7 1937


Uimhir 7 de 1937.


ACHT POST-OIFIGE (POSTAS DO SHEACHAINT), 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCOINNE POSTAS DO SHEACHAINT I gCÁSANNA ÁIRITHE.

[4adh Márta, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Puist agus Telegrafa;

tá an brí céanna leis an abairt “pacáid phuist” atá leis an abairt “postal packet” sa Post Office Act, 1908.

Pacáidí puist le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so baineann an tAcht so le gach pacáid phuist—

(a) a postáltar lasmuich de Shaorstát Éireann, agus

(b) a dírítear go dtí an seolaí ag seoladh i Saorstát Éireann. agus

(c) a bheireann le tuisgint í do theacht o dhuine no do bheith á cur ar aghaidh ag duine no thar ceann duine chomhnuíonn no 'na mbíonn gnó ar siúl aige i Saorstát Éireann.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní bhainfidh an tAcht so le pacáid phuist do bheireann le tuisgint í theacht o dhuine no í bheith á cur ar aghaidh ag duine no thar ceann duine 'na mbíonn gnó ar siúl aige laistigh agus lasmuich de Shaorstát Éireann mara dtugann an phacáid phuist sin le tuisgint gan í theacht no bheith á cur ar aghaidh ach o sheoladh, no o sheolta uile, an duine sin i Saorstát Éireann.

Postas do sheachaint ar phacáidí puist le n-a mbaineann an tAcht so.

3. —(1) Pé uair a bheidh an tsuim is có-ionann in airgead reatha Shaorstáit Éireann ar pár leis an bpostas do híocadh ar phacáid phuist le n-a mbaineann an tAcht so níos lugha ná an postas do bheadh iníoctha ar an bpacáid phuist sin dá mba i Saorstát Éireann do postálfaí í, féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis, an phacáid phuist sin do chur thar n-ais chun na tíre inar postáladh í, no an postas do bheadh iníoctha ar an bpacáid phuist sin dá mba i Saorstát Éireann a postálfaí í d'éileamh ar an duine agus do bhaint tré aicsean shíbhialta den duine go dtabharfaidh an phacáid phuist sin le tuisgint í theacht uaidh no í bheith curtha ar aghaidh aige no thar a cheann.

(2) Pé uair a bheartóidh an tAire aon tsuim maidir le pacáid phuist le n-a mbaineann an tAcht so d'éileamh agus do bhaint amach fén gcomhacht a bronntar leis an alt so, féadfaidh an tAire an phacáid phuist sin do choinneáil go dtí go mbeidh an tsuim sin íoctha leis no bainte amach aige.

Comhacht don Aire chun tuairisceáin d'éileamh.

4. —(1) Pé uair a thiocfaidh an tAire ar phacáid phuist le n-a mbaineann an tAcht so i gcúrsa an phuist féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine go dtabharfaidh an phacáid phuist sin le tuisgint í theacht uaidh no í bheith curtha ar aghaidh aige no thar a cheann tuairisceán do thabhairt don Aire laistigh d'am (nach giorra ná trí lá o dháta sheirbheála an fhógra san) a luadhfar sa bhfógra san, tuairisceán ina luadhfar—

(a) an áit inar postáladh an phacáid phuist sin, agus

(b) ainm agus seoladh an duine do phostáil an phacáid phuist sin, agus

(c) an méid pacáidí puist den tsórt chéanna le n-a mbaineann an tAcht so do postáladh ar dháta no i rith tréimhse a luadhfar sa bhfógra san.

(2) Déanfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar an duine ar a gcuireann san mar cheangal tuairisceán do thabhairt uaidh agus féadfar é sheirbheáil amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost roimhíoctha agus é dírithe chun an duine sin ag seoladh no ag aon cheann de sheolta an duine sin a bheidh luaidhte sa phacáid phuist le n-a mbainfidh an fógra san.

(3) Má thárlann do dhuine ar bith, go gceangailfear air le fógra fén alt so tuairisceán do thabhairt don Aire, go dteipfidh air an tuairisceán san do thabhairt uaidh laistigh den am a luadhfar chuige sin sa bhfógra san no go gcuirfidh sa tuairisceán san ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

Cosaint do chomhachta reachtúla eile de chuid an Aire.

5. —Ní bhainfidh éinní san Acht so o aon chomhacht ná ní dhéanfaidh dochar d'aon chomhacht a dílsítear san Aire leis an Post Office Act, 1908, no le haon bharántas no rialacháin atá déanta fén Acht san.

Gearr-theideal, luadh agus léiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht Post-Oifige (Postas do Sheachaint), 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Post-Oifige, 1908 go 1937, do ghairm de sna Post Office Acts, 1908 to 1920, agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Post Office Act, 1908.