30 1936


Uimhir 30 de 1936.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1936.


ACHT CHUN NA nACHTANNA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 GO 1935, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [11adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1936 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1934” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934) ;

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1935” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1935 (Uimh. 26 de 1935) ;

tá leis na habairtí “cruithneacht dúthchais” “ceadúnas muilneoireachta” “deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain” “muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe” “Iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe” “clár de dheighleálaithe i gcruithneachtain” “meascán mine buidhe” “arbhar dúthchais” agus “eithne coirce” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935;

cialluíonn an abairt “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh agus clárú deighleálaithe cláruithe i gcruithneachtain, muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe agus iomportálaithe cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do chealú.

3. —(1) Má ciontuítear sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta i gcionta fé aon alt den Acht so, tuigfear, chun crícheanna ailt 34 den Príomh-Acht, an sealbhóir sin do chiontú i gcionta fén bPríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 34, mar a leasuítear é le halt 13 d'Acht Leasúcháin 1934.

(2) Má dheineann deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe sárú ar an Acht so tuigfear, chun crícheanna ailt 61 den Príomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 20 d'Acht Leasúcháin 1934, gur sárú ar an bPríomh-Acht do rinne an duine sin agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 61, mar a leasuítear é amhlaidh.

Ciontaí do chúiseamh.

4. —Féadfaidh an tAire, no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta ar bith fé aon alt atá san Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Athghairm.

6. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, agus beidh feidhm ag an athghairm sin ar na dátaí agus o sna dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san.

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gcéadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

CUID II.

Leasuchain Ilghneitheacha ar na hAchtanna Tora Talmhaiochta (Arbhar), 1933 go 1935.

Sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do bheith neacháilithe chun bheith ina dheighleálaí chláruithe i gcruithneachtain agus cláruithe atá anois ann do bheith gan bhrí.

8. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht ní déanfar duine is sealbhoir ceadúnais mhuilneoireachta do chlárú sa chlár de dheighleálaithe i gcruithneachtain ar dháta an Achta so do rith ná dá éis sin.

(2) I gcás duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do bheith, díreach roimh an Acht so do rith, cláruithe sa chlár de dheighleálaithe i gcruithneachtain tiocfaidh an clárú san, díreach ar an Acht so do rith, chun bheith gan bhrí gan éifeacht.

Diúltú d'iarrataisí ar chlárú.

9. —(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna agus gan dochar do sna comhachta, chun diúltuithe d'iarrataisí ar chlárú, bronntar air leis na hAchtanna féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, iarratas o dhuine ar chlárú alos áitreibh ar bith do dhiúltú ar fhoras no ar an dá fhoras acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) go raibh an duine sin no duine ar bith eile cláruithe roimhe sin alos an áitreibh sin agus go ndearna an tAire an clárú san do chealú fé sna hAchtanna;

(b) go raibh an duine sin cláruithe roimhe sin alos áitreibh eile agus go ndearna an tAire an clárú san do chealú fé sna hAchtanna.

(2) San alt so—

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935;

cialluíonn an focal “cláruithe” cláruithe i gclár a choimeádann an tAire fé sna hAchtanna, agus léireofar an focal “clárú” dá réir sin.

Alt 57 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Deintear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 18 d'Acht Leasúcháin 1934, do leasú tré sna focail “(le n-a n-áirmhítear eithní coirce)” do chur isteach i mír (c) d'fho-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “arbhair dhúthchais go léir” agus i ndiaidh na bhfocal “arbhar dúthchais sin” sna háiteanna ina bhfuil na focail sin sa mhír sin agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 53 d'Acht Leasúcháin 1934 do leasú.

11. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 53 d'Acht Leasúcháin 1934 do leasú tré sna focail “no marab é an tAire é” do chur isteach i ndeire an fho-ailt sin.

Scur todhachaidhe ar fho-alt (4) d'alt 6 d'Acht Leasúcháin 1935.

