceannais an ní céanna arís, más gá é agus chó minic agus is gá é, maidir leis an tríú rogha no aon rogha ina dhiaidh sin faid is mian leis an vótálaí aon rogha den tsórt san do chur in úil;

(c) ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh an t-oifigeach ceannais aon pháipéar ná scríbhinn do bheir le tuisgint go dtaisbeánann an tslí inar mian leis an vótálaí a vóta do thabhairt no rogha do chur in úil ná ní dhéanfaidh beart dá réir, agus ní mharcálfaidh páipéar ballóide an vótálaí ach do réir na bhforálacha san roimhe seo den riail seo agus tar éis iad a chólíonadh.

Pearsanáil do chur i leith duine.

18. Má abrann duine gurb aon toghthóir áirithe é dá mbeidh ainmnithe ar an rolla agus go n-iarrfaidh páipéar ballóide tar éis duine eile do vótáil fé ainm an toghthóra san, beidh an t-iarratasóir i dteideal páipéar ballóide do mharcáil ar nós aon toghthóra eile ar na ceisteanna san do fhreagairt agus ar an mionn san do thabhairt no an dearbhú san do dhéanamh, go cuibhe, a ceaduítear leis an Acht so a fhiafraí de vótálaithe agus a chur ortha le linn na vótaíochta ach beidh malairt datha ar an bpáipéar ballóide (dá ngairmtear san Acht so páipéar ballóide tairgthe) seachas mar a bheidh ar na páipéirí ballóide eile, agus in ionad é chur sa bhosca bhallóide bhéarfar don oifigeach ceannais é agus scríobhfaidh seisean ar a chúl ainm an vótálaí agus an uimhir a bheidh aige ar an rolla de thoghthóiri, agus cuirfear i leataoibh é i bpacáid fé leith agus ní chomhreoidh an ceann comhrimh é, agus déanfar ainm an toghthóra san agus an uimhir a bheidh aige ar an rolla do chur ar an liost de vótanna tairgthe sa bhfuirm orduithe.

Páipéar ballóide do mhilleadh tré nea-chuimhneamh.

19. Má bheireann vótálaí, gan cuimhneamh air féin, a leithéid sin de dhéanamh dá pháipéar ballóide nach uiriste é d'úsáid mar pháipéar bhallóide, agus go dtabharfaidh don oifigeach ceannais an páipéar ballóide ’na mbeidh sé tar éis an déanamh san do thabhairt dó gan cuimhneamh air féin agus go gcrúthóidh chun sástachta an oifigigh cheannais gur gan cuimhneamh air féin do rinne amhlaidh, féadfaidh páipéar ballóide eile d'fháil in ionad an pháipéir bhallóide bhéarfaidh suas amhlaidh (dá ngairmtear san Acht so páipéar ballóide loitithe), agus cealófar láithreach an páipéar ballóide loitithe.

Na boscaí ballóide do shéalú agus do chur de láimh.

20. (1) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, i láthair gníomhairí pearsanála na n-iarrthóirí, na boscaí ballóide do húsáideadh sa vótaíocht sa stáisiún vótaíochta san do shéalú le n-a shéala féin, agus le séalaí na ngníomhairí pearsanála san le n-ar mian a séalaí do chur ortha, ar chuma ná leigfidh a thuilleadh páipéirí ballóide do chur isteach ionta.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide sin, agus iad séaluithe mar a horduítear leis an riail seo, do sheachadadh don cheann chomhrimh áitiúil agus leis sin glacfaidh seisean na boscaí ballóide sin fé n-a chúram.

Dualgas an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta.

21. Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, i bhfianaise gníomhairí pearsanála na n-iarrthóirí—

(a) na páipéirí ballóide neamh-úsáidthe agus na páipéirí ballóide loitithe agus iad i dteanta a chéile; agus

(b) na páipéirí ballóide tairgthe; agus

(c) na cóipeanna marcálta den rolla de thoghthóirí, agus có-dhuillí na bpáipéirí ballóide; agus

(d) an liost de vótanna tairgthe,

do chur i bpacáidí fé leith a séalófar le n-a shéala féin agus le séalaí na ngníomhairí pearsanála san le n-ar mian a séalaí do chur ortha, do chur agus seachadfaidh na pacáidí sin uile don cheann chomhrimh áitiúil.

Ráiteas ón oifigeach ceannais.

22. Na pacáidí luaidhtear sa riail deiridh sin roimhe seo beidh ráiteas ón oifigeach ceannais sa bhfuirm orduithe ag gabháil leo, á innsint cé méid páipéirí ballóide do tugadh dó agus ag tabhairt cuntais ortha fé sna mírchinn seo: (a) páipéirí ballóide sa bhosca bhallóide, (b) páipéirí ballóide neamh-úsáidthe, (c) páipéirí ballóide loitithe, agus (d) páipéirí ballóide tairgthe, agus an cuntas ar pháipéirí ballóide gairmtear den ráiteas san san Acht so.

Na boscaí ballóide d'oscailt.

23. Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta i ngach dáilcheanntar fé leith déanfaidh ceann comhrimh áitiúil an dáilcheanntar sin gach bosca ballóide fé leith do húsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheanntair san d'oscailt, na páipéirí ballóide bheidh ann do thógaint amach as, a líon do chomhreamh agus do chur ar breacadh, agus ansan na páipéirí ballóide uile bhí sna boscaí ballóide sin do mheascadh ar a chéile.

