12 1937


Uimhir 12 de 1937.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1937.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . [8adh Abrán, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san is chun gurbh usa-de tagairt do sna hOrduithe sin agus iad d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear sa Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san ná sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo agus an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an chéanna.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1937 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Uimh. Thag.

Uimhir agus Bliain sna Rialacha agus Orduithe Reachtúla

Gearr-Theideal

Abhar Generálta

1

Uimh. 330 de 1936.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 112), 1936.

Diúité do ghearradh ar chlúdaigh ispíní agus ar mheanach i gcóir an chéanna.

2

Uimh. 357 de 1936.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 113), 1936.

Diúité do ghearradh ar chompáirteanna áirithe de bhróga agus de bhróga ísle agus ar ghabhálaisí áirithe do bhróga agus do bhróga ísle.

3

Uimh. 358 de 1936.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 114), 1936.

Diúité do ghearradh ar chásanna áirithe agus ar abhar chun iad do dhéanamh.

4

Uimh. 368 de 1936.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 115), 1936.

Diúité do ghearradh ar thiacha scoile.

5

Uimh. 381 de 1936.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 116), 1936.

Diúité do ghearradh ar ullamhóidí d'fhospráid sódium aigéadach ina bpúdar.

6

Uimh. 3 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 117), 1937.

Diúité do ghearradh ar bhlátha, ar phlanndaí agus ar dhuilliúr áirithe.

7

Uimh. 11 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 118), 1937.

Diúité do ghearradh ar choirí, ar théitheoirí, ar thrucailí tuisil no trucailí luascánacha agus ar thrucailí uiscithe áirithe agus ar chompáirteanna dhíobh san.

8

Uimh. 12 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 119), 1937.

An diúité ar sceana agus ar chompáirteanna dhíobh san do leasú.

9

Uimh. 13 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 120), 1937.

Diúité do ghearradh ar charbonáid sódium áirithe.

10

Uimh. 14 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 121), 1937.

An ráta diúité ar dhíghalráin, ar chuilnimheanna, ar mhílnimheanna, ar chnuimhnimheanna agus ar mhúiscnimheanna d'atharú.

11

Uimh. 22 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 122), 1937.

An ráta diúité ar chartúisí gráin líonta áirithe d'atharú.

12

Uimh. 31 de 1937 .

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 123), 1937.

Diúitéthe áirithe ar shiúl. cre, etc., do cheiliúradh-