12. —Scuirfidh fo-alt (4) d'alt 6 d'Acht Leasúcháin 1935 d'éifeacht do bheith aige maidir le haon bhliain arbhair a thosnóidh tar éis dáta an Achta so do rith.

Alt 6 d'Acht Leasúcháin 1935 do leasú.

13. —Má dheineann sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fé alt 17 d'Acht Leasúcháin 1935, aon chruithneacht dúthchais do cheannuigh sé in aon bhliain arbhair do dhíol no do chur de láimh i gcóir síl sa bhliain arbhair sin, déanfar an méid cruithneachtan dúthchais is gá don tsealbhóir sin, do réir ailt 6 d'Acht Leasúcháin 1935, do mheilt ina chruithneachtain sa bhliain arbhair sin do laigheadú méid is có-ionann leis an méid a dhíolfaidh no a chuirfidh de láimh amhlaidh i gcóir síl.

Alt 10 d'Acht Leasúcháin 1935 do leasú.

14. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, do réir orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 10 d'Acht Leasúcháin 1935, aon chruithneacht dúthchais do cheannach agus do ghlacadh isteach i stóras roimh dheireadh aon mhí bheidh luaidhte san ordú san in aon bhliain arbhair, agus

(b) go ndéanfaidh an sealbhóir sin, roimh dheireadh an mhí sin, aon chruithneacht dúthchais do chur de láimh (ar shlí seachas tré mhuilneoireacht no tré dhíol no cur de láimh i gcóir síl, fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fé alt 17 d'Acht Leasúcháin 1935),

tuigfear an méid cruithneachtan dúthchais a cheannóidh sé agus a ghlacfa sé isteach i stóras an mí sin, tuigfear, chun crícheanna an ailt sin 10, é do laigheadú méid is có-ionann leis an méid a chuirfe sé de láimh amhlaidh.

(2) Má cheannuíonn sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta aon chruithneacht dúthchais, tuigfear, chun críche ailt 10 d'Acht Leasúcháin 1935, gurb é méid do cheannuigh sé amhlaidh ná meáchaint na cruithneachtan dúthchais sin le linn í cheannach.

(3) Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 10 d'Acht Leasúcháin 1935 do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “alos aon mhí i mbliain arbhair” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “chun bheith iníoctha” atá anois sa bhfo-alt san, agus

(b) tré sna focail “no, i gcás gan an quota in aghaidh na bliana arbhair sin don mhuileann le n-a mbaineann an ceadúnas san do bheith níos mó ná deich míle barraile, aon chuid áirithe den airgead san d'íoc” do chur i ndeireadh an fho-ailt sin.

(4) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht Leasúcháin 1935 do leasú tré sna focail “le hordú déanfar” atá anois ann do scriosadh amach as.

Fliuchra i dturscar cruithneachtan.

15. —(1) Ní bheidh sé dleathach do shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta aon turscar cruithneachtan ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann do) de fhliuchra do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt.

(3) Sara ndeinidh an tAire aon rialacháin maidir leis an bpercentáiste dá dtagartar san alt so mar phercentáiste orduithe ragha sé i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála ina dtaobh.

CUID III.

Deighlealaithe Claruithe i gCruithneachtain agus Sealbhoiri Ceadunaisi Muilneoireachta do Dhiol Cruithneachtan go hEigeanta le Sealbhoiri eile Ceadunaisi Muilneoireachta.

Orduithe díola éigeanta maidir le cruithneachtain dúthchais.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú díola éigeanta sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar dhuine ar bith is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain no sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta agus ar pé duine eile, is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, is oiriúnach leis an Aire, á cheangal ar an duine sin a céadluaidhtear caindíocht áirithe de chruithneachtain dúthchais inmheilte do dhíol leis an duine eile sin agus á cheangal ar an duine eile sin an chaindíocht san do cheannach ón duine sin a céadluaidhtear, laistigh d'am áirithe, ar pé praghas agus fé réir pé coinníollacha maidir le hiompar agus le seachadadh a cheapfaidh an tAire agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn na habairtí “an díoltóir” agus “an ceannuitheoir” fé seach, maidir le hordú díola éigeanta, an té ar a gceanglófar leis an ordú san an chruithneacht dúthchais le n-a mbainfidh an t-ordú san do dhíol agus an té ar a gceanglófar leis an ordú san an chruithneacht san do cheannach.