E ceaduithe gníomhairí do sna hiarrthóirí bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide d'oscailt.

24. Féadfaidh gach gníomhaire áitiúil d'iarrthóir gníomhairí do cheapadh chun bheith i láthair thar ceann an iarrthóra san le linn na mboscaí ballóide ina dháil cheanntar do bheith á n-oscailt ag an gceann comhrimh áitiúil agus le linn na n-imeacht a leanfaidh as an oscailt sin, agus bhéarfaidh an ceann comhrimh áitiúil do gach gníomhaire ceapfar amhlaidh, agus go bhfuighidh fógra i dtaobh a cheaptha do réir na céad rialach ina dhiaidh seo, fógra i dtaobh an ama agus na háite ina dtosnóidh ar na boscaí ballóide d'oscailt amhlaidh.

Ainmneacha na ngníomhairí áitiúla do thabhairt do sna cinn chomhrimh áitiúla.

25. (1) Déanfaidh gníomhaire áitiúil gach iarrthóra ainm agus seoladh gach gníomhaire ceapfar chun bheith i láthair thar ceann an iarrthóra san le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt agus le linn na n-imeacht a leanfaidh as an oscailt sin in aon dáilcheanntar do thabhairt i scríbhinn do cheann chomhrimh áitiúil an dáilcheanntair sin lá nach déanaí ná an dara lá roimh an lá vótaíochta.

(2) Féadfaidh ceann comhrimh áitiúil diúltadh d'aon ghníomhaire nár tugadh a ainm agus a sheoladh dhó do réir na rialach so do leigint isteach chun bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt agus le linn na n-imeacht a leanfaidh as an oscailt sin.

(3) Aon fhógra is gá don cheann chomhrimh áitiúil do thabhairt d'aon ghníomhaire den tsórt san roimhráite féadar é sheachadadh ag seoladh an ghníomhaire sin, mar a tugadh don cheann chomhrimh áitiúil sin é do réir na rialach so, no é chur do dtí an seoladh san.

Na daoine bheidh i láthair le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt.

26. (1) Féadfaidh an ceann comhrimh áitiúil, a chongantóirí agus a chléirigh, agus féadfaidh na gníomhairí thar ceann na n-iarrthóirí, bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt ag an gceann comhrimh áitiúil no le linn aon imeachta dá leanfaidh as an oscailt sin, agus ní fhéadfaidh éinne eile bheith i láthair amhlaidh ach amháin le cead an chinn chomhrimh áitiúil.

(2) An ceann comhrimh áitiúil agus gach cléireach, congantóir, agus gníomhaire dá gceadófar bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt no le linn aon imeachta dá leanfaidh as san, déanfaidh, sara dtosnófar ar an oscailt sin do dhéanamh, geallúint sa bhfuirm orduithe go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid do shighniú.

Oscailt na mboscaí ballóide agus na himeachta ina dhiaidh sin do bheith leanúnach.

27. Sa mhéid gur féidir é raghaidh an ceann comhrimh áitiúil ar aghaidh go leanúnach le hoscailt na mboscaí ballóide agus leis na himeachta leanfaidh as an oscailt sin, gan stad ach chun bia no deoch do chaitheamh agus ar feadh sosa leanfaidh (ach amháin sa mhéid go gcó-aontófar ar a mhalairt idir é féin agus na gníomhairí thar ceann na n-iarrthóirí) o n-a seacht a' chlog istoíche go dtí a naoi a chlog maidin lá ar n-a mháireach. I rith an tsosa san cuirfidh an ceann comhrimh áitiúil na páipéirí ballóide agus na scríbhinní eile bhaineann leis an vótaíocht fé n-a shéala féin agus fé shéalaí pé gníomhairí acu san le n-ar mian a séalaí do chur ortha agus déanfaidh ar shlite eile pé réamhchúram is cóir chun na bpáipéirí agus na scríbhinní sin do choimeád sábhálta.

Na páipéirí ballóide do riaradh ina mbeartáin.

28. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha ar a chéile ag an gceann comhrimh áitiúil do réir na Rialacha san roimhe seo, cuirfidh fé ndeár na páipéirí ballóide do riaradh ina mbeartáin do réir na gcéad-roghna bheidh breactha ortha do gach iarrthóir fé leith agus le linn a dhéanta san diúltóidh d'aon pháipéirí ballóide bheidh gan bhrí.

(2) Ansan comhreoidh an ceann comhrimh áitiúil na páipéirí ballóide bheidh i ngach beartán fé leith acu san agus cuirfidh a líon ar breacadh.

(3) Má iarrann gníomhaire iarrthóra san air seiceálfaidh an ceann comhrimh áitiúil dáiliú na bpáipéirí ballóide ar na beartáin sin uile no ar aon chuid acu agus athchomhreoidh na páipéirí ballóide sa chéanna, ach ní bheidh air seiceáil ná athchomhreamh do dhéanamh amhlaidh maidir le haon bheartán acu ach uair amháin.

(4) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an ceann comhrimh áitiúil maidir le dleathacht no le nea-dhleathacht aon pháipéir bhallóide.

Páipéirí ballóide diúltuithe.

29. (1) Scríobhfaidh an ceann comhrimh áitiúil “diúltuithe” ar chúl aon pháipéir bhallóide dá ndiúltóidh mar pháipéar atá gan bhrí agus cuirfidh leis an gcúl-scríbhinn sin “agóid i gcoinnibh an diúltuithe” má chuireann aon ghníomhaire i gcoinnibh a bhreithe.