Orduithe díola éigeanta do sheirbheáil.

17. —(1) I gcás ina gceaduítear leis an gCuid seo den Acht so ordú díola éigeanta do sheirbheáil ar dhuine ar bith, seirbheálfar an t-ordú san ar an duine sin i slí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe bheith ina cóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do sheachadadh don duine sin;

(b) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe bheith ina cóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh ina mbíonn gnó á dhéanamh aige.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gnó do bheith á dhéanamh ina n-oifig chláruithe ag cuideachtain atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gnó do bheith á dhéanamh ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamh-ionchorpruithe.

Eifeacht orduithe díola éigeanta do sheirbheáil.

18. —I gcás ordú díola éigeanta do sheirbheáil go cuibhe ar an díoltóir agus ar an gceannuitheoir fén ordú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear connradh do réir téarmaí an orduithe sin do bheith déanta ag an díoltóir sin agus ag an gceannuitheoir sin;

(b) mara gcólíontar a gceangaltar leis an ordú san beidh an díoltóir sin agus an ceannuitheoir sin, gach duine ar leith acu, ciontach i gcionta fén alt so;

(c) má cúisítear an díoltóir i gcionta fén alt so is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san don díoltóir a chruthú—

(i) ná ráibh ina chomhacht ná ina sheilbh ná ar fáil aige, an tráth seirbheáladh an t-ordú san air, caindíocht de chruithneachtain dúthchais ba chó-ionann leis an gcaindíocht do luadhadh san ordú san no ba mhó ná í, no

(ii) gurbh iad gníomhartha no faillí an cheannuitheora san fé ndeara dhó gan déanamh do réir an orduithe sin;

(d) má cúisítear an ceannuitheoir sin i gcionta fén alt so is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú gurbh iad gníomhartha no faillí an díoltóra fé ndeara dhó gan déanamh do réir an orduithe sin.

Fógra i dtaobh cólíonadh no nea-chólíonadh orduithe díola éigeanta.

19. —(1) I gcás ordú díola éigeanta do sheirbheáil go cuibhe ar an díoltóir agus ar an gceannuitheoir fén ordú san cuirfidh an díoltóir sin agus an ceannuitheoir sin chun an Aire, gach duine ar leith acu, lá nách déanaí ná trí lá tar éis na haimsire ceapfar leis an ordú san chun é chólíonadh—

(a) má cólíonadh an t-ordú san, rálteas á chur san in úil;

(b) marar cólíonadh an t-ordú san, ráiteas ina luadhfar cúiseanna an nea-chólíonta san.

(2) Gach ráiteas a cuirfear chun an Aire fén alt so fíorófar é tré dhearbhú reachtúil ón duine go mbeidh de cheangal air an ráiteas san do chur chun an Aire no, más cólucht corpruithe an duine sin, o stiúrthóir no o phríomh-oifigeach don chólucht chorpruithe sin.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith no má fhaillíonn no má dhiúltuíonn an ráiteas do chur chun an Aire do réir an ailt seo is gá dhó do réir an ailt seo do chur chuige beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí fé Chuid III.

20. —Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad agus caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Gan feidhm do bheith ag ailt 13 agus 14 d'Acht Leasúcháin 1935 maidir le díola fé orduithe díola éigeanta.

21. —Ní bheidh feidhm ag ailt 13 agus 14 d'Acht Leasúcháin 1935 maidir le díol aon chruithneachtain dúthchais a díolfar fé ordú díola éigeanta agus dá réir.

CUID IV.

Foralacha i dTaobh Cruithneacht Indiathach, Min Bhuidhe agus Meascain Mhine Buidhe do Dhiol.

An lá ceaptha chun crícheanna Coda IV.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Srian le hiomportálaithe cláruithe cruithneachtan Indiathaighe maidirle cruithneachtain Indiathaígh do dhíol, etc.

23. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaige cruithneacht Indiathach do dhíol le duine ar bith (seachas iomportálaí cláruithe eile cruithneachtan Indiathaighe no an tAire) maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a díolfar an chruithneacht Indiathach san.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe is muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe freisin aon chruithneacht Indiathach iomportálfa sé no cheannóidh sé o iomportálaí cláruithe eile cruithneachtan Indiathaighe d'aistriú chun aon mhuilinn go mbeidh sé cláruithe ina thaobh fén bPríomh-Acht maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a haistreofar an chruithneacht Indiathach san amhlaidh.

(3) Má dheineann aon iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le daoine seachas iomportálaithe cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol cruithneachtan Indiathaighe.

24. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dhleathach do dhuine ar bith, nach iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, aon chruithneacht Indiathach do dhíol le duine ar bith eile maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a díolfar an chruithneacht Indiathach san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an Aire do dhíol cruithneachtan Indiathaighe do réir na gcomhacht a bronntar air le halt 100 den Phríomh-Acht.

Srian le muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indianthaighe do dhíol mine buidhe.

25. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mhin bhuidhe do dhíol maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a díolfar an mhin bhuidhe sin.

(2) Má dheineann aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le cruithneachtain Indiathaigh do cheannach.

26. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (seachas iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no an tAire) aon chuithneacht Indiathach do cheanach maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a ceannófar an chruithneacht Indiathach san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Ceadúnaisí fé Chuid IV.

27. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so féadfaidh an tAire ceadúnaisí do dheonadh á údarú éinní do dhéanamh go ndearbhuítear le haon alt atá sa Chuid seo den Acht so a dhéanamh do bheith nea-dhleathach maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so déanfar é.

(2) Féadfar aon cheadúnas fén alt so do dheonadh fé réir pé coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san, agus gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo—

(a) i gcás ceadúnais chun cruithneacht Indiathach no min bhuidhe do dhíol, coinníoll ná díolfaidh sealbhóir an cheadúnais sin an chruithneacht Indiathach no an mhin bhuidhe sin ach le duine is sealbhóir ar cheadúnas, ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so, á údarú dhó cruithneacht Indiathach no min bhuidhe do cheannach;

(b) i gcás ceadúnais chun cruithneacht Indiathach do cheannach, coinníoll ná ceannóidh sealbhóir an cheadúnais sin an chruithneacht Indiathach san ach o dhuine is sealbhóir ar cheadúnas, ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so, á údarú dhó cruithneacht Indiathach do dhíol.

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas a deonfar fén alt so do cheilliúradh.

Orduithe um meascán mine buidhe (lánchoirce) agus orduithe um meascán mine buidhe (eithní coirce).

28. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um meascán mine buidhe (lán-choirce) sa Chuid seo den Acht so), a cheangal aon choirce bheidh i meascán mine buidhe do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt.

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) sa Chuid seo den Acht so), a cheangal aon choirce bheidh i meascán mine buidhe do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú dhéanfa sé fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so do cheiliúradh.

(4) Aon ordú dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so roimh an lá ceaptha ní déarfaidh go dtiocfaidh i bhfeidhm ar dháta is túisce ná an lá ceaptha.

Coinníollacha bhaineann le muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol meascán mine buidhe.

29. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta mara mbeidh an meascán mine buidhe sin do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an coirce bheidh ann (má bhíonn ann) do bheith—

(i) i gcás gan ordú um meascán mine buidhe (lánchoirce) ná ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm den dá fhuirm seo leanas, sé sin le rá, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt no i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, no

(ii) i gcás ordú um meascán mine buidhe (lán-choirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt, no

(iii) i gcás ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt;

(b) i gcás gan aon choirce do bheith sa mheascán mhine buidhe sin no i gcás aon choirce i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt do bheith ann, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe den mheascán mhine buidhe sin;

(c) i gcás aon choirce i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt do bheith sa mheascán mhine buidhe sin, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe oiriúnach den mheascán mhine buidhe sin.

(2) Nuair a bheidh an tAire ag déanamh rialachán i dtaobh an phercentáiste dá dtagartar i mír (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo mar phercentáiste orduithe, déanfaidh, tré fhéachaint don méid coirce bheidh i meascáin mhine buidhe le n-a mbaineann an mhír sin (c), na meascáin mhine buidhe sin do roinnt i pé saghsanna agus i pé méid saghsanna is dóich leis is ceart agus ordóidh percentáistí deifriúla alos saghsanna deifriúla agus an percentáiste a hordófar amhlaidh alos aon tsaghais acu san isé bheidh, chun crícheanna na míre sin (c), ina phercentáiste orduithe oiriúnach maidir le gach meascán mine buidhe den tsaghas san.

(3) Má dheineann aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe éinní contrárdha don alt so, beidh an muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe sin ciontach i gcionta fén alt so.

Forálacha speisialta i dtaobh meascán mine buidhe do dhíol i líomatáistí áirithe.

30. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um min bhuidhe (líomatáiste speisialta) san alt so), na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú líomatáiste áirithe (gurb é bheidh ann, fé mar is oiriúnach leis an Aire, ná iomlán Shaorstáit Éireann no aon chuid leanúnach amháin de no dhá chuid no níos mó dhe ar leithligh a bheidh ar deighilt o n-a chéile) a luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san do bheith ina líomatáiste speisialta chun crícheanna an orduithe sin; agus

(b) ní amháin acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(i) a thoirmeasc ar aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no ar dhuine ar bith eile aon mheascán mine buidhe do dhíol le héinne no do thairisgint, chun a dhíolta, d'éinne sa líomatáiste sin mara mbeidh an meascán mine buidhe sin do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(I) coirce do bheith sa mheascán mine buidhe sin agus gan aon arbhar dúthchais eile do bheith ann, agus

(II) an coirce bheidh ann do bheith—

(A) i gcás gan ordú um meascán mine buidhe (lán-choirce) ná ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm den dá fhuirm seo leanas, eadhon, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt no i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, no

(B) i gcás ordú um meascán mine buidhe (lán-choirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt, no

(C) i gcás ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, agus

(III) i gcás an choirce bheidh ann do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora iomlán as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste oiriúnach, a ceapfar de thurus na huaire leis an ordú san chun crícheanna an chláis seo, den mheascán mine buidhe sin;

(ii) a thoirmeasc ar aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no ar dhuine ar bith eile aon mheascán mine buidhe do dhíol le héinne no do thairisgint, chun a dhíolta, d'éinne sa líomatáiste sin mara mbeidh an meascán mine buidhe sin do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(I) coirce do bheith sa mheascán mine buidhe sin maraon le pé arbhar dúthchais no pé arbhair dhúthchais (seachas coirce) a luadhfar san ordú san, agus

(II) an coirce bheidh ann do bheith—

(A) i gcás gan ordú um meascán mine buidhe (lán-choirce) ná ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm den dá fhuirm seo leanas, eadhon, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt no i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, no

(B) i gcás ordú um meascán mine buidhe (lán-choirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt, no

(C) i gcás ordú um meascán mine buidhe (eithní coirce) do bheith i bhfeidhm an tráth san, i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, agus

(III) gan an méid do réir mheáchainte den tora as gach arbhar dúthchais áirithe den tsórt san (seachas coirce) do mheilt do bheith níos lugha ná an percentáiste, a ceapfar de thurus na huaire leis an ordú san chun crícheanna an chláis seo alos an chéanna, den mheascán mine buidhe sin, agus