(2) Cuirfidh an ceann comhrimh áitiúil in úil don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin cé méid páipéar ballóide dar dhiúltuigh agus nár chomhrimh mar gheall ar gach cúis fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) easba an mhairc oifigiúil,

(b) gan bhrí fén Acht so mar gheall ar uimhriú nea-chruinn roghna,

(c) scríbhneoireacht no marc tré n-a bhféadfaí an vótálaí d'aithint,

(d) nea-marcálta no gan éifeacht toisc nea-chinnteachta.

(3) Na páipéirí cuirfear fén mírcheann (b) sa mhír dheiridh sin roimhe seo roinnfear iad fé thrí fo-mhírchinn, eadhon, an figiúir 1 gan cur síos, an figiúir 1 curtha síos níos mó ná uair amháin, agus an figiúir 1 curtha síos i bhfochair uimhreach eile.

Réamhohúram chun seicréideachta.

30. Le linn bheith ag comhreamh agus ag riaradh na bpáipéirí ballóide agus ag breacadh a n-uimhreacha do réir na rialacha san roimhe seo, coimeádfaidh an ceann comhrimh áitiúil na páipéirí ballóide ar a n-aghaidh in áirde agus déanfaidh gach réamhchúram is cóir chun gan leigint d'éinne na huimhreacha bheidh clóbhuailte ar chúl na bpáipéirí ballóide sin d'fheiscint.

Páipéirí ballóide do chur chun an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin.

31. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide dleathacha riartha ina mbeartáin ag an gceann comhrimh áitiúil do réir na rialach san roimhe seo, cuirfidh na beartáin sin uile agus fé seach de pháipéirí ballóide dleathacha fé shéala ina bpacáidí fé leith agus cúl-scríobhfaidh ar gach pacáid fé leith acu san an líon de pháipéirí ballóide bheidh sa phacáid agus ainm an iarrthóra dá mbeidh na céad-roghna breactha ar na páipéirí ballóide sin agus cuirfidh gach pacáid acu san chun an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh áitiúil an chúl-scríbhinn ar gach pacáid fé leith acu san do thaisbeáint do ghníomhairí na n-iarrthóirí agus leigfidh d'aon ghníomhaire acu cóip do dhéanamh di.

Na páipéirí ballóide diúltuithe agus scríbhinní eile do chur de láimh.

32. (1) Ar chríochnú oscailt na mboscaí ballóide agus na n-imeacht a leanfaidh as an oscailt sin, cuirfidh an ceann comhrimh áitiúil na páipéirí ballóide diúltuithe fé shéala i bpacáid ar leith ligh; ní osclóidh na pacáidí séaluithe ina mbeidh na páipéirí ballóide tairgthe agus an chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí agus na có-dhuillí, fé seach, ach raghaidh ar aghaidh, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, leis an gcuntas ar pháipéirí ballóide thug gach oifigeach ceannais fé leith uaidh d'fhíorú tré n-a chur i gcompráid leis an líon de pháipéirí ballóide do chuir sé ar breacadh mar adubhradh, agus leis na páipéirí ballóide neamh-úsáidthe agus na páipéirí ballóide loitithe bheidh ina sheilbh agus leis an liost de vótanna tairgthe, agus ath-shéalóidh gach pacáid shéaluithe fé leith tar éis a scrúduithe.

(2) Tuairisceoidh an ceann comhrimh áitiúil toradh an fhíoruithe sin don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin agus, ar n-a iarraidh sin air, leigfidh do ghníomhaire aon iarrthóra cóip do dhéanamh den tuairisc sin sara gcuirtear chun siúil í.

Pacáidí do chur chun chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin.

33. Sa deireadh, cuirfidh an ceann comhrimh áitiúil chun an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin gach pacáid de pháipéirí ballóide dá mbeidh ar seilbh aige (ach amháin aon phacáidí den tsórt san go socruítear sna Rialacha san roimhe seo i dtaobh iad do chur chun siúil) maraon leis na tuairiscí sin, na cuntaisí ar pháipéirí ballóide, na liostaí de vótanna tairgthe, agus na pacáidí de chó-dhuillí, agus na cóipeanna marcálta de rollaí do chuir gach oifigeach ceannais ag triall air, agus cúl-scríobhfaidh ar gach pacáid fé leith tuairisc ar a bhfuil inti agus dáta an toghacháin le n-a mbainid, agus ainm an dáilcheanntair ina ndearna sé an vótaíocht.

CUID II.

Feidhmeanna an Chinn Chomhrimh Toghachain Uachtarain.

An t-am agus an áit chun na vótanna do chomhreamh.

34. Chó luath agus gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin o sna cinn chomhrimh áitiúla uile gach pacáid, tuairisc, agus ní eile is gá do sna hoifigigh sin do réir na rialacha so do chur chuige, ecapfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin an t-am agus an áit ina gcomhreoidh na vótanna.

An ceann comhrimh toghacháin uachtaráin do chomhreamh na vótanna.

35. San am agus san áit a cheapfaidh fén riail deiridh sin roimhe seo, comhreoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin na vótanna do réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, ar chríochnú an chomhrimh sin, cuirfidh chun an Taoisigh deimhniú sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ag luadh ainm an iarrthóra do toghadh, méid iomlán na vótanna tugadh i bhfabhar gach iarrthóra fé leith (pe'ca toghadh é no nár toghadh), aon aistriú vótanna do rinneadh fé sna Rialacha san agus méid iomlán na vótanna do cuireadh i leith gach iarrthóra fé leith i ndeireadh an chomhrimh ina ndearnadh an t-aistriú san, agus foillseoidh cóip den deimhniú san san Iris Oifigiúil.