(IV) i gcás an choirce bheidh ann do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt do bheith níos mó ná an percentáiste, a ceapfar de thurus na huaire leis an ordú san chun crícheanna an chláis seo, den mheascán mine buidhe sin, agus

(V) i gcás an choirce bheidh ann do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as eithní coirce do mheilt, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt do bheith níos mó ná an percentáiste oiriúnach, a ceapfar de thurus na huaire leis an ordú san chun críche an chláis seo, den mheascán mine buidhe sin;

(iii) a thoirmeasc ar aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no ar dhuine ar bith eile aon mheascán mine buidhe do dhíol le héinne no do thairisgint, chun a dhíolta, d'éinne sa líomatáiste sin mara mbeidh an meascán mine buidhe sin do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(I) gan aon choirce do bheith sa mheascán mine buidhe sin, ach pé arbhar dúthchais no arbhair dhúthchais (seachas coirce) do bheith ann a luadhfar san ordú san, agus

(II) gan an méid do réir mheáchainte den tora as gach arbhar dúthchais áirithe den tsórt san (seachas coirce) do mheilt do bheith níos lugha ná an percentáiste, a ceapfar de thurus na huaire leis an ordú san chun crícheanna an chláis seo alos an chéanna, den mheascán mine buidhe sin, agus

(III) gan a mbeidh ann do réir mheáchainte den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt do bheith níos mó ná an percentáiste, a ceapfar de thurus na huaire leis an ordú san chun crícheanna an chláis seo, den mheascán mine buidhe sin.

(2) Má dheineann an tAire agus é ag déanamh orduithe um meascán mine buidhe (líomatáiste speisialta) an toirmeasc a luaidhtear i bhfo-mhír (i) de mhír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo, no i bhfo-mhír (ii) den mhír sin (b), do chur san ordú san déanfaidh, maidir leis an bpercentáiste dá dtagartar sa chlás oiriúnach mar phercentáiste ceapfar agus ag féachaint don méid coirce bheidh i meascáin mhine buidhe le n-a mbaineann an clás oiriúnach san, na meascáin mhine buidhe sin do roinnt i pé saghsanna agus i pé méid saghsanna is dóich leis is ceart agus ceapfaidh percentáistí deifriúla alos saghsanna deifriúla agus an percentáiste ceapfar amhlaidh alos aon tsaghais acu san isé bheidh, chun crícheanna an chláis oiriúnaigh sin, ina phercentáiste oiriúnach maidir le gach meascán mine buidhe den tsaghas san.

Sa bhfo-alt so, cialluíonn an abairt “an clás oiriúnach”, maidir leis an bhfo-mhír sin (i), clás (III) dhi agus cialluíonn sí, maidir leis an bhfo-mhír sin (ii), clás (V) di.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú dhéanfaidh fén alt so do cheiliúradh no do leasú.

(4) Pé uair a déanfar ordú um meascán mine buidhe (líomatáiste speisialta) maidir le haon líomatáiste áirithe, agus a bheidh sé i bhfeidhm, beidh aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no duine ar bith eile dhéanfaidh aon mheascán mine buidhe do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin contrádha don ordú san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Pé uair a bheidh ordú um meascán mine buidhe (líomatáiste speisialta) maidir le haon líomatáiste áirithe i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo maidir le muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol meascáin mhine buidhe no dá thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin.

(6) Aon ordú dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (1) den alt so roimh an lá ceaptha ní déarfaidh go dtiocfaidh i bhfeidhm ar dháta is túisce ná an lá ceaptha.

Forálacha eile i dtaobh meascán mine buidhe do dhíol.

31. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon mheascán mine buidhe do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta, mara gcólíontar na coinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an meascán mine buidhe sin do bheith i bpacáiste agus ainm agus seoladh an déantóra do bheith clóbhuailte ar an bpacáiste sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean de, agus

(b) i gcás meáchainte an mheascáin mhine buidhe do bheith céadmeáchaint no níos mó, mion-innste i dtaobh an phercentáiste do réir meáchainte de gach abhar fé leith a bheidh sa mheascán san do bheith ar an bpacáiste sin sa tslí orduithe.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciotach i gcionta fén alt so.