E ceaduithe gníomhairí do sna hiarrthóirí bheith i láthair le linn na vótanna do chomhreamh.

36. Féadfaidh prímh-ghníomhaire iarrthóra gníomhairí do cheapadh chun bheith i láthair thar ceann an iarrthóra san le linn na vótanna bheith á gcomhreamh ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, agus bhéarfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin do gach gníomhaire ceapfar amhlaidh, agus go gcuirfear a ainm agus a sheoladh in úil dó do réir na céad rialach ina dhiaidh seo, fógra i dtaobh an ama agus na háite ina dtosnóidh ar na vótanna do chomhreamh.

Ainmneacha na ngníomhairí do chur in úil don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin.

37. (1) Bhéarfar i scríbhinn don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin am nach déanaí ná a dó dhéag a chlog meán lae an lá vótaíochta ainm agus seoladh gach gníomhaire ceapfar chun bheith i láthair thar ceann iarrthóra le linn na vótanna do chomhreamh.

(2) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin diúltú d'aon ghníomhaire nár cuireadh a ainm agus a sheoladh chuige do réir na rialach so do leigint isteach chun bheith i láthair le linn na vótanna do chomhreamh.

(3) Aon fhógra is gá don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin do thabhairt d'aon ghníomhaire den tsórt san roimhráite féadfar é sheachadadh ag seoladh an ghníomhaire sin, mar a tugadh don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin é do réir na rialach so, no é chur go dtí an seoladh san.

Na daoine bheidh i láthair le linn na vótanna do chomhreamh.

38. (1) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, a chongantóirí agus a chléirigh, agus féadfaidh na gníomhairí thar ceann na n-iarrthóirí, bheith i láthair le linn na vótanna do chomhreamh, agus ní fhéadfaidh éinne eile bheith i láthair amhlaidh ach amháin le cead an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin.

(2) Gach oifigeach, cléireach, iarrthóir, gníomhaire agus duine eile bheidh i láthair le linn na vótanna do chomhreamh, déanfaidh, sara leigfear isteach é, geallúint sa bhfuirm orduithe go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid do shighniú.

Na himeachta chun na vótanna do chomhreamh do bheith leanúnach.

39. Sa mhéid gur féidir é raghaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin ar aghaidh go leanúnach le comhreamh na vótanna gan stad ach chun bia no deoch do chaitheamh agus ar feadh sosa leanfaidh (ach amháin sa mhéid go gcó-aontófar ar a mhalairt idir é féin agus na gníomhairí thar ceann na n-iarrthóirí) o n-a seacht a' chlog istoíche go dtí a naoi a' chlog maidin lá ar n-a mháireach; i rith an tsosa san cuirfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin na páipéirí ballóide agus na scríbhinní eile bhaineann leis an toghachán fé n-a shéala féin agus fé shéalaí pé gníomhairí acu san le n-ar mian a séalaí do chur ortha agus déanfaidh ar shlite eile pé réamhchúram is cóir chun na bpáipéirí agus na scríbhinní sin do choimeád sábhálta.

An ceann comhrimh toghacháin uachtaráin do chur scríbhinní de láimh.

40. Coinneoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, go ceann sé mhí, na scríbhinní uile bhaineann le toghachán agus a chuirfidh ceann comhrimh áitiúil chuige do réir na Rialacha so, agus dítheoidh na scríbhinní sin ansan; i rith na tréimhse sin de shé mhí féadfaidh éinne (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad riail ina dhiaidh seo), le cead i scríbhinn ón Aire no le hordú ón Ard-Chúirt, aon scríbhinn den tsórt san d'iniúchadh; ní tabharfar aon chead den tsórt san ná ní déanfar aon ordú den tsórt san maran deimhin nó go dtí gur deimhin leis an Aire no leis an Ard-Chúirt (do réir mar a bheidh) gur chun críche córa réasúnta theastuíonn an t-iniúchadh.

Gan iniúchadh do dhéanamh ar na có-dhuillí ná ar na páipéirí ballóide comhrithe.

41. D'ainneoin éinní atá sa riail deiridh sin roimhe seo, ní hosclófar aon phacáid shéaluithe de chó-dhuillí uair ar bith ná ní hiniúchfar aon chó-dhuille ná aon pháipéar ballóide comhrithe uair ar bith ach amháin fé réim agus do réir ordú ón Ard-Chúirt; ní déanfar aon ordú den tsórt san maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an Ard-Chúirt an oscailt sin no an t-iniúchadh san (do réir mar a bheidh) do bheith riachtanach agus cóir toisc réasúin a chífear don Ard-Chúirt is leor; féadfaidh pé coinníollacha agus srianta bheith in aon ordú den tsórt san, maidir leis an oscailt no leis an iniúchadh a húdarófar leis, is dóich leis an Ard-Chúirt is ceart do chur ann.

CUID III.

Generalta.

An tslí chun fógra puiblí do thabhairt.

42. I gcás ina gceangailtear ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin no ar cheann chomhrimh áitiúil, no ina n-údaruítear dó, leis an Acht so aon fhógra puiblí do thabhairt, bhéarfaidh an fógra san le pé fógráin, placárdaí, láimhbhillí, no eile is dóich leis is fearr chun eolas do thabhairt do sna toghthóirí.

Gníomhairí gan bheith i láthair.

43. I gcásanna ina n-úsáidtear san Acht so abairtí le n-a gceangailtear no le n-a n-údaruítear no as ar tuigthe aon ghníomh no ní do dhéanamh no do bheith le déanamh i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, tuigfear go dtagrann na habairtí sin do pé gníomhairí do sna hiarrthóirí do bheith i láthair dá mbeidh údaruithe teacht i láthair agus a bheidh i láthair in am agus in áit déanta an ghnímh no an ní sin, agus má bhíonn aon ghníomhairí no gníomhaire gan bheith i láthair san am agus san áit sin ní bheidh an gníomh no an ní déanfar amhlaidh gan bhrí dá dheascaibh sin amháin.

Gníomhaire d'éagadh.

44. Má thárlann do dhuine ar bith, ceapfar fé sna Rialacha so chun bheith ina ghníomhaire thar ceann iarrthóra chun aon chríche, go n-éagfaidh no go dtiocfaidh chun bheith neamhábálta ar ghníomhú (roimh na himeachta gur maidir leo a ceapfar é amhlaidh no le linn na n-imeacht san) féadfaidh prímhghníomhaire no gníomhaire áitiúil an iarrthóra san (fé mar is gá sa chás) gníomhaire eile do cheapadh in áit an duine éagfaidh no thiocfaidh chun bheith neamh-ábalta amhlaidh agus déanfaidh láithreach fógra i scríbhinn i dtaobh an cheaptha san agus i dtaobh ainm agus seoladh an gníomhaire ceapfar amhlaidh do thabhairt don cheann chomrimh toghacháin uachtaráin no don cheann chomrimh áitiúil (fé mar is gá sa chás).

Ceart an iarrthóra chun gníomhú i bpearsain.

45. Féadfaidh iarrthóir aon dualgaisí do ghlacadh air féin d'fhéadfadh gníomhaire ar n-a cheapadh aige fé sna Rialacha so do dhéanamh no féadfaidh cabhrú le haon ghníomhaire den tsórt san chun aon dualgaisí den tsórt san do dhéanamh, agus féadfaidh iarrthóir bheith i láthair in aon áit no le linn aon imeacht go mbeidh ag gníomhaire, ar n-a cheapadh aige no thar a cheann fé sna Rialacha so, teideal fé sna Rialacha so chun bheith i láthair ann no le n-a linn.

Srian maidir le daoine fhostóidh cinn chomhrimh.

46. Ní fhostóidh an ceann comrimh togacháin uachtaráin ná ceann comhrimh áitiúil éinne do bhí ar fostú ag duine ar bith eile sa toghachán no ina thaobh no i ndéanamh na vótaíochta no ina thaobh.

DARA SCEIDEAL.

Fuirmeacha.

Nota—Isé dáta an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh an dáta atá le cur i mírchinn na bhfuirm sa Sceideal so fé sna focail “Toghachán Uachtaráin”.

I.

FUIRM AN PHÁIPÉIR AINMNIÚCHÁIN CHUN COMHALTAÍ DEN OIREACHTAS D'AINMNIÚ IARRTHÓIRÍ.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

.................. lá de .........................................., 19 .........

Deinimíd-ne, na comhaltaí den Oireachtas go bhfuil a lámha leis seo,

* Cuir ainm iomlán an iarrthóra anso, agus a shloinne ar tosach.

* ......................................................................................................

† as .....................................................................................................

† Cuir seoladh puist iomlán an iarrthóra anso.

.........................................................................................................

† Cuir céim no gairm no slí bheatha an iarrthóra anso.

‡ .........................................................................................................

d'ainmniú leis seo mar dhuine atá oiriúnach chun bheith ina iarrthóir sa toghachán a luaidhtear thuas.

Caithfidh gach ainmnitheoir a ainm do shighniú sa chéad cholún agus an Tigh dar comhalta é do luadh sa dara colún.

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

.........................................................................

...............................................

2.

FUIRM AN PHÁIPÉIR AINMNIÚCHÁIN CHUN COMHAIRLÍ CONTAE NO CONTAE-BHUIRGE D'AINMNIÚ IARRTHÓIRI.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

..................lá de........................................., 19............

* Cuir ainm iomlán an iarrthóra anso, agus a shloinne ar tosach.

Do réir rúin do ritheadh an.............................................................. ..................

lá de..........................................19........., ainmníonn Comhairle Chontae

Cuir seoladh puist iomlán an iarrthóra anso.

(Chontae-Bhuirge)............................................................................................

leis seo* ........................................................................................................

Cuir céim no gairm no slí bheatha an iarrthóra anso.

.....................................................................................................................

as...................................................................................................................

......................................................................................................................

mar dhuine atá oiriúnach chun bheith ina iarrthóir sa toghachán a luaidhtear thuas.

/images/seal.jpg

Ar n-a shéalú le có-shéala.....................................................

.......................................................................................

i bhfianaise.........................................................................

(Sighnithe).....................................................

Rúnaí Contae no Baile-Chléireach.

3.

FUIRM AN PHÁIPÉIR AINMNIÚCHÁIN CHUN DUINE BHÍ INA UACHTARÁN TRÁTH DÁ AINMNIÚ FÉIN CHUN BHEITH INA IARRTHÓIR.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

..................lá de.........................................., 19..............

* Cuir ainm iomlán an ainmnitheora anso, agus a shloinne ar deireadh.

Deinim se*...................................................................................................

as ..............................................................................................................