(3) Rialacháin do rinne an tAire de bhuadh ailt 83 den Príomh-Acht agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear gur de bhuadh an ailt seo do rinneadh iad, agus féadfar iad do leasú no do cheiliúradh le rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhuadh an ailt seo, agus leanfaid i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar iad amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

Fliuchra agus snáithíní i meascán mine buidhe.

32. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe ullamhóidh sé agus ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann dó) de fhliuchra do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta.

(2) An lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe ullamhóidh sé agus ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann dó) de shnáithíní do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt.

(4) Rialacháin do rinne an tAire de bhuadh ailt 84 den Phríomh-Acht agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear gur de bhuadh an ailt seo do rinneadh iad, agus féadfar iad do leasú no do cheiliúradh le rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhuadh an ailt seo, agus leanfaid i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar iad amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí áirithe fé Chuid IV.

33. —Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon alt (seachas an t-alt deiridh sin roimhe seo) atá sa Chuid seo den Acht so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmaír, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad agus caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID V.

An Stat do Cheannach agus do Dhiol Coirce Dhuthchais agus Eornan Duthchais.

An tAire Talmhaíochta do cheannach agus do dhíol coirce agus eornan.

34. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, coirce dúthchais no eorna dhúthchais no iad araon do cheannach agus do dhíol agus chuige sin féadfaidh gach ní do dhéanamh is dóich leis is gá chun an ghnótha san do bheith ar siúl mar ghnó thráchtála.

An praghas íocfaidh an tAire ar choirce dhúthchais agus ar cornain dúthchais.

35. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an gCuid seo den Acht so, aon choirce dúthchais do cheannach de shaghas a bheidh luaidhte in ordú do rinne an tAire fé alt 55 d'Acht Leasúcháin 1934, mar a leasuítear san le fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht Leasúcháin 1935, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, no aon eorna dhúthchais do cheannach de shaghas a bheidh luaidhte in ordú do rinne an tAire fé alt 56 d'Acht Leasúcháin 1934, mar a leasuítear san le fo-alt (2) d'alt 19 d'Acht Leasúcháin 1935, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh éifreacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní cheannóidh sé an coirce sin ar phraghas is lugha ná an praghas a bheidh ceaptha leis an ordú san a céadluaidhtear do choirce den tsaghas san;

(b) ní cheannóidh sé an eorna san ar phraghas is lugha ná an praghas a bheidh ceaptha leis an dara hordú san a luaidhtear d'eornain den tsaghas san.

Forálacha airgid fé Chuid V.

36. —An t-airgead go léir (seachas airgead a sholáthróidh an tOireachtas) a gheobhaidh an tAire mar gheall ar ghnó ar bith a bheidh á dhéanamh aige fén gCuid seo den Acht so íocfar isteach an Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Tuarasgabhála ón Aire fé Chuid V.

37. —Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina raibh aon ghnó á dhéanamh aige fén gCuid seo den Acht so, tuarasgabháil ar a imeachta fén gCuid seo den Acht so i rith na bliana airgeadais sin d'ullamhú agus do leagadh fé bhráid Dháil Éireann.

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

Uimh. 7 de 1933 .

Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 .

Cuid VI.

An lá ceaptha chun crícheanna Coda IV den Acht so.

Uimh. 41 de 1934 .

Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 .

Ailt 24, 25 agus 26.

An lá ceaptha chun crícheanna Coda IV den Acht so.

Uimh. 26 de 1935 .

Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar). 1935.

Fo-alt (4) d'alt 6; fo-alt (5) d'alt 6, na focail “mara mbeidh sé saor ón oblagáid sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.”

1adh lá de Mheán Fhómhair, 1936.