Cuir seoladh puist iomlán an ainmnitheora anso.

.................................................................................................................

Cuir céim no gairm no slí bheatha an ainmnitheora anso.

do bhí im' Uachtarán ar Éirinn tráth, mé féin d'ainmniú leis seo chun bheith

im' iarrthóir sa toghachán a luaidhtear thuas.

Nóta: Caithfidh an t-iarrthóir an fhuirm seo do shighniú.

(Sighnithe)..................................................................

4.

FUIRM AN PHÁIPÉAR AINMNIÚCHÁIN CHUN AN UACHTARÁIN A BHEIDH AG DUL AS OIFIG DÁ AINMNIÚ FÉIN CHUN BHEITH INA IARRTHÓIR.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

..................lá de.........................................., 19...............

* Cuir ainm iomlán an ainmnitheora anso, agus a shloinne ar deireadh.

Deinim-se, *...............................................................................................

as .............................................................................................................

Cuir stát-árus an ainmnitheora anso.

Uachtarán na hÉireann, mé féin d'ainmniú leis seo chun bheith im' iarrthóir

sa toghachán a luaidhtear thuas.

Nóta: Caithfidh an t-iarrthóir an fhuirm seo do shighniú.

(Sighnithe).....................................................

5.

FUIRM CHEAPTHA IONADAÍ ÚDARUITHE.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

..................lá de.........................................., 19................

* Cuir ainm iomlán, seoladh, agus tuairisc an iarrthóra anso.

Deinim-se,*......................................................................................

as ....................................................................................................

.......................................................................................................

iarrthóir sa toghachán a luaidhtear thuas, a údarú leis seo do ........................

Cuir ainm iomlán, seoladh, agus tuairisc an ionadaí anso.

.......................................................................................................

as ....................................................................................................

Nóta: Caithfidh an t-iarrthóir an fhuirm seo do shighniú i bhfianaise fínné agus caithfidh seisean a ainm do chur léi agus a sheoladh agus a thuairisc do chur sios chó maith.

bheith ina ionadaí dhom le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin sa toghachán san.

(Sighnithe)

.....................................................

Ar n-a shighniú ag an duine luaidhtear thuas i bhfianaise:

.....................................................

.....................................................

.....................................................

.....................................................

6.

FUIRM AN DEIMHNITHE AR THORADH AN TOGHACHÁIN I gCÁS NÁ DÉANTAR VÓTAÍOCHT.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

............lá de........................................, 19............

Deimhním leis seo gurb é ..........................................................................................................

...................................................................................................................................................

as ...............................................................................................................................................

an t-aon iarrthóir amháin do hainmníodh go cuibhe sa toghachán a luaidhtear thuas agus gur dhearbhuíos dá bhrí sin é do bheith toghtha ina Uachtarán ar Éirinn.

...................................................................

Ceann Comhrimh Toghacháin Uachtaráin.

7.

FUIRM AN DEIMHNITHE AR THORADH AN TOGHACHÁIN I gCÁS GACH IARRTHÓIR ACH ÉINNE AMHÁIN DO THARRAC SIAR TAR ÉIS BREITH DO THABHAIRT AR AINMNIÚCHÁIN.

TOGHACHÁN UACHTARÁIN.

............lá de.........................................., 19............

Deimhním leis seo go raibh ........................................................................................................

.................................................. as ............................................................................................

agus..............................iarrthóir(í) ............................................................ eile ainmnithe ar thabhairt na breithe ar ainmniúcháin do bheith críochnuithe agus gur tharraig an t-iarrthóir (na hiarrthóirí) eile sin (go léir) siar ina dhiaidh sin o bheith ina

iarrthóir (n-iarrthóirí) agus gur dhearbhuíos dá bhrí sin .............................. sin do bheith toghtha ina Uachtarán ar Éirinn.

...................................................................

Ceann Comhrimh Toghacháin Uachtaráin.

8.

FUIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE.

FUIRM AGHAIDH AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE.

Uimh. an Chódhuille.

Nóta: Beidh ar an gcó-dhuille an uimhir chéanna bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide.

Marcáil ordú do roghna sna spáis seo síos. Mark order of preference in spaces below

Ainmneacha na nIarrthóirí Names of candidates

De BÚRCA, SÉAMUS (CUNTASÓIR):

(Séamus de Búrca, ó 10 an tSráid Árd, Cuntasóir).

BURKE, HENRY (GROCER):

(Henry Burke of 14 Green Street, Grocer).

LODER:

(Wilfred Loder of Townparks, Greenfield, Farmer).

NÍ LOINGSIGH, SIOBHÁN EIBHLÍN (GRÓSAER):

(Siobhán Eibhlín Ní Loingsigh, ó 7 Sráid na Faiche, Grósaer).

LYNCH, THOMAS (DENTIST):

(Thomas Lynch, of Ardnalee, the Crescent, Hilltown, Dentist).

MAC LIAM, TOMÁS (BÓTHAR DARTRAÍ):

(Tomás Mac Liam, ó 22 Bóthar Dartraí, Chemist).

MADDEN:

(John Madden of Killeen, Solicitor).

O DUBHGHAILL:

(Séamus Ó Dubhghaill, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Duine Uasal).

WILSON, THOMAS (ROCK ROAD):

(Thomas Wilson of 144 Rock Road, Chemist).

FUIRM CHÚL AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE.

Uimh. ...............

An Toghachán Uachtaráin, an............lá de.............................., 19.........

Nota.—Isé dáta an lae vótaíochta an dáta bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide.

9.

FUIRM AN DEIMHNITHE AR THORADH AN TOGHACHÁIN I gCÁS VÓTAÍOCHT DO DHÉANAMH.

TOCHACHÁN UACHTARÁIN.

............lá de.........................................., 19............

Deimhním leis seo go ndearnas, toisc...............................................................................iarrthóirí

do bheith ainmnithe go cuibhe, an toghachán do chur ar athló chun vótaíocht

do dhéanamh, agus deimhním freisin leis seo gur toghadh.....................................................................

as ..............................................................................................................................

sa vótaíocht san agus gur dhearbhuíos dá bhrí sin é do bheith toghtha ina Uachtarán ar Éirinn.

Mion-innste ar an vótáil sa vótaíocht.

An méid iarrthóirí...............................................................................................................

An méid vótanna dleathacha...................................................................................................

An quota (an méid vótanna is leor chun iarrthóir do thogha).........................................................

Ainmneacha na n-iarrthóirí

An Chéad Chomhreamh

An Dara Comhreamh

An Triú Comhreamh

Ainm an iarrathóra do toghadh

Vótanna

Aistriú Vótanna

Toradh

Aistriú Vótanna

Toradh

............................................................

............................................................

...........................................................

...........................................................

...........................................................

Páipéirí neamhionaistrithe, neamhéifeachtacha.

An tIomlán

Dáta: an...............lá so de............................................................................................., 19............

......................................................................

Ceann Comhrimh Toghacháin Uachtaráin.

TRIU SCEIDEAL.

Rialacha chun na Votanna do Chomhreamh.

1. (1) Tógfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin gach beartán fé leith de pháipéirí ballóide dleathacha bheidh faighte aige o sna cinn chomhrimh áitiúla agus nótóidh agus breacfaidh an uimhir de pháipéirí ballóide bheidh i ngach beartán fé leith den tsórt san agus ainm an iarrthóra dá mbeidh na céad-roghna breactha sna páipéirí ballóide sin mar a bheid san luaidhte sna cúl-scríbhinní bheidh déanta ar na beartáin sin ag an gceann comhrimh áitiúil.

(2) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, más ceart san dar leis, na páipéirí ballóide in aon bheartán den tsórt san d'athchomhreamh, riaradh na bpáipéar ballóide ar an mbeartán san do sheiceáil, agus pé atharú (más aon cheann é) is gá de dhruim an athchomhrimh agus na seiceála san do dhéanamh ar an gcúl-scríbhinn ar an mbeartán san.

(3) Ní dhéanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fiosrú ná breithniú i dtaobh dleathachta aon pháipéir bhallóide in aon bheartán den tsórt san.

2. Nuair a bheidh an riail deiridh sin roimhe seo cólíonta ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, cuirfidh i leith gach iarrthóra fé leith uimhir de vótanna bheidh có-ionann leis an uimhir iomlán de pháipéirí ballóide sna beartáin sin ar ar breacadh céad-rogha don iarrthóir sin.

3. Gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin amach ansan cadé uimhir iomlán na bpáipéar ballóide atá sna beartáin sin uile le chéile agus roinnfidh an uimhir iomlán san ar a dó; isé toradh na roinnte sin, agus aon curtha leis, an uimhir de vótanna (dá ngairmtear an “quota” as Sceideal so) is leor chun iarrthóir do thogha.

4. Más rud é, i ndeireadh aon chomrimh, gur có-ionann leis an quota no gur mó ná é an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith toghtha agus ní déanfar a thuilleadh aistrithe ar vótanna.

5. (1) Más rud é, i ndeireadh aon chomhrimh, ná beidh iarrthóir ar bith toghtha, dúnfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin amach an t-iarrthóir is lugha go mbeidh vótanna curtha ina leith, agus scrúdóidh páipéirí uile an iarrthóra san agus riarfaidh na páipéirí ionaistrithe ina bhfo-bheartáin do réir na gcéad roghna infheadhma eile bheidh breactha ortha d'iarrthóirí leanúnacha, agus aistreoidh gach fo-bheartán fé leith chun an iarrthóra dá mbeidh an rogha san breactha, agus déanfaidh fo-bheartán ar leithligh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe.

(2) Déanfar na páipéirí sa bhfo-bheartán de pháipéirí neamhionaistrithe do chur i leataoibh mar pháipéirí go bhfuiltear réidh ar fad leo agus áirmheofar iad ina bpáipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtacha i ndeimhniú toradh an toghacháin.

(3) I gcás iomlán vótanna an dá iarrthóir, no níos mó, is ísle do bheith níos lugha ná an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde ná iad, féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, d'aon oibriú amháin, na hiarrthóirí sin do dhúnadh amach agus a vótanna d'aistriú do réir mhíre (1) den riail seo.

(4) Más rud é, nuair is gá iarrthóir do dhúnadh amach fén Riail seo, go mbeidh an uimhir chéanna de vótanna ag dhá iarrthóir no níos mó agus gurb iad is ísle, féachfar don uimhir de bhun-vótanna bheidh curtha i leith gach iarrthóra fé leith acu san agus dúnfar amach an t-iarrthóir is lugha bun-vótanna agus, más có-ionann bun-vótanna dhóibh, féachfar do sna huimhreacha iomlána de vótanna do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh agus dúnfar amach an t-iarrthóir ba lugha vótanna sa chomhreamh san agus má ba chó-ionann an uimhir de vótanna do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin le crann-chur ce'ca aca dúnfar amach.

6. Pé uair a déanfar aon aistriú vótanna fén riail deiridh sin roimhe seo cuirfear i leith an iarrthóra chun a ndéanfar an t-aistriú uimhir de vótanna is có-ionann leis an uimhir de pháipéirí do haistríodh chuige.

7. Nuair is líonmhaire vótanna iarrthóra leanúnaigh áirithe éigin (dá ngairmtear sa riail seo an t-iarrthóir a céad-luaidhtear) ná vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha no an iarrthóra leanúnaigh eile, leis sin tuigfear an t-iarrthóir a céad-luaidhtear do bheith toghtha agus ní déanfar a thuilleadh aistrithe ar vótanna.

8. (1) I ndeireadh aon chomhrimh féadfaidh aon ghníomhaire thar ceann iarrthóra a iarraidh ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'athscrúdú agus d'athchomhreamh, agus ar n-a iarraidh sin air athscrúdóidh agus athchomhreoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin dá réir sin na páipéirí le n-a mbainfidh an t-iarratas san, ach ní dhéanfaidh aon atharú ar riaradh na bpáipéirí sna beartáin iomdha ach amháin i gcás in ar gá an t-atharú san toisc earráid do fuarthas san athchomhreamh.

(2) Ní bheidh ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin aon bheartán páipéirí d'athscrúdú ná d'athchomhreamh ach uair amháin do réir na míre deiridh sin roimhe seo den riail seo.

(3) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, más ceart san dar leis aon uair le linn comhreamh na vótanna, gach beartán no aon bheartáin de pháipéirí (agus ortha san na beartáin a bheidh faighte aige o chinn chomhrimh áitiúla) d'athscrúdú agus d'athchomhreamh agus féadfaidh an t-athscrúdú agus an t-athchomhreamh san do dhéanamh chó minic agus is dóich leis is gá é chun a áirithiú go mbeidh an comhreamh cruinn.

9. Má éiríonn aon cheist i dtaobh aon iarrthóir do dhúnadh amach no aon vótanna d'aistriú ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin pe'ca adéarfaidh í no is iontuigthe as a ghníomhartha í.

10. Tuigfear páipéar neamh-ionaistrithe do dhéanamh de pháipéar bhallóide pé uair a thárlóidh—

(a) gurb í an t-aon uimhir amháin a bheidh curtha síos ar an bpáipéar ballóide sin os coinne ainmneacha dhá iarrthóir no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nach eadh) agus gurb iad na céad iarrthóirí eile iad in ord rogha, no

(b) go mbeidh curtha síos ar an bpáipéar ballóide sin, os coinne ainm an chéad iarrthóra eile in ord rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nach eadh), uimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipéar ballóide no dhá uimhir no níos mó, no

(c) go mbeidh an páipéar ballóide sin gan bhrí toisc nea-chinnteachta.

11. Sna rialacha so—

cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” iarrthóir ná tuigfear a bheith toghtha agus ná beidh dúnta amach;

cialluíonn an abairt “céad-rogha” an figiúir “1” ina aonar agus é curtha os coinne ainm an iarrthóra i slí thaisbeánann go bhfuil an chéad rogha á dhéanamh den iarrthóir sin;

cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i leanúntas an fhigiúra “1” agus é curtha os coinne ainm iarrthóra i slí thaisbeánann go bhfuil an dara rogha á dhéanamh den iarrthóir sin;

cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” an dara rogha no rogha ina dhiaidh sin a bheidh breactha in ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar roghna d'iarrthóirí bheidh dúnta amach cheana;

cialluíonn an abairt “páipéar ionaistrithe” páipéar ballóide ar a mbeidh an dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha, ag leanúint céad-roghan, in ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach;

cialluíonn an abairt “páipéar neamh-ionaistrithe” páipéar ballóide ná beidh an dara rogha ná rogha ina dhiaidh sin breactha air in ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach, agus foluíonn páipéar go dtuigfear, do réir na rialach deiridh sin roimhe seo, páipéar neamh-ionaistrithe do dhéanamh de;

nuair a húsáidtear an focal “bun-vóta” maidir le haon iarrthóir, cialluíonn sé vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh céad-rogha breactha don iarrthóir sin;

nuair a húsáidtear an abairt “vóta aistrithe” maidir le haon iarrthóir, cialluíonn sí vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin;

cialluíonn an focal “comhreamh” gach oibriú is gá do dhéanamh in aistriú vótanna iarrthóra bheidh dúnta amach agus foluíonn fós (i ngach cás ina gceaduíonn an có-théacs é) gach oibriú is gá do dhéanamh i gcomhreamh na gcéad-roghna bheidh breactha d'iarrthóirí sa mhéid go ndéanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin na hoibrithe sin;

cialluíonn an abairt “tuigfear a bheith toghtha” tuigfear a bheith toghtha chun críche comhreamh na vótanna, ach beidh san gan dochar do thoradh na vótaíochta do dhearbhú;

cialluíonn an abairt “cinneadh le crann-chur” cinneadh do réir na treorach so leanas, sé sin le rá, tar éis ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbainfidh do scríobhadh ar bhlúirí páipéir có-chosúla agus na blúirí sin d'fhilleadh i slí ná haithneofar thar a chéile iad, agus iad do mheascadh agus iad do tharrac gan ordú gan eagar, dúnfar amach an t-iarrthóir no na hiarrthóirí san ord ina dtarraiceofar a n-ainmneacha.